Ceannaireacht

Taighde-a-Usaid-sa-Scoil

Ríomhleabhair

Ríomhiris 1.

Sa ríomhiris seo, tá an tOllamh Andy Hargreaves mar aoiláithreoir faoin mbratach “An Cheannaireacht agus an Fhoghlaim a Spreagadh: An Teagasc don Nuálaíocht, don Chomhtháthú agus don Fheabhsúchán" Is féidir leat teacht ar an ríomhiris anseo.

 

Ríomhiris 2.

Sa ríomhiris seo, tá an tOllamh Michael Fullan agus an seimineár gréasáin, ‘’Cultúir den Chomhghairmiúlacht a Fhorbairt’’. Istigh ann, tá achoimrí de na seacht n-alt den Ollamh Fullan, agus baineann cuid mhór díobh leis an téama ceannaireachta. Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar an ríomhiris here.

 

Ríomhiris 3.

Sa ríomhiris seo, ta roinnt léitheoireachta spéisiúla maidir le ceannaireacht scoile a fhorbairt, mar atá molta ag múinteoirí atá ag cleachtadh, Marie-Thérèse Downes agus Teresa Walsh. Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar an ríomhiris anseo.

Seimineáir Ghréasáin ar an gCeannaireacht

Seimineár Gréasáin 1: An Cheannaireacht ag gach leibhéal – Ag Ceangal, Ag Déanamh Compháirtíochtaí le Daoine Eile agus iad a Chumasú

Craoladh an seimineár gréasáin seo den chéad uair i mí an Mhárta 2021 i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Fócas an tseimineáir ghréasáin ba ea ar an gceannaireacht inár scoileanna le linn na hathoscailte a tharla de réir a chéile, agus ar an tábhacht a bhaineann le naisc agus comhpháirtíochtaí laistigh de phobal na scoile.

Is áiteanna casta iad scoileanna atá ag forbairt an t-am ar fad, agus inar féidir leis an gceannaireacht éifeachtach agus inbhuanaithe a bheith ina tasc dushlánach. D’fhéach an painéal ar an ról atá ag pobal uile na scoile sa cheannaireacht agus ar an ról atá aici chun múinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí agus daoine eile a chumasú. Díríodh go háirithe ar na ceannairí meánacha sa chiall is leithne ó thaobh an téarma sin. Is é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc, a rinne cathaoirleacht ar an bplé.

Baill den Phainéal

Cillian Doyle, Scoláire i CBS Loch Garman

Jennifer Cherry, Tuismitheoir agus Ceannasaí ATP i Scoil Náisiúnta Shóisearach San Proinsias Xavier

Linda Rogers, Múinteoir i bPobalscoil na Gráinsí, Loch Garman

Rachel O’Connor, Príomhoide Phobalscoil na Gráinsí, Loch Garman

Stephen Gammell, Ceannaire Foirne leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM)

Amanna an tSeimineáir Ghréasáin (Iomlán 1 uair an chloig 16 nóiméad)

00:00 – 13.54 Ceol intreorach ag comhaireamh síos

13.54 – 14.50 Fódóireacht

14.50 – 17.12 Ábhair an tseimineáir ghréasáin a chur in iúl

17.12 – 19.36 Painéalaithe a chur in iúl

19.36 – 20.16 Ceist oscailte don phainéal chun a machnamh a dhéanamh ar conas atá rudaí dóibh agus dá bpobail scoileanna.

20.16 – 21.22 Dearcadh príomhoide – An Cheannaireacht a aithint ar bhonn uilechoiteann

21.22 – 22.56 Dearcadh tuismitheora – Léargais shólásacha den cheannaireacht ó na leibhéil éagsúla i bpobal na scoile

22.56 – 24.42 Dearcadh scoláire – Tacaíocht ó phobal na scoile

24.42 – 26.39 Dearcadh múinteora – tuigeann ceannaírí meánacha cad is gá a dhéanamh

26.39 – 28.40 Is féidir le scoileanna feidhmiú, ach an féidir leo bheith faoi bhláth?

28.40 – 32.00 Conas athcheangal a dhéanamh sna hamanna dúshlánacha seo

32.00 – 34.36 Ba chóir do scoláirí a bheith i dteagmháil lena múinteoirí

34.36 – 38.03 Ag athcheangal trí Scéim an Chláir Chomhpháirtíochta (Grúpa Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunscoil)

38.03 – 42.20 An féidir taitneamh a thabhairt ar ais isteach sa taithí foghlama?

42.20 – 46.04 An féidir scoláirí i mbun ceannaireachta i suíomh scoile, trí Chomhairle na nÓg, difear a dhéanamh?

46.04 – 48.28 Ceannaireacht Scoláirí i gcomhthéacs na hIdirbhliana

48.28 – 53.12 Conas a bhíonn taithí ag pobal na scoile ar éifeacht an chuir chuige chomhroinnte i dtreo na ceannaireachta

53.12 – 58.44 Dearcadh tuismitheora ar an gcur chuige comhroinnte i dtreo na ceannaireachta

58.44 - 1.01.50 Smaointe chun an cheannaireacht a spreagadh i scoláirí níos óige san iar-bhunscoil

1.01.50 – 1.04.44 Bacainní roimh an gcóras scoile inbhuanaithe

1.04.44 – 1.07.00 Comhghleacaíocht i measc múinteoirí i bpobal na scoile i gcoitinne

1.07.00 – 1.11.49 Cad é a bunphíosa comhairle a bheadh agat le haghaidh do phiarghrúpaí faoi seach agus an chéad téarma eile (tar éis shaoire na Cásca) i ndán dóibh?

1.11.49 – 1.15.30 Ráiteas clabhsúir

 

Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar shleamhnáin PowerPoint an tseimineáir ghréasáin anseo.

Tacaíochtaí Ceannaireachta SFGM

Clár na hIdirbhliana um Cheannairí CLG sa Todhchaí

Seimineár Gréasáin 2: An Cheannaireacht agus an Fhoghlaim a Spreagadh – An Teagasc don Nuálaíocht, don Chomhtháthú agus don Fheabhsúchán

Craolta den chéad uair i mí Feabhra 2018, mar chuid de shraith sheimineár gréasáin CROÍ de chuid na Comhairle Múinteoireachta, sa seimineár gréasáin seo, tá an tOllamh Andy Hargreaves, agus is é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc, a rinne cathaoirleacht air.

Amanna an tSeimineáir Ghréasáin (1:01:05)

00:00 – 01:20 Fódóireacht

01:20 – 04:14 Réamhrá

04:14 – 10:20 Cad is brí le Ceannaireacht a Spreagadh

10:20 – 11:10 Na prionsabail a bhaineann le Ceannaireacht a Spreagadh

11:10 – 12:45 An chéad phrionsabal – Ag Brionglóideach go Diongbháilte

12:45 – 14:00 An dara prionsabal – Cruthaitheacht agus In Aghaidh an tSrutha

14:00 – 15:30 An rún taobh thiar den Chruthaitheacht agus In Aghaidh an tSrutha

15:30 – 19:10 Samplaí den Chruthaitheacht agus In Aghaidh an tSrutha laistigh de shuíomh scoile

19:10 – 22:20 An tríú prionsabal – Comhoibriú le Comórtas

22:20 – 23:15 An ceathrú prionsabal – Ag Brú agus ag Tarraingt

23:15 - 26:30 Comhghairmiúlacht – Leabhar taighde le A. Hargreaves & M.T. O’Connor

26:30 – 34:25 Ag bogadh ón gcomhoibriú gairmiúil go dtí an chomhghairmiúlacht

34:25 – 35:10 Seisiún Ceisteanna & Freagraí

35:10 – 41:20 Cén bealach inar féidir linn an spioradáltacht a thabhairt go dtí cúrsaí ceannaireachta agus cúrsaí oideachais?

41:20 – 47:30 Conas a sháraímid na bacainní chun comhoibriú a dhéanamh?

47:30 – 53:45 Conas a dhéanann an cheannaireacht agus an cuimsiú á spreagadh comhéadan lena chéile?

53:45 – 57:00 Cén píosa amháin comhairle a bheadh agat duit féin agus tú níos óige?

57:00 – 1:01:05 Ráiteas clabhsúir

 

Seimineár Gréasáin 3: Cultúir den Chomhghairmiúlacht a Fhorbairt

Reáchtáil an Chomhairle Mhúinteoireachta seimineár gréasáin i mí Mheán Fómhair 2017, leis an Ollamh Michael Fullan (iarDhéan Institiúid Ontario um Staidéar i gCúrsaí Oideachais agus Sainchomhairleoir Polasaí san Oideachas do Premier of Ontario) faoin téama maidir le Cultúir den Chomhghairmiúlacht a Fhorbairt. De réir an Ollaimh Fullan, tá an fhéinriail agus an fhreagracht aonair agus an chomh-fhéinriail agus an chomhfhreagracht mar shainghnéithe den chomhghairmiúlacht. Sna cultúir den chomhghairmiúlacht, tá gach múinteoir agus príomhoide rannpháirteach, faightear saineolas gairmiúil trí ghníomhaíocht sheasmhach, aiseolas machnamhach agus feabhsúchán leanúnach, de réir mar a bhíonn múinteoirí agus ceannairí oideachais eile ag comhoibriú go córasach chun feabhas a chur ar thaithí foghlama na scoláirí uile agus an méid a bhaineann siad amach. Is é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc, a rinne cathaoirleacht air. 

Amanna an tSeimineáir Ghréasáin (Iomlán 1 uair an chloig, 11 nóiméad)

00:00 – 01:40 Fódóireacht

01:40 – 04:40 Réamhrá

04:40 – 07:35 Ceannaireacht ón meán

07:35 – 08:35 Caipiteal Gairmiúil – An teagasc a athrú ó bhonn i ngach scoil

08:35 – 10:25 Caipiteal Daonna

10:25 – 13:00 Caipiteal Sóisalta

13:00 – 14:30 Caipiteal Cinnidh

14:30 – 17:00 Treoirlínte chun gníomhú

17:00 – 24:05 Trí réiteach chun an éifeacht is mó a bhaint amach

24:05 – 37:00 Ceisteanna agus ráitis

37:00 – 39:26 Gairm chun gníomhú

39:26 – 41:30 An ghairm a thabhairt isteach arís – an ghairm aonair agus an chomhghairm

41:30 – 44:25 Ról an taighde

44:25 – 45:55 Taighde i gcroílár an teagais agus na foghlama

45:55 – 50:10 Meall an domhan – athraigh an domhan

50:10 – 01:06:10 Seisiún ceisteanna agus freagraí

01:06:10 – 01:07:30 Bunphointí agus bunráitis

01:07:30 – 01:11:00 Ráiteas clabhsúir

Seimineár Gréasáin 4: An Cheannaireacht do Scoileanna Ionchuimsiteacha

Chuir an tOllamh Gerry Mac Ruairc an seimineár gréasáin seo i láthair ar an 18 Bealtaine 2016. Sa phlé spéisiúil seo, rinneadh scrúdú ar pharaiméadair agus teanga na ceannaireachta agus an chuimsithe, agus ar na himpleachtaí atá ann do cheannaireacht scoile ag obair le héagsúlacht agus le difríocht. Is é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc, a rinne cathaoirleacht ar an seimineár gréasáin.

Amanna an tSeimineáir Ghréasáin (Iomlán 1 uair an chloig, 11 nóiméad)

00:00 – 03:15 Réamhrá agus fódóireacht

03:15 – 05:40 An tOllamh Gerry Mac Ruairc a Chur in Aithne

05:40 – 06:30 Léargas den chur i láthair

06:30 – 06:55 Teanga na ceannaireachta

06:55 – 10:08 An difríocht idir ceannaireacht ionchuimsitheach agus ceannaireacht don chuimsiú

10:08 – 11:50 Tasc na ceannaireachta

11:50 – 14:10 Cosán den dul chun cinn – eisiamh/cuimsiú, scaradh/comhtháthú

14:10 – 14:38 Na dúshláin

14:38 – 15:36 Ag obair le difríochtaí agus meas a bheith agat ar dhifríochtaí

15:36 – 18:08 Eisiamh – fite fuaite sa chóras

18:08 – 20:38 Poll – Do we work well with difference in schools?

20:38 – 38:18 Questions and comments

38:18 – 42:25 Marginalisation is multiplicative

42:25 – 43:13 Teachers are key – where the battle for inclusive education will be won

43:13 – 48.00 Pobalbhreith – ba chóir go mbeadh ról na múinteoirí agus na gceannairí mar ghairmithe a bheith níos réamhghníomhaí ag obair i dtreo scoileanna níos ionchuimsithí?

48:00 – 49:16 Spás a chruthú le haghaidh comhtháthú níos mó

49:16 – 51:42 Fócas na ceannaireachta

51:42 – 53:30 Na dúshláin

53:30 – 55:36 Struchtúr an chórais atá ann cheana féin

55:36 – 1:05:39 Ceisteanna agus ráitis

1:05:39 – 1:08:18 Trí bhunteachtaireacht do cheannairí scoile

1:08:18 – 1:11:00 Ráiteas clabhsúir

 

Is féidir leat rochtain a dhéanamh ar shleamhnáin PowerPoint an tseimineáir ghréasáin anseo.

Ríomhleabhair faoi chúrsaí Ceannaireachta

Chun teacht ar na ríomhleabhair thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

riomhleabhar

Coherent-School-LeadershipCoherent School Leadership: Forging Clarity from Complexity

(Michael Fullan and Lyle Kirtman) 2019

Is é a dhéanfaidh Fullman agus Kirtman, a bhfuil a gcuid oibre bunaithe ar chleachtas: -

riomhleabhar-Copy

riomhleabhar-Copy

  • Taispeánfar duit conas úsáid a bhaint as cumais ar leith chun an comhtháthú a chur chun cinn
  • Cuirfear samplaí ar fáil ina dtaispeántar conas ar éirigh thar cionn le ceannairí eile an comhtháthú a chruthú
  • Tabharfar treoir duit tríd an cur isteach/an strus a bhíonn ann ó lá go lá ionas gur féidir leat fanacht ar an gcúrsa ceart
  • Taispeánfar duit conas na Cumais a úsáid i dtaca leis an gCreat

riomhleabhar

Leadership-for-Inclusive-Education-Copy

Leadership for Inclusive Education: Values, Vision and Voices

(G Mac Ruairc, Eli Ottesen and R Precey) 2013

Sa leabhar seo, déantar iarracht an plé maidir le cuimsiú a choinneáil go daingean sa chomhthéacs níos leithne agus é a scaradh ón dioscúrsa a bhaineann le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais/oideachais bhreise acu. Leis seo, tá na húdair in ann a n-ionchuir a chur níos follasaí laistigh de na dioscúrsaí a tharraingíonn ar an difríocht agus ar an éagsúlacht mar ghnéithe de scoileanna nach féidir a sheachaint.

riomhleabhar

Common Sense Evidence

Common-Sense Evidence : The Education Leader's Guide to Using Data and Research 

(Nora Gordon and Carrie Conaway ) 2020

Agus é scríofa ag beirt phríomhshaineolaí i dtaighde agus polasaí oideachais, is treoir achomair agus inrochtana é Common-Sense Evidence a chuidíonn le ceannairí oideachais na sonraí agus taighde a aimsiú agus a léirmhíniú, agus ansin an t-eolas sin a chur i bhfeidhm. San áireamh sna moltaí tá:

  • Úsáid a bhaint as taighde atá ann cheana féin
  • Fianaise a shaothrú ar cé chomh maith agus a d’éirigh lena n-iarrachtaí feabhsúcháin féin
  • Cultúr eagrúcháin d’úsáid fianaise a fhorbairt.

Sa leabhar, déantar na léitheoirí a threorú trí chás-stáidéir de chásanna tipiciúla, lena n-áirítear:

  • Feitheoir ag iarraidh neamhláithreachas tromchúiseach a laghdú
  • Cathaoirleach ó roinn mata i meánscoil ag iarraidh feabhas a chur ar fheidhmíocht na scoláirí ina scrúduithe
  • Príomhoifigeach scoile stáit ag iarraidh múinteoirí a earcú le haghaidh scoileanna faoin tuath

Cuidíonn Common-Sense Evidence le ceannairí oideachais inniúlacht a fhorbairt le haghaidh cleachtais bunaithe ar fhianaise ina scoileanna agus ina gceantair.

riomhleabhar

Change-Leader

Change Leader: Learning to Do What Matters Most

(Michael Fullan) 2011

Nochtann an leabhar seo seacht phríomhchleachtas do cheannairí an lae inniu, agus is cosúil go bhfuil siad seo ar fad i bhfad níos simplí ná mar a shílfeá, ach is cuid bhunúsach iad i ndáiríre den difríocht idir ceannaire cumhachtach agus ceannaire atá díreach cumasach:

riomhleabhar

riomhleabhar

  • Cuireann an Cleachtas an Teoiric Chun Cinn
  • Bí Diongbháilte
  • Spreag cuid mhór daoine
  • Bí ag comhoibriú le bheith in iomaíocht
  • Foghlaim go muiníneach
  • Bíodh an tionchar atá agat ar eolas agat
  • Coimeád ag imeacht an simpléacs

Taispeánann an t-údar do na ceannairí conas polasaithe agus straitéisí a sheachaint a dhíríonn ar spriocanna éadoimhne agus gearrthéarmacha agus conas scileanna ceannaireachta a fhorbairt don rath fadtéarmach.

riomhleabhar

Literacy-Leaders-Toolkit

The Literacy Leader's Toolkit : Raising Standards Across the Curriculum 11-19

(Graham Tyrer and Patrick Taylor ) 2013

 Baineann Graham Tyrer agus Patrick Taylor leas as an tionscnamh litearthachta rathúil inar ardaíodh a scoil ó scoil mhaith go dtí scoil shármhaith, chomh maith lena gcuid oibre i dtrí scoil sa Ríocht Aontaithe ina bhfuil raon rátála Ofsted. Cuireadh an 54 straitéis phraiticiúla i ngrúpaí sna céimeanna tosaigh, cur i bhfeidhm, inbhuanaithe agus meastóireachta agus san áireamh tá smaointe ar nós:

  • Fócas na litearthachta de do scoil a roghnú
  • Scoláirí a mhealladh mar cheannairí litearthachta
  • Litbox’ (Bosca litearthachta) a chruthú

I ngach iontráil, tá sonraí faoi thorthaí litearthachta na straitéise, cuirtear treoir céim ar chéim ar fáil chun é a chur i bhfeidhm agus chun é a choimeád ag imeacht, agus tá aiseolas agus leideanna san áireamh don fhoireann agus do na scoláirí a bhain úsáid as. Caithfidh na comhordaitheoirí litearthachta agus ceannairí uile ar mian leo clár scoile uile a chur i bhfeidhm The Literacy Leader's Toolkit a léamh, chomh maith leis na múinteoirí sin a bhfuil i gceist acu feabhas a chur ar an soláthar litearthachta ina seomra ranga.

riomhleabhar

Leading-in-a-culture-of-change

Leading in a Culture of Change Personal Action Guide and Workbook

(Michael Fullan) 2004

Tá an leabhar saothair lán le samplaí de chásanna léiritheacha, cleachtaí, agus acmhainní a d’fhéadfá a úsáid le daoine aonair nó le grúpaí. Cuideoidh sé leat (agus le haon ghníomhaí athruithe) na cúig phríomhchumas a chomhtháthú:

riomhleabhar

riomhleabhar

  • Freastal a dhéanamh ar fheidhm mhorálta níos leithne
  • Ag coinneáil suas chun dáta le próiseas na n-athruithe
  • Caidreamh a chothrú
  • Eolas a chomhroinnt
  • Fís agus comhthéacs a leagan síos le comhtháthú a chruthú in eagraíochtaí

Agus tú a chumasú chun déileáil leis na saincheisteanna a bhaineann le hathruithe casta.

riomhleabhar

Professional-Capital

Professional Capital : Transforming Teaching in Every School

(Andy Hargreaves and Michael Fullan) 2012

Agus é scríofa ag beirt de na príomhsmaointeoirí oideachais ar domhan, is critíc ghéarchúiseach é an leabhar seo de na gluaiseachtaí leasaithe ar theip orthu i gcuid mhór tíortha. Dearbhaíonn na húdair go bhfuil todhchaí na foghlama ag brath go hiomlán ar thodhchaí an teagaisc. Cuireann na húdair chun cinn an dearcadh go bhfuil caighdeán an teagaisc curtha in iúl i smaoineamh nua an-spéisiúil: caipiteal gairmiúil gach múinteora ag obair le chéile i ngach scoil.

Agus é bunaithe ar smaointe, ar fhianaise agus cumhachtach ó thaobh na straitéise de, téann Caipiteal Gairmiúil i ngleic leis na hargóintí seanchaite agus le steiréitíopaí na múinteoirí agus an teagaisc, agus taispeántar dúinn conas iad a athrú ach níos mó a éileamh ó ghairm na múinteoireachta agus níos mó a éileamh ó na córais a thugann tacaíocht di.

riomhleabhar

Quality-Learning

Quality Learning: Teachers Changing their Practice

(Kathy Smith and John Loughran) 2017

Sa leabhar seo, léirítear eolas gairmiúil na múinteoirí a d’fhorbair mar thoradh ar phróiseas leanúnach d’athruithe scoilbhunaithe, inar thosaigh múinteoirí ag obair ar bhealach difriúil mar gur thosaigh siad ag smaoineamh ar shlí dhifriúil maidir leis an bhfoghlaim a bhí tábhachtach dá scoláirí ina scoil. Bhíothas in ann a gcuid eolais faoin gcleachtas a mhionléiriú mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a fuair siad óna gceannaireach scoile – den chuid is mó mar go raibh iontaoibh ag an gceannaireacht astu mar ghairmithe chun foghlaim na scoláirí a threorú go freagrach.

