Litearthacht

Taighde-a-Usaid-sa-Scoil

Litearthacht-Copy

Taighde a rinneadh in Éirinn ar an Litearthacht

Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta tacaíocht do mhúinteoirí a dhéanann taighde agus a bhíonn ag plé le taighde tri Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan. Nuair atá na tionscadail taighde curtha i gcrích, foilsíonn an Chomhairle achoimrí gearra orthu ar an suíomh gréasáin anseo.

Seo thíos roinnt achoimrí a bhaineann le téama na litearthachta

ríomhleabhair faoin Litearthacht

Caithfidh múinteoirí cláraithe a bheith logáilte isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo chun go mbeidh rochtain acu ar na ríomhleabhair thíos.

Gheofar treoir chéim ar chéim anseo chun rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne.

riomhleabhair

Linguistic-DiversityEngaging with Linguistic Diversity: A Study of Educational Inclusion in an Irish Primary School

(David Little, Déirdre Kirwan; 2019)

Tugtar cur síos in Engaging with Linguistic Diversity ar chur chuige nuálach i leith oideachas ilteangach ionchuimsitheach ar leibhéal an bhunoideachais, ar cur chuige é a bhfuil ag éirí go maith leis. Is i Scoil Bhríde (Cailíní), Baile Bhlainséir a forbraíodh an cur chuige, chun caipiteal oideachasúil a dhéanamh den ilchineálacht teangacha sa scoil – breis is 50 teanga bhaile i scoil 320 dalta. Is é gné lárnach an chuir chuige go mbaintear leas as na teangacha baile don chumarsáid sa seomra ranga. Tugtar cur síos ar an gcomhthéacs náisiúnta sa leabhar agus rianaítear mar a forbraíodh cur chuige Scoil Bhríde; cíortar go mion a thionchar ar an diosúrsa sa seomra ranga, ar fhorbairt litearthacht ilteangach na ndaltaí agus ar a gcumas foghlaim neamhspleách a dhéanamh. Tugann na húdair fianaise phraiticiúil as foinsí éagsúla mar léiriú ar a n-argóintí. Tá áit lárnach ag guthanna múinteoirí agus daltaí ach go háirithe. Sa chaibidl dheireanach dírítear ar cheisteanna faoina inbhuanaithe atá an cur chuige agus faoi mar is féidir aithris a dhéanamh air agus na himpleachtaí d’oiliúint múinteoirí. Tagraítear sa leabhar do raon leathan torthaí taighde agus teoiricí ábhartha, ina measc trasteangú, oideachas ilteangach agus idirchultúrtha, feasacht maidir le teangacha agus an fhoghlaim neamhspleách a dhéanann foghlaimeoirí teangacha. Díol spéise s bheidh ann do mhúinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí agus déantóirí polasaí i réimse an oideachais ionchuimsithigh maidir le teangacha.

riomhleabhair

Literacy-and-Schooling-Copy

Literacy and Schooling: Towards Renewal in Primary Education Policy

(Kathy Hall; 2018)

Déanann an tOllamh Kathy Hall ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, anailís ar an athóiriú oideachasúil i Sasana le deireanas, athchóiriú a bhaineann le hoideachas bunscoile agus litearthacht. Trí théamaí a chur san áireamh m.sh. domhandú, oideachas múinteoirí, foghlaim na leanaí agus an litearthacht go háirithe, déanann sí critíc ar an ngníomhaíocht rialtais a fhorbairt agus freagairtí malartacha a iniúchadh maidir le ceisteanna ríthábhachtacha ár linne. Críochnaíonn an leabhar le moltaí le haghaidh polasaí agus iad bunaithe ar fhianaise ó raon peirspictíochtaí.

riomhleabhair

Leadership-and-Literacy-Copy

Leadership and Literacy: Principals, Partnerships and Pathways to Improvement

(Neil Dempster, Tony Townsend, Greer Johnson, Anne Bayetto, Susan Lovett, Elizabeth Stevens; 2017)

Seo leabhar a dhíríonn ar an eolas agus an tuiscint a bhíonn ag teastáil ó cheannairí scoile faoi cheannaireacht ar son na foghlama, agus ar son mhúineadh na litearthachta go háirithe. Tugann sé ls chéile teoiric, taighde agus cleachtas maidir le ceannaireacht ar son na litearthachta. Tuairiscítear torthai sé staidéar sa leabhar, staidéir inar leanadh an ról a bhí ag seisear príomhoidí i gclár foghlama gairmiúil maidir le ceannaireacht agus múineadh na léitheoireachta, agus cur chun feidhme an chláir sin ina gcuid scoileanna. Tugtar cur síos ann ar an tslí inar chuir siad raon straitéisí i bhfeidhm chun comhpháirtíochtaí ceannaireachta a bhunú lena gcuid múinteoirí. Sna caibidlí tosaigh pléitear mar is féidir le príomhoidí agus múinteoirí tuiscintí níos doimhne ar chomhthéacsanna a scoileanna a fhorbairt; mar is féidir pléití gairmiúla a sheoladh trí phróiseas ‘idirphlé eagraithe’ (disciplined dialogue); agus mar a spreagfadh príomhoidí cuir chuige i leith ceannaireacht chomhroinnte lena múinteoirí. Sna torthaí ginearálta sa leabhar seo leagtar béim ar chúig sheasamh dhearfacha maidir le ceannaireacht ar mhaithe le foghlaim na léitheoireachta:

  • a thábhachtaí atá cuspóir morálta comhaontaithe;
  • ceannaireacht chomhroinnte ar son feabhais;
  • tuiscint ar a bhfuil le déanamh chun an léitheoireacht a fhoghlaim;
  • idirghabhálacha léitheoireachta a chur chun feidhme agus a mheas; agus
  • a aithint, i gcás ceannairí atá ag foghlaim ar an láthair oibre, go mbíonn tacaíocht ag teastáil.

riomhleabhair

The-Literacy-Leader-s-Toolkit

The Literacy Leader's Toolkit: Raising Standards Across the Curriculum 11-19

(Graham Tyrer, Patrick Taylor; 2013)

Sa leabhar seo féachann buaiteoirí Dhámhachtain Náisiúnta an Times Educational Supplement as Scoth-thionscnamh Litearthachta le muid a chur ar an eolas faoin bhfáth ar éirigh leo cúrsaí scoile a fheabhsú trí leibhéil litearthachta ar fud an churaclaim a ardú. Tarraingíonn Graham Tyrer agus Patrick Taylor ar an tionscnamh litearthachta rathúil trínar ardaíodh leibhéal a scoile ó ‘scoil mhaith’ go ‘scoil den scoth’, agus ar a gcuid oibre i dtrí scoil sa Ríocht Aontaithe a raibh raon rátálacha Ofsted acu. Grúpáiltear na 54 straitéis phraiticiúla ina gcéimeanna tosaigh, leabaithe, cothaithe agus meastóireachta; ar na smaointe a chuirtear san áireamh tá fócas litearthacht do scoile a roghnú, na daltaí a dhéanamh rannpháirteach sa cheannaireacht litearthachta agus ‘Bosca Litearthachta’ a chruthú. Tugtar mionsonrai thorthaí litearthachta na straitéise i ngach iontráil, cuirtear treoir céim ar chéim ar fáil inti maidir le cur chun feidhme na straitéise agus maidir lena cothú mar aon le haiseolas agus leideanna ó bhaill foirne agus daltaí a bhain leas aisti. Beidh an fhoireann uirlisí do Cheannaire na Litearthachta ina ábhar spéise do chomhordaitheoirí agus ceannairí litearthachta atá ag iarraidh clár scoile uile a chur chun feidhme, agus do na múinteoirí sin atá meáite an soláthar litearthachta ina seomra ranga a fheabhsú.

riomhleabhair

Commonsense-Methods-for-Children-with-Special-Educational-Needs

Commonsense Methods for Children with Special Educational Needs

(Peter Westwood; 2015)

Sa seachtú heagrán uasdátaithe de Commonsense Methods for Children with Special Educational Needs, tairgtear comhairle phraiticiúil maidir le modhanna múinteoireachta agus straitéisí idirghabhála fianaise-bhunaithe chun cabhrú le leanaí a bhfuil raon leathan míchumas nó deacrachtaí acu. Leabaítear an chomhairle ón údar laistigh de chomhthéacs soiléir teoirice agus í ag tarraingt ar an taighde agus litríocht idirnáisiúnta is déanaí ón réimse. Tá ceithre chaibidil a dhíríonn ar an litearthacht, agus béim ar leith iontu ar an léamh, an litriú agus an scríobh.

riomhleabhair

Educating-Media-Literacy

Educating Media Literacy: The Need for Critical Media Literacy in Teacher Education

(Allison T. Butler; 2020)

Is é an argóint in Educating Media Literacy nár mhór litearthacht chriticiúil sna meáin a bheith ina cuid de na cláir oideachais múinteoirí chun neartú ar eolas na múinteoirí faoi oiliúint agus eolas na múinteoirí maidir le litearthacht sna meáin, agus na scoileanna don phobal mór a neartú i bhfianaise an nualiobrálachais.

riomhleabhair

Ailt ar an Litearthacht

Caithfidh múinteoirí cláraithe a bheith logáilte isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo chun rochtain a fháil ar na hailt thíos.

Gheofar treoir chéim ar chéim anseo chun rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne.

Literacy Coaching for Disciplinary Literacy Instruction: An Exploration of a Partnership at the Secondary Level. English Leadership Quarterly, 44(3), 9–13. Smith, K. 2022.

Is é an ghné lárnach de Literacy Coaching for Disciplinary Literacy Instruction: i bhfianaise dúshláin ilchineálacha i gcomhthéacs na litearthachta, agus chun tógáil ar dhul chun cinn na ndaltaí, go gcaithfear béim a leagan ar ról an mhúinteora mar shaineolaí ábhair agus ar ról an oiliúnóra litearthachta mar shaineolaí léitheoireachta agus foghlama a thugann tacaíocht do ról an mhúinteora. Tairgeann an t-údar léargais spéisiúla agus phraiticiúla ar an dinimic idir múinteoir agus oiliúnóir, agus comhairle fhónta dóibh siúd a chuireann spéis sa réimse áirithe foghlama agus fáis ghairmiúil sin. Cé gur ar an litearthacht agus oiliúint ag leibhéal an iar-bhunoideachais sna Stáit Aontaithe atá fócas an ailt seo, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha do gach comhthéacs scoile agus do na dlínsí uile, agus d’Éirinn freisin.

Children and Young People’s Video Game Playing and Literacy in 2021. A National Literacy Trust Research Report. In National Literacy Trust. National Literacy Trust. Picton, I., Clark, C., & National Literacy Trust (United Kingdom), 2021.

Sa tuarascáil seo rianaítear torthaí ó shuirbhé bliantúil litearthachta i dtús 2021 arna dhéanamh ag an ‘National Literacy Trust’ [An tIontaobhas Náisiúnta um Litearthacht] sa Ríocht Aontaithe. Rinneadh iniúchadh sa suirbhé a bhain le hidirghníomhuithe leanaí agus daoine óga leis an litearthacht i dtaca le himirt físchluichí. Chuaigh an suirbhé fad le 42,502 leanbh agus duine óg a bhí idir ocht mbliana d’aois agus ocht mbliana déag d’aois, idir Eanáir agus lár Mhárta 2021 le linn an tríú dianghlasáil náisiúnta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Tógann an tuarascáil ar thaighde roimhe sin inar iniúchadh idirghníomhuithe daoine óga leis an litearthacht i gcomhthéacs físchluichí. Fuair an chéad suirbhé ón Iontaobhas sa réimse sin in 2019 go bhféadfadh físchluichí feidhmiú mar bhealach isteach sa léitheoireacht agus tacú leis an gcruthaitheacht agus leis an gcumarsáid. I suirbhé a rinneadh ina dhiaidh sin, a chumhdaíonn deireadh Earrach 2020 (an chéad dianghlasáil náisiúnta) fuarthas gur thug cumarsáid trí imirt físchluichí tacaíocht do dhea-bhail daoine óga le linn na chéad dianghlasála náisiúnta. Fuair an suirbhé reatha gurb í an chumarsáid le linn cluichí (ag léamh téacsanna nó teachtaireachtaí ó chairde nó ó bhaiill teaghlaigh le linn físchluichí a imirt) an dara cineál léitheoireachta ó scáileán is deise leis an aoisghrúpa sin, agus gurb é léamh teachtaireachtaí pearsanta/díreacha (e.g. trí théacs, WhatsApp nó Instagram) a gcéad rogha.

Literacy and Numeracy in Northern Ireland and the Republic of Ireland in International Studies. Irish Journal of Education, Shiel, G., & Gilleece, L., 2015.

