Aistrigh:
Gaeilge
English

Maidir leis an leabhrán seo

Sa leabhrán seo deirtear leat cad atá le déanamh má dhéantar gearán fút. Tá gluais curtha isteach againn chun cuidiú leat na téarmaí tábhachtacha a thuiscint.

Maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúla don teagasc a dhéanann gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus ag an am céanna tacaíonn sí agus cuireann sí le cáil ghairm na múinteoireachta. Ceann amháin d’fheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta ná fiosrú a dhéanamh maidir le gearáin agus, más gá, fiosrúcháin a bheith ann faoi mhúinteoirí cláraithe.

1. Eolas ginearálta

Cén fáth a ndéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin faoi mhúinteoirí a fhiosrú?

Mar an rialtóir do ghairm na múinteoireachta tá dualgas orainn ó thaobh dlí gearáin a fhiosrú faoi mhúinteoirí atá cláraithe linn. Tá sé seo leagtha amach i gCuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú. Is féidir leat an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú, a fheiceáil nó a íoslódáil.


Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Is féidir le duine ar bith, lena n-áirítear baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.


An gá gearán a ardú leis an scoil sular féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta féachaint air?

De ghnáth ní féidir linn gearán a fhiosrú ach amháin má baineadh triail as (nó má tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998).Footnote 1 An eisceacht leis seo ná má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Áireofar mar chúiseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol díobhála, nó áit a bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála. Déanfaidh ár gCoiste Imscrúdaithe cinneadh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le tús a chur leis an imscrúdú láithreach bonn.

Cathain a bhíonn ar m’Fhostóir faisnéis a thabhairt don Chomhairle Mhúinteoireachta?

Cuireadh tús le Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023 (Uimh. 230 as 2023) ar 11 Bealtaine 2023 (“na Rialacháin 2023”). Tugann na Rialacháin 2023 isteach oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí eolas faoi leith a sholáthar dúinn, a luaithe is indéanta, i gcúinsí ina mbíonn:-

(a) an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost ag a f(h)ostóir, nó

(b) éirithe as agus leanann an t-éirí as sin-

    1. gearán déanta maidir leis an múinteoir sin (seachas gearán a dhéantar faoi mhúinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (No. 8 as 2001), nó
    2. nósanna imeachta a agairt faoi alt 24 den Acht Oideachais 1998 (Uimh. 51 de 1998), nó cibé nósanna imeachta eile a fhéadfar a agairt, i leith an mhúinteora.

Seo a leanas an t-eolas nach mór a sholáthar, i scríbhinn don Chomhairle:-

(a) ainm agus seoladh an fhostóra;

(b) ainm agus, más eol, seoladh an mhúinteora chláraithe cuí;

(c) uimhir chlárúcháin an mhúinteora chláraithe mar atá cláraithe i gClár na Múinteoirí;

(d) I gcás ina bhfuil an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost-

    1. cúiseanna an dífhostaithe,
    2. gach doiciméad a bhaineann leis an bpróiseas araíonachta as ar eascair an dífhostú, agus
    3. gach gearán a rinneadh maidir leis an múinteoir (lena n-áirítear aon ghearán a rinneadh maidir leis an múinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001) a chuir leis an dífhostú, nó a raibh mar thoradh air, lena n-áirítear cóipeanna díobh seo a leanas:
      1. litreacha gearáin;
      2. ráitis ó fhinnéithe;
      3. miontuairiscí nó nótaí cruinnithe a tionóladh leis an múinteoir cuí;
      4. ráitis agus freagraí ón múinteoir cuí

(e) Áirítear ar na cúinsí a bhaineann leis an dífhostú nó leis an éirí as —

    1. cibé an bhfuil na cúinsí sin faoi réir aon fhiosrúchán (lena n-áirítear stádas aon fhiosrúchán den sórt sin) ag aon duine eile, lena n-áirítear an Garda Síochána nó an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus
    2. cibé an bhfuil aon imeachtaí sibhialta á mbeartú nó atá ar bun i ndáil leis na cúinsí a bhain leis an dífhostú nó leis an éirí as,
      agus

(f) nuair is eol, stádas fostaíochta reatha, agus ionad oibre an mhúinteora chláraithe.


Cad iad na cineálacha gearán a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú?

Ní féidir linn ach féachaint ar ghearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi na nithe seo a leanas:

  • Mí-iompar gairmiúil;
  • drochfheidhmíocht ghairmiúil;
  • ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil;
  • gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh sláinte de;
  • ciontú cúirte de bharr cionta áirithe;
  • mura gcomhlíontar nó má sháraítear foráil den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, den Acht Oideachais, 1998, den Acht um Leas Oideachais, 2000, den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, agus aon rialacháin, rialacha nó orduithe atá déanta faoi na hAchtanna sin;
  • mura gcomhlíontar gealltanas nó mura dtugtar aghaidh ar ghníomh atá sonraithe i dtoiliú atá tugtha do phainéal an Choiste Araíonachta ag fiosrúchán a bhí ann roimhe seo; agus
  • clárú mícheart mar gheall ar dhearbhú nó mífhaisnéis atá bréagach nó calaoiseach.

Chomh maith leis sin, is féidir leis an gCoiste Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdaithe faoi eolas atá i nochtadh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a fuair an Chomhairle thar ceann fhostóirí na scoile nó fostóirí féideartha.

De ghnáth ní féidir linn féachaint ar ghearáin ach amháin más rud é gur tharla na heachtraí a ndearnadh gearán fúthu ar an nó i ndiaidh an 25 Iúil 2016. Sa chás gur tharla na heachtraí a ndearna gearán fúthu roimh an 25 Iúil 2016, ní féidir linn féachaint ar an ngearán ach amháin i gcásanna áirithe. Cuirtear san áireamh sna cásanna seo áit ar ciontaíodh múinteoir de bharr ciona choiriúil áirithe, nó áit a mbeadh cion coiriúil i gceist leis an iompar a ndearadh gearán faoi nuair a tharla sé, agus gur cineál den tsórt sin é gur ábhar imní a bheadh ann go bhféadfadh an múinteoir díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine fásta soghonta ar bith, nó a bheith ina c(h)úis díobhála dóibh.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d’Éirinn?

Is féidir. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi eachtraí áirithe a tharla lasmuigh d’Éirinn ar chúiseanna lena n-áirítear mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil agus ciontuithe de bharr cionta áirithe.


An bhféadfadh an gearán i mo choinne a bheith bainteach le hiompar lasmuigh de mo thréimhse gairme múinteoireachta?

D’fhéadfadh. Is féidir linn breathnú ar ghearáin a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le hiompar lasmuigh de do thréimhse gairme múinteoireachta ar nós ciontuithe le haghaidh cionta áirithe, agus áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh den scoil, le linn mo thréimhse gairme múinteoireachta?

Is féidir. D’fhéadfadh gearán i do choinne a bheith bainteach le gníomhaíocht ghairmiúil ar bith a bhaineann leis an scoil, nó le haon ghníomhaíocht nó ról ar thug tú fúithi/ faoi mar mhúinteoir cláraithe.


An gcuirfear in iúl dom maidir le gearán fúm?

Cuirfear. Cuirfimid in iúl duit má fhaighimid gearán fút. Seolfaimid cóip den ghearán, aon doiciméid atá iniata leis, agus aon eolas breise a fhaighimid faoin ngearán le linn phróiseas an ghearáin. Beidh deis agat ráiteas a chur ar fáil i scríbhinn maidir leis an ngearán, agus maidir leis an eolas agus na doiciméid uile a fhaighimid le linn phróiseas an ghearáin.


An gcuirfear in iúl do mo scoil nó fostóir maidir leis an ngearán?

B’fhéidir go lorgódh an Coiste Imscrúdaithe eolas ó do scoil nó ó d’fhostóir mar chuid d’fhiosrú agus d’imscrúdú an ghearáin. Dá bhrí sin, is é is dóichí go mbeidh d’fhostóir an mhúinteora ar an eolas faoi do ghearán.

Ina theannta sin, cuirfidh ár gCoiste Imscrúdúcháin, a luaithe agus is féidir, in iúl do d’fhostóir má tá an gearán de chineál a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar imní go bhféadfadh tú dochar a dhéanamh do leanbh nó duine leochaileach.

Ag an deireadh nuair a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh maidir leis an ngearán, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdaithe ar fáil do d’fhostóir.

Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid in iúl do d’fhostóir faoi thoradh an fhiosrúcháin nuair a thagann deireadh leis.


Cad ba chóir dom a dhéanamh má chuirtear in iúl dom faoi ghearán fúm?

B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh comhairle dlí a fháil nó cuidiú a fháil ó chomhghleacaí, ionadaí ceardchumainn nó ionadaí eile.

Ní féidir linn comhairle a chur ort maidir leis an ngearán agus ní íocfaimid cúiteamh leat ar chostas aon ionadaíochta. Baineann sé seo leatsa.


An bhfuil aon rud nár chóir dom a dhéanamh má chuirtear in iúl dom faoi ghearán fúm?

Níor chóir duit an gearán a phlé leis an duine a rinne an gearán. Más rud é gur scoláire nó iarscoláire atá i gceist, níor chóir duit an gearán a phlé leis an scoláire, ná lena t(h) uismitheoirí ná lena c(h)aomhnóirí.

Próiseálann an Chomhairle sonraí de réir an Bheartais Príobháideachais atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Chomhairle Mhúinteoireachta eolas maidir leis an ngearán a chur ar aghaidh chuig comhlachtaí lena n-áirítear Tusla (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach), an Garda Síochána agus/nó an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin de réir oibleagáidí na Comhairle Múinteoireachta maidir le cosaint leanaí agus daoine soghonta.

2. Próiseas an ghearáin


Cé a dhéanann an gearán a fhiosrú?

Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig an bhfoireann chuí. Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar an ngearán.

Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú mura bhfuil sé i scríbhinn, sínithe, agus in éineacht leis na doiciméid agus an t-eolas ábhartha. Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir gur gearán neamhthábhachtach nó míréasúnta atá ann, nó ceann a rinneadh go mímhacánta nó trí mhí-úsáid a bhaint as an bpróiseas.

Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir an gearán, is féidir leis an duine a rinne an gearán achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthora chuig an gCoiste Imscrúdaithe. Má chuireann an Stiúrthóir an gearán ar aghaidh chuig an gCoiste Imscrúdaithe, breathnóidh an Coiste seo isteach ar do ghearán.


An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?

Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe do ghearán a fhiosrú más rud é:

  • nach bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta;
  • go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le d’fheidhmiúlacht chun múineadh;
  • nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta do scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann;
  • gur tharla na nithe a ndearnadh gearán fúthu roimh 25 Iúil 2016. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú i gcúinsí áirithe mar atá leagtha amach sa chuid faoin Eolas Ginearálta i gcuid 1 den leabhrán seo.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh gan an gearán a fhiosrú, tagann próiseas an ghearáin chun deiridh. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Choiste Imscrúdaithe.


Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh an gearán a fhiosrú, cad a dhéanfaidh sé?

Seolfaidh an Coiste Imscrúdaithe cóipeanna den ghearán agus na doiciméid uile a fhaigheann sé maidir leis an ngearán. B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste ort freagra a chur faoin ngearán i scríbhinn.

B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an duine a rinne an gearán níos mó eolais a sheoladh isteach nó b’fhéidir go n-iarrfaidh sé ar d’fhostóir nó ar an scoil nó aon duine eile iomchuí eolas a sheoladh isteach.

B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe sainchomhairle nó cuidiú freisin Má thugtar le fios sa ghearán nach mbeifeá ábalta múineadh ó thaobh na sláinte de, b’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ort tabhairt faoi scrúdú dochtúra.


Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

  • an gearán ar fad nó cuid de a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin; nó
  • cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh, tá deireadh le próiseas an ghearáin. Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdaithe.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir leis an gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.

Féach thíos cairt phróiseas an ghearáin:

A chart of the complaint process.
  1. Gearán faighte
  2. Athbhreithniú an Stiúrthóra
  3. Coiste Imscrúdaithe
  4. Má chuireann an Coiste Imscrúdaithe é ar aghaidh, bíonn fiosrúchán ag an gCoiste Araíonachta
  5. Má chruthaítear gearán, d’fhéadfadh an painéal smachtbhanna a chur i bhfeidhm
  6. Ard-Chúirt (achomharc nó deimhniú de smachtbhannaí níos tromchúisí)

3. Próiseas an fhiosrúcháin


Cad is fiosrúchán ann?

I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.

Mar sin féin, is féidir leat a iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ort a aontú go mbeidh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

Tarlaíonn fiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí i scríbhinn go príobháideach agus ní bhíonn aon pháirtithe i láthair.

Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl, go háirithe áit a bhfuil easaontas nó conspóid faoi na fíricí.


Cá mbeidh an éisteacht ar siúl?

Beidh an chuid is mó éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, d’fhéadfadh na héisteachtaí a bheith ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an áit, dáta agus am inar chóir duit a bheith i láthair.


Conas a ullmhaítear an éisteacht?

Beidh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Ní mór don Stiúrthóir an gearán a chruthú ag an éisteacht. De ghnáth beidh dlíodóirí ag an Stiúrthóir mar chuidiú. Baileoidh an Stiúrthóir agus na dlíodóirí fianaise ar nós tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis finnéithe i scríbhinn.

Roimh an éisteacht, seolfaimid na nithe seo a leanas chugat:

  • Fógra Fiosrúcháin ina bhfuil na líomhaintí i do choinne;
  • cóipeanna den fhianaise uile; agus
  • liosta finnéithe a dhéanfaidh an Stiúrthóir a ghairm le fianaise a thabhairt.

An mbeidh an éisteacht ar siúl go poiblí nó go príobháideach?

Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann tú nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal d’aitheantas nó aitheantas na ndaoine atá i gceist a choimeád faoi rún.


Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?

Painéal an Choiste Araíonachta – san áireamh anseo beidh idir triúr agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.

An Measúnóir Dlí – Is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Ionadaithe dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d’fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.

Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.

Tú féin, an múinteoir cláraithe.

D’ionadaithe – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar do shon. Cuirfidh siad do staid faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. Mura bhfuil ionadaithe agat, féadfaidh tú do chás féin a chosaint.

An Luathscríbhneoir – déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag an eisteacht a thaifeadadh.

An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.


An féidir liom ceisteanna a chur ar m’fhinnéithe, nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?

Is féidir. Déanfaidh an Stiúrthóir a (h)ionadaithe a ghairm chun fianaise a thabhairt agus cuirfidh sé/ sí ceisteanna ar dtús ar an bhfinné bunaithe ar an ráiteas atá sínithe aige nó aici. Tabharfar an deis ansin duitse nó do d’ionadaithe ceisteanna a chur agus ina dhiaidh sin d’fhéadfadh an Painéal roinnt ceisteanna a chur. Baineann an próiseas céanna seo leis na finnéithe uile a dhéanann an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe a ghairm.


An féidir liom finnéithe a ghairm nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?

Is féidir leatsa nó d’ionadaithe d’fhinnéithe féin a ghairm chun fianaise a thabhairt. Beidh an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe agus an Painéal in ann ceisteanna a chur ar d’fhinnéithe.


An gá dom fianaise a thabhairt?

Ní gá. Is fút féin cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú chun fianaise a thabhairt.

4. Tar éis an fhiosrúcháin


Cad a dhéanfaidh an painéal nuair a chríochnaíonn an fiosrúchán?

