An Machnamh

GA-(1)

Ríomhiris: Múinteoireacht Mhachnamhach, Foghlaim Mhachnamhach: Ag Leanúint den Chomhrá

Is í an tOllamh Ruth Leitch a chuir réamhrá leis an ríomhiris seo, a thugann rochtain ar raon acmhainní agus tacaíochtaí do mhúinteoirí a bheidh ag plé leis an machnamh. Gheofar rochtain ar an ríomhiris anseo.

Seimineár gréasáin ar an Machnamh

Seimineár gréasáin, a mhaireann breis bheag is uair an chloig agus a craoladh i dtosach in Eanáir 2019 nuair a bhí sé á óstáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) i gcomhar. B’iad an mhúinteoireacht mhachnamhach agus an fhoghlaim mhachnamhach na téamaí a bhí á bplé ag na comhaltaí painéil thíos. Is é Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, a bhí sa chathaoir. 

Comhaltaí Painéil

Dr Padraig Kirk, Stiúrthóir, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí

An tOllamh (Emerita) Ruth Leitch, Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta, Oideachais agus Obair Shóisialta, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Bernie Tobin, Leas-Phríomhoide, Bunscoil Naomh Eoin Soiscéalaí, Leamhcán Co. Bhaile Átha Cliath

Dr Conor Mellon, Múinteoir ar iasacht agus é ag obair sa rannóg Foghlaim Múinteoirí agus Taighde den Chomhairle Mhúinteoireachta

Anita McDonald, Múinteoir Iar Bhunscoile i gColáiste Pobail Bhéal Átha Bheithe, Co. Mhuineacháin

Amanna na Ríomhsheimineár Gréasáin ar leith

00:00 – 00:03 Tús Plé

00:03 – 00:10 A bhfuil i gceist leis an Machnamh agus an tábhacht atá leis

00:10 - 00:21 Spás a chur i leataobh don Mhachnamh faoi dhálaí an tsaoil mar atá

00:21 - 00:28 Céard ba cheart a bheith á dhéanamh ag lucht polasaí chun an Machnamh a leabú sa chóras?

00:28 - 00:38 An Machnamh comhoibriteach

00:38 - 00:43 Guth an dalta i gcomhthéacs lionsaí Brookfield

00:43 - 00:46 Cén chaoi a gcruthóimid spás cothaitheach don Mhachnamh?

00:46 – 00:54 Cultúir scoile

00:54 -00:57 An mbíonn drogall ar lucht polasaithe athrú a dhéanamh?

00:57 – 01:01 Gníomh amháin a bheimis in ann a dhéanamh chun an Machnamh a leabú inár gcleachtadh/mar chuid dár gcleachtadh

01:01 - 01:02 Focal scoir

Ríomhleabhair maidir le Machnamh

Chun teacht ar na ríomhleabhair thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

Ebooks

Becoming a critically reflective teacherBecoming a Critically Reflective Teacher

(S.D. Brookfield) 

Treoir phraiticiúil don chleachtas riachtanach a chruthaíonn múinteoirí níos fearr. Is treoir chinniúnach don mhachnamh criticiúil é Becoming a Critically Reflective Teacher, a chuireann sainléargas agus uirlisí praiticiúla ar fáil chun an t-aistear maidir le féinchritíc chuiditheach éascú. Taispeánann Stephen Brookfield duit conas is féidir leat na tuairimí atá agat faoin gcleachtas a aimsiú agus measúnú a dhéanamh orthu trí bhreathnú orthu trí lionsaí shúile do scoláirí, dearcthaí do chomhghleacaithe, teoiric agus taighde ábhartha, agus do chuid taithí féin. Má dhéanann tú machnamh criticiúil a chleachtadh cabhróidh sé leat … Do chuid teagaisc a ailíniú leis na torthaí atá ag teastáil le haghaidh na scoláirí Féachaint ar do chleachtas ó thaobh dearcthaí difriúla Na foghlaimeoirí a mhealladh trí fhormáidí teagaisc iomadúla An dinimic chumhachta sa seomra ranga a thuiscint agus a bhainistiú Smaointeoireacht chriticiúil a léiriú le haghaidh do scoláirí Rithimí casta na seomraí ranga éagsúla a bhainistiú. Sa dara heagrán seo atá athbhreithnithe go hiomlán tá flúirse ábhair nua ann, lena n-áirítear caibidlí nua maidir le machnamh criticiúil i gcomhthéacs na meán sóisialta, cine agus ciníochas a theagasc, an cheannaireacht i réiteach machnamhach criticiúil, agus teagasc foirne mar mhachnamh criticiúil. Chomh maith leis sin, rinneadh nuashonrú iomlán agus críochnúil ar na caibidlí eile agus rinneadh iad a fhorbairt le teacht le seomraí ranga an lae inniu, cé acu ar líne nó aghaidh ar aghaidh, i bhformáidí de léachtaí móra nó i ngrúpaí beaga. Ina ghuth pearsanta féin, tarraingíonn Stephen Brookfield ar níos mó ná 45 bliain de thaithí chun na buntáistí soiléire a léiriú a bhaineann leis an machnamh criticiúil. Treoraíonn tuairimí an cleachtas agus ní bhainfimid amach na torthaí atá ag teastáil uainn ach amháin nuair a dhéanaimid ár ngníomhartha a bhunú ar thuairimí cruinne. Is iad na hoideoirí a bhfuil misneach acu a gcuid tuairimí féin a cheistiú mar iarracht chun feabhas a chur ar an bhfoghlaim na heiseamláirí sárluachmhara atá ag teastáil ónár scoláirí. Cuireann Becoming a Critically Reflective Teacher an t-eolas bunúsach agus na huirlisí praiticiúla ar fáil a chuidíonn le múinteoirí barr a gcumais a bhaint amach.

