Aistrigh:
Gaeilge
English

Réamhrá

Cé dó a bhfuil na rialacháin seo?

Baineann na rialacháin le hiarratasóirí a dhéanann iarratas ar chlárú nó ar athnuachan clárúcháin leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus le gach múinteoir cláraithe.

 

Cad iad na rialacháin atá molta?

Tagann na rialacháin atá molta in ionad rialachán clárúcháin reatha na Comhairle Múinteoireachta (is iad I.R. Uimh. 444 de 2016 (arna leasú)). Nílimid ag moladh ach roinnt athruithe beaga a dhéanamh. Fanfaidh formhór na gceanglas faoi na rialacháin chlárúcháin reatha mar a bhí.

Rialacháin Chlárúcháin atá molta

Cuid 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Leagann sé seo amach cén uair a thiocfaidh na rialacháin chlárúcháin atá molta i bhfeidhm. Sainíonn sé na téarmaí go léir a úsáidtear sna rialacháin.

 

Cuid 2

An Clár

Tá dualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta clár múinteoirí a choinneáil. Leagann Rialachán 5 amach an fhaisnéis a chuirfear isteach sa Chlár. Nuair a chláraítear múinteoir, eisítear teastas clárúcháin. Tá an fhaisnéis atá ar an teastas leagtha amach i Rialachán 6. Is féidir le daoine áirithe rochtain a fháil ar fhaisnéis atá ar an gClár. Áirítear leis seo baill den phobal agus pámháistrí. Tá an fhaisnéis ar an gClár ar féidir le daoine aonair áirithe rochtain a fháil uirthi leagtha amach i Rialacháin 7, 8 agus 9.

 

Cuid 3

Clárú

Leagann an chuid seo amach próiseas clárúcháin agus riachtanais chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta. Leagann Rialacháin 10 agus 11 amach an fhaisnéis agus na doiciméid a chaithfidh iarratasóir a chur isteach mar chuid dá n-iarratas ar chlárú. Baineann Rialachán 12 le clárú le coinníollacha. Baineann Rialachán 13 le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh ón gComhairle Mhúinteoireachta clárú a dhiúltú.

 

Cuid 4

Athnuachan ar chlárúchán

Tá an próiseas athnuachana clárúcháin leagtha amach sa chuid seo. Leagann Rialacháin 14 agus 15 amach an fhaisnéis agus na doiciméid a chaithfidh múinteoir cláraithe a chur isteach mar chuid dá n-iarratas ar athnuachan ar a gclárúchán. Baineann Rialachán 16 le clárú a athnuachan le coinníollacha.

 

Cuid 5

Cúlghairm agus Forálacha Idirthréimhseacha

Leagtar amach sa chuid seo na Rialacháin atá ann faoi láthair atá á gcúlghairm (nó á gcealú) agus na forálacha idirthréimhseacha, a thugann aghaidh ar an tionchar a bhíonn ag na rialacháin chlárúcháin ar iarratais atá ann cheana.

 

Sceideal

Leagann an Sceideal amach na critéir oideachais, oiliúna agus cáilíochtaí maidir le hiontráil ar an gClár. Tá cúig bhealach clárúcháin ar féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh orthu, mar seo a leanas:

  1. Bealach 1: Bunscoil
  2. Bealach 2: Iar-bhunscoil
  3. Bealach 3: Breisoideachas
  4. Bealach 4: Eile
  5. Bealach 5: Múinteoir faoi oiliúint

Tá riachtanais éagsúla ag gach bealach nach mór d’iarratasóir a shásamh ionas go mbeidh siad incháilithe le haghaidh clárúcháin. Tá na ceanglais sin leagtha amach sna fomhíreanna de gach bealach.