Aistrigh:
Gaeilge
English

Seirbhísí tacaíochta

Cuireann an Roinn Oideachais na seirbhísí tacaíochta seo ar fáil:

Tacaíocht um Chúnamh d’Fhostaithe

Féachann an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (EAS) go mbíonn teacht ag múinteoirí agus neasteaghlaigh ar chomhairleoireacht rúnda agus is ann di chun cuidiú le daoine atá ag iarraidh déileáil le deacrachtaí ina saol pearsanta nó ag an obair. Cuirtear comhairleoireacht ar fáil i leith deacrachtaí amhail sláinte, caidrimh, andúilí, méala, strus, aighneas, teagmhas criticiúil agus tráma.

Is seirbhís saor in aisce agus faoi rún í atá ar fáil do mhúinteoirí 24 uair in aghaidh an lae, 365 lá sa bhliain.

Tá breis eolais faoi Thacaíocht um Chúnamh d’Fhostaithe le fáil  anseo. 

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)

Oibríonn síceolaithe SNSO le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna araon agus iad ag plé le cúrsaí foghlamtha, iompraíochta, forbairt shóisialta agus mhothúchánach. Cuireadh grúpa scoileanna chuig gach síceolaí.

Tá tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais le fáil.

Catalóg Acmhainní Folláine do Scoileanna

Is é atá sa Chatalóg Acmhainní ná liosta nach bhfuil uileghabhálach de dhoiciméid agus d’acmhainní a sholáthraíonn an Roinn Oideachais, a gníomhaireachtaí, a seirbhísí tacaíochta, Ranna Rialtais eile agus a ngníomhaireachtaí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun cabhrú le cur chun cinn na folláine ar fud pobal scoile.