Aistrigh:
Gaeilge
English

Faoin Acht seo, ní mór do na brústocairí tuairisc a thabhairt ar gach cineál idirghníomhaíochta ábhartha idir comhlachtaí brústocaireachta agus Oifigigh Phoiblí Ainmnithe (DPOanna). Feidhmíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) mar rialtóir brústocaireachta agus d’fhorbair sé Cód Iompair agus bhunaigh sé clár brústocaireachta ar líne. Tá an dá cheann ar fáil ag www.lobbying.ie. 

Leagann Cód SIPO síos caighdeáin iompair do dhaoine a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta. Ní mór d’aon pháirtí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta den sórt sin, lena n-áirítear fostóirí, tríú páirtithe, comhlachtaí ionadaíocha nó abhcóideachta agus daoine aonair araon, aird a thabhairt ar an gCód agus iad i mbun cumarsáide le comhlachtaí poiblí agus oifigigh phoiblí. 

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Ceanglaíonn alt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Tá dhá aidhm leis an liosta: 

  1. Chun ligean don phobal na daoine sin atá ina n-oifigí poiblí ainmnithe a shainaithint; agus 
  2. Mar acmhainn do bhrústocairí a chomhdaíonn tuairisceán ar an gClár a bhféadfadh go mbeadh orthu sonraí oifigeach poiblí ainmnithe a aimsiú 

Is iad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe (DPOanna) laistigh den Chomhairle Mhúinteoireachta ná: 

Ról DPOanna
Stiúrthóir  An Dr Lynn Ramsey 
Leas-Stiúrthóir Oibríochtaí Phil Fox 
Leas-Stiúrthóir Rialachais agus Straitéise Margaret Hynds O’Flanagan
Ceannasaí um Chlaochlú Digiteach Jennifer Doyle
Ceannasaí na gCaighdeán Gairmiúla  Finola O’Dwyer 
Ceannasaí Beartais agus Cumarsáide  Bríd Murphy 
Ceannasaí Clárúcháin  Siobhán Healy 
Ceannasaí Airgeadais agus TF  Harry McGeary 
Ceannasaí Aitheantais  Laura Egan 
Ceannasaí Gnóthaí Corparáideacha agus Acmhainní Daonna  Ruth Flynn 

Grúpaí Oibre atá ag feidhmiú faoin gCód Trédhearcachta

Éilíonn an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil freisin go bhfoilseofar faisnéis a bhaineann le haon Ghrúpaí Oibre atá ag feidhmiú faoin gCód Trédhearcachta. Cáilíonn grúpaí dá leithéid, ar a dtugtar “comhlachtaí ábhartha” do chumarsáid dhíolmhaithe ón Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ní mór dóibh a ngníomhaíochtaí a dhéanamh de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta. Ní mór sraith faisnéise a bhaineann le hobair an ghrúpa a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na heagraíochta. 

Níl aon Ghrúpaí Oibre i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair.