Breisoideachas

Ní mór d'iarratasóirí ar mian leo clárú mar mhúinteoir san earnáil Breisoideachais na riachtanais atá leagtha amach i mBealach 3 de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016 agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] (Leasú) 2016 a chomhlíonadh.

Tá aon duine a shásaíonn na riachtanais cháilíochta céime atá leagtha amach ann i dteideal clárú coinníollach ar feadh tréimhse trí bliana, agus sa tréimhse ama sin ní mór cáilíocht oideachais múinteoirí atá creidiúnaithe ag an gComhairle a bhaint amach.

Faoi láthair tá aon cháilíocht déag creidiúnaithe in oideachas múinteoirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil bhreisoideachais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach le do thoil ar:

Institiúidí Ardoideachais

Soláthraíonn na hInstitiúidí Ardoideachais seo a leanas cláir oideachais tosaigh múinteoirí sa bhreisoideachas.