Aistrigh:
Gaeilge
English

Céim 1

  1. Comhlánaigh Céim 1 den iarratas grinnfhiosrúcháin ar líne trí do chuntas Mo Chlárú.
    1. Tá 180 lá agat le Céim a chríochnú. Mura gcríochnaíonn tú Céim taobh istigh de 180 lá, rachaidh sé in éag agus beidh ort tús a chur leis an bpróiseas arís.
  2. Uaslódáil cruthúnas de cháipéisí aitheantais.

Má bhí tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn nó de Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse charnach de 12 mhí nó níos mó tar éis 18 mbliana d’aois, beidh ort fótachóip a chur ar fáil de d’imréiteach póilíneachta do gach tír ina raibh tú i do chónaí.

Céim 2

Seiceálann an Chomhairle Mhúinteoireachta d’iarratas agus cruthúnas de cháipéisí aitheantais agus cuireann siad d’iarratas isteach go dtí an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

  1. Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le nasc díreach chuig an bhFoirm Iarratais ar Ghrinnfhiosrúchán ar líne.
  2. Ní mór duit an fhoirm a líonadh amach agus do sheoltaí go léir a chur san áireamh ó bhreith go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear gach seoladh thar lear ina raibh tú i do chónaí.

Beidh 30 lá agat chun an fhoirm a chríochnú ón dáta a fhaigheann tú í, ach iarraimid ort í a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Má bhí tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann, beidh ort postchóid iomlána (sé charachtar) a chur isteach do gach seoladh de chuid Thuaisceart Éireann ina raibh tú i do chónaí.

Nuair a bheidh an grinnfhiosrúchán críochnaithe, gheobhaidh tú dhá ríomhphost.

  • Beidh an chéad ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Beidh an dara ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin.

Conas rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin

Chun rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin, beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary chun féachaint ar do nochtadh.

Le do thoil, léigh ár leathanach ar Digitary chun tuilleadh eolais a fháil.

Conas nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt le fostóir

Beidh tú in ann do nochtadh a roinnt le fostóirí nó le fostóirí a d’fhéadfadh a bheith agat ar líne ag baint úsáid as Digitary. Logáil isteach i do chuntas Digitary agus lean na treoracha le do nochtadh a roinnt.

Iarratas grinnfhiosrúcháin Céim 1 a rianú leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

Seiceáil stádas d’iarratas grinnfhiosrúcháin Céim 1 trí do chuntas Mo Chlárú.

  • Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú.
  • Nuair a bheidh tú logáilte isteach go rathúil ar do chuntas Mo Chlárú, cliceáil isteach sa tíl/íocón GRINNFHIOSRÚ ar an scáileán.
  • Déan tagairt don mír ‘Iarratas Grinnfhiosrúcháin Reatha’.

Anseo is féidir leat stádas Chéim 1 de d’iarratas ghrinnfhiosrúcháin a sheiceáil.

Stádas Céim 2 grinnfhiosrúcháin a sheiceáil leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Múinteoirí a rinne iarratas grinnfhiosrúcháin le deireanaí

Chun do stádas Grinnfhiosrúcháin a sheiceáil, logáil isteach ar shuíomh gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Beidh an uimhir iarratais grinnfhiosrúcháin nó ID an iarratais a fuair tú i ríomhphost uainn de dhíth ort agus d’iarratas á chomhlánú agat.

D’eisigh an Chomhairle Mhúinteoireachta fógra le deireanaí chuig líon mór múinteoirí atá le hath-ghrinnfhiosrú. Leis an lear mór iarratas atá ag teacht isteach, seans go nglacfaidh sé níos faide ná an ghnáth-thréimhse cúig lá chun na hiarratais a phróiseáil.