Aistrigh:
Gaeilge
English

Riachtanais chláraithe

Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta

  1. Cáilíochtaí
  2. Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáide as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.

Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.

Ceanglaítear ar gach duine a oibríonn le leanaí agus le daoine soghonta go dlíthiúil iad a grinnfhiosrú ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Más múinteoir thú, riarann an Chomhairle Mhúinteoireachta grinnfhiosrúchán duit agus déanann sí measúnú ar an nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) chun a fháil amach an féidir múinteoir a chlárú.

Le do thoil, léigh ár leathanach ar grinnfhiosrúcháin.

Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:

  • Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor.
  • Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil.
  • Sonraí teagmhála na fostaíochta.
  • Stair fostaíochta.
  • Foirm mheasúnaithe Daoine Cuí Cearta comhlánaithe.

Tuilleadh eolais

Léigh ár dtreoirlínte iarratais chun clárú mar mhúinteoir bunscoile (PDF), le do thoil.

Na cáilíochtaí atá uait chun clárú faoi Bhealach 4 - Eile (Cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann)

Le bheith incháilithe chun clárú faoi Bhealach 4 – Eile, ní mor duit an riachtanas seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Cáilíocht mhúinteoireachta san oideachas speisialta a bheith faighte agat lasmuigh den Stát.

Is féidir le hiarratasóirí a n-éiríonn leo clárú faoin mbealach seo oibriú i suíomhanna scoileanna srianta amhail:

  • I gcatagóirí áirithe i scoileanna speisialta
  • I ranganna áirithe i scoileanna príomhshrutha sa chás nach bhfuil Gaeilge mar ábhar curaclaim riachtanach

Tá an próiseas cáilíochta seo ag teacht le: