Aistrigh:
Gaeilge
English

Féilire Éisteachtaí Fiosrúcháin Poiblí

Fiosrúchán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 27 Márta 2024

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, reáchtáladh fiosrúchán maidir le beirt mhúinteoirí chláraithe thar 6 dháta idir an 29 Samhain 2023 agus an 28 Feabhra 2024.

Ag eascairt as sin, tiocfaidh Painéal an Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a chinntí a fhógairt agus, más gá, éisteacht le haighneachtaí maidir le haon smachtbhanna(í) féideartha Dé Céadaoin an 27 Márta 2024 ag 9.30a.m in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Ní bheidh rochtain ar an seomra fiosrúcháin sula gcuirfear tús leis na himeachtaí.

Faoi láthair, táthar ag súil go rachfar ar aghaidh go poiblí le haon éisteacht smachtbhanna. Is féidir leis an múinteoir/na múinteoirí cláraithe, is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh chun an éisteacht ar fad nó cuid di a dhéanamh go príobháideach. Féadfar iarratas/iarratais dá leithéid a dhéanamh ag am ar bith roimh thús na héisteachta, lá na héisteachta san áireamh.

Tá spás teoranta sa seomra fiosrúcháin agus mar sin beidh rochtain teoranta agus ní féidir spás a chinntiú. Cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil chun do spéis freastal air a chur in iúl faoi 3i.n. Dé Luain an 25 Márta 2024.

Fiosrúchán maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh 27 agus 28 Feabhra 2024

I gcomhréir le Cuid 5 de Ghníomhartha an Chomhairle Mhúinteora 2001-2015, cuireadh tús le fiosrúchán maidir le beirt mhúinteoirí cláraithe ag Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ar an gCéadaoin, 29 Samhain 2023, agus ar lean an 13 Nollaig 2023, 29 Eanáir 2024 agus 8 Feabhra 2024, ag tosú arís Dé Máirt 27 Feabhra 2024 in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrúchán le tosú arís ag 9.30 rn Dé Máirt, 27 Feabhra agus táthar ag súil go leanfaidh sé ar aghaidh ag 9.30rn Dé Céadaoin 28 Feabhra 2024. Ní bheidh aon teacht ar an seomra fiosraithe roimhe sin.

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó an múinteoir cláraithe féin, an duine is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus, dá bhrí sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níor cheart do dhaoine talamh slán a dhéanamh de mar sin go ligfear isteach iad.

Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal.

Fiosrúchán maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh 29 Eanáir agus 02 Feabhra 2024

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, atosóidh fiosrúchán a bhaineann le múinteoir cláraithe, a thosaigh os comhair Painéil de chuid Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ar an 29 Samhain 2023, agus a lean ar feadh ar an 13 Nollaig 2023, agus 29 Éanair 2024, Déardaoin, 8 Feabhrá 2024, in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.  

Tá an fiosrúchán le hatosú ag 2pm Déardaoin, an 8 Feabhrá 2024. Ní bheidh rochtain ar bith ar an seomra fiosrúcháin sula dtosaíonn an fiosrúchán gach lá. 

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó na múinteoirí cláraithe, is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach.  

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus, dá bhrí sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níor cheart do dhaoine talamh slán a dhéanamh de mar sin go ligfear isteach iad. Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal. 

Fiosrúchán maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh 29 Eanáir agus 02 Feabhra 2024 

Tabhair faoi deara nach mbeidh Lá 4 den fhiosrúchán seo ar siúl Dé hAoine an 2 Feabhra 2024.

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, atosóidh fiosrúchán a bhaineann le múinteoir cláraithe, a thosaigh os comhair Painéil de chuid Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ar an 29 Samhain 2023, agus a lean ar feadh an dara lá ar an 13 Nollaig 2023, Dé Luain an 29 Eanáir 2024 in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.  

Tá an fiosrúchán le hatosú ag 10am Dé Luain an 29 Eanáir agus táthar ag siúl go leanfaidh sé ar aghaidh ag 9.45am Dé hAoine an 02 Feabhra. Ní bheidh rochtain ar bith ar an seomra fiosrúcháin sula dtosaíonn an fiosrúchán gach lá. 

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó na múinteoirí cláraithe, is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach.  

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus, dá bhrí sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níor cheart do dhaoine talamh slán a dhéanamh de mar sin go ligfear isteach iad. Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal. 

Fiosrúchán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 13 Nollaig 2023 

I gcomhréir le Cuid 5 de Ghníomhartha an Chomhairle Mhúinteora 2001-2015, cuireadh tús le fiosrúchán maidir le beirt mhúinteoirí cláraithe ag Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ar an gCéadaoin, 29 Samhain 2023, a leanfar ar aghaidh ar an13 Nollaig 2023 in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Maigh Nuad, Co. Chill Dara.  

Tá an fiosrúchán le tosú arís ag 10 rn Dé Céadaoin, 13 Nollaig agus ní bheidh aon teacht ar an seomra fiosraithe roimhe sin. 

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó an múinteoir cláraithe féin, an duine is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach. 

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus, dá bhrí sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níor cheart do dhaoine talamh slán a dhéanamh de mar sin go ligfear isteach iad.

Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal.

 

Fiosrúchán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 29 agus 30 Samhain 2023

Tabhair faoi deara go bhfuil Lá 2 den fhiosrúchán seo (30 Samhain) curtha ar ceal agus déanfar é a athsceidealú.

I gcomhréir le Cuid 5 de Ghníomhartha an Chomhairle Mhúinteora 2001-2015, reáchtálfar fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ag Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ar an gCéadaoin, 29 Samhain 2023 in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Maigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrúchán le tosú ag 10am ar an gCéadaoin, 29 Samhain. Ní bheadh rochtain ar bith don seomra fiosrúcháin roimh a thósaíonn an fiosrúchán.

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó an múinteoir cláraithe féin, an duine is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt seo a dhéanamh am ar bith roimh thús a chur leis an bhfiosrúchán, ar lá an fhiosrúcháin fiú.

Tá spás teoranta sa seomra fiosrúcháin mar sin beidh rochtain teoranta agus ní féidir é a chinntiú. Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal.

 

Fiosrú um Fheidhmiúlacht – Éisteacht Smachtbhannaí 14 Meán Fómhair 2023

De réir Chuid 5 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015, reáchtáladh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar an 15 Meitheamh 2023 agus an 6 Iúil 2023.

Ba é toradh an fhiosrúcháin ná go bhfuair an Painéal Fiosrúcháin gur cruthaíodh na líomhaintí i gcoinne an mhúinteora chláraithe seo, agus gurbh ionann iompar an mhúinteora chláraithe agus mí-iompar gairmiúil agus gur shárú ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí (an Dara hEagrán Nuashonraithe, 2016) é.

Dá bharr sin, beidh an Painéal Fiosrúcháin á ghairm le haighneachtaí a chloisteáil ar phionós ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair 2023 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0.

Tá an éisteacht seo le tosú ar 10 am agus ní ligfear aon duine isteach sa seomra éisteachta pionóis roimhe sin.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra éisteachta agus mar sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níl aon chinnteacht go ligfear isteach iad. Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun 8 Meán Fómhair 2023

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015, reáchtálfaidh Painéal de Choiste Smachta na Comhairle Múinteoireachta fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe Dé hAoine, an 8 Meán Fómhair 2023, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0.

Tá an fiosrúchán seo le tosú ar 9:30 r.n. agus ní ligfear aon duine isteach sa seomra fiosrúcháin roimhe sin.

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó an múinteoir cláraithe féin, an duine is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt seo a dhéanamh am ar bith roimh thús a chur leis an bhfiosrúchán, ar lá an fhiosrúcháin fiú.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus, dá bhrí sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níor cheart do dhaoine talamh slán a dhéanamh de mar sin go ligfear isteach iad. Seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie lena chur in iúl go bhfuil fonn ort freastal.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun 14 Lúnasa 2023 (Curtha ar ceal ar an 14 Lúnasa agus déanfar é a athsceidealú)

Tá an fiosrúchán seo curtha ar ceal agus déanfar é a sceidealú arís níos déanaí.
De réir Chuid 5 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015, reáchtáladh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar an 15 Meitheamh 2023 agus an 6 Iúil 2023.

Ba é toradh an fhiosrúcháin ná go bhfuair an Painéal Fiosrúcháin gur cruthaíodh na líomhaintí i gcoinne an mhúinteora chláraithe seo, agus gurbh ionann iompar an mhúinteora chláraithe agus mí-iompar gairmiúil agus gur shárú ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí (an Dara hEagrán Nuashonraithe, 2016) é.

