Aistrigh:
Gaeilge
English

Maidir leis an leabhrán seo

Sa leabhrán seo deirtear leat conas gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Tá gluais curtha isteach againn chun cuidiú leat na téarmaí tábhachtacha a thuiscint.

Maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúla don teagasc a dhéanann gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus ag an am céanna tacaíonn sí agus cuireann sí le cáil ghairm na múinteoireachta. Ceann amháin d’fheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta ná fiosrú a dhéanamh maidir le gearáin agus, más gá, fiosrúcháin a bheith ann faoi mhúinteoirí cláraithe.

1. Eolas ginearálta

Cé atá in ann gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir?

Is féidir le duine ar bith, lena n-áirítear baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.


Ar chóir dom gearán a dhéanamh leis an scoil nó leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

De ghnáth, ba chóir duit an gearán a dhéanamh ar dtús le scoil an mhúinteora sula mbreathnaíonn tú ar ghearán a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

I gcuid mhór cásanna ní féidir linn gearán a fhiosrú go dtí go mbaintear triail as (nó go dtugtar chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998)Footnote 1, ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Is faoin gCoiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Áireofar mar chúiseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol díobhála, nó áit a bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála.


Cad faoi a bhfuilim in ann gearán a dhéanamh?

Ní féidir linn ach féachaint ar ghearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe. Is féidir linn féachaint ar ghearáin ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • mí-iompar gairmiúil;
  • drochfheidhmíocht ghairmiúil;
  • ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil;
  • gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh sláinte de; agus
  • ciontú cúirte de bharr cionta áirithe

Féadfaidh tú teacht ar liosta iomlán na gcúiseanna gearáin in alt 42(1) ‘d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015, agus is féidir leat amharc air nó é a íoslódáil ónár suíomh gréasáin, www.teachingcouncil.ie.

De ghnáth ní féidir linn féachaint ar ghearáin ach amháin más rud é gur tharla na heachtraí a ndearnadh gearán fúthu ar an nó i ndiaidh 25 Iúil 2016. Sa chás gur tharla na heachtraí a ndearna gearán fúthu roimh an 25 Iúil 2016, ní féidir linn féachaint ar an ngearán ach amháin i gcásanna áirithe. Cuirtear san áireamh sna cásanna seo áit ar ciontaíodh múinteoir de bharr ciona choiriúil áirithe, nó áit a mbeadh cion coiriúil i gceist leis an iompar a ndearadh gearán faoi nuair a tharla sé, agus gur cineál den tsórt sin é gur ábhar imní a bheadh ann go bhféadfadh an múinteoir díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine fásta soghonta ar bith, nó a bheith ina c(h)úis díobhála dóibh.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d’Éirinn?

Is féidir. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi eachtraí áirithe a tharla lasmuigh d’Éirinn ar chúiseanna lena n-áirítear mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil agus ciontuithe de bharr cionta áirithe.


An bhféadfadh an gearán a bheith bainteach le hiompar a tharla lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe?

D’fhéadfadh. Is féidir linn breathnú ar ghearáin a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le hiompar lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe ar nós ciontuithe le haghaidh cionta áirithe, agus áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh den scoil, le linn tréimhse gairme an mhúinteora?

Is féidir. D’fhéadfadh gearán in aghaidh múinteora chláraithe a bheith bainteach le gníomhaíocht ghairmiúil ar bith a bhaineann leis an scoil, nó le haon ghníomhaíocht nó ról ar thug siad fúithi/ faoi agus iad mar mhúinteoir cláraithe.


Cad ba chóir dom a dhéanamh má bhaineann mo ghearán faoi mhúinteoir cláraithe le cosaint leanaí nó le díobháil a dhéanamh do leanbh?

Má bhíonn imní ort go bhfuil leanaí nó daoine soghonta i mbaol, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, go ndéanfaí díobháil dóibh, ba chóir duit é a chur in iúl dóibh seo a leanas:

  • an scoil, más cuí;
  • TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach; nó
  • na Gardaí, más cuí.

B’fhéidir gur mian leat gearán a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta freisin.

Féach thíos cairt phróiseas an ghearáin:

A chart of the complaint process
  1. Gearán faighte
  2. Athbhreithniú an Stiúrthóra
  3. Coiste Imscrúdaithe
  4. Má chuireann an Coiste Imscrúdaithe é ar aghaidh, bíonn fiosrúchán ag an gCoiste Araíonachta
  5. Má chruthaítear gearán, d’fhéadfadh an painéal smachtbhanna a chur i bhfeidhm
  6. Ard-Chúirt (achomharc nó deimhniú de smachtbhannaí níos tromchúisí)

2. Próiseas an ghearáin


Cé a dhéanann mo ghearán a fhiosrú?

Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig an bhfoireann chuí.

Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar an ngearán. Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú mura bhfuil sé i scríbhinn, sínithe, agus in éineacht leis na doiciméid agus an t-eolas ábhartha. Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir gur gearán neamhthábhachtach nó míréasúnta atá ann, nó ceann a rinneadh go mímhacánta nó trí mhí-úsáid a bhaint as an bpróiseas.

Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir an gearán, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthóra chuig an gCoiste Imscrúdaithe.

Má chuireann an Stiúrthóir do ghearán ar aghaidh chuig an gCoiste Imscrúdaithe, breathnóidh an Coiste seo isteach i do ghearán.


An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?

Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe do ghearán a fhiosrú más rud é:

  • nach bhfuil an múinteoir, an duine a bhfuil gearán á dhéanamh faoi nó fúithí, cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta;
  • go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le feidhmiúlacht an mhúinteora chun múineadh;
  • nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann;
  • gur tharla na nithe a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu roimh an 25 Iúil 2016. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú i gcúinsí áirithe mar atá leagtha amach sa chuid faoin Eolas Ginearálta i gcuid 1 thuas.

Conas a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?

Seolfaidh an Coiste Imscrúdaithe cóipeanna de do ghearán agus na doiciméid uile a fhaigheann sé a bhaineann le do ghearán chuig an múinteoir. B’fhéidir go n-iarrfaidh an coiste ar an múinteoir freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn.

B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ort níos mó eolais a sheoladh isteach nó b’fhéidir go n-iarrfaidh sé ar an múinteoir nó ar an scoil nó aon duine eile iomchuí eolas a sheoladh isteach. B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe sainchomhairle nó cuidiú freisin.

Má thugtar le fios i do ghearán nach mbeadh an múinteoir ábalta múineadh ó thaobh na sláinte de, b’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an múinteoir tabhairt faoi scrúdú dochtúra.

Is iad cruinnithe príobháideacha a bhíonn ar siúl ag an gCoiste Imscrúdaithe. Ní bheidh tú i dteideal freastal ar na cruinnithe. Ba chóir caitheamh le gach comhfhreagras agus doiciméad a eisítear chugat agus an gearán á n-iniúchadh ag an gCoiste Imscrúdaithe mar chomhfhreagras agus doiciméid atá go hiomlán príobháideach agus faoi rún.


Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?

D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

  • do ghearán ar fad nó cuid de a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin; nó
  • cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh, tá deireadh le próiseas an ghearáin. Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdaithe.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir leis an gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.

3. Próiseas an fhiosrúcháin


Cad is fiosrúchán ann?

I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.

Mar sin féin, is féidir leis an múinteoir iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ar an múinteoir aontú go mbeidh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn. Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl.


Má tharlaíonn éisteacht ó bhéal, cad é an ról a bheidh agam?

B’fhéidir go n-iarrfaimid ort fianaise a thabhairt, agus sa chás sin an ról atá agat ná a bheith mar fhinné. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an ról atá ag finné agus cad is féidir a bheith ag súil leis ag éisteacht ó bhéal, féach ar an leabhrán Eolais d’Fhinnéithe.


Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, an mbeidh sé ar siúl go poiblí nó go príobháideach?

Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann an múinteoir nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal aitheantas na ndaoine atá i gceist, an múinteoir san áireamh, a choimeád faoi rún.


Má chuirtear mo ghearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le fiosrúchán a dhéanamh, cad a d’fhéadfadh tarlú don mhúinteoir?

Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta a fhéachann ar do ghearán cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe agus cad iad na cúiseanna (mar shampla, mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil, gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de, agus araile).

De ghnáth, ní mór na gearáin a chruthú gan aon amhras réasúnta. Má chruthaítear gearán agus má dhéantar cinneadh i gcoinne an mhúinteora, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta a fhéachann ar do ghearán ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt don mhúinteoir;

(b) coinníollacha a chur ar chlárú an mhúinteora;

(c) an múinteoir a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain); (Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá sé nó sí ar fionraí ón gclár)

(d) an múinteoir a bhaint den chlár agus gan ligean dó nó di iarratas a dhéanamh le bheith achurtha ar an gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe.

(Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh ansin i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.)


Cad nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a dhéanamh le mo ghearán?

Ní féidir linn:

  • gearáin a fhiosrú faoi dhuine ar bith nach múinteoir cláraithe é nó í; cúiteamh a íoc leat nó cuidiú leat éileamh a dhéanamh le haghaidh cúitimh;
  • iarraidh ar an scoil nó ar fhostóir an mhúinteora do ghearán a fhiosrú;
  • iarraidh ar fhostóir an mhúinteora labhairt leis an múinteoir;
  • iallach a chur ar an múinteoir leithscéal a ghabháil leat;
  • comhairle dlí nó ghairmiúil a chur ort nó ionadaíocht dlí nó ghairmiúil a dhéanamh duit;
  • iallach a chur ar mhúinteoir rud éigin a dhéanamh duit;
  • aon saincheisteanna atá agat le scoil nó le heagraíocht a réiteach;
  • féachaint ar do ghearáin sula mbaintear triail as (nó sula dtugtar chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má chreideann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann.

An bhfeicfidh an múinteoir mo ghearán?

Feicfidh. Cuirfimid in iúl don mhúinteoir nuair a fhaighimid gearán faoi nó fúithi. Seolfaimid cóip de d’fhoirm ghearáin freisin agus aon doiciméid atá iniata leis, in éineacht le tuilleadh eolais a chuireann tú chugainn le linn phróiseas an ghearáin, chuig an múinteoir. Leis seo beidh an múinteoir in ann freagra a thabhairt don ghearán atá déanta agat.


An bhfeicfidh scoil nó fostóir an mhúinteora mo ghearán?

Cuirfidh ár gCoiste Imscrúdaithe in iúl d’fhostóir an mhúinteora, a luaithe agus is féidir, más rud é go bhfuil ábhar imní ann go bhfuil nó go bhféadfadh leanaí nó daoine fásta soghonta a bheith i mbaol go ndéanfaí díobháil orthu.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir go lorgóimis eolas ó fhostóir an mhúinteora nó ón scoil mar chuid den imscrúdú ar do ghearán. Dá bhrí sin, is é is dóichí go mbeidh fostóir an mhúinteora ar an eolas faoi do ghearán.

Ag an deireadh nuair a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh maidir leis an ngearán, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdaithe ar fáil d’fhostóir an mhúinteora.

Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid in iúl d’fhostóir an mhúinteora faoi thoradh an fhiosrúcháin.


Cá fhad a thógfaidh sé ar an gComhairle Mhúinteoireachta an gearán a bhreithniú?

Beidh gach gearán éagsúil ach tá sé mar aidhm againn go ndéanfaidh an Coiste Imscrúdúcháin cinneadh laistigh de shé nó naoi mí ón dáta a bhfaighimid gearán. Níl sé seo indéanta i gcónaí, agus is féidir go dtógfaidh sé níos faide.

Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a chur faoi bhráid an Choiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, tá sé mar aidhm againn an fiosrúchán a reáchtáil laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chinnidh seo.

D’fhéadfadh go mbeadh cúiseanna nach bhfuil aon smacht againn orthu as a dtagann moill ar fhiosrú gearáin. Mar shampla, d’fhéadfadh gearán a bheith ina ábhar d’imscrúdú ag an nGarda Síochána, agus féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin a chinneadh a imscrúdú féin a chur ar sos go dtí go gcríochnaítear imscrúdú an Gharda, rud a d’fhéadfadh roinnt ama a ghlacadh.

Mar an gcéanna, féadfaidh sé roinnt ama a thógáil chun an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhailiú, rud a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de smacht na Comhairle Múinteoireachta. Coinneoimid tú ar an eolas agus an gearán á mheas.


An gcuirfear in iúl dom maidir le toradh mo ghearáin?

Cuirfear. Cuirfimid in iúl duit maidir le toradh do ghearáin


Tá an leabhrán seo léite agam agus is mian liom gearán a dhéanamh. Conas a dhéanaim é seo?

Is féidir leat gearán a dhéanamh trí chóip d’fhoirm ghearáin na Comhairle Múinteoireachta a chomhlánú. Is féidir leat an fhoirm ghearáin a íoslódáil ón gcuid faoi Chaighdeáin Ghairmiúla ár suímh ghréasáin. Ní mór duit an fhoirm chomhlánaithe a shíniú agus í a chur sa phost chuig:

Caighdeáin Ghairmiúla
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A Campas Gnó Mhaigh Nuad
Mhaigh Nuad
Co Chill Dara
W23 Y7X0

Más féidir leat, íoslódáil an fhoirm ghearáin ónár suíomh gréasáin, clóscríobh isteach na sonraí ar an bhfoirm ghearáin, agus ansin déan í a phriontáil agus a shíniú. Mura féidir leat é sin a dhéanamh agus go bhfuil an fhoirm ghearáin á comhlánú agat de láimh, scríobh go néata agus go soiléir le do thoil.


Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil maidir le próiseas gearán na Comhairle Múinteoireachta?

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir lenár bpróiseas gearáin agus fiosrúcháin, téigh chuig an gcuid faoi Chaighdeáin Ghairmiúla ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin trí ríomhphost a chur chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar Íosghlao (01) 651 7900.

Gluais

B’fhéidir nach bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí sa leabhrán seo agus dá bhrí sin tá míniú tugtha againn dóibh thíos.

Rabhadh a thabhairt

casaoid daingean a thabhairt.

Cód Iompair

tá Cód Iompair Ghairmiúil na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar an dáta a foilsíodh an leabhrán seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair ná an leagan a foilsíodh i mí an Mheithimh 2012 agus a nuashonraíodh nuair a cuireadh tús feidhme le Cuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001 – 2015.

Gearánach

an duine a dhéanann gearán faoi mhúinteoir cláraithe. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áireamh anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Stiúrthóir

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta. An Coiste Araíonachta an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fostóir

Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.

Fianaise

an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Neamhthábhachtach

Beagthábhachtach nó fánach.

Fiosrúchán

éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe

an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann an gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Painéal

an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil

gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil

iompar náireach nó mí-ionraic le linn tréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn tréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna

an cineál pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Míréasúnta

gearán atá déanta ag duine nach mbeadh ag feidhmiú de mheon macánta, gan chúis leordhóthanach, agus déanta le fearg a chur ar an múinteoir a bhfuiltear ag gearán faoi nó fúithi.

Duine soghonta

duine seachas leanbh:

  • atá ag fulaingt ó neamhord intinne, cibé acu an é mar thoradh ar mheabhairghalar nó néaltrú; nó
  • atá faoi mhíchumas intleachta; nó
  • atá ag fulaingt ó mháchail fhisiceach, cibé acu an é mar thoradh ar ghortú, tinneas nó aois; nó
  • atá faoi mhíchumas fisiceach de chineál nó de mhéid is cúis:
    • le srian a chur le hábaltacht an duine chun é nó í féin a chosaint ó bheith gortaithe ag duine eile, nó
    • le go mbíonn cuidiú de dhíth ar dhuine dá bharr leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála lena n-áirítear tú féin a ghléasadh, ag ithe, ag siúl, ag ní agus tú féin a fholcadh.