Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do gach múinteoir cláraithe ar leabharlann ar líne d'irisleabhair agus de ríomhleabhair.
Logáil isteach chun rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne anseo

Character Toolkit for Teachers: 100+ Classroom and Whole School Character Education Activities for 5- to 11-Year-Olds
F. Roberts, E. Wright (2018)
Más mian le múinteoirí buíochas, mothúcháin dearfacha, diongbháilteacht pearsantachta, agus dea-chaidrimh a chothú, tá 100+ gníomhaíocht shodhéanta chuige sin le fáil sa leabhar seo amhail dialanna daltaí, taispeántais ranga agus feachtais scríofa litreacha. Tá uirlisí agus straitéisí le fáil ann freisin a théann níos faide ná an seomra ranga, a fhéachann le hoideachas iontaofachta a chur i bhfeidhm go daingean i gcultúr agus in éiteas na scoile trí chéile. Beidh buntreoir do chúlra teoiriciúil a bhaineann le hábhar mar chuid de gach caibidil, agus tá gach gníomhaíocht bunaithe ar oideachas iontaofachta agus idirghabhálacha síceolaíochta dearfacha ar deimhníodh iad a bheith bailí. Agus an t-eolas leagtha amach ina mblúiríní soláimhsithe chomh maith le meon praiticiúil a bheith go smior ann, is leabhar iontach go deo é seo a oirfidh do mhúinteoirí gnóthacha agus neart smaointe ann le roghnú astu sa seomra ranga.

Teaching the Last Backpack Generation: A Mobile Technology Handbook for Secondary Educators
Z. Walker, K. Rosenblatt, D. McMahon (2015)
Ní leor fios a bheith agat conas teicneolaíocht mhóibíleach a úsáid. Ba cheart fios a bheith agat conas leas a bhaint aisti chun cúrsaí foghlama a athrú ó bhonn. Léiríonn an leabhar saothair seo conas gléasanna a fhí isteach i gceachtanna go nádúrtha, is cuma cén t-ábhar atá faoi chaibidil. Aimsigh scileanna praiticiúla maidir le gléasanna a bhainistiú, straitéisí spraíúla a mbeidh an-dúil ag daltaí iontu, agus acmhainní cabhracha a fhónann d'fhoghlaim ghairmiúil a leathnú.

100 Ideas for Primary Teachers: Outdoor Learning
A. Bushnell (2020)
Tá na gníomhaíochtaí sa leabhar seo bunaithe ar fhoghlaim agus feidhm á baint as turgnamhaíocht agus réiteach fadhbanna agus baineann siad le gach réimse den churaclam amhail litearthacht, dearadh agus teicneolaíocht, matamaitic, eolaíocht, stair, ealaín agus an tíreolaíocht. Is féidir gach smaoineamh a úsáid mar bhunús do cheachtanna neamhspleácha agus chun cur le saothar ar bhonn topaice chomh maith. Féachann na gníomhaíochtaí chuige go bhfaighidh na daltaí taithí ar réimse leathan de cheachtanna foghlama praiticiúla, rud a chabhróidh leo caidrimh a chothú le piaraí leo, chomh maith le fadhbanna iompraíochta a laghdú agus neamhspleáchas a chothú.

VR, Simulations and Serious Games for Education
Y. Cai, W. van Joolingen, Z. Walker (2018)
Tugann an leabhar seo buntreoir do thaighde úrscothach ar ionsamhlú agus ar chluichí atá fiúntach ó thaobh an oideachais de. Tá an leabhar roinnte ina thrí mhór-réimse d'fheidhmithe oideachais a bhaineann leas as ionsamhlú agus cluichí atá fiúntach: oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta, agus matamaitice (ETIM); oideachas riachtanas speisialta; agus oideachas sna daonnachtaí agus sna eolaíochtaí sóisialta.

Explore Weather and Climate! With 25 Great Projects
K. Reilly (2011)
Agus léargas á thabhairt aige ar cad atá taobh thiar de na laethanta faoi shneachta gan choinne sin agus nuair a thosaíonn sé ag cur báistí am súgartha, tá níos mó i gceist leis an treoirleabhar gníomhaíochtaí seo ná réamhaisnéis a dhéanamh agus tuairisciú agus é meáite ar gach gné d'aimsir an domhain atá ina n-údair fiosrachta do pháistí a shásamh. Déantar iniúchadh ar an gcaoi ina dtagann an ghaoth, an ghrian, agus uisce le chéile chun dálaí aimsire áirithe a chruthú agus tugtar míniú mionsonraithe freisin ar na cúiseanna atá taobh thiar d'adhaimsir agus conas mar a théann seo i bhfeidhm ar gach aeráid. Agus cúig thionscadal teagmhálacha is fiche ann, treoraíonn an lámhleabhar seo páistí chun tabhairt faoi stoirm i mbuidéal a chruthú, lámh a leagan ar na scamaill, fearas sábháilteachta aimsire a chur le chéile, agus léarscáil aeráide inite a ithe fiú, gníomhaíochtaí a chinnteoidh go bhfaighidh siad tuiscint ar fhórsaí an nádúir nach ndéanfaidh siad dearmad go deo orthu.

Humanizing the Classroom: Using Role-Plays to Teach Social and Emotional Skills in Middle School and High School
K. Valdes (2019)
Cad é an bealach is fearr chun scileanna mothúchánacha agus sóisialta a mhúineadh? Déanann an leabhar seo cur síos ar an mbunús oideolaíochta atá le rólimirt a úsáid chun scileanna mothúchánacha agus sóisialta a mhúineadh. Tá cúig cheacht shamplacha is daichead le fáil ann ar féidir iad a theagasc i seomraí ranga bunscoile agus iar-bhunscoile.

Literacy Beyond the Classroom: Ten Real-world Projects Proven to Raise Attainment in Primary English
D. Traynor, C. Bufton-Green (2020)
Baineann an leabhar seo leas as tascanna bunaithe sa saol mar atá amhail ríomhphost a scríobh chuig polaiteoir, físeáin mhearscaipthe a chruthú agus na meáin shóisialta a úsáid chun achainíocha a thosú mar sheift chun scileanna léitheoireachta agus scríofa a fhorbairt. Cuireann Literacy Beyond the Classroom pleananna ceachta réidh-le-húsáid faoi bhráid an léitheora, chomh maith le cleachtaí agus gníomhaíochtaí a chabhróidh le múinteoirí brí agus anam a chur i gcoincheap agus iad sa seomra ranga bunscoile.

Bringing History Home: A Classroom Teacher's Quest to Make the Past Matter
B. Schechter (2018)
Díríonn Bringing History Home ar conas réimse leathan de ghníomhaíochtaí agus d'acmhainní a úsáid – ceol, filíocht, turais allamuigh, ionsamhlúcháin, ceardaíocht, cúrsaí reatha agus saoránaíocht – chun an stair iar-bhunscoile a theagasc agus daltaí a spreagadh chun plé níos doimhne a dhéanamh leis an ábhar.

Explore Rocks and Minerals! 20 Great Projects, Activities, Experiments
C. Brown, N. Brown (2010)
Is buntreoir an-spéisiúil do gheolaíocht é an leabhar seo do pháistí idir sé go naoi mbliana d'aois. Is féidir le léitheoirí leas a bhaint as fiche gníomhaíocht phraiticiúla chun iniúchadh a dhéanamh ar charraigeacha agus iontaisí chun brí agus anam a chur san fhoghlaim. Úsáideann páistí táirgí coitianta tí chun a gcriostail féin a chruthú, chomh maith le samhlacha den phláinéad a mhúnlú, agus brioscaí meireang bolcánacha a bhácáil.

The Best Class You Never Taught: How Spider Web Discussion Can Turn Students Into Learning Leaders
A. Wiggins (2017)
Tá teicníc seomra ranga le fáil sa leabhar seo a chabhróidh le múinteoirí agus iad ag iarraidh a ndaltaí a chóitseáil chun smaoineamh criticiúil a dhéanamh, obair as lámha a chéile, bheith páirteach go hiomlán, iad féin a iompar go heiticiúil, ceisteanna ardleibhéil a chur agus a fhreagairt, a gcuid smaointe a thacú le fianaise, agus measúnú a dhéanamh ar a gcuid oibre féin. Cuireann an t-oideoir Alexis Wiggins treoir céim ar chéim ar fáil faoi conas Plé ar nós Lín Damháin Alla a chur i bhfeidhm, ar bhealach a chlúdaíonn gach rud idir theicníc chun treoirlínte a chruthú maidir le féinmheasúnú a phlé agus smior an scéil maidir le comhráite a leagan amach agus conas sonraí a bhailítear a úsáid le haghaidh measúnú foirmitheach. Tá noda le roinnt aici freisin faoi fhuascailt fadhbanna, smaointe maidir le measúnú agus grádú ar bhonn grúpa, mar aon le cuntais ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí a bhain leas as an teicníc chun an t-eolas atá acu ar ábhar a fhorbairt agus a roinnt ar bhealach atá réabhlóideach agus fíorspreagúil araon.

