Cáilithe Iasmuigh d'Éirinn (Ionduchtú neamhchríochnaithe)

Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú), 2023 

Chun cabhrú le dúshláin soláthair múinteoirí i gcomhthéacs na staide sláinte poiblí reatha, glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh d’Éirinn ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe riachtanach críochnaithe acu sa tír inar cháiligh siad. 

Glacfar le hiarratais ón 22 Feabhra 2023 go dtí an 1 Feabhra 2024. 

Ceanglais chun iarratas a dhéanamh ar chláru faoin Rialachán (Leasú), 2023

Ní mór d'iarratasóirí atá ag iarradh iarratas a dhéanamh ar chlárú faoi Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clarú) (Leasú), 2023, ceanglais shonracha incháilitheachta agus cháilíochta a chomhlíonadh. 

Is iad na ceanglais seo ná: 

1. Stádas Múinteora Cáilithe (nó a chomhionann)

Caithfidh tú a bheith cáilithe mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn agus Stádas Múinteora Cáilithe nó a chomhionann a bheith faighte agat (m.sh. ceadúnas chun teagaisc) agus ní mór go mbeadh clár creidiúnaithe d’oideachas tosaigh múinteoirí curtha i gcrích agat sa tír inar cháiligh tú. Mar sin féin, ní gá go mbeadh an tréimhse reachtúil ionduchtaithe a theastaíonn sa tír ina bhfuil tú cáilithe a bheith críochnaithe agat. 

Ní mór fianaise ar Stádas Múinteora Cáilithe nó a chomhionann a chur ar fáil ón údarás inniúil sa tír a bhfuil do cháilíocht déanta agat (m.sh. comhlacht coibhéiseach de chuid na Comhairle Múinteoireachta/Roinn/Aireacht Oideachais). 

2(a) Riacchtanais Cháilíochta - Iarratasóirí Bunscoile 

Má dhéanann tú iarratas ar chlárú bunscoile, ní mór duit: 

  • cáilíocht oideachais bunmhúinteoirí atá dírithe ar pháistí idir 4 agus 12 bliana d’aois atá inchomparáide le caighdeán na gcéimithe Éireannacha, seachas riachtanas na Gaeilge (ILR) (a chuirfear i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú).

2(b)Riachtanais Cháilíochta - Iarratasóirí Iarbhunscoile 

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chlárú iar-bhunscoile ní mór duit: 

  • cáilíocht oideachas múinteoirí iar-bhunscoile atá dírithe ar dhaltaí 12 go 18 mbliana d’aois atá inchomparáide le caighdeán na gcéimithe Éireannacha, ach amháin i gcás Stair agus Struchtúr chóras Oideachais na hÉireann (a bheidh mar choinníoll a ghabhann le do chlárúchán)

agus 

  • freastal ar na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad.

Riachtanas Ábhar Curaclaim

Maidir leis an riachtanas ábhar curaclaim, ní mór duit tagairt a dhéanamh do Riachtanais Ábhar Curaclaim (Iar-Bhunscoile) na Comhairle chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile amháin ar a laghad.

Clárófar thú don ábhar curaclaim a shásaíonn do cháilíocht(aí) na riachtanais dó(ibh) go hiomlán. Mura gcomhlíonann do cháilíocht(aí) na riachtanais d’ábhar curaclaim ar bith go hiomlán, d’fhéadfá a bheith cláraithe don ábhar a bhfuil do cháilíocht(aí) is gaire do na riachtanais a chomhlíonadh (faoi réir coinníollacha) arna gcinneadh ag an gComhairle.

Conas iarratas a dhéanamh faoin Rialachán (Leasú), 2023

  • D'oscail iarratais ar 22 Feabhra 2023.
  • Chun iarratas a iarraidh, le do thoil seol ríomphost chuig car@teachingcouncil.ie. 
  • Ba cheart gach ceist a dhíriú chuig car@teachingcouncil.ie.
  • Is é an 1 Feabhra 2024 an dáta deiridh d'iarratas a chur isteach.

Fostaíocht

Nuair a bhíonn múinteoirí cláraithe beidh siad i dteideal fostaíocht a lorg trí ardáin ar líne mar www.educationposts.ie, www.publicjobs.ie, láithreáin ghréasáin aonair BOO, nó trí theagmháil a dhéanamh le scoileanna sa cheantar. 

Ceisteanna Coitianta

1. Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d'Éirinn agus ghnóthaigh mé Stádas Múinteora Cáilithe. Mar sin fein, níor chríochnaigh mé an tréimhse reachtúil ionduchtaithe a bhí riachtanach sa tír inar cháiligh mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chláru?

Chun cabhrú le dúshláin soláthair múinteoirí i gcomhthéacs na staide sláinte poiblí reatha, glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh d’Éirinn ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe riachtanach críochnaithe acu sa tír inar cháiligh siad. 

Déantar iarratais de réir Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú), 2023: Bealach 1 (Bunscoil) agus Bealach 2 (Iar-bhunscoil). 

Ní mór duit ceanglais cháilíochta áirithe a chomhlíonadh freisin le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Déan tagairt le do thoil do CCanna 4 agus 5 thíos.

Glacfar le hiarratais ón 22 Feabhra 2023 go dtí an 1 Feabhra 2024. 

2. Cad é Stádas Múinteora Cáilithe?

Ní féidir d’iarratas a phróiseáil gan fianaise ar Stádas Múinteora Cáilithe/Ceadúnas chun teagaisc agus ar chríochnú cláir creidiúnaithe d'oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile nó iar-bhunscoile sa tír inar cháiligh tú. Is féidir an fhianaise seo a fháil ón údarás inniúil sa tír a bhfuil do cháilíocht déanta agat (m.sh., comhlacht coibhéiseach de chuid na Comhairle Múinteoireachta/Roinn/Aireacht Oideachais).

3. An mbeidh orm ionduchtú a thabhairt chun críche in Éirinn?

Beidh, múinteoirí a chláraíonn de réir Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clárúchán)(Leasú), 2023: Clárófar Bealach 1 (Bunscoil) agus Bealach 2 (Iar-bhunscoil) leis an gcoinníoll go gcríochnófar an t-ionduchtú. Is é Droichead Creat Comhtháite Ionduchtaithe Gairmiúil na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn

4. Cad iad na riachtanais cháilíochta a chaithfidh mé a chomhlíonadh le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlarú mar mhúinteoir bunscoile?

Má dhéanann tú iarratas ar chlárú bunscoile, ní mór duit cáilíocht oideachas múinteoirí atá dírithe ar bhunscoil (4-12 bliain) a bheith agat atá inchomparáide le caighdeán na gcéimithe Éireannacha, seachas an riachtanas Gaeilge (ILR). Cuirfear an ILR i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú. Féadfar múinteoirí a chlárú ar bhonn coinníollach ar feadh uastréimhse trí bliana de réir mar a bhíonn an riachtanas seo á chomhlíonadh.

4(a) Conas a thabharfaidh mé aghaidh ar choinníoll an ILR?

Is féidir an Riachtanas Gaeilge (ILR) a chomhlánú trí Triail Inniúlachta (An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge a chuimsíonn tréimhse freastail sa Ghaeltacht) nó trí Tréimhse Oiriúnaithe (Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge). Tá tuilleadh eolais ar fáil ag irlweb

5. Cad iad na riachtanais cháilíochta a chaithfidh mé a chomhlíonadh chun a beith incháilithe chun iarratas a dhéanamh mar mhúinteoir iar-bhunscoile?

Má dhéanann tú iarratas ar chlárú iar-bhunscoile ní mór duit a bheith  

  • cáilíocht oideachas múinteoirí dírithe ar iar-bhunscoil (12-18 bliain) atá comhionann le caighdeán na gcéimithe Éireannacha, ach amháin i gcás Stair agus Struchtúr chóras Oideachais na hÉireann a bheidh mar choinníoll a ghabhann le do chlárú) agus na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad a chomhlíonadh. 

Cuirfear riachtanas Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann i bhfeidhm mar choinníoll le do chlárú. Féadfar múinteoirí a chlárú ar bhonn coinníollach ar feadh uastréimhse trí bliana de réir mar a bhíonn an riachtanas seo á chomhlíonadh. 

agus 

  • na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad a chomhlíonadh (féach ceist 5b thíos) 

5(a) Conas a thabharfaidh mé aghaidh ar riachtanas Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann?

Eagraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta scrúdú Stair agus Struchtúr an Chórais Oideachais in Éirinn (S&S) ar líne cúpla uair sa bhliain. Tá sé mar aidhm ag an scrúdú a mheas an bhfuil eolas agus tuiscint ag iarratasóirí ar stair agus struchtúr an oideachais i bPoblacht na hÉireann, go háirithe oideachas dara leibhéal, ó bunaíodh an Stát i 1922. Ba chóir go mbeadh tuiscint ag iarratasóirí ar na príomhcheisteanna a bhaineann le rialú agus bainistiú iar-bhunscoileanna agus ar churaclam agus measúnú san iar-bhunscoil. 

Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Stair agus Struchtúr ar fáil anseo

5(b) Cad iad na riachtanais ábhar curaclaim a chaithfidh mé a chomhlíonadh do chlárú ar Bhealach 2 (Iar-bhunscoile)?

Chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta mar mhúinteoir iar-bhunscoile ní mór duit na riachtanais d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile amháin ar a laghad a chomhlíonadh. Sula ndéanann tú iarratas ba chóir duit tagairt a dhéanamh do Riachtanais Ábhar Curaclaim Iar-bhunscoile na Comhairle chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile amháin ar a laghad.  

Clárófar thú don ábhar curaclaim/na hábhair churaclaim a gcomhlíonann tú na riachtanais ina n-iomláine ina leith. Mura gcomhlíonann tú na ceanglais go hiomlán maidir le haon ábhar is féidir leat a bheith cláraithe don ábhar a bhfuil tú is gaire do riachtanais a chomhlíonadh dó (faoi réir coinníollacha) arna gcinneadh ag an gComhairle.

6. Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d'Éirinn agus chomh maith leis sin chríochnaigh mé an tréimhse reachtúil ionduchtaithe a bhí riachtanach sa tír inar cháiligh mé. Conas a dhéanaim iarratas ar chlárú?

Ní mór d’iarratasóirí a cháiligh as an Stát agus a chríochnaigh an tréimhse reachtúil ionduchtaithe agus iarratasóirí a cháiligh as an Stát nuair nach bhfuil tréimhse ionduchtaithe ag teastáil (m.sh. Tuaisceart Éireann) iarratas a dhéanamh tríd an tairseach iarratais ar líne.