Aistrigh:
Gaeilge
English

Iarratasóirí atá ag cur isteach ar chlárúchán

Má chaith tú tréimhse charnach 12 mhí nó níos mó lasmuigh d’Eirinn tar éis duit a bheith 18 mbliana d’aois, ní mór duit cóip de do imréiteach póilíní a chur isteach do gach tír ina raibh tú i do chónaí.

Caithfidh na teastais imréitigh seo an tréimhse chónaithe iomlán i ngach tír a chlúdach.

Múinteoirí cláraithe

Más múinteoir cláraithe tú atá faoi ghrinnfhiosrúcháin le haghaidh fostaíochta nó chun do chlárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrúchán), ní gá duit imréiteach póilíneachta thar lear a chur ar fáil.

Cúinsí eisceachtúla

Forchoimeádaimid an ceart againn féin dearbhú faoi mhionn a lorg sa chás nach bhfuil nochtadh sásúil um thaifid póilíní/choiriúla ar fáil.

Seolfaimid Foirm Dhearbhaithe chugat sna cúinsí ach amháin sna cúinsí seo a leanas amháin:

  • Tá an tír ábhartha ag cogadh nó ag dul faoi shuaitheadh suntasach
    polaitiúil nó
  • Is eol don Chomhairle Mhúinteoireachta nach bhfuil imréiteach póilíní infhaighte ach ag cónaitheoirí na tíre atá i gceist

Bhí an t-iarratasóir:

  • Ag taisteal tríd an tír agus ní raibh aon seoladh seasta aige/aici
  • Ina c(h)ónaí sa tír ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí
  • Ina c(h)ónaí sa tír breis agus 10 mbliana ó shin
  • Chuir sé/sí comhfhreagras ar fáil a léiríonn nach féidir imréiteach póilíní a fháil.