Rinneadh measúnuithe idirnáisiúnta le blianta beaga anuas ag leibhéal an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais agus ag leibhéal daoine fásta a thugann deis Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann a chur i gcomparáid maidir le cé chomh maith is a chruthaíonn daoine i gcás litearthacht na léitheoireachta agus uimhearthacht/matamaitice. Cé gur chruthaigh daltaí ghrád 4 (Bliain 6) i dTuaisceart Éireann cuid mhaith níos fearr ná daltaí i bPoblacht na hÉireann i litearthacht na léitheoireachta agus sa mhatamaitic sna staidéir PIRLS agus TIMSS in 2011, b’fhearr mar a chruthaigh daltaí in aois a cúig bliana déag i bPoblacht na hÉireann ná daltaí i dTuaisceart Éireann i litearthacht na léitheoireachta agus na matamaitice in PISA 2006 agus 2012. Bhí lagú suntasach ar na torthaí sa litearthacht léitheoireachta agus matamaitice PISA i gcomparáid le tráthanna roimhe sin, i dTuaisceart Éireann in 2006 agus i bPoblacht na hÉireann in 2009. Ach cé gur tosaíodh ag cruthú níos fearr i bPoblacht na hÉireann in 2012, d’fhan an leibhéal i dTuaisceart Éireann mórán mar a bhí ó 2006 i leith. Chruthaigh daoine fásta i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann araon cuid mhaith níos measa ná na meáin idirnáisiúnta don litearthacht agus uimhearthacht sa staidéar PIAAC in 2012. Pléitear torthaí na staidéar i gcomhthéacs na dtionscnamh polasaí in 2011 chun feabhas a chur ar litearthacht agus uimhearthacht sa dá dhlínse; san áireamh ansin bhí straitéisí litearthachta agus uimhearthachta a chur chun feidhme agus spriocanna a bhunú chun feabhsú, ag leibhéal córais agus scoile.

Literacy Policy in Ireland. European Journal of Education, Kennedy, E., 2013.

Le 15 bliana anuas nó mar sin, d’aithin rialtais ar fud an domhan an teip sa litearthacht mar shaincheist chomhchoiteann agus mar cheist cheartais shóisialta a stopann an-chuid daoine ón ngealladh atá fúthu a bhaint amach. Mar thoradh air sin leag siad fócas nach bhfacthas riamh cheana ar an bpolasaí oideachais, iad ag iarraidh a áirithiú go bhfaigheadh na leanaí uile scileanna litearthachta. Cuireadh an litearthacht in Éirinn i lár báire nuair a foilsíodh National Strategy to Improve Literacy and Numeracy among Children and Young People 2011-2020 (DES, 2011a) agus Policy on the Continuum of Teacher Education (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2011). Is polasaithe a cheapadh, a thógáil, a léiriú agus a aistriú go gníomhaíocht nithiúil, agus mar a dhéantar an méid sin, is mó a chinntíonn mar a éireoidh leo athrú a thabhairt agus na torthaí a beartaíodh a bhaint amach. Scrúdaíonn an t-alt an próiseas forbartha polasaí in Éirinn. Tosaíonn sé le hachoimre ghonta ar an mbunoideachais agus rianaítear ansin na tionchair ónar eascair na polasaithe nua. Tugtar príomhghnéithe na bpolasaithe ansin agus na torthaí a bhfuil súil leo. Críochnaíonn an t-alt le roinnt machnaimh ar na féidearthachtaí, ar na dúshláin agus ar na himpleachtaí le haghaidh scoileanna agus scolaíochta.

Acmhainní eile don Litearthacht

Gheobhaidh tú dornán acmhainní breise a bhaineann le téama na litearthachta. Is i gcomhthéacs na hÉireann a forbraíodh roinnt díobh, agus is ó áit níos faide i gcéin do roinnt eile, ach tá súil againn go gcuirfidh múinteoirí in Éirinn spéis iontu..

Cross-Curricular Literacy at St Anthony’s Catholic Primary School

Arna chur i láthair ag: Australian Institute for Teaching and School Leadership

Achoimre: Rinne Olivia Petkofski, múinteoir bunscoile Bhliain 1, foghlaim ar bhonn fiosraithe a chur chun feidhme chun cabhrú leis na daltaí cur lena n-eolas agus scileanna litearthachta ar fud iliomad réimsí ábhar. Leis an gcur chuige sin spreagadh na daltaí chun páirt a ghlacadh sa phlé sa seomra ranga agus i ngníomhaíochtaí a thug deiseanna dóibh a smaointe agus a n-eispéiris ar thopaic an taistil a chomhroinnt. Bhain Olivia leas as raon ilchineálach stíleanna cumarsáide éifeachtacha chun timpeallacht foghlama sábháilte agus bríomhar a chur ar bun, agus bhain sí leas as modhanna ceistiúcháin chun go dtuigfeadh sí riachtanais foghlama na ndaltaí uile.