Ebooks

New Educational Horizons

New Educational Horizons in Contemporary Ireland: Trends and Challenge

(P. Kieran & T.G. Grenham) 2012

Tá Éire i mbun díthógáil chultúrtha iar-nua-aoiseach ar lebhéil éagsúla. Breathnaítear go hamhrasach agus go míshásta ar ‘na hollinsintí’ traidisiúnta agus iarracht á déanamh ag Éirinn a féiniúlacht atá ag fás agus ag forbairt a thuiscint. Tá gá ann atá ag méadú do thaighde cuimsitheach idirdhisciplíneach a éascóidh an teagasc agus an fhoghlaim sa chomhthéacs cultúrtha agus sochaíoch seo atá ag athrú go ríthapa. Tugann an leabhar seo cur chuige úr i dtreo dhíospóireachtaí oideachais na hÉireann, ina dtéann saineolaithe oideachais cáilithe i ngleic go comhoibríoch leis an machnamh idirdhisciplíneach ar a gcuid teagaisc agus foghlama. Tugann an t-imleabhar faoi an-mhórán saincheisteanna in oideachas na hÉireann (le béim ar leith ar an earnáil bhunscoile), lena n-áirítear bunú múinteoirí, forbairt churaclaim, modhanna teagaisc agus foghlama, polasaithe oideachais, fealsúnacht, stair, oideachas reiligiúnach, eitic, oideachas riachtanas speisialta agus oideachas bunathraitheach. Tá sé mar aidhm ag an leabhar critíc a dhéanamh ar pholasaithe agus ar chleachtais oideachais nua agus leis na príomhdhúshláin a aithint leis an teagasc agus foghlaim atá nuálach, samhlaíoch agus ceannródaíoch a chur ar fáil i scoileanna comhaimseartha na hÉireann.

Ebooks

Action Research for TeachersAction Research for Teachers: A Practical Guide  

(J. McNiff & J. Whitehead) 2005

Ag glacadh leis nach bhfuil aon eolas roimhe seo maidir le modhanna agus teicnící taighde, is leabhar eolais thar barr é an leabhar seo do mhúinteoirí ag gach leibhéal atá ag dul faoi fhorbairt ghairmiúil agus ar ghá dóibh feabhas a chur ar a scileanna machnaimh foirmiúla. Agus míniú mion á chur ar fáil maidir le cad is taighde gníomhaíochta ann agus an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh fhorbairt na scoile uile, sa leabhar seo tugtar cuireadh do na múinteoirí triail a bhaint as taighde oideachais dóibh féin agus dearcadh imscrúdaithe a chur i bhfeidhm a chabhróidh leo feabhas a chur ar an gcleachtas agus meastóireacht a dhéanamh air. San áireamh ann tá: Tacaíocht agus treoir a chuidíonn leat dul i ngleic leis na príomh-shaincheisteanna; cás-staidéir phraiticiúla ‘sa saol mar atá’ ina leagtar béim ar cad is taghde gníomhaíochta ann agus conas is féidir é a úsáid go héifeachtach.

Ebooks

Teaching and Learning through Reflective Practice

Teaching and Learning Through Reflective Practice: A practical guide for positive action

(T. Ghaye) 2011

Anois agus an dara heagrán ann, is treoir phraiticiúil í Teaching and Learning through Reflective Practice le gach duine a bhfuil baint aige/aici i ngníomhaíochtaí oideachais a chumasú le foghlaim a dhéanamh trí na cleachtais mhachnaimh. Sa leabhar, leagtar béim ar an gcumhacht atá acu siúd atá freagrach as teagasc agus foghlaim a dhéanamh, chun a gcuid teagaisc a mheas, a thuiscint agus a athrú ó bhonn go dearfach. Ag breathnú ar an múinteoir mar fhoghlaimeoir machnamhach, leagtar béim sa leabhar ar chur chuige bunaithe ar láidreachtaí inar féidir leis an dearfacht, teacht aniar, dóchas agus ardfheidhmíocht cuidiú le fuinneamh a chur sa teagasc, cur leis an bhfoghlaim agus ligean don mhúinteoir barr a c(h)umais a bhaint amach. Is cur chuige ‘léirthuisceanach’ é an cur chuige den eagrán nua seo. Sa chroílár tá fiosrú agus léiriú na gceithre cheist mhachnamhach: Cad atá ag obair go maith? Cad is gá a athrú? Cad atá á fhoghlaim againn? Cad a dhéanfaimid anois? Agus samplaí tógtha ó oideachas bunmhúinteoirí na Ríochta Aontaithe, sa leabhar nochtar conas is féidir comhráite machnamhacha léirthuisceanacha a thionscnamh agus a choimeád ag imeacht. Leagtar amach ann freisin réimse de phróisis phraiticiúla le cur le cé chomh maith agus a éireoidh linn. Beidh an-tóir ar an leabhar seo ag mic léinn fhochéime agus ag mic léinn a bhfuil teastas iarchéime san oideachas acu atá ar chláir oideachas tosaigh múinteoirí. Beidh spéis ag múinteoirí atá ag cleachtadh, ag oideoirí múinteoirí agus acu siúd atá ar chúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí, ann freisin.

Ebooks

Curriculum Action ResearchCurriculum Action Research: A Handbook of Methods and Resources for the Reflective Practitioner

(J. McKernan) 1996

Mar lámhleabhar de theicnící taighde le haghaidh múinteoirí, déanann an leabhar seo taifeadadh ar an bhforbairt stairiúil agus ar an gcaoi a bhfuil taighde gníomhaíochta ag athrú sa churaclam agus tá sé mar aidhm aige forbairt mhúinteoirí a spreagadh trí fhiosrúchán curaclaim. Déantar cur síos ann ar 57 uirlis taighde gníomhaíochta, agus is cinn nua iad deich gcinn díobh.

Ebooks

Enhancing Practice through Classroom ResearchEnhancing Practice Through Classroom Research: A Teacher’s Guide to Professional Development

(C, McDonagh & M. Roche & B. Sullivan & M. Glenn) 2020

Ag tairiscint tagairtí nuashonraithe, ceisteanna le machnamh a dhéanamh, na cás-staidéir is déanaí, agus comhairle reatha a bhaineann le cosaint agus stóráil sonraí, cuireann an dara heagrán seo de Enhancing Practice through Classroom Research réamhrá inrochtana ar fáil maidir leis an teagasc agus foghlaim a thuiscint agus a fheabhsú trí phróiseas machnaimh, taighde, agus gníomhaíochta. Agus é roinnte i gcúig chuid, cuireann an cur chuige taighde gníomhaíochta féinstaidéir seo béim ar na gnéithe dearfacha a bhaineann leis an gcleachtas a fheabhsú agus léirítear ann conas is féidir leibhéil níos airde de neamhspleáchas agus gníomhú múinteora a bheith ann dá bharr. Agus caibidil bhreise curtha isteach atá dírithe ar na naisc idir taighde gníomhaíochta agus folláine, cuireann an leabhar seo treoir céim ar chéim ar fáil le tús a chur le do chuid taighde féin agus clúdaíonn sé topaicí ar nós: Réimse d’ábhar imní nó spéise gairmiúil a aithint Fiosrú a dhéanamh ar luachanna oideachais Tuiscint níos fearr ar chleachtas a fhorbairt Ag smaoineamh go criticiúil faoi chleachtais oideachais Modheolaíocht taighde a aimsiú Ag tarraingt ar thaithí nua na n-údar maidir le bheith ag obair le hoideoirí dara leibhéal, tríú leibhéal agus iarchéime, chomh maith leis an obair a dhéanann siad agus cláir iarchéime á ndearadh acu sa réimse den mhachnamh criticiúil agus taighde gníomhaíochta féinstaidéir, cuireann an treoir sho-úsáidte seo cur chuige éasca ar fáil i dtreo taighde seomra ranga. Is acmhainn thar barr é do gach múinteoir faoi oiliúint agus do gach múinteoir atá ag cleachtadh agus tacaíocht á lorg acu i dtaighde seomra ranga, chomh maith dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil éifeachtach nó staidéir bhreise i réimse ábhair spéise.

