Aistrigh:
Gaeilge
English

Iarrtar ar iarrthóirí ar mian leo clárú le Gaeilge nó teanga churaclaim fianaise infhíoraithe de thaithí thumoideachais sa teanga sin a sholáthar. Ní mór gur mhair an taithí thumoideachais 4 seachtaine ar a laghad.

Féadfaidh go ndearnadh na 4 seachtaine i mbloc amháin de 4 seachtaine (Rogha 1), nó in dhá bhloc de 2 sheachtain
(Rogha 2). Le Rogha 2, ní mór gur caitheadh bloc amháin ar a laghad (2 sheachtain ar a laghad) i suíomh ina bhfuil an teanga mar an teanga choiteann.

Rogha 1

(Bloc amháin de thréimhse 4 seachtaine – caithfear na 4 seachtaine a dhéanamh i dtír ina bhfuil an teanga mar an teanga choiteann ann)

Ní mór don iarrthóir a dheimhniú:

a. gur fhreastail sé/sí ar chúrsa teanga

b. go raibh sé/sí ina b(h)all foirne i suíomh oideachais

c. go ndearna sé/sí tionscadal taighde gníomhaíochta a bhaineann lena léann teagaisc

d. go ndearna sé/sí Socrúchán Scoile.

Rogha 2

(Dhá bhloc, gach bloc 2 sheachtain ar fad – ní mór gur caitheadh bloc amháin ar a laghad i dtír ina bhfuil an teanga mar an teanga choiteann)

Le linn bhloc 1, ní mór don iarrthóir an méid seo a leanas a dheimhniú:

a. gur fhreastail sé/sí ar chúrsa teanga

b. go raibh sé/sí ina b(h)all foirne i suíomh oideachais

c. go ndearna sé/sí tionscadal taighde gníomhaíochta a bhaineann lena léann teagaisc

d. go ndearna sé/sí Socrúchán Scoile.

Le linn bhloc 2, Ní mór don iarrthóir an méid seo a leanas a dheimhniú:

a. gur fhreastail sé/sí ar chúrsa teanga

b. go raibh sé/sí ina b(h)all foirne i suíomh oideachais

c. go ndearna sé/sí tionscadal taighde gníomhaíochta a bhaineann lena léann teagaisc

d. go ndearna sé/sí Socrúchán Scoile.

Samplaí Fianaise

Ar na samplaí fianaise is féidir a chur isteach tá tras-scríbhinn/litir ón ollscoil a dheimhníonn gur thug tú faoi chlár Erasmus agus/nó tumoideachais i suíomh ina bhfuil an teanga mar an teanga choiteann; litir ó fhostóir; litir ó sholáthraí cúrsa teanga; litir ó ollscoil a dheimhníonn gur tugadh tionscadal taighde gníomhaíochta chun críche.

Nóta Treorach

  • Teanga Choiteann – tá sé inghlactha clár tumoideachais sa Fhraincis a dhéanamh i réigiún amhail Québec i gCeanada nó sa tSeineagáil
    san Afraic toisc gur áiteanna iad ina labhraítear an Fhraincis, mar shampla.
  • Ní mór go mbeadh teagasc díreach i scoileanna a aithníonn an stát i gceist le socrúchán scoile, agus féadfar baint le gníomhaíochtaí níos
    leithne sa scoil, amhail clubanna, stl., a áireamh leis sin más tríd an sprioctheanga a dhéantar iad.
  • Ní shonraítear aon íosmhéid uaireanta cloig is gá a fhíorú i ngach suíomh.

Tá samplaí thíos den fhianaise a nglacfar agus nach nglacfar léi maidir le gach ‘taithí’.

Examples of immersive educational experience

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír arb í an teanga an teanga choiteann) (Sa teanga)

Cúrsa Fraincise a chríochnú i suíomh oideachais i suíomh na teanga, mar sh., sa Fhrainc/ i gceantarina labhraítear an Fhraincis.

