Thóg Imeacht Cosán do Pháirtithe Leasmhara, ar an 14 Deireadh Fómhair, 2021, ar imeacht a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2019. Ag an imeacht seo a chomhreáchtáil an Chomhairle Mhúinteoireachta (TC) agus an Roinn Oideachais (RO), leagadh béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le Cosán sa chóras oideachais agus an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo mar chuid de Phróiseas Forbartha Cosán. Tugadh eolas freisin faoi na chéad chéimeanna eile d’aistriú Cosán ón gcéim forbartha go dtí an chéim fáis.
Chuir Martin McLoughlin, Príomhoifigeach sa Roinn Oideachais agus Seán McMahon, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, fáilte foirmiúil agus léargas ginearálta den imeacht ar fáil, agus lainseáil Deirdre Shanley, Rúnaí Cúnta, an Roinn Oideachais, Plean Gníomhaíochta Cosán go foirmiúil.
Tuarascáil Mionteagasc Páirtithe Leasmhara Cosán 2021.
Taifead Mionteagasc Páirtithe Leasmhara Cosán 2021.
Íoslódáil cóip den Phlean Gníomhaíochta Cosán.
An tOllamh Brendan Cropley i gcomhrá le Tomás Ó Ruairc
An t-eochairchainteoir ba ea an tOllamh Brendan Cropley, Ollamh Cóitseáil Spóirt sa Scoil Sláinte, Spóirt agus Cleachtas Gairmiúil in Ollscoil na Breataine Bige Theas. Díríonn an spéis atá aige i gcrúsaí taighde ar fhorbairt an chleachtais ghairmiúil i ndisciplíní éagsúla, go háirithe i gcúrsaí oideachais, sa chóitseáil agus sa tsíceolaíocht spóirt. Tá spéis ar leith ag Brendan i gcleachtas machnamhach agus an fhéidearthacht atá ann le cleachtas éifeachtach a fhorbairt agus bláthú daonna a éascú.
Bhí an tOllamh Cropley in éineacht le Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta le haghaidh comhrá líofa maidir leis an gcleachtas machnamhach, ar féidir leat féachaint air thíos.
Tabhair faoi deara le do thoil, de bharr na mballaí dóiteáin agus córais slándála eile atá ann, tá moill ama bheag ann sna taifeadtaí seo. Ár leithscéal as ucht aon mhíchaoithiúlachta.
Is féidir féachaint ar gach gné den imeacht thíos.