Aistrigh:
Gaeilge
English

Táillí

  • An chéad chlárú: €90
  • Clárú a athnuachan: €65

Déan do chlárú a athnuachan le Mo Chlárú. Is féidir leat do chárta creidmheasa nó dochair a úsáid.

Féadfaidh tú faoiseamh cánach ioncaim a éileamh ar an táille athnuachana clárúcháin bhliantúil mar chuid den liúntas speansais ar ráta comhréidh do mhúinteoirí.

Logáil isteach i MoChuntas ar www.Revenue.ie chun d’fhaoiseamh cánach a éileamh.

Cuir aon cheisteanna maidir le faoiseamh cánach chuig na Coimisinéirí Ioncaim le do thoil.

 

 

Do chlárú a athnuachan trí mheán na Gaeilge

Is féidir athnuachan a dhéanamh trí mheán na Gaeilge tríd an tairseach   Mo Chlárúchán. Is é sin an modh is tapúla.

Nó, is féidir leat an Fhoirm Iarratais ar Athnuachan Clárúcháin a íoslódáil thíos. Ba chóir an fhoirm seo a phriontáil, a chomhlánú ina hiomláine agus a shíniú agus ní mór dáta a chur léi agus í a sheoladh ar ais chuig:

An Chomhairle Mhúinteoireachta,

Bloc A,

Campas Gnó Mhaigh Nuad,

Maigh Nuad, Co. Chill Dara,

W23 Y7X0

Seol an fhoirm chomhlánaithe ar ais le do thoil, mar aon le híocaíocht le seic/ dréacht bainc nó ordú poist le haghaidh suim €65.00 a bheidh iníoctha leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Mura gcomhlánaítear an fhoirm mar is ceart cuirfear ar ais í. Ní ghlacfar le híocaíocht gan an fhoirm seo agus cuirfear an íocaíocht ar ais. Is gá na réimsí go léir atá marcáilte le * a líonadh isteach.

Déan cinnte le do thoil, go scríobhann tú do chlárúchán go soiléir ar chúl an tseic / an dréachta bainc nó ordaithe phoist.

B’fhéidir gur mhaith leat glaoch a chur orainn ar (01) 651 7900 chun do chlárúchán a athnuachan.

Fhoirm Iarratais ar Athnuachan Clárúcháin 

Próiseas chun ainmneacha a bhaint den chlár

Tá do chlárú bailí ar feadh 12 mhí ó dháta do chlárúcháin.

Chun fanacht ar an gclár, ní mór duit do chlárúchán a athnuachan sula dtéann sé in éag.

Gheobhaidh tú fógra athnuachana clárúcháin sé seachtaine roimh do dháta athnuachana.

Mura ndéanann tú athnuachan in am, gheobhaidh tú fógra deiridh tríd an bpost cláraithe.

Mura ndéanann tú athnuachan laistigh de mhí amháin ón dáta ar an bhfógra deiridh, bainfear d’ainm den chlár go huathoibríoch.

Coinníollacha ag dul in éag

Chun do chlárúchán a athnuachan faoi choinníollacha atá ag dul in éag laistigh de shé mhí ó do dháta athnuachana, ní mór duit:

  • Fianaise a chur isteach gur comhlíonadh an coinníoll/na coinníollacha, nó
  • Déan iarratas ar shíneadh trí ‘Mo Chlárú’.

Ní mór duit aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha atá ag dul in éag roimh do dháta athnuachana nó bainfear den chlár thú.

Ath-ghrinnfhiosrúchán 

Ní féidir leat do chlárú a athnuachan go dtí go ndéanann tú grinnfhiosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG). (Má cheanglaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ort ath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh.)

Ní mór duit aghaidh a thabhairt ar aon chuireadh chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh, roimh do dháta athnuachana, nó bainfear den chlár thú mar thoradh air seo

Conas athiarratas a dhéanamh

Is féidir le múinteoir athiarratas a dhéanamh ar chlárú ag am ar bith trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An próiseas iomlán iarratais ar Mo Chlárú a chur i gcrích.
  • An próiseas grinnfhiosrúcháin a chríochnú.
  • Tras-scríbhinní agus doiciméid tacaíochta eile a chur isteach.

Ní féidir clárú a dhéanamh gan toradh rathúil grinnfhiosrúcháin. Ag tréimhsí ardéilimh, d’fhéadfadh go dtógfadh sé roinnt seachtainí an grinnfhiosrúchán a chríochnú.

Eolas faoi tháillí agus faoin gComhairle Mhúinteoireachta

Is comhlacht féinmhaoinithe í an Chomhairle. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sí maoinithe go príomha ag táillí athnuachana clárúcháin bliantúla. Tá sé seo faoi Alt 23 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 – 2015.