Aistrigh:
Gaeilge
English

Gearáin faoi Mhúinteoirí Cláraithe

Foráiltear i gCuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (arna leasú) (“an tAcht”) go measfaidh Coiste Imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe agus go ndéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe imscrúdú orthu. 

Reáchtáiltear céim an Choiste Imscrúdaithe den phróiseas (an chéim scagtha tosaigh) ar fad go príobháideach. Foráiltear i gCuid 5 den Acht go reáchtálfaidh Painéil an Choiste Araíonachta fiosrúcháin/éisteachtaí, nuair is gá (Painéil ina bhfuil 3 bhall den Choiste Araíonachta, de ghnáth). 

Reáchtáiltear fiosrúcháin go poiblí (an réamhshocrú faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta) agus tá cead ag an bpobal agus ag na meáin freastal orthu. Foráiltear sa reachtaíocht, áfach, go reáchtáiltear fiosrúcháin go príobháideach in imthosca áirithe, agus i gcás ar gá iarratais a chur faoi bhráid an Phainéil (go príobháideach). 

Is féidir fiosrúcháin maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh teacht chun críche ar bhealaí éagsúla. Foráiltear i gCuid 5 den Acht go bhféadfaí smachtbhannaí a fhorchur, má dhéantar cinneadh i gcoinne an mhúinteora. Féadfar fiosrúcháin teacht chun críche gan aon chinneadh a dhéanamh freisin, ach sa chás ina n-iarrtar ar mhúinteoir agus ina dtugann an múinteoir gealltanais don Phainéal Fiosrúcháin gan tabhairt faoi iompraíocht ar leith arís, mar shampla, nó i gcás ina dtugann múinteoir gealltanais agus ina dtugann siad a dtoiliú maidir le cáineadh. Faoi dheireadh, féadfar go gcaithfear amach gearán i gcoinne múinteora ag fiosrúchán mura ndéanfaidh an Painéal Fiosrúcháin aon chinneadh. 

Ní fhoilseofar faisnéis ach amháin nuair a tharchuirfidh an Coiste Imscrúdaithe gearán chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, agus i gcás ina bhforchuirfear cinneadh agus/nó smachtbhannaí i ndáil leis an múinteoir. I gcás ina dtabharfaidh múinteoir gealltanas do Phainéal Imscrúdaithe agus i gcás ina dtugann siad a dtoiliú láidir le cáineadh, is ionann é sin agus smachtbhanna agus féadfar na mionsonraí sin a fhoilsiú. Mura dtarchuirfear gearán chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, ní fhoilsítear aon fhaisnéis. 

Fiosrúcháin um Fheidhmiúlacht chun Múineadh

Reáchtáiltear Fiosrúcháin os comhair Phainéil an Choiste Araíonachta. Cuimsítear Painéal de 3 bhall den Choiste Araíonachta ar a laghad agus 5 bhall ar a mhéid. Tabhair faoi deara go bhféadfaí go mbeadh an fiosrúchán ina éisteacht ó bhéal nó ina Scrúdú ar Dhoiciméid agus ar Aighneachtaí i Scríbhinn. Ní féidir le fiosrúchán mar Scrúdú ar Dhoiciméid agus ar Aighneachtaí i Scríbhinn leanúint ar aghaidh ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an múinteoir admháil iomlán agus i gcás nach bhfuil fíricí ar bith faoi dhíospóid. Reáchtáiltear fiosrúchán den chineál seo go príobháideach. 

Má reáchtáiltear éisteacht ó bhéal, deirtear san Acht go reáchtálfar go poiblí í ach amháin má chinneann an Painéal, tar éis dóibh iarratas ó mhúinteoir nó finné a mheas (lena n-áirítear an gearánach iad féin), go mbeadh sé iomchuí an éisteacht ó bhéal iomlán nó cuid di a reáchtáil go príobháideach, nó leanúint ar aghaidh go poiblí agus faisnéis aitheantais áirithe a dhéanamh anaithnid. 

