Aistrigh:
Gaeilge
English

Stádas um Chomhlíonadh 

Tá an suíomh gréasáin seo comhlíontach go páirteach leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 Leibhéal AA. 

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta do shuíomh gréasáin a sholáthar a bhfuil rochtain ag an bpobal is leithne is féidir air, gan beann ar theicneolaíocht ná ar chumas. Táimid ag obair faoi láthair le IA Labs agus le Vision Ireland lena chinntiú go gcomhlíonaimid na caighdeáin inrochtaineachta. Tá feabhas leanúnach á chur againn ar eispéireas an úsáideora do chách agus muid ag cloí leis na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha an tráth céanna. 

Leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (2.1), sainítear na ceanglais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. 

NCBI and IA Labs certification badge

Gnéithe Inrochtaineachta an tSuímh Ghréasáin Seo 

Nasc scipeáil chuig ábhar – i bhfeidhm ar gach leathanach gréasáin chun ligean d’úsáideoirí gabháil thar na míreanna céanna ar nós pánaí nascleanúna. 

Íomhánna inrochtana – chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi theicneolaíochtaí cúnta maidir le hábhar íomhá. 

Foirmeacha inrochtana – a bhfuil an t-ord agus an bailíochtú fócais ceart acu. 

Téacs úsáideach tuairisciúil ar naisc – chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoin áit a rachaidh siad leis an nasc. 

Ábhar atá struchtúrtha i gceart agus úsáid mhaith ceannteidil air – chun inléiteacht a mhéadú agus chun cabhrú le húsáideoirí a bhfuil léitheoir scáileáin nó teicneolaíochtaí cúnta eile á n-úsáid acu. 

Comhoiriúnacht córas oibriúcháin trasardáin agus nascleanúint mhóibíleach – chun comhsheasmhacht a chinntiú maidir le leagan amach agus nascleanúint na ngléasanna agus na gcóras oibriúcháin uile. 

Ábhar Neamh-Inrochtana 

Níl an t-ábhar sa liosta thíos go hiomlán inrochtana: 

  • Cruthaigh Cuntas – Nasc Cruthaithe Cuntais a Iarraidh – Ní féidir le húsáideoirí léitheora scáileáin rochtain a fháil ar an réimse dáta breithe ar an bhfoirm. Tá obair ar bun againn chun an roghnóir dáta a bhaint agus é a chur ar a gcumas do gach úsáideoir clóscríobh sa réimse foirme sin. 
  • Físeáin – tá obair ar bun againn chun tras-scríbhinn téacs a chur le gach físeán. 

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo 

D’ullmhaigh IA Labs an ráiteas inrochtaineachta seo. Chuige sin, rinne IA Labs tástálacha de láimh agus uathoibrithe inrochtaineachta éagsúla agus úsáid á baint as ardáin éagsúla ar nós Windows (JAWS, NVDA), Mac (VoiceOver), iOS (VoiceOver), agus Android (TalkBack), mar aon leis na huirlisí inrochtaineachta dúchais a bhaineann leo. Cruthaíodh loga mionsonraithe saincheiste chun é a thomhas de réir chaighdeáin 2.1 na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán. Cuireadh na saincheisteanna sin faoi bhráid na foirne forbartha atá ag leasú na saincheisteanna sin agus ag tabhairt an tsuímh ghréasáin i gcomhréir le caighdeáin 2.1 AA na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán. 

 Chruthaigh  IA Labs an ráiteas seo i mí Feabhra 2024. 

 Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach  ar an ráiteas i mí Feabhra 2024. 

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála 

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta don inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Fáiltímid roimh aon aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo. 

Má tá barúil nó gearán agat faoi inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo, seol ríomhphost chuig ár nOifigeach Rochtana, Stephen Conneally ag info@teachingcouncil.ie. 

Más maith leat ábhar ar leith a iarraidh i bhformáid inrochtana, cuir na mionsonraí seo a leanas san áireamh: 

  • An fhormáid atá uait. 
  • An t-ábhar ar mhaith leat a fháil (agus url an ábhair sin san áireamh le do thoil). 
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist. 

Déanfaimid ár ndícheall d’iarraidh a chomhlíonadh. 

Nós imeachta um fhorfheidhmiú 

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt, nó más mian leat saincheist inrochtaineachta a chur nach bhfuil bainteach leis an suíomh gréasáin seo, is féidir iarraidh ar an Ombudsman é a fhiosrú. Déan teagmháil leis an Ombudsman nó léigh an treoir maidir le gearán a dhéanamh. 

Seoladh poist: An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara, W23 Y7X0 

Ríomhphost: communications@teachingcouncil.ie 

Fón: (01) 6517900 

Oifigeach Rochtana 

Déanann ár nOifigeach Rochtana ceisteanna agus gearáin maidir le hinrochtaineacht a láimhseáil. 

Is é ról an Oifigigh Rochtana cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas a bhaineann úsáid as ár seirbhísí. 

Is é Stephen Conneally an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag info@teachingcouncil.ie. 

Is é uimhir theagmhála na Comhairle Múinteoireachta +353 1 651 7900