An Teicneolaíocht Dhigiteach inár Scoileanna: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas
Dáta craolta: 16 Deireadh Fómhair 2019
D’óstáil an Chomhairle Mhúinteoireachta comhsheimineár gréasáin i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar an 16 Deireadh Fómhair nuair a pléadh An Teicneolaíocht Dhigiteach inár Scoileanna: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas. Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, a bhí sa chathaoir agus ar an bpainéal bhí:
- Anthony Kilcoyne ((Stiúrthóir Tánaisteach na dTeicneolaíochtaí Digiteacha, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí)
- Dr Tony Hall (Léachtóir Sinsearach i dTeicneolaíocht an Oideachais agus Ceann Tánaisteach Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann Gaillimh)
- Susan Rushe (Múinteoir Bunscoile i Scoil Mhuire, Droichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe)
- Maria O'Donovan (Múinteoir Iar-Bhunscoile i Meánscoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge agus faighteoir tacaíochta ón gCreat Tacaíochta Taighde John Coolahan)
Amanna an tSeimineáir Ghréasáin
00.00-00.06 – Cur in aithne
00.06-00.14 – Saintréithe agus prionsabail den teicneolaíocht dhigiteach chomhtháithe i gcúrsaí oideachais agus sa teagasc & foghlaim
00.14-00.17 – Téarmaíocht agus foghlaim agus rannpháirtíocht fhiúntach a chinntiú.
00.17-00.19 – Cén fáth a ndéantar an teicneolaíocht dhigiteach a chomhtháthú sa teagasc agus foghlaim?
00.19-00.21 – Conas fianaise a léirmhíniú? Athscrúdú a dhéanamh ar an gcuma a bhíonn ag tionchar na fianaise
00.21-00.23 – Samplaí den teicneolaíocht dhigiteach a chomhtháthú.
00.23-00.25 – Comhairle maidir le nuatheicneolaíocht a thabhairt isteach sa phobal scoile.
00.25-00.26 – Conas freastal ar an scoil agus ar an bpobal uile leis an nuatheicneolaíocht.
00.26-00.27 – Na róil thraidisiúnta a iompú bunoscionn – ag foghlaim ó na scoláirí.
00.27-00.30 – Muinín á cur sna scoláirí chun cuidiú le cur i bhfeidhm na scoile uile maidir leis an nuatheicneolaíocht.
00.30-00.31 – Struchtúir agus tacaíochtaí chun an nuatheicneolaíocht a chur i bhfeidhm agus na comhráite gaolmhara.
00.31-00.32 – Cad is féidir a dhéanamh chun tacú le scoileanna?
00.32-00.36 – Conas is féidir le scoileanna a chinntiú go n-éistear le gach guth agus conas comhthéacs a thabhairt do chleachtas bunaithe ar fhianaise?
00.36-00.39 – Tacaíocht chun creatlacha a chur i bhfeidhm.
00.39-00.41 – Cén chaoi le scoláirí a chur ar a gcumas le bheith mar tháirgeoirí na teicneolaíochta, ní hamháin mar thomhaltóirí na teicneolaíochta?
00.41-00.43 – An tábhacht a bhaineann le timpeallacht ranga uile le teicneolaíocht chomhtháite a thabhairt isteach.
00.43-00.45 – Conas cuidiú le scoláirí agus le múinteoirí le bheith ní hamháin mar úsáideoirí éighníomhacha den teicneolaíocht.
00.45-00.52 – BLDGF – Beir Leat Do Ghléas Féin
00.52-00.54 – Mar thoradh ar an teicneolaíocht an é nach mbíonn feidhm ar bith ag an múinteoir sa seomra ranga?
00.54-00.57 – An fhéidearthacht leis an teicneolaíocht a chomhtháthú chun cruthaitheacht múinteoirí a chothú.
00.57-01.01 – An chéad chéim eile leis an teicneolaíocht a chomhtháthú sa seomra ranga.
01.01-01.04 – Focal Scoir