Is féidir le baill an phobail agus leis na meán freastal ar éisteachtaí poiblí. Foilseofar féilire d’éisteachtaí poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, ó am go ham. Mar sin féin, ní fhoilseofar mionsonraí de chuid daoine atá bainteach leis na himeachtaí roimh na héisteachtaí. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil le haghaidh Finnéithe ag éisteachtaí os comhair Phainéal an Choiste Araíonachta, lena n-áirítear gluais téarmaí le haghaidh tagartha.  

Fiosrúchán a Chur i gCrích

Tar éis an fhianaise uile a mheas ag an bhfiosrúchán, rachaidh an Painéal i mbun plé i seisiún príobháideach agus ullmhóidh siad tuarascáil, a chuimseofar sonraí maidir le cé acu ar cruthaíodh nó an líomhain/na líomhaintí. Má reáchtáladh an fiosrúchán go poiblí, fógróidh an Painéal a gcinneadh go poiblí agus éistfidh siad le haighneachtaí a bhaineann le smachtbhannaí ina dhiaidh sin, nó ag dáta níos déanaí. Rachaidh an Painéal i mbun plé i seisiún príobháideach tar éis aighneachtaí smachtbhannaí a rinne foireann dlí an Stiúrthóra agus ionadaí dlí/ceardchumainn an mhúinteora, agus déanfaidh an Painéal cinneadh faoi aon smachtbhanna. Má reáchtáiltear an fiosrúchán go poiblí, fógróidh an Painéal a gcinneadh maidir le smachtbhannaí go poiblí. 

Má chinntear ceann de na smachtbhannaí is tromchúisí a fhorchur (i.e. coinníollacha maidir le feidhmiúlacht chun múineadh a cheangal le clárú múinteora, fionraí ón gclár ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain, nó baineadh den chlár ), beidh 21 lá ag an múinteoir achomharc a dhéanamh i gcoinne an smachtbhanna (neamhniú a lorg) chuig an Ard-Chúirt. Mura ndéanfar aon achomharc, ní mór don Chomhairle Mhúinteoireachta í féin iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt le haghaidh deimhniú ar chinneadh an Phainéil maidir le smachtbhannaí. Má dhéantar cinneadh múinteoir a bhaint de Chlár na Múinteoirí, beidh an bhaint sin buan mura ndéanfaidh an múinteoir iarratas choíche le filleadh ar an gclár. Ceanglaítear leis an Acht, áfach, go socróidh an Painéal Fiosrúcháin tréimhse ama ina bhféadfaidh an múinteoir iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar ais ar an gClár ina dhiaidh. Níl aon teidlíocht uathoibríoch ann go gcuirfear an múinteoir ar ais ar an gclár tar éis dóibh a bheith bainte. 

Cinntí an Fhiosrúcháin a Fhoilsiú

De réir an Achta, is faoin gComhairle Mhúinteoireachta atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu an mbaineann leas an phobail le cinntí an Phainéil agus/nó smachtbhannaí ar bith a chinn an Painéal a fhoilsiú. Bíonn sé seo infheidhme beag beann ar cé acu ar reáchtáladh an fiosrúchán go poiblí nó go príobháideach (lena n-áirítear fiosrúcháin trí Scrúdú ar Dhoiciméid agus ar Aighneachtaí i Scríbhinn). Má chinneann an Chomhairle go mbaineann leas an phobail le foilsiú, cuirfear na sonraí ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar feadh tréimhsí éagsúla, ó 6 mhí go 24 mí, ag brath ar an smachtbhanna atá i gceist. 

Taobh amuigh de cheanglais foilseacháin na Comhairle faoin Acht, ní dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta trácht ar chásanna aonair. 

Eolas Breise

Comhlíonfaidh an Chomhairle a hoibleagáidí tuairiscithe do chomhlachtaí i gcónaí, An Garda Síochána agus Tusla (An Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh) ina measc, maidir le cosaint leanaí agus daoine soghonta.