Is cuma má bhíonn an fiosrúchán ar siúl mar éisteacht ó bhéal nó mar scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn, ullmhóidh an painéal tuairisc ag deireadh an fhiosrúcháin. Sa tuairisc luafar an bhfuil an gearán cruthaithe. Dé ghnáth, caithfear na gearáin a chruthú gan aon amhras réasúnta.


Cad a tharlódh dom má chruthaítear an gearán?

Má chruthaítear an gearán, beidh ar an bpainéal cinneadh a dhéanamh ar chóir smachtbhanna (pionós) a leagan ar do chlárú. D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt duit;

(b) coinníollacha a chur ar do chlárú;

(c) tú a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain); (Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeifeá in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá tú ar fionraí ón gclár.)

(d) tú a bhaint den chlár agus gan ligean duit iarratas a dhéanamh le bheith achurtha ar an gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe.

(Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheifeá in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.)

Tabharfar cuireadh duit aighneachtaí a dhéanamh maidir le haon smachtbhanna atá molta.


An féidir liom achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh?

Má chinneann an painéal ceann amháin de na smachtbhannaí ó b) go d) thuas a leagan ort, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Ard- Chúirt laistigh de 21 lá ó cuireadh an cinneadh in iúl duit. Bíonn na hachomhairc chuig an Ard-Chúirt ar siúl go poiblí.

Mura ndéanann tú achomharc, ní mór dúinn iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt le deimhniú a fháil maidir leis an gcinneadh.


An gcuirtear in iúl do m’fhostóir maidir leis an toradh?

Cuirtear. Cuirfimid in iúl do d’fhostóir faoin toradh más rud é go bhfuil tú fostaithe mar mhúinteoir.

Mura gcruthaítear an gearán, is féidir leat iarraidh ar an gCoiste Araíonachta a chur in iúl do dhaoine ar leith gur caitheadh amach an gearán nó fógra a fhoilsiú ina luaitear gur caitheadh amach an gearán.

Má chruthaítear an gearán, agus má leagtar smachtbhanna ar do chlárú, cuirfimid in iúl don phobal faoin smachtbhanna má chreidimid gur ar mhaithe leis an bpobal é seo a dhéanamh. B’fhéidir go ndéanfaimid cinneadh torthaí an phainéil a fhoilsiú má chreidimid gur ar mhaithe leis an bpobal é sin a dhéanamh.

5. Mo chlárú


Conas a chuirtear isteach ar mo chlárú de bharr gearáin?

De ghnáth, ní athraíonn do chlárú nuair a fhaighimid gearán fút. Ach, d’fhéadfadh sé athrú má chruthaítear an gearán ag fiosrúchán.

Mar sin féin, tabhair faoi deara na nithe seo a leanas:

(a) Más gá lena leithéid cúinsí, is féidir linn iarraidh ar an Ard-Chúirt do chlárú a chur ar fionraí faoi alt 47 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, ar feadh tréimhse ama. De ghnáth tharlódh sé seo go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag fiosrú an ghearáin.
s féidir linn an t-iarratas seo d’alt 47 a dhéanamh má cheapaimid gur ar mhaithe leis an bpobal é seo a dhéanamh. Is annamh a dhéantar na hiarratais seo agus ní tharlaíonn siad de ghnáth ach amháin má bhíonn cúis imní mhór ann ó thaobh shábháilteacht an phobail. B’fhéidir go gcuirfear tú ar an eolas agus go dtabharfar cuireadh duit freastal ar chruinniú sula ndéantar cinneadh iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Má dhéanaimid iarratas chuig an Ard-Chúirt agus má fhaighimid ordú Ard-Chúirte, cuirfimid in iúl duit é láithreach. Ag brath ar théarmaí an ordaithe b’fhéidir go mbeidh ort stopadh ag obair go hiomlán ar bhealach ar leith nó i ról ar leith ar feadh tréimhse ama sonraithe. Cuirfidh an Ard-Chúirt in aon ordú treoir cibé an leanfar ar aghaidh agus tú a íoc nuair atá an t-ordú i bhfeidhm.

(b) Má fhaighimid gearán fút:

    • ní bheidh cead agat tarraingt siar go deonach ó Chlár na Múinteoirí go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag féachaint ar an ngearán; agus
    • ní bhainfear tú den Chlár toisc nach ndearna tú iarratas le hathnuachan a dhéanamh ar an gclárú go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag féachaint ar an ngearán.

 

6. Eolas breise


Cá fhad a thógfaidh sé ar an gComhairle Mhúinteoireachta an gearán a bhreithniú?

Beidh gach gearán éagsúil ach tá sé mar aidhm againn go ndéanfaidh an Coiste Imscrúdúcháin cinneadh laistigh de shé nó naoi mí ón dáta a bhfaighimid gearán. Níl sé seo indéanta i gcónaí, agus is féidir go dtógfaidh sé níos faide.

Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a chur faoi bhráid an Choiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, tá sé mar aidhm againn an fiosrúchán a reáchtáil laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chinnidh seo.

D’fhéadfadh go mbeadh cúiseanna nach bhfuil aon smacht againn orthu as a dtagann moill ar fhiosrú gearáin. Mar shampla, d’fhéadfadh gearán a bheith ina ábhar d’imscrúdú ag an nGarda Síochána, agus féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin a chinneadh a imscrúdú féin a chur ar sos go dtí go gcríochnaítear imscrúdú an Gharda, rud a d’fhéadfadh roinnt ama a ghlacadh. Mar an gcéanna, féadfaidh sé roinnt ama a thógáil chun an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhailiú, rud a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de smacht na Comhairle Múinteoireachta. Coinneoimid tú ar an eolas agus an gearán á mheas.


Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil maidir le próiseas gearán na Comhairle Múinteoireachta?

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir lenár bpróiseas gearán agus fiosrúchán, téigh chuig an gcuid faoi Chaighdeáin Ghairmiúla ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin trí ríomhphost a chur chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar Íosghlao (01) 651 7900.

Gluais

B’fhéidir nach bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí sa leabhrán seo agus dá bhrí sin tá míniú tugtha againn dóibh thíos.

Rabhadh a thabhairt

casaoid daingean a thabhairt.

Cód Iompair

tá Cód Iompair Ghairmiúil na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar an dáta a foilsíodh an leabhrán seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair ná an leagan a foilsíodh i mí an Mheithimh 2012 agus a nuashonraíodh nuair a cuireadh tús feidhme le Cuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001 – 2015.

Gearánach

an duine a dhéanann gearán faoi mhúinteoir cláraithe. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áireamh anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Stiúrthóir

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta. An Coiste Araíonachta an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fostóir

Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.

Fianaise

an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Neamhthábhachtach

Beagthábhachtach nó fánach.

Fiosrúchán

éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe

an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann an gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Painéal

an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil

gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil

iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna

an cineál pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Míréasúnta

gearán atá déanta ag duine nach mbeadh ag feidhmiú de mheon macánta, gan chúis leordhóthanach, agus déanta le fearg a chur ar an múinteoir a bhfuiltear ag gearán faoi nó fúithi.

Duine soghonta

duine seachas leanbh:

  • atá ag fulaingt ó neamhord intinne, cibé acu an é mar thoradh ar mheabhairghalar nó néaltrú; nó
  • atá faoi mhíchumas intleachta; nó
  • atá ag fulaingt ó mháchail fhisiceach, cibé acu an é mar thoradh ar ghortú, tinneas nó aois; nó
  • atá faoi mhíchumas fisiceach de chineál nó de mhéid is cúis:
    • le srian a chur le hábaltacht an duine chun é nó í féin a chosaint ó bheith gortaithe ag duine eile, nó
    • le go mbíonn cuidiú de dhíth ar dhuine dá bharr leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála lena n-áirítear tú féin a ghléasadh, ag ithe, ag siúl, ag ní agus tú féin a fholcadh.