Dá bharr sin, beidh an Painéal Fiosrúcháin á ghairm le haighneachtaí a chloisteáil ar phionós ar an Luan, 14 Lúnasa 2023 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an éisteacht seo le tosú ar 10 am agus ní ligfear aon duine isteach sa seomra éisteachta pionóis roimhe sin.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra éisteachta agus mar sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níl aon chinnteacht go ligfear isteach iad.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun 6 Iúil 2023  

I gcomhréir le Cuid 5 na n-Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 – 2015, reáchtáil Painéal de Choiste Smachta na Comhairle Múinteoireachta fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar an 15 Meitheamh 2023. Tá an fiosrúchán fós ar siúl, agus beidh an dara lá den fhiosrúchán ar siúl Déardaoin, 6 Iúil in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Núad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrúchán seo le tosú ar 10 rn agus ní ligfear aon duine isteach sa seomra fiosrúcháin roimhe sin.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus mar sin, cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níl aon chinteacht go ligfear isteach iad. 

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun 15 Meitheamh 2023 

Déanfaidh painéal den Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar an Déardaoin 15 Meitheamh 2023 in Oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, i gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015.

Tá an fiosrúchán seo le tosú ar 10 a.m. agus ní ligfear aon duine isteach sa seomra fiosrúcháin roimhe sin.

De réir mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, táthar ag súil go ndéanfar an fiosrúchán go poiblí. Mar sin féin, is féidir le haon fhinné ar cuireadh fios air nó uirthi fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán nó an múinteoir cláraithe féin, an duine is ábhar don fhiosrúchán, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí an fiosrúchán ar fad nó cuid den fhiosrúchán go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt seo a dhéanamh am ar bith roimh thús a chur leis an bhfiosrúchán, ar lá an fhiosrúcháin fiú.

Níl ach méid áirithe spáis sa seomra fiosrúcháin agus cuirfear srian ar líon na ndaoine a ligfear isteach agus níl aon chinnteacht go ligfear isteach iad. 

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh Dé hAoine 12 Lúnasa 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2005-2015, tionóladh fiosrúchán a bhain le múinteoir cláraithe Dé hAoine, 01 Aibreán 2022. Ag éirí as an bhfiosrúchán sin, rinne Painéal Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta cinntí i gcoinne an mhúinteora a bhí i gceist agus tiocfaidh sé le chéile chun na cinntí sin a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir le pionóis fhéideartha, Dé hAoine 12 Lúnasa 2022 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an éisteacht phionois le tosú ar 10am,agus ní bheidh cead isteach sa seomra éiateachta roimhe sin.

Meastar, faoi láthair, gur go poiblí a thionólfar an éisteacht phionóis. Mar sin féin, féadfaidh an múinteoir cláraithe is ábhar don fhiosrúchán iarratas a dhéanamh chun an éisteacht ar fad nó cuid di a sheoladh go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh am ar bith roimh thús na héisteachta, lena n‑áirítear lá na héisteachta.

Níl ach spás teoranta sa seomra fiosrúcháin agus ar an ábhar sin beidh cead isteach teoranta ann agus ní féidir geallúint a thabhairt maidir le cead isteach.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 28 Iúil 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2005-2015, déanfaidh Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe a thionól Déardaoin 28 Iúil 2022 in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrúchán le tosú ar 9:30am, agus ní bheidh rochtain ar sheomra an fhiosrúcháin roimhe sin.

Meastar, faoi láthair, gur ar bhonn poiblí a dhéanfar an fiosrúchán. Mar sin féin, féadfaidh aon fhinné a nglaoitear air nó uirthi fianaise a a thabhairt ag fiosrúchán nó an múinteoir cláraithe is ábhar don fhiosrúchán iarratas a dhéanamh chun an fiosrúchán uile nó cuid de a sheoladh go príobháideach. Féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh am ar bith roimh thús an fhiosrúcháin, lena n-airítear lá an fhiosrúcháin.

Níl ach spás teoranta sa seomra fiosrúcháin agus ar an ábhar sin beidh teorainn leis an rochtain agus ní féidir geallúint a thabhairt maidir le rochtain.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 1 Aibreáin 2022

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta Dé hAoine, an 01 Aibreán 2022, san Óstán Clayton, Bóthar Chnoc an Fhuaráin, Gleann na Life, Baile Átha Cliath 22.

Tá an fiosrúchán le tosú ar 10am agus ní bheidh cead dul isteach i seomra an fhiosrúcháin roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta i seomra an fhiosrúcháin mar sin beidh fáil isteach ann srianta agus ní féidir í a dheimhniú.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 09 Nollaig 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 11 Samhain 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a chuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Déardaoin, an 09 Nollaig 2021, ag tosú ar 3.30pm.

Beidh an éisteacht ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.

Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ionas gur féidir linn an nasc ar líne a sheoladh agus an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 06 Nollaig 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 19 Samhain 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Dé hAoine, an 19 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.

Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.

Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Máirt, an 16 Samhain 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 11 Samhain 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Déardaoin, an 11 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.

Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.

Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 8 Samhain 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 16 Meitheamh 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 05 Bealtaine 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a gcuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Dé Céadaoin, an 16 Meitheamh 2021, ag tosú ar 10am.

De bharr Treoirlínte Sláinte Phoiblí, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an éisteacht faoi smachtbhanna ar siúl ó chian ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.

Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist (ionas gur féidir linn a dheimhniú má tugadh stádas breathnóra duit), an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 2pm Dé Luain, an 14 Meitheamh 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 5 Bealtaine 2021

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta Dé Céadaoin, an 5 Bealtaine, ag tosú ar 10am. Tá sé beartaithe go leanfaidh an fiosrúchán ar aghaidh Déardaoin, an 6 Bealtaine, má bhíonn gá le lá eile.

De bharr Threoirlínte Sláinte Phoiblí an Rialtais, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an fiosrúchán ar siúl go cianda ar ardán ar líne.

Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm chun fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an fiosrúchán uile nó cuid de ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaítear an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Beidh srian ar an líon a bheidh ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán cianda agus ní féidir cead le freastal air a dheimhniú. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán bheith rannpháirteach san fhiosrúchán agus breathnú air ar líne.

Más mian leat freastal ar líne, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis atá agat le hiarratas a dhéanamh le breathnú air (mar shampla, mar chuid de na meáin). Ní mór léiriú spéise a bheith faighte faoi 2pm ar an 30 Aibreán 2021.

Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 4 Feabhra 2020

I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrú maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta agus tá sé beartaithe Dé Máirt 4 Feabhra 2020, in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Tá an fiosrú le tosú ag 9.30am agus ní bheidh fáil ar an seomra fiosraithe roimhe sin.

Faoi láthair, táthar ag siúl go mbeidh an fiosrúchán á reáchtáil go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán, an múinteoir cláraithe atá mar ábhar an fhiosrúcháin san áireamh, iarratas a dhéanamh leis an bhfiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.

Tá spás teoranta ar fáil sa seomra fiosraithe agus dá bhrí sin beidh srian curtha ar an bhfáil atá air agus ní féidir é a dhearbhú.

Fionnachtana agus Cinntí

Foráiltear le hAlt 46B de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015, go ndéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí thorthaí agus chinntí ó phainéil Fiosrúcháin an Choiste Araíonachta i ndáil le pionóis, a fhoilsiú ‘i gcás inar deimhin leis an gComhairle gurb é leas an phobail é’. Fanfaidh na sonraí ar an suíomh gréasáin go ceann tréimhsí idir 6 mhí agus 24 mhí ag brath ar leibhéal tromchúise pionóis, más ann dó.

Eolas don Phobal agus do na Meáin

Déanann Cuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015 (an tAcht) foráil go ndéanfaidh Coiste Imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe a bhreithniú agus a fhiosrú. Déanann sí foráil go reáchtálfaidh Painéil den Choiste Araíonachta fiosrúcháin/éisteachtaí, más gá.

Bíonn céim an Choiste Imsrcúdaithe den phróiseas (an chéim scaghta) ar siúl go príobháideach ó thus go deireadh.

Is iondúil go reáchtáiltear fiosrúcháin faoi Oiriúnacht chun Múineadh go poiblí (de réir Achtanna na Comhairle Múinteoireachta) leis an bpobal agus leis na meáin a bhfuil cead acu freastal orthu. Déantar foráil sa reachtaíocht, áfach, maidir le fiosrúcháin a dhéanamh go príobháideach i gcúinsí áirithe.

Nuair a thagann fiosrúchán um fheidhmiúlacht chun múineadh chun críche, déantar foráil i gCuid 5 den Acht freisin maidir le smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist a fhorchur, má dhéantar cinneadh i gcoinne an mhúinteora.

Ní fhoilsítear eolas ach amháin má chuireann an Coiste Imscrúdaithe gearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin. Mura gcuirtear gearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, ní fhoilsítear aon eolas.

