Labhair muid le múinteoirí faoi thábhacht na héagsúlachta sa seomra ranga agus an fáth go bhfuil an infheictheacht tuillte ag cách.
[Ceol]
Ntube Ntoko (Múinteoir faoi oiliúint, iar-bhunscoil):
Go bunúsach bhí mé ag déanamh cúrsa cnáimhseachais in Institiúid an Chabháin agus ansin nuair a tháinig an múinteoir matamaitice isteach ba gheall gur las mé suas agus gach rud ag teacht ar ais chugam ón uair a bhí mé ar ais sa scoil, bhí gach rud an-éasca agus dúirt mé liom féin gur mhó an scleondair a bhí orm le bheith ag déanamh matamaitice ná altranais, agus gurbh léir go raibh an rud mícheart ar bun agam.
[Ceol]
Is dóigh liom gur chreid mo mhúinteoirí ionam i gcónaí agus go ndúirt siad i gcónaí go raibh an cumas uile agam. Fiú nuair a bhíodh frustrachas orm bhíodh siad a rá “Tusa atá ann, Ntube!” “Is féidir leat é seo a dhéanamh” mar sin, mar gheall ar an gcreideamh sin ionam, chreid mé ionam féin.
Nuair a shiúlaim isteach sa scoil agus nuair a fheiceann tú mac léinn ón Afraic, féachann siad ort agus déanann siad a gcinn a chlaonadh i do threo. Sa chlaonadh cinn sin, níl a fhios agam conas é a mhíniú ach feiceann tú duine atá cosúil leatsa agus déanann tú do cheann féin a chlaonadh fiú mura bhfuil aithne agat orthu.
Fiú amháin le mionlaigh áirithe eile tá forluí ann ar bhealach éigin, a bhaineann le bheith mar chuid de phobal mionlaigh, agus mar sin glacann siad chucu féin thú dá bharr toisc go bhfeiceann siad cosúlachtaí eadrainn.
Is breá liom é i ndáiríre, mar más féidir liom é a dhéanamh is amhlaidh gur féidir leofa. Más féidir liom aon duine a spreagadh chun féachaint ormsa agus a fheiceáil, “Ceart go leor, is féidir liom a bheith cosúil léi” tá cuid de mo phost mar mhúinteoir déanta agam, bhfuil a fhios agat, chun doras eile a oscailt dóibh.
[Ceol]
Baineann claochlú leis an múinteoireacht. Múnlaigh an t-am atá romhainn.
Tá go leor bealaí ann chun a bheith i do mhúinteoir, más clár fochéime nó iarchéime d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí a roghnaíonn tú. Chun rochtain a fháil ar chláir oideachas tosaigh múinteoirí, ní mór duit na bunriachtanais iontrála, atá leagtha síos ag an Aire Oideachais, i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta, a chomhlíonadh.
Tuilleadh eolais
Roghnaigh rogha thíos chun tuilleadh eolais faoi bheith i do mhúinteoir bunscoile, iar-bhunscoile nó breisoideachais a fháil.
Bunscoil
To become a primary teacher in Ireland, you must complete a programme of initial teacher education (ITE).
Iar-bhunscoil
To become a post-primary teacher in Ireland, you must complete a programme of initial teacher education (ITE).
Breisoideachas
Ní mór d'iarratasóirí ar mian leo clárú mar mhúinteoir san earnáil Breisoideachais na riachtanais atá leagtha amach i mBealach 3 de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú]
Cúnamh airgid
Is é an príomh-chúnamh airgid atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais lánaimseartha ná an deontas mac léinn, a bhféadfadh deontas cothabhála nó deontas táillí a bheith san áireamh leis, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus cúnamh airgid eile agus na critéir don Scéim Táillí In Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile:
- Is féidir eolas a fháil ar chláir scoláireachta agus sparánachta eile ag gov.ie/dfheris
- Is é Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás sparánachta náisiúnta na hÉireann do gach deontas ardoideachais agus breisoideachais.
- Is ciste tiomanta é an Clár um Rochtain ar Ardoideachas atá roinnte i dtrí shnáithe, tiomanta do rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht san ardoideachas amhéadú.