Seimineár Gréasáin Ceannaireacht sa Ghaeilge

1. Teagasc agus Foghlaim Ar-líne agus As-líne – Oideachas Trí Mheán na Gaeilge

00:01–03:26 Réamhrá

03:27–17:33 Na dúshláin agus na deiseanna a chruthaigh an phaindéim

17:33–17:59 Treoracha teicniúla do lucht freastail seimineár gréasáin

17:59–24:43 Ag tacú leis an tumoideachas go cianda

24:43–25:54 Cad is féidir le scoileanna agus tuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht a dhéanamh chun tacú le teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge sa bhaile?

25:54–28:15 Forbhreathnú gairid ar na hacmhainní éagsúla atá ar fáil chun tacú le húsáid na Gaeilge sa bhaile (nuachtlitir, cainéal YouTube, comórtas, srl.)

28:20–29:40 Úsáid an Bhéarla i mbun cumarsáide le tuismitheoirí

29:40–41:36 Aipeanna, suíomhanna gréasáin, físeáin agus acmhainní eile chun tacú le teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge

43:17–55:22 Conas is féidir le múinteoirí/scoileanna ullmhú don fhilleadh ar scoileanna?

55:23–56:21 Cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta

56:22–56:56 Conas rochtain a fháil ar na pailléid a dearnadh tagairt dóibh níos luaithe sa seimineár gréasáin seo

57:08–59:19 Focail scoir

Capture-Copy

2. Dátheangachas na hÓige

00:01–02:50 Réamhrá

02:51–10:50 Cad is dátheangachas ann agus cén fáth a bhfuil tábhacht le dátheangachas na hóige?

10:51–12:34 Dátheangachas na hÉireann i gcomparáid le tíortha eile

12:35–16:28 Cad iad na dúshláin atá le sárú maidir le meon an dátheangachais a chur i bhfeidhm i scoileanna na hÉireann?

16:29–19:30 Cén chomhairle a chuirfeá ar mhúinteoirí atá ag iarraidh an dátheangachas a chur i bhfeidhm ina seomra ranga?

19:31–24:28 Dátheangachas na hÉireann agus cuimsiú sa seomra ranga

24:29–27:40 Cad iad na himpleachtaí do mhúinteoirí faoi oiliúint agus dá gcuid foghlama oideachasúil?

27:41–30:00 Dátheangachas, moill teanga, agus uathachas

30:01–32:34 Feasacht tuismitheoirí agus múinteoirí ar bhuntáistí an dátheangachais a mhúscailt

32:35–35:04 pobail an 21ú haois ag tacú le seomraí ranga dátheangacha an 21ú haois

35:05–39:20 Dátheangachas na hÉireann i dteangacha eile seachas an Béarla agus an Ghaeilge

39:21–40:59 Leanúntas an dátheangachais

41:00–46:32 An Taighde is déanaí sa dátheangachas

46:33–51:48 An dátheangachas a fhí ar fud an chleachtais oideolaíochta

51:49–54:13 Meas ar an dátheangachas a chothú i scoileanna

54:14–57:38 Aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí maidir leis an dátheangachas agus comhoibriú gairmiúil a chothú chun tacú leis an dátheangachas sna seomraí ranga

57:39–59:13 Céimeanna praiticiúla chun dátheangachas a chothú agus a ionchorprú go iomlánaíoch i saol an linbh

59:14–01:04:35 Athruithe beaga a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le seomraí ranga datheangacha

01:04:36–01:06:11 Dúnadh

Capture-Copy