Aistrigh:
Gaeilge
English

Riachtanais chláraithe

Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta

  1. Cáilíochtaí
  2. Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáid as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.

Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.

Ceanglaítear ar gach duine a oibríonn le leanaí agus le daoine soghonta go dlíthiúil iad a grinnfhiosrú ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Más múinteoir thú, riarann an Chomhairle Mhúinteoireachta grinnfhiosrúchán duit agus déanann sí measúnú ar an nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) chun a fháil amach an féidir múinteoir a chlárú.

Le do thoil, léigh ár leathanach ar grinnfhiosrúcháin.

Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:

  • Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor.
  • Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil.
  • Sonraí teagmhála na fostaíochta.
  • Stair fostaíochta.
  • Foirm mheasúnaithe Dhaoine Cuí Ceart comhlánaithe.

Tuilleadh eolais

Léigh ár nótaí Treorach maidir le clárú (PDF) sula dtosaíonn tú d’iarratas le do thoil.

Na cáilíochtaí atá uait chun clárú faoi Bhealach 4 - Eile

Le bheith incháilithe chun clárú faoi Bhealach 4 – Eile, ní mor duit ceann de na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Cáilíocht mhúinteoireachta san oideachas speisialta a bheith faighte agat lasmuigh den Stát.

  • Cláraíodh cheana leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi Rialachán a Trí nó Bealach a Ceathair: Eile.

Is féidir le hiarratasóirí a n-éiríonn leo clárú faoin mbealach seo oibriú i suíomhanna scoileanna srianta amhail:

  • I gcatagóirí áirithe i scoileanna speisialta
  • I ranganna áirithe i scoileanna príomhshrutha sa chás nach bhfuil Gaeilge mar ábhar curaclaim riachtanach

Tá an próiseas cáilíochta seo ag teacht le: