Chun teacht ar na ríomhleabhair thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.
Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

100 Ideas for Primary Teachers: Numeracy Difficulties and Dyscalculia
(P. Babtie; 2017)
In 100 Ideas for Primary Teachers: Numeracy Difficulties and Dyscalculia, cuirtear cluichí agus gníomhaíochtaí atá deartha go speisialta chun cuidiú le bunús daingean a fhorbairt i mbunchoincheapa na n-uimhreacha. Is smaointe seanbhunaithe iad na smaoineamh ar fad i scoileanna speisialaithe agus i scoileanna príomhshrutha agus tá siad deartha chun leanaí a spreagadh le labhairt faoi uimhreacha ar bhealach nádúrtha ag baint úsáid as gnáthchomhthéacsanna. Tosaíonn an leabhar ag díriú ar scileanna comhairimh, sula mbogtar ar aghaidh le struchtúr luacha a áireamh, iolrú agus roinnt. Chomh maith leis na príomhfhíricí a theagasc, leis na smaointe sa leabhar seo, déanfar tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ionas go mbeidh siad ina smaointeoirí solúbtha atá in ann uimhreacha a úsáid le fadhbanna matamaitice éagsúla a réiteach. Leis na smaointe seo, níl ag teastáil ach beagán ullmhúcháin agus acmhainní agus tá siad ar fheabhas le húsáid i seomraí ranga príomhshrutha agus speisialta, seisiúin teagaisc aonair, nó mar thascanna tionscadail/obair bhaile.


100 Ideas for Secondary Teachers: Supporting Students with Numeracy Difficulties
(P. Babtie and S. Dillon; 2019)
Sa leabhar seo, cuireann Patricia Babtie agus Sue Dillon 100 smaoineamh i láthair chun cuidiú le scoláirí a bhfuil deacrachtaí uimhearthachta acu na scileanna lárnacha a thuiscint, ní hamháin sa Mhata agus in ábhair eile lena n-áirítear Eolaíocht, Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide, Teicneolaíocht, Ríomheolaíocht, agus Tíreolaíocht. Taispeánann Patricia agus Sue conas is féidir deacrachtaí uimhearthachta a shárú ag baint úsáid as an teagasc ilchéadfach agus ag cuidiú le scoláirí lena scileanna staidéir, athbhreithnithe, agus teicnící scrúdaithe. Sa leabhar seo ar féidir póirseáil tríd, cuirtear gníomhaíochtaí agus cluichí ar fáil le scoláirí a spreagadh chun iniúchadh a dhéanamh ar smaointe uimhriúla agus teacht ar bhunphatrúin atá sa churaclam Iar-bhunscoile ar fad. Cuidíonn na smaointe seo le tuiscint a fhorbairt ar choincheapa mata agus an tábhacht a bhaineann leis sa ghnáthshaol laethúil a fheiceáil.

The Trouble with Maths: A Practical Guide to Helping Learners with Numeracy Difficulties
(Stephen Chinn; 2012)
Anois agus an dara heagrán amach, tugann an leabhar a bhfuil duaiseanna buaite aige, The Trouble with Maths, léargas tábhachtach dúinn faoi shaol na huimhearthachta nach féidir bun ná barr a dhéanamh de go minic. Trí bheith ag féachaint ar na deacrachtaí foghlama sa Mhata ó dhearcthaí éagsúla, lena n-áirítear teanga na matamaitice, stíleanna smaointeoireachta, agus na héilimh a bhaineann le topaicí aonair, cuireann an leabhar seo léargas ginearálta iomlán ar fáil maidir leis na fadhbanna is coitianta a bhaineann le teagasc agus foghlaim an Mhata. Tarraingíonn sé ar modhanna seanbhunaithe atá bunaithe ar thaighde agus ar eispéireas seomra ranga an údair chun acmhainn údarásach, ach ceann ar féidir rochtain a dhéanamh air go han-éasca agus acmhainn ilfhreastail don seomra ranga, a chur ar fáil.
Agus meascán de chomhairle, treoir agus gníomhaíochtaí praiticiúla ann, leis an treoir shothuigthe seo, beidh múinteoirí in ann:
- scileanna smaointeoireachta solúbtha a fhorbairt
- straitéisí de rogha eile a úsáid ionas go ndéanfaidh daltaí rochtain ar bhunfhiricí
- na himpleachtaí a bhaineann le scileanna réamhriachtanais a thuiscint, ar nós cuimhne fheidhmiúil, ar an bhfoghlaim
- bearta choisctheacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm sula dtosaíonn an mhíshástacht
- imní maidir le Mata a aithint agus tabhairt faoi fhadhbanna féinmheasa
- dul i ngleic leis na deacrachtaí le fadhbanna focal a d’fhéadfadh a bheith ag cuid mhór daltaí
- ábhair iomchuí a roghnú chun cur leis an tuiscint.

Numeracy and Learning Difficulties: Approaches to Teaching and Assessment
(Peter Westwood; 2004)
Má thuigtear cén fáth a mbíonn leanaí ag streachailt leis an mata, bíonn múinteoirí níos ullmhaithe chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil agus chun an mhuinín a chothú iontu siúd nach bhfuil ag éirí leo. San áireamh in Numeracy and Learning Difficulties, tá an treoir orthu seo a leanas:

- conas dul i ngleic leis na deacrachtaí foghlama coitianta ach cleachtais agus prionsabail teagaisc éagsúla a leanúint,
- bearnaí in eolas na scoláirí a aithint agus curaclaim a fhorbairt a dhúnann na bearnaí seo,
- feabhas a chur ar an litearthacht uimhriúil ag baint úsáid as straitéisí agus scileanna le fadhbanna a réiteach,
- san áireamh ann freisin tá seicliosta úsáideach de thagarmharcanna sa ghnóthachtáil.


Math Is Everywhere: 365 Ways You and Your Child Can Apply Math in the Real World
(Gene Pease; 2017)
Tá 365 gníomhaíocht mata agus uimhearthachta in Maths is Everywhere ar féidir le múinteoirí a roinnt le daltaí díreach anois. D’fhéadfadh múinteoirí agus daltaí féachaint ar fheithidí, éisteacht le ceol, nó dul ar rothar. Gheobhaidh múinteoirí smaointe le cur ar fáil do dhaltaí chun cuidiú le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh leis an Mata agus iad ag fanacht le haghaidh coinne fiaclóra! Is féidir le daltaí cáca srama nó cáca ina bhfuil fíorchré a dhéanamh ar féidir leo a ithe! Níl aon riachtanas rud ar bith a cheannach, ach amháin más iad na hearraí grósaera a úsáidfidh na daltaí agus a dteaghlaigh leis an dinnéar a dhéanamh. Is leabhar é Math is Everywhere do dhuine ar bith ar mian leis/léi an cheist “Cathain a úsáidfidh mé an Mata seo riamh?” a fhreagairt, agus cuidíonn sé an uimhearthacht a bhaint amach as an seomra ranga go dtí gnáthshaol laethúil an dalta.


What Teachers Need to Know About Numeracy
(Peter S. Westwood; 2008)
Leis na forbairtí a rinneadh le fiche bliain anuas, chonacthas an bogadh i dtreo níos lú béime i scoileanna ar an ngnáth-theagasc uimhríochta agus níos mó béime ar scileanna uimhreacha a chur i bhfeidhm le fadhbanna a réiteach. Tá an t-athrú ar an mbéim seo mar fhreagra ar na moltaí le leasú a dhéanamh i dteagasc na matamaitice. Táimid anois ag an bpointe go bhfuil sé tábhachtach smaoineamh an bhfuil na hathruithe ar an mbéim éifeachtach. Ar éirigh le scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar an matamaitic ná mar a bhí acu roimhe seo; agus an bhfuil mothcháin níos dearfaí acu faoin ábhar? Nó, ar bhogamar an iomarca ón teagasc agus ó scileanna ríomhaireachtúla a chleachtadh, go bhfuil sé níos deacra anois, seachas a bheith níos éasca, le go mbeidh scoláirí in ann tabhairt faoi fhadhbanna a réiteach agus fiosrúchán a dhéanamh? Cé mhéad cothromaíochta atá ag teastáil idir an teagasc scileanna foirmiúil agus na cuir chuige fhiosrúcháin ag baint úsáid as na scileanna sin? Déanann an leabhar seo iniúchadh ar roinnt de na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse teagaisc na huimhearthachta. Tharraing an t-údar ar litríocht ábhartha as roinnt tíortha éagsúla, go háirithe as an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, an Nua-Shéalainn, agus as codanna den Áise chun léargas ginearálta a chur ar fáil. I measc na saincheisteanna atá ann, tá idir na saincheisteanna a bhaineann le leanaí sa réamhscolaíocht agus sa scolaíocht luathbhlianta go dtí na saincheisteanna a chuireann isteach ar dhaoine fásta a bhfuil scileanna uimhearthachta laga acu.


33 Ways to Help with Numeracy: Supporting Children Who Struggle with Basic Skills
(Brian Sharp; 2009)
Ullmhaíonn Thirty-Three Ways to Help with Numeracy múinteoirí le réimse leathan acmhainní praiticiúla chun cuidiú le leanaí a mbíonn deacrachtaí acu na bunscileanna uimhearthachta a fhoghlaim. Trí raon gníomhaíochtaí agus cluichí a chur ar fáil a mheallann leanaí agus a spreagann an díocas oibre sa seomra ranga, cuireann an leabhar cleachtaí atá réidh le húsáid nach mbíonn ullmhúchán fada i gceist roimh ré. Tá aon ábhair atá ag teastáil ar fáil go héasca sa seomra ranga nó tá siad ar fáil anseo le fótachóip a dhéanamh de. Tá na gníomhaíochtaí deartha ag baint úsáid as raon stíleanna foghlama éagsúla chun:
- muinín agus féinmheas na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt
- chun an réasúnaíocht agus an smaointeoireacht a fhorbairt maidir le cásanna uimhreacha fisiciúla
- plé a spreagadh
- iniúchadh a dhéanamh ar uimhreacha trí rudaí a dhéanamh
Is féidir na gníomhaíochtaí a úsáid le leanaí ina n-aonair, i ngrúpaí nó leis an rang ar fad. Sa réamhrá ag tús gach gníomhaíochta, déantar cur síos go cruinn ar a bhfuil mar aidhm aige a theagasc don leanbh, agus ina dhiaidh tá treoracha soiléire agus gonta maidir le conas gach cluiche a imirt. Cuirfidh múinteoirí, comhordaitheoirí riachtanas speisialta oideachais (SENCoanna), agus Cúntóirí Múinteora fáilte roimh an acmhainn úsáideach seo.


Numeracy Across the Curriculum: Research-based Strategies for Enhancing Teaching and Learning
(S. Dole and V Geiger; 2019)
Tá níos mó i gceist le bheith uimheartha ná máistreacht a fháil ar an Matamaitic bhunúsach. Ceanglaíonn an Uimhearthacht an Mata a fhoghlaimítear ar scoil leis na cásanna lasmuigh den scoil ina mbíonn inniúlachtaí ag teastáil ar nós fadhbanna a réiteach, breithiúnas criticiúil, agus ciall a bhaint as rudaí a bhaineann le comhthéacsanna neamh-mhatamaiticiúla. Cuireann an leabhar seo straitéisí praiticiúla taighdebhunaithe ar fáil do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina múinteoirí agus do mhúinteoirí atá ag cleachtadh, leis an uimhearthacht a chur i bhfeidhm ar fud churaclam scoile na mBunscoileanna agus na nIar-bhunscoileanna. Bunaithe ar chlár taighde an údair a mhaire deich mbliana, míníonn an téacs cad is uimhearthacht ann agus conas a d’fhorbair an uimhearthacht mar sprioc oideachais. Déanann sé cur síos go mion ar na cúig ghné de shamhail an údair:
- aird ar chomhthéacsanna san fhíorshaol;
- feidhmiú an eolais mhatamaiticiúil;
- úsáid uirlisí fisiciúla, léiriúcháin agus digiteacha;
- cur chun cinn na meonta dearfacha i dtreo úsáid na matamaitice chun fadhbanna a réiteach a thagann chun cinn sa ghnáthshaol laethúil; agus
- claonadh criticiúil le ciall a bhaint as torthaí matamaiticiúla agus breithiúnais bunaithe ar fhianaise a dhéanamh.
Tá treoir ann maidir le conas an uimhearthacht a chur i bhfeidhm ar fud na n-ábhar sa churaclam, conas measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim na huimhearthachta, agus conas déileáil le dúshláin agus le haincheisteanna lena n-áirítear ag obair le teorannacha disciplín agus acmhainní tacaíochta a fhorbairt. Agus samplaí praiticiúla agus cás-staidéir síos tríd, tógfaidh an leabhar seo ar mhuinín an mhúinteora, déanfar míthuiscintí coitianta a shoiléiriú, agus déantar an teoiric a fhréamhú sa chleachtas sa réimse tábhachtach seo de chumas an scoláire.