Gheofar ceisteanna don phlé agus acmhainní breise ar shuíomh gréasáin AITSL

In-the-classroom

Literacy at Saint Augustine’s Primary School

Arna chur i láthair ag: Australian Institute for Teaching and School Leadership

Achoimre: Is bunscoil Chaitliceach é St. Augustine’s Primary School, atá suite in Wodonga, in oirthuaisceart Victoria, san Astráil. Thug an scoil faoin bhfoghlaim ghairmiúil bunaithe ar chur chuige ar bhonn fiosraithe chun go mbeadh spriocanna níos fearr á mbaint amach ag na daltaí. Tugadh tacaíocht do na múinteoirí sa tslí sin chun úsáid éifeachtach a dhéanamh de shonraí na ndaltaí agus anailís a dhéanamh orthu. Chinn an scoil ar sprioc ansin faoina bhfeabhsófaí litearthacht na ndaltaí uile, seachas díriú orthu siúd amháin a bhí ag streachailt léi.

Múineann Dean Butler, Ceannaire Litearthachta, rang san fhónaic shintéiseasch, mar chuid de chur chuige na scoile i leith theagasc na litearthachta, ina mbíonn feasacht fhóinéimeach, an fhónaic, líofacht, tuiscint agus stór focal Bíonn foghlaim stór focal mar chuid den cheacht freisin.

Gheofar ceisteanna don phlé agus acmhainní breise ar shuíomh gréasáin AITSL.

In-the-classroom-2

CÓISIR LÉITHEOIREACHTA THAR OÍCHE   

Arna chur i láthair ag: Dympna Daly, FÉILTE 2020

Earnáil: Bunoideachas

Achoimre ar an gCeardlann: Mínítear sa cheardlann sin an tslí le cóisir léitheoireachta thar oíche a reáchtáil le haghaidh daltaí agus tuismitheoirí do scoile.

Na hamanna don cheardlann

00:00-00:15 Réamhrá

00:16-00:40 Cé mar a chuala tú faoin smaoineamh?

00:41-02:11 Cé mar a reáchtáiltear an clár seo?

02:12-02:38 An tUllmhúchán don Chóisir Léitheoireachta thar Oíche

02:39-03:23 Céard is féidir a bheith ag súil leis tráthnóna na Cóisire Léitheoireachta thar Oíche

03:24-04:10 Am scéalaíochta

04:11-06:19 Gníomhaíochtaí breise le linn na cóisire léitheoireachta

06:20-07:19 Cé na leabhair atá á léamh ag na leanaí?

07:20-07:25 Ag socrú síos chun dul a chodladh

07:26-08:22 Ceisteanna sábháilteachta

08:23-08:44 Cén sprioc atá leis an gcóisir léitheoireachta thar oíche?

08:45-10:22 Nótaí deiridh


CLÁR COMRÁDAÍ LÉITHEOIREACHTA AR LÍNE KINIA - TACAÍOCHT LITEARTHACHTA DO DHALTAÍ BUNSCOILE

Arna chur i láthair ag: Orna Mulhern agus Marianne Ní Raghallaigh, FÉILTE 2021

Earnáil: Bunoideachas

Achoimre ar an Seóthaispeántas: Leis an gClár Comrádaí Léitheoireachta ar Líne, rinneadh an tacaíocht litearthachta i bpearsain a aistriú go formáid ar líne. Pléitear obair Kinia san fhíseán seo: 20 bunscoil ar fud na tíre, agus 150 oibrí deonach, iad uile ag obair as lámh a chéile chun tacaíocht ar líne duine le duine a chur ar fáil le haghaidh 140 dalta bunscoile le linn scoilbhliain 2020/21.

Na hamanna don Seóthaispeántas

00:00-01:12 Céard atá i gceist leis an gClár Comrádaí Léitheoireachta ar Líne?

01:13-02:00 Cé mar a roghnaíodh na leanaí a bheadh páirteach?

02:01- 03:03 Cé mar a d’éirigh leis?

03:04-03:59 Ar tháinig aon deacrachtaí chun cinn?

04:00-04:37 Ar éirigh leis an tionscadal?