Fiosruithe maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh

Má chuireann an Coiste Imscrúdaithe gearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta, reáchtálfar fiosrúchán os comhair an Choiste Araíonachta. Tá idir 3 bhall ar a laghad agus 5 bhall ar a mhéad den Choiste Araíonachta ar phainéal. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh éisteacht ó bhéal nó scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus aighneachtaí i scríbhinn a bheith i gceist le fiosrúchán. Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, deirtear san Acht go mbeidh sí ar siúl go poiblí ach amháin:

a) Má dhéanann múinteoir nó finné, ina bhféadfadh an gearánach a bheith san áireamh, iarratas a dhéanamh, go mbeadh an fiosrúchán ar fad, nó cuid de, ar siúl ar shlí eile seachas go poiblí, agus

b) Má bhíonn Painéal an Choiste Araíonachta sásta go mbeadh sé iomchuí mar a sheasann cúrsaí an éisteacht iomlán ó bhéal nó cuid di a reáchtáil ar shlí eile seachas go poiblí.

Féadfaidh baill den phobal agus de na meáin freastal ar éisteachtaí phoiblí. Foilseofar féilire de na héisteachtaí phoiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, ó am go chéile. Ach, ní fhoilseofar sonraí daoine aonair a mbaineann na himeachtaí leo roimh na héisteachtaí.

Is go príobháideach a dhéantar fiosrúcháin a dhéantar trí Scrúdú ar Dhoiciméid agus Aighneachtaí Scríofa agus ní trí éisteacht ó bhéal. Má mheasann an Chomhairle Mhúinteoireachta gur chun leas an phobail é, is féidir sonraí na dtorthaí agus na smachtbhannaí sna cásanna sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le Finnéithe ag éisteachtaí os comhair Phainéal an Choiste Araíonachta, lena n-áirítear gluais téarmaí le haghaidh tagartha.

Éisteachtaí ó Béal a Chur i gCrích

Tar éis breithniú a dhéanamh ar bhfianaise ar fad ag an bhfiosrúchán, pléfidh an Painéal é i seisiún príobháideach agus ullmhóidh sé tuairisc ina mbeidh na sonraí cibé an bhfuarthas go raibh an líomhain/ na líomhaintí cruthaithe. Má bhí an fiosrúchán ar siúl go poiblí, is féidir leis an bPainéal dul ar aghaidh agus a chinneadh a chur in iúl go poiblí, agus éistfidh sé le haighneachtaí maidir le smachtbhanna. Ansin, déanfaidh an Painéal plé air i seisiún príobháideach agus déanfaidh sé cinneadh maidir le smachtbhanna ar bith. Má bhí an fiosrúchán ar siúl go poiblí, is féidir leis an Painéal dul ar aghaidh agus a smachtbhanna a fhógairt go poiblí.

Má dhéantar cinneadh ceann amháin nó níos mó de na smachtbhannaí atá níos tromchúisí (i.e. coinníollacha atá ceangailte le clárú múinteora, a bheith curtha ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama nach mbeidh níos faide ná dhá bhliain, nó a bheith bainte den chlár), a chur i bhfeidhm, tá 21 lá ag an múinteoir iarratas achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Sa chás nach dhéanann an mhúinteoir iarratas chun acomharc, déanfaidh an Chomhairle iarratas chuig an Ard-Chúirt ar dheimhniú a fháil maidir leis an gcinneadh.

Faoin Acht, is faoin gComhairle Mhúinteoireachta cinneadh a dhéanamh ar chóir cinneadh, nó cinntí an Phainéil agus/nó aon smachtbhanna atá beartaithe ag an bPainéal a fhoilsiú ar mhaithe leis an phobail, fiú má tharlaíonn na fiosrúcháin go phoiblí nó go príobháideach (lena n-áirítear fiosrúcháin trí Scrúdú ar Dhoiciméid & Aighneachtaí i scríbhinn). Má chinneann an Chomhairle gur ar mhaithe le leas an phobail é/iad a fhoilsiú, cuirfear na sonraí ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Ní thugann an Chomhairle Mhúinteoireachta ráiteas ar chásanna aonair.

Eolas Breise

Comhlíonfaidh an Chomhairle, an t-am ar fad, a ndualgais tuairiscithe chuig comhlachtaí, An Garda Síochána agus Tusla (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) san áireamh, i dtaca le cosaint leanaí agus daoine soghonta.