Tá aon duine a shásaíonn na riachtanais cháilíochta céime atá leagtha amach ann i dteideal clárú coinníollach ar feadh tréimhse trí bliana, agus sa tréimhse ama sin ní mór cáilíocht oideachais múinteoirí atá creidiúnaithe ag an gComhairle a bhaint amach.
Faoi láthair tá seacht gcáilíocht creidiúnaithe in oideachas múinteoirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil bhreisoideachais.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach le do thoil ar:
Institiúidí Ardoideachais
Soláthraíonn na hInstitiúidí Ardoideachais seo a leanas cláir oideachais tosaigh múinteoirí sa bhreisoideachas.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (cláir fhochéime amháin)
- Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas agus Oiliúint (Breisoideachas, Oideachas Aosach agus Oideachas Leanúnach)
Institiúid Oideachais Marino
- Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
- Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bhreisoideachas)
- Dioplóma Iarchéime san Oideachas Aosach & sa Bhreisoideachas
Ollscoil Mhá Nuad
- Ard-Dioplóma sa Bhreisoideachas
Coláiste Náisiúnta na hÉireann
- Máistir Ealaíon sna hEalaín Phobalghníomhach: (Oideachas Aosach agus Oideachas Phobal)
- Dioplóma Iarchéime Ealaíon i Cleachtadh Oideachasúil, i Múineadh Breisoideachais
(Dioplóma Iarchéime Ealaíon san Fhoghlaim agus sa Teagasc roimhe seo)
Ollscoil na Gaillimhe (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh roimhe seo)
- Dioplóma Gairmiúil Oideachais (Breisoideachas)
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
- Baitsiléir Ealaín sa Mhúinteoireacht i mBreisoideachas agus Oideachas Aosach
- Dioplóma Iarchéime Oideachais sa Bhreisoideachas (L/A)
- Dioplóma Iarchéime Oideachais sa Bhreisoideachas (P/A)
Is féidir leat breathnú ar na tuarascálacha do na cláir go léir ar leathanach na gclár creidiúnaithe.