Flipped Classrooms with Diverse Learners: International Perspectives
Z. Walker, D. Tan, N. Koh (2020)
Tugann an leabhar seo aghaidh ar mhalairt foghlama, déanann sé iniúchadh ar an mbonn teoiriciúil faoi cén fáth go mbíonn rath ar mhalairt foghlama, chomh maith le scéalta ó chleachtas reatha a raibh rath leo a roinnt. Tugtar neart samplaí éagsúla dirnáisiúnta de mhalairt foghlama a cuireadh ar siúl ag gach aoisghrúpa, lena n-áirítear plé ar staidéir na n-údar i gcomhthéacs taighde atá ann cheana, chomh maith le léargas a thabhairt ar conas mar atá an mhalairt foghlama tar éis dul i bhfeidhm thar réimse de thimpeallachtaí oideachais. Agus é curtha ar fáil mar lámhleabhar do chleachtóirí, is ionann an anailís a dhéantar ar theicnící coitianta, thar a bheith éifeachtach d'fhoghlaimeoirí a bhaineann le haoisghrúpaí éagsúla agus bearna mhór sa litríocht a líonadh.

The Teacher's Guide to Resolving School Bullying: Evidence-Based Strategies and Pupil-Led Interventions
E. Nassem (2020)
Agus é ag tarraingt ar thaighde úrscothach an údair, cabhraíonn an leabhar seo le múinteoirí agus iad ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna a bhaineann le bulaíocht, rud a chothaíonn misneach a dhóthain iontu le gur féidir leo cásanna caolchúiseacha a réiteach, chomh maith leis na huirlisí a thabhairt dóibh chun feachtais frithbhulaíochta faoi stiúir daltaí a fhorbairt. Cabhraíonn an leabhar seo le baill foirne scoile agus iad ag iarraidh tuiscint a fháil ar dhearcthaí agus ar thaithí na ndaltaí maidir le bulaíocht, agus ar na míchothromaíochtaí agus na neamhionannais chórais a d'fhéadfadh caidrimh bhulaíochta idir dhaltaí a neartú. Cuireann an t-údar idirghabhálacha fianaisebhunaithe ar fáil a d'fhéadfadh nod a thabhairt do mhúinteoirí agus iad ag iarraidh eolas agus scileanna a shealbhú chun teagmhais a réiteach. Cuimsíonn sé acmhainní agus straitéisí a chabhraíonn le múinteoirí agus iad ag iarraidh idirghabhálacha faoi stiúir daltaí a chur ar bun, chomh maith le hoiliúint a chur ar dhaoine eile déanamh amhlaidh.


The Inclusion Dialogue: Debating Issues, Challenges, and Tensions with Global Experts
J. Banks (2022)
Tugann an leabhar seo sraith de thuairimí saineolaithe domhanda le chéile ar oideachas cuimsitheach, ag nochtadh an teannas atá ag athrú sa réimse taighde seo agus ag leagan béime ar threoracha don todhchaí. Bunaithe ar chomhráite spéisiúla uathúla le príomhshaineolaithe acadúla ar fud na cruinne, úsáideann Joanne Banks agallaimh dhomhain chun díospóireachtaí reatha san oideachas speisialta agus cuimsitheach a scrúdú agus soláthraíonn sí forbhreathnú soiléir ar na príomhtheannais a mbíonn tionchar acu ar bheartas agus ar chleachtas thar chomhthéacsanna náisiúnta éagsúla. Leagann a leabhar béim freisin ar an gcaoi nach n-aistrítear polasaithe cuimsitheacha oideachais i gcónaí go cleachtais chuimsitheacha inár scoileanna. Tugann an t-idirphlé a chuirtear i láthair sa téacs inrochtana seo léargas do léitheoirí ar ár dtuiscint choincheapúil ar chuimsiú i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Tríd an bplé neamhfhoirmiúil seo, tá an leabhar seo iontach d'acadóirí agus do thaighdeoirí atá ag obair i réimse an oideachais chuimsithigh agus speisialta, d'oideachasóirí ar mian leo timpeallachtaí níos cuimsithí a chruthú dá gcuid mac léinn, agus do lucht déanta beartas atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an chuma atá ar oideachas cuimsitheach ar an talamh.
*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí cláraithe ar leabharlann ar líne chun cur leis an rochtain atá acu ar thaighde oideachais, agus dá bhrí sin ag tacú lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin ábhartha ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo. Ní chiallaíonn na hacmhainní seo a bheith curtha san áireamh go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta a faomhadh d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó eolas a ndéantar cur síos orthu nó a chuirtear ar fáil in aon ailt, ríomhleabhair, sleachta agus suíomhanna gréasáin srl. den sórt sin.