Forálann Alt 7 den Acht go bhféadfaidh duine tuairiscithe nochtadh a dhéanamh do dhuine ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN, agus Athchóirithe. “Daoine forordaithe” a thugtar ar dhaoine den sórt sin a bhfuil an chuid is mó acu ina gceannairí ar údaráis rialála nó mhaoirseachta reachtúla. Is duine forordaithe é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta.
Nuair a dhéanann duine tuairiscithe nochtadh faoi Alt 7 den Acht do dhuine forordaithe, tugtar “tuairisciú seachtrach” air seo.
Cad is Nochtadh Cosanta ann?
Is éard atá i gceist le Nochtadh Cosanta, mar atá leagtha amach in Alt 5 den Acht, ná nochtadh faisnéise a léiríonn, i dtuairim réasúnach oibrí, éagóir ábhartha amháin nó níos mó; a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair; agus a nochtar ar an modh a bhforordaítear san Acht.
Cad is “oibrí” ann?
Chun críocha an Achta ciallaíonn oibrí duine aonair a bhfuil faisnéis faighte aige faoi éagóir ábhartha i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair.
I leasú 2022 ar an Acht, cuireadh comhaltaí an Bhoird agus oibrithe deonacha leis an sainmhíniú ar oibrí.
Cad is “éagóir” ann?
Chun críocha an Achta, is éagóracha ábhartha iad seo a leanas:
a. Go bhfuil cion déanta, á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é;
b. Gur theip ar dhuine, go bhfuil ag teip orthu nó gur dóigh go dteipfidh orthu aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, seachas ceann a eascraíonn as conradh fostaíochta an oibrí nó faoi chonradh eile trína ngeallann an t-oibrí aon obair nó seirbhísí a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta;
c. Gur tharla iomrall ceartais, go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé;
d. Go bhfuil sláinte nó sábháilteacht aon duine curtha i mbaol nó á chur i mbaol nó gur dócha go gcuirfear i mbaol é;
e. Go ndearnadh dochar don chomhshaol, go bhfuiltear á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é;
f. Gur tharla úsáid neamhdhleathach nó mhíchuí ar shlí eile as cistí nó acmhainní comhlachta phoiblí, nó as airgead poiblí eile, nó go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé;
g. Go bhfuil gníomh nó neamhghníomh ag comhlacht poiblí nó thar ceann comhlachta phoiblí leatromach, idirdhealaitheach nó fíor-fhaillíoch nó gur míbhainistíocht thromchúiseach é;
h. Gur tharla sárú ar dhlí sonraithe an AE a leagtar amach sa Treoir, go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé; nó
i. Go bhfuil faisnéis a léireodh ábhar ar bith a thagann faoi réim aon cheann de na míreanna roimhe seo curtha faoi cheilt nó scriosta nó go bhfuiltear á chur faoi cheilt nó á scriosadh nó go bhfuil iarracht déanta nó á déanamh é a chur faoi cheilt nó a scriosadh, nó gur dócha go ndéanfar iarracht é sin a dhéanamh.
Nochtadh Seachtrach Cosanta
Leagtar amach thíos an Nochtadh Seachtrach Cosanta don Chomhairle Múinteoireachta