Aistrigh:
Gaeilge
English

Grinnfhiosrúchán agus amlínte imréitigh póilíní thar lear

Grinnfhiosrúchán

Féadfaidh an próiseas grinnfhiosrúcháin suas le 6 seachtaine a ghlacadh. Athraíonn na hamlínte do gach iarratas, toisc go mbraitheann sé ar na cuardaigh riachtanacha nach mór don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) a dhéanamh mar chuid den phróiseas.

Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú agus ar ghrinnfhiosrúchán 12 seachtain ar a laghad sula mbíonn sé i gceist agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur leis an múinteoireacht.

Imréiteach ó thar lear (iarratasóirí ar chlárú amháin)

Má tá iarratas ar chlárú á dhéanamh agat agus má bhí cónaí ort lasmuigh d’Éirinn nó de Thuaisceart Éireann ar feadh tréimhse charnach de 12 mí nó níos mó tar éis duit ocht mbliana déag d’aois a bhaint amach (i.e. nuair a chuireann tú na tréimhsí ama ar fad le chéile, is ionann é agus 12 mí nó níos mó), ní mór duit fótachóip a chur ar fáil de d’imréiteach náisiúnta póilíneachta (ní imréiteach stáit) do gach tír ina raibh cónaí ort iontu.

Moltar duit an t-imréiteach a lorg chomh luath agus is féidir mar go bhféadfadh sé go dtógfadh an próiseas seo píosa ama.

Léigh ár leathanach imréitigh póilíní thar lear le haghaidh tuilleadh eolais.

Amlínte clárúcháin do mhúinteoirí a cháiligh i bPoblacht na hÉireann

D’fhéadfadh an próiseas clárúcháin suas le 6 seachtaine a thógáil le gach foirm iarratais a admháil, doiciméid grinnfhiosrúcháin san áireamh, agus ag brath ar an am den bhliain. Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú sula bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur léi.

Amlínte clárúcháin do mhúinteoirí a cháilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

D’fhéadfadh an próiseas measúnaithe agus clárúcháin suas le 12 sheachtain a thógáil le gach foirm iarratais a fháightear a adhmháil agus ag brath ar an am den bhliain. Moltar duit iarratas a dhéanamh ar chlárú sula bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an múinteoireacht nó tús a chur léi.