Iarratasóirí atá ag cur isteach ar chlárúchán
Má chaith tú tréimhse charnach 12 mhí nó níos mó lasmuigh d’Eirinn tar éis duit a bheith 18 mbliana d’aois, ní mór duit cóip de do imréiteach póilíní a chur isteach do gach tír ina raibh tú i do chónaí.
Caithfidh na teastais imréitigh seo an tréimhse chónaithe iomlán i ngach tír a chlúdach.
Múinteoirí cláraithe
Más múinteoir cláraithe tú atá faoi ghrinnfhiosrúcháin le haghaidh fostaíochta nó chun do chlárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrúchán), ní gá duit imréiteach póilíneachta thar lear a chur ar fáil.
Cúinsí eisceachtúla
Forchoimeádaimid an ceart againn féin dearbhú faoi mhionn a lorg sa chás nach bhfuil nochtadh sásúil um thaifid póilíní/choiriúla ar fáil.
Seolfaimid Foirm Dhearbhaithe chugat sna cúinsí ach amháin sna cúinsí seo a leanas amháin:
- Tá an tír ábhartha ag cogadh nó ag dul faoi shuaitheadh suntasach
polaitiúil nó - Is eol don Chomhairle Mhúinteoireachta nach bhfuil imréiteach póilíní infhaighte ach ag cónaitheoirí na tíre atá i gceist
Bhí an t-iarratasóir:
- Ag taisteal tríd an tír agus ní raibh aon seoladh seasta aige/aici
- Ina c(h)ónaí sa tír ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí
- Ina c(h)ónaí sa tír breis agus 10 mbliana ó shin
- Chuir sé/sí comhfhreagras ar fáil a léiríonn nach féidir imréiteach póilíní a fháil.