Ebooks

Developing Reflective PracticeDeveloping Reflective Practice: A Guide for Beginning Teachers

(D. McGregor) 2011

Cuidíonn an treoir sho-úsáidte seo do mhic léinn leat aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas machnamhach sa teagasc, ag baint úsáid as teoiricí & cás-staidéir.

Ebooks

The Teacher's Reflective Practice HandbookThe Teacher’s Reflective Practice Handbook: Becoming an extended professional through capturing evidence-informed practice

(P. Zwozdiak) 2012

Cad atá i gceist againn le cleachtas machnamhach? Cad atá i gceist leis? Conas is féidir leis cuidiú leat forbairt mar mhúinteoir? Is foinse riachtanach í The Teacher's Reflective Practice Handbook de chomhairle, treoir agus smaointe le haghaidh múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí atá ag cleachtadh araon. Ag cuidiú leat an t-eolas oideolaíoch a chur i ngníomh, treoraíonn an Lámhleabhar seo thú trí staidéar a dhéanamh ar do theagasc féin le haghaidh forbartha pearsanta, meastóireacht a dhéanamh ar do cheachtanna trí thaighde seomra ranga, agus cur le caighdeán fhoghlaim na ndaltaí. Cuireann sé creat nuálach ar fáil atá ann chun tú a ullmhú le haghaidh na ndúshlán agus na gcastachtaí de thimpeallacht an tseomra ranga, agus tacaíonn sé le feabhsú leanúnach do chuid teagaisc. Agus é mar bhonn faoi na príomhchoincheapa teoiriciúla agus an taighde comhaimseartha sa réimse oideachais, cuidíonn na caibidlí leat: meastóireacht a dhéanamh go córasach ar do theagasc trí nósanna imeachta taighde seomra ranga, teoiricí agus creidimh atá pearsanta a cheistiú, agus plé a dhéanamh ar léargais agus ar fhéidearthachtaí, triail a bhaint as straitéisí agus smaointe nua le barr cumais foghlama na scoláirí uile a bhaint amach agus cur le caighdeán do theagaisc agus leanúint ar aghaidh agus feabhas a chur ar do chuid teagaisc. San áireamh ann tá réimse de thascanna machnamhacha, naisc chuig acmhainní ar líne, samplaí d’ábhair agus léitheoireacht bhreise chun cuidiú leat do chuid smaointeoireacht féin a fhorbairt, agus is treoir inrochtana í The Teacher's Reflective Practice Handbook a thacaíonn leis an gcleachtas machnamhach a éascú trí fhéinmheasúnú agus measúnú ar phiaraí, foghlaim bunaithe ar fhadhbanna agus pleanáil le haghaidh forbartha pearsanta. Mar thoradh ar an gcreat ilghnéitheach, tá tú in ann forbairt a dhéanamh ar phunann fhiúntach agus ábhartha go pearsanta de chleachtais atá bunaithe ar fhianaise.

Ailt ar an Machnamh

Chun teacht ar na hailt thíos ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

Ebooks

Teachers’ Critical Reflective Practice in the Context of Twenty-first Century Learning. Open Review of Educational Research, 2(1), 42-54, Benade, L., 2015.

Tá an t-alt seo bunaithe ar thionscadal ina bhfuil go leor cás-staidéar de chuid na Nua-Shéalainne chun go nglacfadh múinteoirí agus ceannairí páirt in agallaimh chun a dtaithí leis an méid a bhíonn i bpáirt ag an machnamh digiteach sa todhchaí a iniúchadh. Trí anailís agus comparáid a dhéanamh idir dioscúrsaí oideachasúla teoiriciúla, déantar, trí chur chuige teoiriciúil criticiúil agus trí chur chuige heirméineótach criticiúil, eolas do na caidrimh idir cleachtas athmhachnaimh agus foghlaim san aonú haois is fiche. Chun an t-iniúchadh seo a bhaint amach, éistear le grúpaí príomhoidí agus iar-cheannairí ar lámh amháin agus le múinteoirí ar an lámh eile.

Ebooks

Taking Teachers' continuous professional development (CPD) beyond reflection: adding shared sense-making and collaborative engagement for professional renewal. Studies in Continuing Education, 32(3), 201-215, McArdle, K., Coutts, N., 2010.

Cé go bhfuil machnamh fós á chur chun tosaigh mar phríomhghné de ghníomhaíochtaí na múinteoirí mar chuid dá bhforbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) san Albain agus in áiteanna eile, tá díospóireacht níos leithne tar éis tosú i measc gairmeacha agus tá teorainneacha náisiúnta tar éis oscailt maidir leis an gcaoi a d'fhéadfaí tuiscint nua a chruthú ar mhachnamh le go ndéanfaí a ghnéithe sóisialta agus a ghnéithe criticiúla a athbhunú. Tá sé mar aidhm ag an bpáipéar seo cur leis an díospóireacht seo, agus é ag áitiú go gcuireann litríocht ar athmhachnamh agus litríocht ar phobail chleachtais araon bunús níos fearr le gníomhaíochtaí FGL. Is dócha go gcabhróidh na gníomhaíochtaí sin i bhfad níos mó le hathnuachan ghairmiúil ná mar a chabhródh ceann amháin de na coincheapa leis féin. Críochnaíonn an páipéar le sraith de phrionsabail deartha i gcomhair gníomhaíochtaí FGL.

Ebooks

Reflecting to Conform? Exploring Irish Student Teachers' Discourses in Reflective Practice. Journal of Educational Research, 107(4), 267-280, McGarr, O., McCormack, O., 2014.

Cuireadh samhail nua de chleachtas athmhachnaimh i bhfeidhm ar chlár oideachais múinteoirí do mhúinteoirí faoi oiliúint atá ar shocrúchán scoile. Bhí sé mar aidhm ag an tsamhail athmhachnamh criticiúil a cheistigh tuairimí ceannasacha agus gaol stádais a spreagadh. I gcodarsnacht leis seo, léirigh an anailís a rinneadh ar mhachnamh na múinteoirí faoi oiliúint nach mbíonn fonn orthu seasamh amach agus gur fearr leo a bheith mar chuid den slua. Déanann na húdair iniúchadh ar na cúiseanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann don leibhéal íseal critíce seo. Anuas air sin, scrúdaítear an tionchar normatach atá ag nósanna cultúrtha ar mhachnaimh múinteoirí faoi oiliúint.

Ebooks

The Reflective Teacher: The Value of Reflective Practice for Preservice and Classroom Teachers. International Journal of Learning, 12(6), 307-311, Richardson, C., 2005.

Ligeann an deis machnaimh seo do mhúinteoirí claonadh agus nósanna an lae inniu a cheangal le heispéireas a bhí acu cheana agus cuimhneamh ar eachtraí a ndearnadh dearmad orthu fadó nó a bhí do-aitheanta roimhe seo agus ar an tionchar a bhí ag na heachtraí sin ar na nósanna atá acu anois; chun, go bunúsach, an pharaidím a úsáideann siad agus iad ag múineadh a aithint. Cuirfidh an t-údar síos go hachomhairc ar bhunús an chleachtais mhachnamhaigh agus leagfaidh sí béim, trí mhachnamh pearsanta agus machnamh de chuid na mac léinn a chur san áireamh, ar luach an mhachnaimh do hoideoirí.

Ebooks

Defining Reflection: Another look at John Dewey and Reflective Thinking. Teachers College Record, 104(4), 842-866, Rogers, C., 2002.

Scrúdaíonn an t-alt seo ceithre chritéar a léiríonn dearcadh John Dewey ar an smaointeoireacht mhacnamhach: machnamh mar phróiseas chun ciall a bhaint as rud; machnamh mar dhearcadh córasach, mionchúiseach, a bhfuil smacht air agus atá fréamhaithe san fhiosrú eolaíoch; caithfidh machnamh tarlú sa phobal, i dteagmháil le daoine eile; agus tá meonta de dhíth ag an athmachnamh a bhaineann luach mór as forbairt phearsanta intleachtúil a bhaineann leat féin agus le daoine eile.

Ebooks

Critical reflection in the professional development of teachers: Challenges and possibilities. CEPS Journal, 7(3), 67-85, Saric, M., Steh, B., 2017.

Tosaíonn an t-alt le forléargas gearr ar na sainmhínithe éagsúla ar athmhachnamh criticiúil i gcomhthéacs fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí. Ansin léiríonn sé roinnt torthaí taighde eimpíreacha ar na fadhbanna a bhíonn ar mhúinteoirí agus ar oideoirí múinteoirí dul i ngleic leo agus cleachtas athmhachnaimh á chur i bhfeidhm acu, go háirithe agus iad ag plé leis an athmhachnamh ar leibhéal domhain casta. Agus anailís ar na constaicí á húsáid acu, cuireann na húdair roinnt treoirlínte maidir le conas is féidir tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí lena gcuid iarrachtaí athmhachnamh criticiúil a chur i bhfeidhm mar chuid dá gcleachtadh múinteoireachta. Tá sé thar a bheith tábhachtach don spreagadh seo gan dearmad a dhéanamh ar phríomhaidhm athmhachnamh criticiúil na múinteoirí; chun cur le léargas nua, le creat nua a chruthú don eolas, agus le hathruithe sa mhúinteoireacht a chur ar bun a chuideoidh le foghlaim na mac léinn agus le forbairt an phobail ar mhaithe le foghlaim, obair, agus saol níos fearr do gach duine sa phobal sin.

Podchraoladh maidir le Machnamh

Cleachtas Machnamhach leis an Ollamh Brendan Cropley (Labhraíonn Emma agus Tom Talk faoi Theagasc, 13/11/20)

Eist anseo.

Is ollamh sa chóitseáil spórt agus is oideoir é an tOllamh Cropley. Cuireann Cropley béim ar an bhfíric gur aistear é má bhíonn tú i do chleachtóir machnamhach, agus gur féidir le comhráite machnamhacha tacú le múinteoirí ar an aistear sin. Labhraíonn sé faoi conas tacú le múinteoirí nach bhfuil mórán taithí nó gan aon taithí acu sa mhachnamh criticiúil, agus conas is féidir leis an duine atá ag éisteacht leis an duine atá ag machnamh spreagadh a thabhairt dó/di smaointeoireacht níos doimhne a dhéanamh. Pléann Cropley an gá atá ann cur chuige/múnla/creat machnamhach a roghnú a oireann dár gcuspóir aonair agus dár gcomhchuspóir. Tugann sé breac-chuntas ar an éifeacht a bhíonn ag cleachtas machnamhach a théann níos faide ná an cur síos a dhéantar ar ár dteagasc agus ar ár gcaidreamh go dtí an réimse ina dtuigimid muid féin agus ár gcleachtas níos fearr. Spreagtar an cleachtas machnamhach trí cheisteanna a chur, agus is gné de chaighdeán na gceisteanna a chuirimid caighdeán an chleachtais mhachnamhaigh. Cuireann an podchraoladh comhairle phraiticiúil ar fáil d’aon duine atá i mbun machnaimh a dhéanamh, cé acu ar múinteoir é/í le taithí nó ar duine é/í atá díreach tosaithe sa ghairm.

Ag Machnamh ar an bhFoghlaim Ghairmiúil

Ag éirí as aiseolas a fuarthas ó mhúinteoirí le linn cheardlanna Cosán, dealraíonn sé go bhfuil éileamh ar fhaisnéis inrochtana ar thopaic an mhachnaimh. Gheofar físean anseo ar shamhlacha an machnamh ar an bhfoghlaim ghairmiúil.

Anois agus rochtain faighte agat ar acmhainní ar an machnamh, b'fhéidir go mba mhaith leat súil a chaitheamh ar throeir do cheardlanna, treoir a ceapadh mar éascaíocht do cheardlann scoilbhunaithe ar an machnamh, augs béim ar leith inti ar a bheith ag machnamh ar an bhfoghlaim ghairimiúil i gcomthéacs Cosán.

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil ar leabharlann ar líne do mhúinteoirí cláraithe chun a rochtain ar thaighde oideachais a fheabhsú, rud a thacaíonn lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin gaolmhara ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo. Ní thugann cuimsiú na n-acmhainní seo le tuiscint go bhformhuiníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta táirgí, seirbhísí, tuairimí nó faisnéis ar bith a ndéantar cur síos orthu nó a thairgtear in ailt, ríomhleabhair, sleachta agus leathanaigh ghréasáin ghaolmhara ar bith srl.