Aistrigh:
Gaeilge
English

Cineálacha Gearán

Is féidir trí chineál gearán a dhéanamh leis an gComhairle, is iad sin:

  • Gearáin a bhaineann le caighdeáin na seirbhíse
  • Gearáin faoi chinntí clárúcháin
  • Gearáin maidir le múinteoirí cláraithe

Déileáiltear go mion le gach ceann díobh seo thíos.

Gearáin a bhaineann le Caighdeáin na Seirbhíse

Baineann na nósanna imeachta gearán agus aiseolais atá sa doiciméad seo le cásanna ina gcreideann tú go bhfuil seirbhís mhíshásúil faighte agat.

Conas gearán a dhéanamh maidir le caighdeáin na seirbhíse

Táimid tiomanta seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil i gcónaí agus feidhmeanna reachtúla na Comhairle Múinteoireachta á gcomhlíonadh againn. Glacann an Chomhairle go dáiríre le gearáin faoi chaighdeáin seirbhíse. Má tá tú míshásta le caighdeán aon seirbhíse atá curtha ar fáil againn, ba mhaith linn cloisteáil faoi ionas gur féidir linn imscrúdú a dhéanamh ar an gceist go hiomlán agus go mbeidh deis againn cúrsaí a chur ina gceart. Bainfimid úsáid as do thuairimí agus aiseolas chun ár seirbhís a fheabhsú.

Céim 1

Chun gearán a réiteach faoi chaighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil, moltar duit, ar an gcéad dul síos, dul i dteagmháil leis an rannóg ábhartha den Chomhairle Mhúinteoireachta atá ag déileáil le d’iarratas nó d’fhiosrúchán. I bhformhór na gcásanna réiteofar an gearán ag an bpointe seo. Féach ar an leathanach Déan Teagmháil Linn ar www.teachingcouncil.ie.

Céim 2

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ag Céim 1, is féidir leat do ghearán a dhíriú chuig ár nOifigeach Caidrimh le Custaiméirí. Ní mór gearáin ag an gcéim seo a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Oifigeach Caidrimh le Custaiméirí An Chomhairle Mhúinteoireachta Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co.Chill Dara, W23 Y7X0. nó Ríomhphost: customerrelations@teachingcouncil.ie.

Admhóidh an tOifigeach Caidrimh le Custaiméirí go bhfuarthas do ghearán laistigh de thrí lá oibre agus rachaidh sé i dteagmháil leat maidir le do ghearán agus freagróidh sé nó sí i scríbhinn chugat nuair a bheidh an t-ábhar imscrúdaithe go hiomlán. Táthar ag súil go ndéanfar imscrúdú ar an ngearán laistigh de fiche lá oibre.

Céim 3

Má tá tú fós míshasta leis an bhfreagra ag Céim 2, is féidir leat do ghearán a dhíriú faoi bhráid an Leas-Stiúrthóra i scríbhinn chuig:

Leas-Stiúrthóir
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0.

Ríomhphost: info@teachingcouncil.ie

Conas gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman

Scrúdaíonn Oifig an Ombudsman gearáin ó bhaill den phobal a chreideann gur chaith soláthraithe seirbhíse poiblí áirithe leo go míchothrom. Tagann an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi shainchúram Oifig an Ombudsman a chiallaíonn gur féidir le daoine gearán a dhéanamh faoin gComhairle Mhúinteoireachta chuig an Ombudsman maidir le feidhmiú a feidhmeanna riaracháin agus má tá drochriarachán agus drochthionchar mar thoradh ar an ngníomh sin. Is féidir dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman mar seo a leanas:

Seoladh: 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97
Fón: +353-1-639 5600 Íosghlao: 1890 223030
Ríomhphost: info@ombudsman.ie
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie

Gearáin faoi Chinntí Clárúcháin

Féadfaidh múinteoir cláraithe nó iarratasóir clárúcháin a bheith míshásta leis an gcinneadh a rinne an Chomhairle ar a (h)iarratas ar chlárú nó ar athnuachan clárúcháin. I gcúinsí den sórt sin bíonn feidhm ag próisis ar leith chun athbhreithniú a lorg ar an gcinneadh sin. D’fhéadfadh sé seo teacht chun cinn, sa chás go ndiúltaítear clárú do mhúinteoir nó má chuirtear coinníollacha i bhfeidhm ar a c(h)lárúchán.

Conas gearán a dhéanamh faoi chinntí clárúcháin.

Le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe ar conas gearán a dhéanamh faoi chinneadh clárúcháin, féach le do thoil ar phróiseas Athbhreithnithe Cinnidh na Comhairle ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

Gearáin maidir le Múinteoirí Cláraithe

Tá próiseas ar leith i bhfeidhm i gcás gearán a dhéantar faoi mhúinteoirí cláraithe maidir lena n-oiriúnacht chun múineadh. Láimhseálann an rannóg um Chaighdeáin Ghairmiúla den Chomhairle an próiseas seo de réir Chuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, lena leagtar amach feidhmeanna na Comhairle maidir le gearáin a fháil faoi mhúinteoirí cláraithe, imscrúduithe a dhéanamh, fiosrúcháin a dhéanamh, nuair a mheastar a bheith riachtanach, agus smachtbhannaí a fhorchur, i gcás inarb iomchuí.

Conas gearán a dhéanamh faoi Mhúinteoir Cláraithe

Le faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoi conas gearán a dhéanamh faoi Mhúinteoir Cláraithe, féach le do thoil ar an Rannóg um Oiriúnacht chun Múineadh ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

Aiseolas

Táimid tiomanta dul i gcomhairle lenár gcustaiméirí agus fiafraí díobh conas atá ag éirí linn. Más mian le custaiméirí moladh a dhéanamh maidir le conas is féidir linn ár seirbhís a fheabhsú, is féidir leo ríomhphost a chur chuig customerrelations@teachingcouncil.ie

Is féidir linn cabhrú leat:

  • Tabhair aon fhaisnéis atá agat a bhaineann le d’fhiosrúchán.
  • Tabhair aon doiciméid agus uimhreacha tagartha ábhartha atá agat.