Aistrigh:
Gaeilge
English

Mar fhostóir scoile, ní féidir leat duine a fhostú go dtí go bhfuair tú nochtadh grinnfhiosrúcháin ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin don duine sin. 

Ní mór don mhúinteoir Digitary a úsáid chun an comhad a roinnt leat agus cloí leis an dlí. 

Is ceanglas é seo faoi Alt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016. 

Tá roinnt eisceachtaí teoranta don riachtanas seo leagtha amach i gCiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS). 

is í an Chomhairle Mhúinteoireachta ‘an eagraíocht iomchuí’ a ghníomhaíonn thar ceann fostóirí scoileanna aitheanta chun críocha an ghrinnfhiosrúcháin a dhéanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i ndáil le múinteoirí. 

Tá sé seo faoi Alt 8 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 2012go 2016. 

Is ardán ar líne é Digitary chun ligean do mhúinteoirí breathnú ar a nochtadh grinnfhiosrúcháin (an doiciméad ina bhfuil toradh an ghrinnfhiosrúcháin) agus é a chomhroinnt go leictreonach, lena bhfostóir reatha agus le fostóirí ionchasacha. 

Glacann sé áit litir na Comhairle Múinteoireachta faoi thoradh an ghrinnfhiosrúcháin, ar litir í sin a bhí le tíolacadh, roimhe seo, ag múinteoirí d’fhostóirí scoile. 

Féadfaidh an scoil/fostóir: 

  • teagmháil a dhéanamh leis an múinteoir chun a chinntiú go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart 
  • a iarraidh ar an múinteoir an doiciméad a chomhroinnt arís. 

Má leanann deacrachtaí ar aghaidh, ní mór don mhúinteoir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Grinnfhiosrúcháin na Comhairle Múinteoireachta chun bealach eile a aimsiú chun an nochtadh a chomhroinnt leis an bhfostóir scoile. 

Ríomhphost: vetting@teachingcouncil.ie 

Fón +353 1 651 7900 

Is féidir. 

Ag barr an scáileáin doiciméid, cliceáil ar an dara íocón agus sábháil é. 

(Tá an íocón ciorclaithe i ndath dearg thíos.) 

Tar éis duit é a shábháil ar do ghléas, is féidir leat é a phriontáil. 

Ós rud é gur faisnéis rúnda atá ann, ní mór duit an doiciméad a choimeád ar mhodh daingean. 

Is riachtanas é cóip a choinneáil 

Is riachtanas de chuid Chiorclán ROS 0031/2016 é go ndéanfaidh údarás scoile cóip den nochtadh a phriontáil agus a choimeád mar chuid dá thaifid féin. 

Ní dhéantar aon tréimhse bhailíochta i leith nochtadh grinnfhiosrúcháin a shonrú san Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. 

Tá nochtadh grinnfhiosrúcháin ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ar fáil don scoil/fhostóir trí Digitary. 

Mar fhostóir scoile, agus an nochtadh seo á fháil sula dtosaíonn an múinteoir an fhostaíocht, tá tú ag freastal ar an riachtanas faoi Alt 12 den Acht. 

Pléann Alt 9 de Chiorclán ROS 0031/2016 cleachtas stuama maidir le cathain ar cheart nochtadh cothrom le dáta d’fhostaí ionchasach a lorg. 

Is féidir. 

Is féidir leat nochtadh grinnfhiosrúcháin uasdátaithe a lorg má mheasann tú gur gá sin i dtaca le dearcadh cleachtais stuama de. I gcás den sórt sin, iarrfaidh an scoil ar an múinteoir iarratas a dhéanamh tríd an gComhairle Mhúinteoireachta ar nochtadh cothrom le dáta. 

Ní dhéanfar ach an nochtadh grinnfhiosrúcháin is déanaí a thaispeáint ar Digitary. 

Má dhéanann múinteoir iarratas ar nochtadh grinnfhiosrúcháin uasdátaithe, déanfar an nochtadh uasdátaithe a uaslódáil chuig Digitary agus cuirfear in ionad aon nochtadh a bhí ann roimhe sin é. 

Téigh go dtí na suíomh gréasáin seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil ar grinnfhiosrúchán: 

An Roinn Oideachais – www.education.ie 

An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin – vetting.garda.ie 

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Digitary a fháil ag www.digitary.net 

Tá. Is féidir le múinteoirí breathnú ar a ndoiciméad agus ní féidir leo ach iad a roghnú chun an doiciméad a roinnt leis. 

Cosnaíonn Digitary in aghaidh aon athruithe atá á ndéanamh ar dhoiciméid oifigiúla. 

Chun Digitary a úsáid, b’éigean an Chomhairle Mhúinteoireachta a sheiceáil agus próisis a chur i bhfeidhm maidir le slándáil. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh ar Digitary www.digitary.net.