Aistrigh:
Gaeilge
English

Creidiúnú Gairmiúil na gClár OTM

Is ionann creidiúnú gairmiúil do ghairm ar bith agus breithniú maidir le cibé an ullmhaíonn an clár an duine d’iontráil sa ghairm sin. Tá an creidiúnú gairmiúil difriúil ó chreidiúnú acadúil, atá bunaithe ar oiriúnacht cláir maidir le céim/dioplóma a fháil.

Caithfidh creidiúnú gairmiúil a bheith ag gach clár oideachas múinteoirí in Éirinn as ar eascair clárúchán.

Dréacht-Nósanna Imeachta um Chreidiúnú Gairmiúil na gClár Oideachais Tosaigh Múinteoirí (PDF)

Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí

I mí na Samhna 2020, lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin leasaithe do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (PDF).

Ní mór do chláir nua bhunscoile agus iar-bhunscoile a chuirtear isteach le creidiúnú a fháil ón gComhairle a bheith i gcomhréir le Céim.

Socrúchán Scoile

Is cuid ríthábhachtach d’oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) é mar go gcuireann sé ar chumas an mhúinteora atá faoi oiliúint taithí a fháil ar theagasc agus ar fhoghlaim i réimse comhthéacsanna éagsúla, agus páirt a ghlacadh i saol na scoile ar bhealach atá struchtúrtha agus tacaithe.

Treoirlínte maidir le Socrúcháin Scoile (Béarla)

Breisoideachas

Ní mór d’iarratasóirí ar chlárú don earnáil breisoideachais, cáilíocht oideachais múinteoirí breisoideachais atá ceadaithe ag an gComhairle a bhaint amach.

Féach ar Cláraigh mar mhúinteoir Breisoideachais.

Further Education: General and Programme Requirements for the Accreditation of Teacher Education Qualifications (PDF)

Liosta de na cláir creidiúnaithe

I gcás ina ndeonaítear creidiúnú, foilseofar tuarascálacha ar athbhreithniú an chláir ar an leathanach comhfhreagrach.

Cláir Creidiúnaithe – Teaching Council

Droichead

Is creat ionduchtaithe gairmiúil comhtháite é Droichead do mhúinteoirí nuacháilithe (MNC). Is é príomhchuspóir phróiseas Droichead tacú le foghlaim ghairmiúil MNCanna le linn na céime ionduchtaithe, agus ar an gcaoi sin an bhunchloch a leagan don fhás agus don fhoghlaim ghairmiúil ina dhiaidh sin don chéad chéim eile dá ngairm bheatha.

Beartas Droichead agus dearbhú cáilíochta