Aistrigh:
Gaeilge
English

A. Réamhrá

Rinneadh na treoirlínte seo (“na Treoirlínte”) a ullmhú mar chúnamh le linn a mheas cibé an duine cuí agus oiriúnach iarratasóir chun críche clárúcháin nó nach ea agus cibé an duine cuí agus oiriúnach múinteoir maidir le hathnuachan a dhéanamh ar a chlárú nó a clárú nó nach ea.

Luaitear prionsabail agus tosca ginearálta sna Treoirlínte a thabharfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta (“an Chomhairle”) san áireamh agus iarratas á mheas. D’fhéadfadh chomh maith gur mhian le hiarratasóirí maidir le clárúchán agus le múinteoirí cláraithe atá i mbun athnuachan ar an gclárúchán na Treoirlínte a cheadú i ndáil le cúrsaí cuibheas agus oiriúnachta nuair a bhíonn iarratas á chur faoi bhráid.

Tagann na Treoirlínte in ionad Iarratas ar iontráil ar Chlár na MúinteoiríTreoirlínte chun Ciontuithe agus Ionchúisimh Cúirte a Mheasúnú atá ar feitheamh os comhair na gCúirteanna (Leagan leasaithe arna aontú ag an gComhairle an 17 Meán Fómhair 2012). Is Treoirlínte atá iontu seo. Níl ceangal dlí i gceist leo. Ní fhágann imeacht ar bhealach ar bith ó na Treoirlínte seo nach bailí imeachtaí nó bearta a dhéantar dá réir sin.

B. Measúnuithe ar Dhuine Oiriúnach agus Cuí

Tá Clár na Múinteoirí (“an Clár”) curtha ar bun agus á choimeád ag an gComhairle. Mar chuid den chúram maidir leis an gClár sin a choimeád, déanann an Chomhairle iarratais ar chlárú a mheas. Éilítear, anuas air sin, ar mhúinteoirí iarratas a dhéanamh uair sa bhliain maidir leis an gclárú a athnuachan.

Le linn iarratas clárúcháin nó iarratas athnuachana a mheas, is minic go ndéanann an Chomhairle measúnóireacht maidir le cuibheas agus oiriúnacht an duine. Mar chuid de sin, toilíonn an t-iarratasóir leis an gComhairle nochtadh grinnfhiosrúcháin i leith an iarrtasóra a fháil ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, nó le nochtadh grinnfhiosrúcháin nó nochtadh ó phóilíní i dtír iasachta, sa chás go mbeadh feidhm leis sin. Anuas ar an méid sin, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ar an iarratasóir dearbhú dá c(h)uid féin a líonadh isteach agus eolas eile a chur ar fáil lena mheas maidir lena bheith cuí oiriúnach mar dhuine. Ní dhéanfaidh an Chomhairle iarratasóir a chlárú ná clárú an mhúinteora cláraithe a athnuachan mura mbíonn an Chomhairle cinnte gur duine cuí oiriúnach an té atá á iarraidh sin.

Tá ról na Comhairle maidir lena mheas an duine cuí oiriúnach an múinteoir tarmligthe le Painéal de chuid na Comhairle ar a dtugtar an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (“an Painéal”) agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin (“an Grúpa Athbhreithnithe”). Ar na cineálacha ceisteanna is féidir leis an bPainéal agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe a thabhairt faoi mheas tá, cé nach teoranta ina leith seo amháin é, na nithe seo a leanas:

a) Sonraí maidir le taifead coireachta an duine (i.e. ciontú nó ionchúiseamh atá ar feitheamh), a luaitear ar nochtadh grinnfhiosrúcháin nó ar ghrinnfhiosrúchán ón iasacht nó ar nochtadh póilíní.

b) Faisnéis shonraithe a luaitear ar nochtadh grinnfhiosrúcháin a fhaightear ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Is faisnéis í seo i ndáil le cinneadh nó líomhain díobhála a fhaightear ón nGarda Síochána nó ó eagraíochtaí áirithe eile a dtagraítear dóibh sna hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 2012 go dtí 2016, lena n-áirítear comhlachtaí éagsúla rialála.

c) Imeachtaí araíonachta arna reáchtáil ag comhlachtaí eile, mar shampla, ag leathchomhlacht na Comhairle Múinteoireachta i dtír iasachta.

Sa chás go dtagann ábhar buartha chun aire na Comhairle a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shocrú cibé an duine cuí oiriúnach an duine nó nach ea, déanann an Painéal an cás a mheas ar an gcéad dul síos. Sa chás gurb é cinneadh an Phainéil clárú nó athnuachan ar chlárú a dhiúltú nó coinníollacha a cheangal leis an gclárú, is féidir leis an iarratasóir a éileamh go ndéanfadh Grúpa Athbhreithnithe na Comhairle maidir le cúrsaí Clárúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh sin. Is féidir leis an iarratasóir ina dhiaidh sin achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt maidir le cinneadh clárú nó clárú a athnuachan a dhiúltú nó coinníollacha a chur ag gabháil leis. Tá eolas iomlán faoin bpróiseas agus faoin nós imeachta ar fáil sa nós imeachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta a fhoilsítear faoin teideal Nós Imeachta – Measúnacht maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht (Clárú agus Clárú a Athnuachan).

C. Prionsabail Ghinearálta

  1. I gcás gur tharla ciontú nó gur tugadh breith, ní fóram d’athéisteacht ar argóint a d’fhéadfaí a dhéanamh sa Chúirt nó i bhfóram eile atá i gceist leis an gcás a mheas. Is pointe fíorais aon chiontú nó breith de chuid chomhlachtaí eile. Is é a bhíonn á mheas ag an bPainéal agus ag an nGrúpa Athbhreithnithe cibé an duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir maidir lena bheith i mbun múinteoireachta, sa chás go mbeadh taifead coireachta nó taifead araíonachta ag gabháil leis an iarratasóir.
  2. Sa chás go mbíonn ionchúiseamh ar feitheamh nó imscrúdú leanúnach ar siúl, cuirfear go hiondúil, go háirithe sa chás gur cion tromchúiseach nó ceist araíonachta thromchúiseach atá i gceist, in iúl don iarratasóir maidir le clárúchán nach ndéanfar an t-iarratas ar chlárúchán a mheas go fóill. Molfar don iarratasóir iarratas ar chlárú a chur isteach arís an tráth a mbíonn an t-ionchúiseamh nó an t-imscrúdú tugtha chun críche.
  3. Sa chás go mbíonn ionchúiseamh ionchais nó imscrúdú leanúnach i gceist maidir le múinteoir cláraithe atá ag iarraidh go ndéanfaí athnuachan ar an gclárú ina leith, agus sa chás gur cion nó ceist araíonachta thromchúiseach atá i gceist, is féidir sin a thabhairt chun aire Choiste Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta ionas gur féidir leis an gcoiste sin a shocrú an ndéanfar iarratas leis an ArdChúirt maidir le hordú clárú an mhúinteora sin a chur ar fionraí go ceann tréimhse áirithe ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfadh gur go dtí go dtugtar an t-ionchúiseamh ionchais nó an t-imscrúdú leanúnach chun críche an tréimhse a shonrófaí. Is féidir clárú múinteora a athnuachan faoi réir ag coinníoll nó ag an múinteoir geallúint i scríbhinn a chur ar fáil go gcuirfear an Chomhairle ar an eolas faoin toradh a bhíonn ar an ionchúiseamh ionchais nó ar an imscrúdú leanúnach. D’fhéadfadh, anuas air sin, go ndéanfaí measúnacht eile maidir leis an múinteoir a bheith cuí oiriúnach mar dhuine tráth a mbeadh athnuachan le déanamh ar an gclárú arís.
  4. Féachfaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe le gníomhú go réasúnach agus i gcomhréir leis an eolas atá ar fáil.
  5. Tabharfaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe gach eolas atá ar fáil a bhaineann le hábhar san áireamh. Tagann i gceist leis sin gach ábhar agus eolas a chuireann an t-iarratasóir faoi bhráid atá ag iarraidh go ndéanfaí é nó í a chlárú nó go ndéanfaí athnuachan ar an gclárú, teistiméireachtaí maidir le dea-cháil agus teistiméireachtaí fostaíochta san áireamh.
  6. Déanfaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe gach eolas a mheas ar bhealach cuimsitheach comhréireach, leis an aird chuí ar leas an phobail, lena n-áirítear:
    1. Cosaint an phobail, daltaí, leanaí agus daoine leochaileacha san áireamh.
    2. Muinín an phobail i ngairm na múinteoireachta a chaomhnú
    3. An tábhacht atá le caighdeáin chuí iompair a choinneáil i bhfeidhm (tá tábhacht le Cód Iompair Ghairmiúil na Comhairle Múinteoireachta ina leith sin).
  7. Luafaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe cúiseanna leis an gcinneadh.

D. Tosca a thugtar san áireamh le Measúnacht maidir le Duine a bheith Cuí Oiriúnach

1. Is féidir leis an bPainéal agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe, ag teacht dóibh ar chomhairle maidir leis an duine a bheith cuí oiriúnach nó a mhalairt, aird a bheith acu ar roinnt de na tosca seo a leanas nó ar iomlán na dtosca seo a leanas:

a) Cineál an chiona nó na ceiste araíonachta;

b) A thromchúisí atá an cion nó an cheist araíonachta;

c) An toradh, aon phianbhreith nó smachtbhanna a ghearrtar san áireamh agus géire na pianbhreithe nó an smachtbhanna sin; d) Sa chás gur mó ná cion amháin nó ceist araíonachta amháin atá i gceist, cibé an bhfuil pátrún atitimeachas nó athchiontaitheoireachta i gceist nó nach bhfuil;

e) Aois agus cúinsí eile maidir leis an iarratasóir tráth an chiona nó na ceiste araíonachta;

f) An tréimhse ama atá caite ó thráth an chiona nó na ceiste araíonachta;

g) An dóigh inar phléigh an t-iarratasóir leis na himeachtaí. Sa chás gur phléadáil an t-iarratasóir ciontach nó go ndearnadh admháil, is féidir sin a thabhairt san áireamh;

h) Cibé an raibh nó nach raibh sárú tromchúiseach iontaoibhe i gceist;

i) Cibé an bhfuil nó nach bhfuil, mar gheall ar chineál an chiona nó na ceiste (na gceisteanna) araíonachta atá faoi chaibidil, cion nó ceist araíonachta ina chúis le himní faoi leith i ndáil le ról an iarratasóra mar mhúinteoir nó i ndáil le caidreamh le daoine óga, le leanaí nó le daoine leochaileacha go ginearálta;

j) Sa chás go mbaineann an cion nó an cheist araíonachta leis an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann, is féidir na tosca a liostaítear anseo ó a) go dtí m) a thabhairt san áireamh agus, chomh maith leis sin, cúrsaí polaitíochta ag an am agus cibé ar measadh nó nár measadh an té atá i gceist a bheith i dteideal a ligean amach go luath i gcomhréir le Comhaontú Bhéal Feirste;

k) A mhéid atá athshlánú déanta air féin nó uirthi féin ag an iarratasóir;

l) An leibhéal léargais agus athmhachnaimh a léirítear;

m) Cibé an ndearna nó nach ndearna an t-iarratasóir maidir le clárú nó clárú a athnuachan an eachtra nó na heachtraí a lua leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

2. Ní liosta sáriomlán an liosta thuas.

3. Beidh aird faoi leith ag an bPainéal agus ag an nGrúpa Athbhreithnithe ar chionta nó ar cheisteanna araíonachta lena mbaineann cúrsaí gnéis, foréigin, mímhacántachta nó drugaí.

4. Is féidir leis an bPainéal agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe an dóigh inar fhreagair an t-iarratasóir iad agus ina ndearna an t-iarratasóir cumarsáid leo a thabhairt san áireamh chomh maith.