Aistrigh:
Gaeilge
English

1. Cé atá incháilithe

Le bheith incháilithe faoin bpolasaí seo:

  • Ní mór duit a bheith cláraithe faoi:
    • Rialachán a Dó (Bunscoil) de Rialacháin [Clárú] na Comhairle Múinteoireachta
    • Alt 31 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta
  • Is gá gurb é Promhadh/Droichead i suíomh príomhshrutha an t-aon choinníoll atá fágtha maidir le do chlárú.
  • Bhí tú ag obair i suíomh oideachais speisialta agus ag tabhairt faoi róil mhúinteoireachta a chomhlíonann na critéir agus riachtanais seirbhíse thíos.

Critéir

Tá/Bhí tú:

  • Ag múineadh an churaclaim náisiúnta iomláin atá athraithe de réir na dtreoirlínte mar a leagtar amach iad ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM),
  • Ag múineadh ranga le híosmhéid de sheisear dalta ar bhonn lánaimseartha ar feadh lá iomlán
  • Freagrach go hiomlán as foghlaim na ndaltaí agus tá nó bhí freagrachtaí agat atá inchomparáide leis na freagrachtaí atá ag múinteoirí ranga príomhshrutha

3. Riachtanas seirbhíse

Ní mór go raibh seirbhís mhúinteoireachta 50 lá as a chéile ar a laghad agat sa rang céanna agus sa suíomh oideachais speisialta céanna

Ní mór don tseirbhís seo a bheith i dteannta aon riachtanais seirbhíse do Droichead.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú incháilithe faoi na critéir atá liostaithe thuas, le do thoil:

  • Logáil isteach ar Mo Chlárú
  • Téigh go dtí an rannán Mo Choinníollacha ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta
  • Íoslódáil an fhoirm SP-ROB
  • Iarr ar phríomhoide na scoile an fhoirm a shíniú agus a stampáil
  • Uaslódáil an fhoirm tríd an rannán céanna “Mo Chlárú/Mo Choinníollacha”.