Aistrigh:
Gaeilge
English

Cúlra

Bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar an 28 Márta 2006. Cuireadh gach múinteoir a bhí fostaithe ar an dáta seo ar an gClár faoi Alt 31(2)(3) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. Ní raibh ar na múinteoirí seo aon doiciméadú tacaíochta (m.sh. tras-scríbhinn na dtorthaí) a chur faoi bhráid na Comhairle chun críocha clárúcháin. Dá bhrí sin, b’fhéidir nach mbeadh aon cheann de na doiciméid riachtanacha le haghaidh clárúcháin ar taifead againn duit.

Chun iarratas a dhéanamh chun filleadh ar an gClár, beidh ort an fhoirm iarratais ar líne REG-01 a chomhlánú. Féach thíos le do thoil le haghaidh liosta de na doiciméid riachtanacha agus treoir maidir le gach cuid den fhoirm ar líne a chomhlánú:

Liosta de na doiciméid riachtanacha

Cinntigh, le do thoil go mbeidh an t-eolas seo a leanas agat agus tú ag cur tús le d’iarratas ar chlárú:

  • Scananna/grianghraif de thras-scríbhinní acadúla de thorthaí do gach bliain de do cháilíochtaí
  • Fianaise ar athrú ainm m.sh. teastas pósta nó gníomhas aonpháirtí, má tá an t-ainm ar do thras-scríbhinní difriúil leis an ainm ar d’iarratas
  • Fianaise dheimhnithe ar thaithí mhúinteoireachta iar-bhunscoile roimhe seo. Féadfaidh tú an doiciméadú seo a uaslódáil ar an rannán “Cáilíocht” atá ar an tríú leathanach den fhoirm iarratais. (Baineann sé seo le múinteoirí iar-bhunscoile amháin)
  • Cúlra fostaíochta agus sonraí teagmhála fostaíochta (i gcás inarb infheidhme)
  • Íoslódáil an fhoirm dar teideal Teistiméireacht faoi Charachtar agus déan é a chomhlánú, a shíniú, a stampáil agus a dhátú go hiomlán ag duine ábhartha mar atá liostaithe ar an bhfoirm
  • Grinnfhiosrúchán – mura ndearnadh grinnfhiosrúchán ort tríd an gComhairle Mhúinteoireachta le 18 mí anuas, beidh ort doiciméid aitheantais, cruthúnas seolta agus Imréitigh Póilíní Thar Lear a bheith agat (i gcás inarb infheidhme). Déan tagairt le do thoil ar chéim 5 den treoir thíos
  • Cárta Dochair/Creidmheasa

Treoir maidir le gach cuid den fhoirm REG01 ar líne a chomhlánú

Roghnaigh an bealach clárúcháin faoinar mian leat iarratas a dhéanamh ar chlárú. Mar shampla:

  • Bealach 1 – Bunscoil,
  • Bealach 2 – Iar-bhunscoil,
  • Bealach 3 – Breisoideachas,
  • Bealach 4 – Eile.

Déanfaidh an chuid seo na sonraí ó do chlárú roimhe seo a líonadh go huathoibríoch. Athbhreithnigh iad le do thoil, agus más gá, nuashonraigh do shonraí pearsanta.

Comhlánaigh an roinn seo ina hiomláine le do thoil le haghaidh gach cáilíocht atá agat agus uaslódáil grianghraif nó scananna de thras-scríbhinní acadúla de thorthaí do gach bliain de do cháilíocht(í). Má tá an t-ainm ar do thras-scríbhinní difriúil leis an ainm ar d’iarratas, cuir isteach fianaise ar athrú ainm le do thoil e.g. teastas pósta nó gníomhas aonpháirtí.

Teistiméireacht faoi Charachtair– uaslódáil scanadh/grianghraf den fhoirm chomhlánaithe, le do thoil.

  • Má rinneadh grinnfhiosrúchán ort tríd an gComhairle Mhúinteoireachta le 18 mí anuas, ní bheidh ort iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
  • Mura ndearnadh grinnfhiosrúchán ort tríd an gComhairle Mhúinteoireachta le 18 mí anuas, beidh ort iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
    • Chun iarratas a dhéanamh, lean na céimeanna ar an rannán cuireadh chun ghrinnfhiosrúcháin den fhoirm iarratais ar líne REG-01.
    • Má tá cónaí ort taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann nó Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse carnach 12 mhí nó níos mó ó bhí tú 18 mbliana d’aois, ní mór duit imréiteach póilíní a sholáthar freisin do gach tír ina raibh cónaí ort.

Nóta: Cuirfidh an córas in iúl duit an mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar Ghrinnfhiosrúchán mar chuid den phróiseas iarratais.

Comhlánaigh an chuid seo ina hiomláine le do thoil, ag cur síos ar shonraí do sheirbhíse múinteoireachta reatha agus do sheirbhíse múinteoireachta roimhe seo.

Má cháiligh tú mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn, cuir tic sa rannán cuí, le do thoil.

Le d’iarratas ar chlárú á chur isteach agat, tá tú ag deimhniú go bhfuil na dearbhuithe i gceart. Dá bhrí sin, léigh an t-alt seo go cúramach sula dtéann tú ar aghaidh go dtí an chéad chuid eile chun d’iarratas a chur isteach.

Íoc an táille clárúcháin de €90.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór na doiciméid riachtanacha go léir a chur isteach chun moill a sheachaint agus d’iarratas á phróiseáil.

Logáil isteach le do thoil i do chuntas Mo Chlárú áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú.

Mura bhfuil cuntas Mo Chlárú socraithe agat go fóill, roghnaigh an “Cruthaigh Cuntas” chun leanúint ar aghaidh.

Má tá aon cheisteanna agat, seol ríomhphost chuig returntoregister@teachingcouncil.ie