riomhleabhar

Transformational-Professional-Learning

Transformational Professional Learning: Making a Difference in Schools

(Deborah M Netolicky) 2020

Agus é scríofa ó thaobh dhearcadh ‘cleachtóra/acadóir’ d’údar atá í féin ina múinteoir atá ag cleachtadh, ina ceannaire scoile agus ina taighdeoir, cuirtear in iúl sa leabhar seo cén fáth a bhfuil foghlaim ghairmiúil ann agus cad é foghlaim ghairmiúil. Tá sé cosúil le droichead idir an taighde agus an cleachtas trí litríocht léannta a fhí le chéile le taithí saoil atá ag an údar agus le guthanna díobh siúd atá ag obair i scoileanna. Sa leabhar, cuirtear ceisteanna maidir leis na bealaí ina ndéantar an fhoghlaim ghairmiúil a bheartú go minic i suíomhanna oideachais agus léirítear cá háit ar féidir le múinteoirí, ceannairí scoile, ceannairí córais agus taighdeoirí an infheistíocht is fearr a dhéanamh ina gcuid ama agus acmhainní chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair, d’fhoirne agus do chultúir i scoileanna agus chun iad a fhorbairt.

riomhleabhar

Leading-powerful-professional-learning

Leading Powerful Professional Learning

(Deidre Le Fevre; Helen Timperley; Fiona Ell; Katherine Mary Twyford) 2020

Tá tú lárnach san fhoghlaim ghairmiúil éifeachtach! Le go mbeidh éifeacht fhiúntach ag an bhfoghlaim ghairmiúil, is gá go gcoimeádfaí ag imeacht í, go mbeadh sí comhoibríoch, bunaithe ar fhianaise agus ag díriú ar scoláirí – réitigh ilghnéitheacha a shaothrú ar shaincheisteanna sa saol mar atá. Níl na freagraí go n-oireann an toise céanna do gach duine ann a thuilleadh – ina ionad sin, bainfidh tú úsáid as do chuid eolais agus do chuid saineolais chun do PLC a threorú le fadhbanna casta a réiteach go gníomhach. Cuirtear an méid seo a leanas ar fáil sa leabhar seo, atá bunaithe ar staidéar taighde a mhair cúig bliana:

  • Cur chuige nuálach i dtreo dhearadh agus sheachadadh na foghlama gairmiúla bunaithe ar phrionsabail an tsaineolais oiriúnaithigh
  • Achoimrí aon leathanaigh amháin de “Gníomhartha Éascaíochta d’Aon Ghnó” atá éasca le húsáid
  • Treoir atá ag teacht go hiomlán le Learning Forward Standards for Professional Learning

riomhleabhar

Developing-teachers-as-leaders

Developing Teachers as Leaders: A Reflective Writing Approach

(Phil Quirke; Joy Kreeft Peyton; Jill Burton; Carla L Reichmann; Latricia Trites) 2021

Sa leabhar seo, dírítear ar an scríbhneoireacht mhachnamhach mar bhealach le múinteoirí a threorú chun a láidreachtaí ceannaireachta a aithint agus forbairt a dhéanamh mar cheannairí. Breathnaítear ann ar cheisteanna ceannaireachta i raon de chomhthéacsanna teagaisc, agus ardaíonn gach caibidil saincheisteanna ilghnéitheacha do cheannairí uaillmhianacha.

riomhleabhar

Nine-professional-conversations

Nine Professional Conversations to Change Our Schools

(William Sommers; Diane Zimmerman) 2018

De réir mar atá an teicneolaíocht ag teacht in áit nasc aghaidh ar aghaidh, is féidir le hoideoirí mothú go bhfuil a gceardaíocht á cleachtadh acu amach ón bpobal. Is creat é Nine Professional Conversations to Change Our Schools le healaín an chomhrá ghairmiúil a athbheochan. Déanann sé na hoideoirí a threorú trí struchtúir don chomhoibriú, cuirtear rochtain ar fáil ar fhoinsí ollmhóra de chiall fheidhmeach, agus déantar bonn eolais comhtháite a éascú do na caighdeáin bharr feabhais. Ag baint leas as a ngairmeacha rathúla leis an gcóitseáil agus leis an éascú, cuireann údair an leabhair seo straitéisí ar fáil ina leathnófar do stór comhrá agus ina gcuirfear léargas ar fáil maidir le conas freagairt go fiúntach i dtimpeallacht atá ag athrú de shíor.

riomhleabhar

Ten-mindframes-for-leaders

10 Mindframes for Leaders: The Visible Learning® Approach to School Success

(John Hattie; Raymond Smith) 2021

Ní hé cad a dhéanann tú, is é an chaoi a smaoiníonn tú faoi cad a dhéanann tú. Acmhainn, ar chóir a bheith ag aon oideoir atá ag obair i dtreo gnóthachtála scoláirí ag leibhéil atá éirí níos airde i gcónaí, in 10 Mindframes for Leaders: The VISIBLE LEARNING® Approach to School Success, cuirtear beocht i meonta deich oideoir a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain, le chéile. I ngach caibidil, atá scríofa ag ceannaire smaointeoireachta, tugtar mionsonraí faoi mheon atá i gcroílár na ceannaireachta scoile rathúla. Clúdaítear ann:

  • Na torthaí is mó suas chun dáta agus reatha ón taighde Visible Learning, lena n-áirítear na gnéithe ó Visible Learning a thugann tacaíocht do gach meon
  • Smaointe praiticiúla do cheannairí chun straitéisí fíoréifeachtacha a chur i bhfeidhm i seomraí ranga agus i scoileanna
  • Acmhainní chun cuidiú le hoideoirí a meonta féin a shoiléiriú agus a mhionchoigeartú.

riomhleabhar

The-lead-learner

The Lead Learner: Improving Clarity, Coherence and Capacity for All

(Michael McDowell) 2018

Chun lorg buan a dhéanamh, tosaigh le do chuid foghlama féin. Taispeánann an Phríomhfhoghlaimeoir (Lead Learner) duit conas a chuidíonn sé má thosaíonn tú le do chuid foghlama gairmiúla féin, pleanáil a dhéanamh do riachtanais fhoghlama ar leith na mball foirne agus na scoláirí agus iad a chomhlíonadh- agus ag an am céanna an tionchar is mó a fháil ón am teoranta atá agat. Gheobhaidh tú bealaí freisin leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Soiléireacht a chinntiú i bpleanáil straitéiseach
  • Comhtháthú a bhunú síos tríd an gcóras
  • Próisis a fhorbraíonn cumais ar fud an chórais a chur i bhfeidhm
  • Do scileanna ceannaireachta pearsanta a chruthú

Tá ionchur leanúnach an leabhair seo sa treoir a chuireann sé ar fáil do cheannairí chun a aithint go bhfuil siad mar chuid, cuid thábhachtach, ach díreach mar chuid, de chóras líonraithe. Dá réir sin, cuireann a gcinntí agus a ngníomhartha teachtaireachtaí ar fud an chórais maidir lena bhfuil meas ag daoine orthu agus nach bhfuil meas acu orthu.

riomhleabhar

Advocacy-for-teacher-leadership

Advocacy for Teacher Leadership: Opportunity, Preparation, Support, and Pathways

(Susan Lovett) 2018

Sa leabhar seo, baintear leas as samplaí léiritheacha as staidéar fadama de mhúinteoirí agus iad nua sa ghairm, dar teideal “Teachers of Promise: Aspirations and Realities”. Breathnaítear ar chúrsaí maidir le huaillmhian pearsanta, tacaíocht ó dhaoine suntasacha eile, agus na bacainní roimh cheannaireacht múinteora. Sna samplaí, leagtar béim ar na bealaí inar cumasaíodh taithí gach múinteora agus inar cuireadh srian uirthi de bharr ceisteanna éagsúla. In éineacht le chéile, léiríonn na samplaí a cuireadh ar fáil an gá atá ann go mbeidh gairm na múinteoireachta níos córasaí agus múinteoirí cumasacha a aithint a d’fhéadfadh a bheith mar na ceannairí foghlama amach anseo, agus chun tacú leis na múinteoirí sin.

riomhleabhar

Teacher-Leadership-in-PD-Schools

Teacher Leadership in Professional Development Schools

(Jana Hunzicker) 2018

Déanfaidh Teacher Leadership in Professional Development Schools léitheoirí a thumadh chun breathnú níos doimhne ar an gceannaireacht múinteora thar na trí réimse leithne:

riomhleabhar

riomhleabhar

riomhleabhar

  • Ceannaireacht múinteora agus foghlaim scoláirí
  • Sainmhínithe, struchtúir, agus cultúir a chuireann an cheannaireacht múinteora chun cinn
  • Ullmhú agus forbairt mar cheannaire múinteora.

Tar éis brollaigh a bhfuil ábhar machnaimh ann agus dhá chaibidil tosaigh, i ngach ceann de na trí sheisiún sa leabhar tá idir trí agus ceithre chaibidil bunaithe ar thaighde, a scríobh dámh ardoideachais agus múinteoirí P-12 atá ag cleachtadh agus riarthóirí ; caibidil sintéise léannta, scríofa ag saineolaí aitheanta sa réimse; agus trí go ceithre mhachnamh ceannairí múinteora, atá scríofa ag ceannairí múinteora uaillmhianacha, atá ag forbairt, agus a bhfuil taithí acu ó gach cearn de na Stáit Aontaithe.

riomhleabhar

Leadership-and-Literacy

Leadership and Literacy: Principals, Partnerships and Pathways to Improvement

(Neil Dempster; Tony Townsend; Greer Johnson; Anne Bayetto; Susan Lovett; Elizabeth Stevens) 2017

Sa leabhar, tuairiscítear ar na torthaí as sé staidéar a lean príomhoidí scoile ón mbaint a bhí acu i gclár foghlama gairmiúla ina raibh cúig mhodúl faoin gceannaireacht agus faoin léitheoireacht a theagasc, go dtí cur i bhfeidhm gníomhartha ina scoileanna. Déantar cur síos ann ar conas a chuir siad raon straitéisí i bhfeidhm chun comhpháirtíochtaí ceannaireachta a chruthú lena múinteoirí, ag tabhairt faoi ocht ghné ábhartha ó chreat Cheannaireacht chun Foghlama nó ó threoirphlean. Sna caibidlí tosaigh sa leabhar tá úsáid na n-uirlisí praiticiúla mar fhócas don ghníomhaíocht cheannaireachta. Sna torthaí ar an iomlán a cuireadh i láthair sa leabhar seo, leagtar béim ar chúig shuíomh dhearfacha faoin gceannaireacht chun foghlama lena léamh:

  • An tábhacht a bhaineann le cuspóir morálta comhaontaithe
  • An chomhcheannaireacht chun feabhsúcháin
  • Tuiscint a fháil ar cad atá i gceist le bheith ag foghlaim conas léamh
  • Idirghabhálacha léitheoireachta a chur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh orthu
  • An gá atá ann a aithint chun tacú le foghlaim ceannairí ag an obair.riomhleabhar

riomhleabhar

Uplifting-Leadership

Uplifting Leadership: How Organisations, Teams and Communities Raise Performance

(Andy Hargreaves, Alan Boyle and Alma Harris) 2014

Bunaithe ar bhuntaighde ó staidéar domhanda a mhair seacht mbliana. In Uplifting Leadership nochtar conas a rinne ceannairí as eagraíochtaí ilghnéitheacha feidhmíocht a bhfoirne a spreagadh agus a ghríosú.

Agus na sé thréithe comónta tarraingthe le chéile a bhaineann le ceannairí ardfheidhmíochta thar cúrsaí gnó, spóirt agus oideachais, bhreathnaigh na húdair Andy Hargreaves, Alan Boyle, agus Alma Harris ar nádúr an spreagtha, an tionchar a bhíonn aige ar an bhfieidhmíocht, agus na bealaí chun é a bhaint amach laistigh de bhallaí eagraíochta agus lasmuigh dóibh freisin, ina nochtar conas a dhéanann ceannairí an méid seo a leanas:

  • Brionglóid inspioráideach a aithint agus a chur in iúl atá ceangailte go comhleanúnach leis na rudaí is fearr a bhí san eagraíocht roimhe seo
  • Tabhairt faoin mbrionglóid sin ar luas inbhuanaithe gan acmhainní a chur amú, an iomarca féich a thabhú, nó daoine a spíonadh
  • Bealaí nuálaíochta agus feabhsúcháin a chruthú nár bhreathnaigh daoine eile orthu nó a dhiúltaigh siad
  • Monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn trí úsáid a bhaint as scálaí tomhais agus táscairí ar bhealach eolach agus fiúntach
  • Foirne a fhorbairt a tharraingíonn daoine go nádúrtha chun athrú a dhéanamh seachas iad a bhrú tríd.

Ailt ar Ceannaireacht

Chun teacht ar na hailt thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

An Analysis of Day to Day Activities of a Sample of Primary School Principals in Ireland. Eurasian Journal of Educational Research, Martin Stynes, Gerry McNamara & Joe O’Hara, 2018

Tugann an páipéar seo iniúchadh, i bhfoirm scéil agus le fianaise thacaíochta, ar theagmhálacha príomhoidí le mionphointí leanúnacha an riaracháin, ag déileáil le rudaí gan choinne agus ag idirghníomhú leis an bhfoireann. Éilíonn praiticiúlacht laethúla rialachais scoile agus ceannaireachta pobail, infheistíocht shuntasach ama agus spéise pearsanta agus go minic beagán ama le machnamh a dhéanamh ar mhacratheoiricí ceannaireachta ardleibhéil. Agus na teorainneacha idir saol gairmiúil agus pearsanta príomhoidí doiléir go mór sa scéal, tacaíonn an fhianaise le tuiscint ghinearálta go bhfuil aistear an tsaoil mar phríomhoide scoile dúshlánach ach tairbheach.

Globally Minded Leadership: A New Approach for Leading Schools in Diverse Democracies. International Journal of Education Policy & Leadership, Ariel Tichnor-Wagner, 2019

Déanann an staidéar seo iniúchadh ar shaintréithe na ceannaireachta scoile a éascaíonn foghlaim na n-inniúlachtaí criticiúla a theastaíonn le go n-éireoidh leo i ndomhan ilghnéitheach idirnasctha. Ag baint úsáide as cur chuige bunaithe ar theoiric chun anailís dhomhain a dhéanamh ar agallaimh le haon duine déag de phríomhoidí scoile atá ag cleachtadh a gceirde, tháinig deich gcleachtas ceannaireachta domhanaigeanta chun solais ó na sonraí. Tháinig siad seo faoi na gnéithe a bhaineann le treoir a leagan síos, daoine a fhorbairt, an eagraíocht a athdhearadh, agus ag breathnú ar bhonn domhanda. Tá impleachtaí ag na torthaí maidir le conas is féidir le cláir cheannaireachta oideachais agus soláthraithe forbartha gairmiúla an creat seo atá ag teacht chun cinn a úsáid chun ceannairí a bhfuil meon domhanda acu a chothú.

The nature of leadership is changing. European Journal of Education, Michael Fullan, 2020

I measc na n-ábhar a phléitear san alt seo tá trédhearcacht i gcomhthéacs an neamhbhreithiúnais choibhneasta; ceithre choinníoll foghlama ar nós comhpháirtíocht, oideolaíocht, timpeallacht foghlama, agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a threisiú; agus coinníollacha creata foghlama ag leibhéal na scoile, an cheantair agus an bheartais.

The development of school leadership practices for 21st century schools. European Journal of Education, Steve Munby, 2020

I measc na n-ábhar a phléitear san alt seo tá forbairt iompair sna mic léinn, an gá atá le ceannaireacht ón mbonn aníos a léiriú chun tionchar a imirt ar bheartas náisiúnta, agus faisnéis faoi cheannaireacht chliathánach chun comhoibriú le scoileanna eile agus aistriú eolais a chinntiú.

School Leadership and Educational Change: Tools and practices in shared school leadership development, Trond Eiliv Hauge, Svein Olav Norenes & Gunn Vedøy, 2014

Scrúdaíonn an staidéar seo na gnéithe de cheannaireacht scoile a tháinig chun cinn i meánscoil uachtarach le béim ar fheabhsúchán scoile. Téann an staidéar i ngleic leis an ngá atá le coincheapanna comhroinnte agus comhoibritheacha ceannaireachta a fhorbairt i scoileanna. Tugann torthaí an staidéir le fios go bhfuil gá le pleanáil chúramach agus le heagrúchán sciliúil ar acmhainní daonna, cultúrtha agus teicneolaíochta chun tabhairt faoi fheabhsuithe inbhuanaithe in scoileanna.

Comparison of Transformational Leadership Practices: Implications for school districts and principal preparation programs,  Jeff Quin, Aaron Deris, Greg Bischoff & James T. Johnson, 2015

Ba í cuspóir an staidéir seo ná cinneadh a dhéanamh maidir leis na cleachtais cheannaireachta a theastaíonn chun gnóthachtáil acadúil a fheabhsú agus chun athrú dearfach a spreagadh in eagraíochtaí scoile. Léiríonn torthaí an staidéir: (a) go n-úsáideann príomhoidí i scoileanna ardfheidhmíochta gach cleachtas ceannaireachta níos minice ná mar a úsáideann príomhoidí i scoileanna nach bhfuil ag éirí chomh maith agus ba cheart leo agus, (b) is iad an dá chleachtas go bhfuil an tionchar is mó acu ar éacht na mac léinn ná fís choiteann a spreagadh agus dúshlán a thabhairt don phróiseas. Moltar go ndéanfaí múnla ceannaireachta bunathraithe Kouzes agus Posner a chuimsiú sa churaclam i gcláir ullmhúcháin na bpríomhoidí chun ceannairí scoile ardcháilithe a fhorbairt.

Ag Foghlaim Conas a Bheith mar Cheannaire Scoile in Éirinn – an Lárionad um Cheannaireacht Scoile

Chomh maith le hacmhainní na Comhairle Múinteoireachta atá curtha i láthair anseo, b’fhéidir go mbeadh spéis ag léitheoirí i ríomhleabhar an Lárionaid um Cheannaireacht Scoile (CLS) in Éirinn, Learning to be a School Leader in Ireland. San áireamh sa ríomhleabhar, tá athbhreithniú fairsing ar an litríocht maidir leis an topaic faoi cheannaireacht agus tá sé i gceist cur le pleanáil agus dearadh sholáthar na foghlama gairmiúla do leanúntas ceannairí scoile amach anseo.

Tugann an CSL aitheantas do fhlaithiúlacht a lán de na grúpaí páirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach leis an bhfoireann síos tríd an bpróiseas maidir leis an bhfoilseachán seo a tháirgeadh. Is mian leis freisin aitheantas a thabhairt don tacaíocht a thug Rannóg Oideachas Múinteoirí na Roinne Oideachais.

Sa doiciméad, clúdaítear caibidlí ina ndéantar achoimre ar an taighde i dtaca le gach ceann de na príomhchéimeann ceannaireachta:

  • I gcaibidil 3, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht múinteora. Leathanaigh 24-32
  • I gcaibidil 4, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht mheánach. Leathanaigh 33-40
  • I gcaibidil 5, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht shinsearach uaillmhianach. Leathanaigh 41-49
  • I gcaibidil 6, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht shinsearach nuacheaptha. Leathanaigh 50-57
  • I gcaibidil 7, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht shinsearach sheanbhunaithe. Leathanaigh 58-64
  • I gcaibidil 8, cuirtear léargas ginearálta ar fáil maidir leis an litríocht faoin gceannaireacht córais. Leathanaigh 65-73

Is féidir rochtain a dhéanamh ar an doiciméad iomlán anseo.

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí cláraithe ar leabharlann ar líne chun cur leis an rochtain atá acu ar thaighde oideachais, agus dá bhrí sin ag tacú lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin ábhartha ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo.  Ní chiallaíonn na hacmhainní seo a bheith curtha san áireamh go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta a faomhadh d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó eolas a ndéantar cur síos orthu nó a chuirtear ar fáil in aon ailt, ríomhleabhair, sleachta agus suíomhanna gréasáin srl. den sórt sin.

Físeán faoin gCeannaireacht: Uplifting Leadership leis an Ollamh Andy Hargreaves

San fhíseán seo, a mhaireann 10 nóiméad, déanann an príomhoideachasóir, an tOllamh Andy Hargreaves plé maidir leis an topaic faoi cheannaireacht. Cuireann sé léargas ginearálta ar fáil maidir lena bhfuil i gceist le Uplifting Leadership agus mínítear conas ‘a spreagaimid ár bpobail trí na gairmithe atá ag freastal orthu a spreagadh’. Tugann sé breac-chuntas ar conas is féidir é seo a bhaint amach trí na sé phrionsabal de Uplifting Leadership a chur i bhfeidhm.

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil ar leabharlann ar líne do mhúinteoirí cláraithe chun a rochtain ar thaighde oideachais a fheabhsú, rud a thacaíonn lena bhfoghlaim ghairmiúilNí ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin gaolmhara ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo. Ní thugann cuimsiú na n-acmhainní seo le tuiscint go bhformhuiníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta táirgí, seirbhísí, tuairimí nó faisnéis ar bith a ndéantar cur síos orthu nó a thairgtear in ailt, ríomhleabhair, sleachta agus leathanaigh ghréasáin ghaolmhara ar bith srl.