04:48- 07:58 Cé mar a d’oibrigh sé i nGaelscoil Bharra i mBaile Átha Cliath 7? [Gaeilge]

07:59-08:43 Cé mar a earcaíodh na daoine deonacha?

08:44-09:45 Cloisimis ó dhuine de na daoine deonacha!

09:46-10:50 Focal scoir ó Kinia

LITEARTHACHT BHÉIL SAN AONÚ hAOIS IS FICHE

Arna chur i láthair ag: Ashley Sabourin, FÉILTE 2021

Earnáil: Iar-bhunoideachas:

Achoimre ar an Seóthaispeántas: Tá an Litearthacht Bhéil ar na léirithe is fearr ó thaobh dul chun cinn Tá sé ar na buanghníomhaíochtaí is cumhachtaí, b’fhéidir, a d’fhéadfadh múinteoirí a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar fhorbairt na ndaltaí. Tugtar le fios ón taighde gur tábhachtaí léamh os ard ná bileoga oibre, obair bhaile agus tuairiscí ar leabhair, ach gur minic a ligtear i ndearmad é ar leibhéal na hiar-bhunscoile mar gheall ar bhrú curaclaim agus scrúduithe. Mar sin féin, níor cheart neamhaird a dhéanamh ar an Litearthacht Bhéil, ar leibhéal na hiar-bhunscoile go háirithe.

Na hamanna don Seóthaispeántas

00:00-01:13 Réamhrá

01:14-02:47 Cén fáth a gcaithfí am ar an litearthacht bhéil san iar-bhunoideachas?

02:48-03:27 Straitéisí chun an litearthacht agus an uimhearthacht a fheabhsú

03:28-05:13 Mar a nascann an fhoghlaim a rinne Bloom agus de Bono leis na cineálacha léitheoirí i seomra ranga.

05:14-07:45 Féachaint mhionsonraithe ar na cineálacha léitheoirí sa seomra ranga

07:46-14:53 Straitéisí don seomra ranga agus comhchodanna SFGM (PDST) i dtaca le labhairt teanga

14:54-16:07 An Litearthacht Bhéil san 21ú hAois

16:08-18:58 Gníomhaíochtaí chun an Litearthacht Bhéil a chur chun cinn

18:59-21:30 Conclúid

ÓN TEANGA LABHARTHA GO LITEARTHACHT

Arna chur i láthair ag: Georgie Cooney, FÉILTE 2021

Earnáil: Bunoideachas

Achoimre ar an Seóthaispeántas: Sa seóthaispeántas seo, feicfidh tú mar atá tuiscint mhaith ar an gcóras fuaimeanna (fóineolaíocht) ina bonn láidir don litearthacht (go háirithe i gcás leanaí le deacrachtaí litearthachta ar nós disléicse). Beidh na trí chéim is mó (siollaí, rím agus fóinéimeanna) á samhaltú agam agus léireoidh mé mar is féidir a bheith ag spraoi le gníomhaíochtaí labhartha agus éisteachta do na leanaí. Bainim leas as From Tragic to Magic - A Phonological Fairy tale - mar chabhair chun tabhairt faoi asarlaíocht an litrithe (le cuidiú ó Who Put the Spell into Spelling? agus an leabhar saothair).

Na hamanna don Seóthaispeántas

00:00- 01:29 Réamhrá

01:30-02:36 ‘From Tragic to Magic’

02:37-07:11 Ag spraoi le Siollaí

07:12- 09:09 Ag spraoi leis an Rím

09:10- 11:13 Ag spraoi le Fóinéimeanna

11:14- 12:27 Céim na haibítre agus na hortagrafaíochta

12:28- 14:36 Who Put the Spell into Spelling? Rialacha don litriú

14:37-14:56 Conclúid

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar leabharlann ar líne ar fáil do mhúinteoirí cláraithe chun a rochtain ar thaighde oideachasúil a fheabhsú agus, sa tslí sin, tacaíocht a thabhairt dá bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta freagracht i ndáil le cruinneeas ná sláine irisleabhar, alt, ríomhleabhar, luanna agus leathanach gréasáin gaolmhar ná i ndáil le hábhar a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní sin. Níl le léamh as na hacmhainni sin a bheith á gcuimsiú go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta tacaíocht d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó faisnéis a gcuirtear síos orthu nó a thairgtear in aon ailt, ríomhleabhair nó luanna den sórt sin agus i leathanaigh ghréasáin ghaolmhara etc.