I gcás ina gcaitear an fhoirm D – Droichead a chur ar ais, cuirtear moill ar gach duine atá i gceist, agus ar na Múinteoirí Nuacháilithe go háirithe.
Tugtar thíos na cúig phríomhchúis le foirmeacha D a bheith á seoladh ar ais chuig na múinteoirí.
- Ní dhearna ach duine amháin den Fhoireann Tacaíochta Ghairmiúil (FTG/PST) an Dearbhú Comhpháirteach a shíniú i gCuid 9 den fhoirm – tá sé riachtanach an chuid sin den fhoirm a bheith sínithe agus dátaithe ag beirt lánoilte, ar a laghad, den FTG. Sa chás nach bhfuil ach ball lánoilte amháin den FTG ar fáil chun tacú leis an MNC, ceanglaítear ar an bPríomhoide Scoile an fhoirm a shíniú á dhearbhú gur tharla an próiseas Droichead. Sa chás go mbaineann MNC leas as leagan Idirscoile nó FTG Sheachtrach chun tacú lena p(h)róiseas Droichead, caithfidh baill uile na Foirne Tacaíochta Gairmiúla a bhí bainteach leis an bpróiseas an fhoirm D a shíniú agus a dhátú. Cinntigh le do thoil go mbeidh Ainm na Scoile, Uimhir Rolla na Scoile agus Stampa Oifigiúil na Scoile ar an bhfoirm freisin.
- Teipeann ar mhúinteoirí a chur in iúl go ndearnadh an íostréimhse (60 lá i gcás an Bhunoideachais, nó 200 uair an chloig i gcás an iar-Bhunoideachais) a chur i gcrích i gcaitheamh a bpróisis Droichead ar Chuid 3 den fhoirm, Achar Ama Droichead. Nótáil le do thoil go gcaithfidh múinteoireacht ar líne agus múinteoireacht sa seomra ranga, araon, a bheith san áireamh.
- Ní thugtar sonraí na Gníomhaíochta Foghlama Gairmiúla – Cuid 6, é sin nó tugadh iad roimh dháta tosaigh oifigiúil an phróisis Droichead nó i ndiaidh chríochdháta oifigiúil an phróisis – is le linn d’achar ama Droichead, amháin, atá na sonraí sin le tabhairt.
- Ní léiríonn na múinteoirí a réimse/réimsí spéise maidir lena gcuid gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla sa todhchaí i gCuid 7 – Cleachtadh Machnamhach.
- Ní dhéantar an ticbhosca a thiceáil i gCuid 4 - Ionduchtúchán Scoilbhunaithe.
Cinntigh le do thoil go ndéantar d’Fhoirm D a líonadh go hiomlán, go dtugtar sonraí eolais i ngach réimse ábhartha, go gcuirtear tic sna ticbhoscaí uile agus go ndéantar na codanna cuí a shíniú, a dhátú agus a stampáil sula gcuirtear an fhoirm isteach. Ní bheidh an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann an coinníoll Droichead a bhaint agus do stádas clárúcháin a uasdátú go dtí go mbeidh an Fhoirm D faighte, agus í ar fad líonta isteach.