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír nach í an teanga an teanga choiteann) (Tríd an teanga)

Cúrsa teanga a chríochnú ar an láthair nó ar líne trí institiúid tríú leibhéal nó trí scoil teangacha a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aici, mar sh., Alliance Francaise, Cervantes.

Samplaí d’fhianaise neamh-inghlactha

Ní áirítear cúrsa teanga a chríochnú ag leibhéal na meánscoile ná freastal ar scoil teangacha ag leibhéal na meánscoile, mar sh., dul chun na Gaeltachta i mbliain a cúig nó freastal ar Ghaelcholáiste.

(Ná measctar an riachtanas seo le socrúchán scoile).

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír arb í an teanga an teanga choiteann) (Sa teanga)

Is é atá i gceist le ‘suíomh oideachais’ ná suíomh atá ceangailte le/á éascú ag
institiúid oideachais a aithníonn an stát, bíodh gur scoil/Institiúid Ardoideachais í agus go bhfuil an múinteoir faoi oiliúint ag obair tríd an sprioctheanga sa suíomh teanga, mar sh., obair i gColáiste Samhraidh sa Ghaeltacht, obair in Ollscoil Sorbonne sa Fhrainc.

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír nach í an teanga an teanga choiteann) (Tríd an teanga)

Obair tríd an sprioctheanga i suíomh oideachais atá ceangailte le nó á éascú ag institiúid oideachais a aithníonn an stát, bíodh gur scoil/Institiúid Ardoideachais í agus go bhfuil an múinteoir faoi oiliúint ag obair tríd an sprioctheanga sa suíomh teanga, mar sh., obair mar chúntóir teanga le COBÁC sa champa Fraincise nó sa scoil teanga.

Samplaí d’fhianaise neamh-inghlactha

Obair mar chóitseálaí spóirt/ag campa do pháistí do chuideachta phríobháideach sa Fhrainc. Obair in Éirinn le campa teanga áitiúil nach bhfuil ceangailte le scoil ná le hInstitiúid Ardoideachais.

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír arb í an teanga an teanga choiteann) (Sa teanga)

Deimhniú ó sholáthróir Oideachais Tosaigh Múinteoirí (OTM) gur tugadh faoi thionscadal taighde gníomhaíochta ar feadh dhá sheachtain ar a laghad i suíomh na teanga agus an áit ar tugadh faoi

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír nach í an teanga an teanga choiteann) (Tríd an teanga)

Deimhniú ó sholáthróir OTM gur tugadh faoi thionscadal taighde gníomhaíochta ar feadh dhá sheachtain ar a laghad tríd an sprioctheanga.

Samplaí d’fhianaise neamh-inghlactha

Tionscadal taighde gníomhaíochta a chur i gcrích i dtír nach labhraítear an teanga inti, mar sh., tionscadal taighde gníomhaíochta a chur i gcrích in Éirinn agus gan é a dhéanamh tríd an sprioctheanga.

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír arb í an teanga an teanga choiteann) (Sa teanga)

Deimhniú ó sholáthróir OTM gur tugadh faoi shocrúchán scoile ar feadh dhá sheachtain ar a laghad i suíomh na teanga, mar sh., dhá sheachtain ag múineadh i scoil ina labhraítear Fraincis i bPáras.

Samplaí d’Fhianaise Infhíoraithe (I dtír nach í an teanga an teanga choiteann) (Tríd an teanga)

Deimhniú ó sholáthróir OTM gur tugadh faoi shocrúchán scoile tríd an sprioctheanga ar feadh dhá sheachtain ar a laghad i suíomh na teanga, mar sh., an Ghaeilge a mhúineadh i nGaelscoil laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht, an Fhraincis a mhúineadh i scoil Fraincise in Éirinn

Samplaí d’fhianaise neamh-inghlactha

  • An Ghaeilge a theagasc i scoil Bhéarla (gnáthshocrúchán scoile atá i gceist leis sin)