Mionteagasc Páirtithe Leasmhara Cosán 2018

Mar chuid den teagmháil leanúnach leis na páirtithe leasmhara i gcomhthéacs Cosán, bhí Seisiún Eolais maidir le Cosán ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar an 11 Nollaig 2018. Bhí an plé a rinneadh ar an lá bunaithe ar pháipéar - Common Ground in a Crowded Space. An aidhm a bhí ag an bpáipéar seo, agus ag an ócáid go ginearálta, ná iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir leis na páirtithe leasmhara tacú i dteannta a chéile le múinteoirí agus le scoileanna le déileáil lena mbraitheann cuid mhór díobh atá ina thírdhreach athchóirithe atá corrach agus dúshlánach, agus le príomhtheachtaireachtaí coitianta Cosán agus na polasaithe agus tionscnaimh éagsúla a tugadh isteach le blianta beaga anuas a spíonadh amach. Go bunúsach, is cosúil go bhfuil na rúin is fearr agus na rúin choitianta maidir le polasaí ag dul amú san aistriúchán – breathnaítear orthu mar rudaí atá in iomaíocht le haghaidh am agus aird na ndaoine atá teoranta. Ní mór a rá, go dtí seo, go raibh na hiarrachtaí a rinne na páirtithe leasmhara teoranta chun tabhairt faoin mothúchán go bhfuil ualach tionscnamh sa chóras. Is léiriú é an páipéar seo agus an seisiún eolais tús d’iniúchadh tiomanta ar an tsaincheist seo leis na páirtithe leasmhara uile, d’fhonn teacht ar chomhthuiscint sa spás plódaithe seo.