Aistrigh:
Gaeilge
English

Cad is Féilte ann?

Tá imeacht FÉILTE na Comhairle Múinteoireachta ar siúl gach bliain ó 2012 i leith. Gach bliain, chuirtí an iliomad taispeántas, ceardlann agus cruinnithe teagaisc agus go leor eile ar siúl ag FÉÍLTE. D’éascaigh an t-imeacht bliantúil foghlaim ghairmiúil múinteoirí agus thacaigh sé leis an bhfoghlaim sin ar go leor bealaí, lena n-áirítear trí chomhrá, trí smaointe a roinnt, agus trí spás a sholáthar do mhúinteoirí chun teacht le chéile.

In ionad imeacht bliantúil Féilte, tá Sparánacht Féilte á bunú againn anois.

Tacóidh an scéim sparánachtaí nua seo le scoileanna bualadh le chéile, taithí a roinnt agus foghlaim óna chéile ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.

Sonraí Sparánachtaí Féilte

Tá Sparánacht Féilte deartha chun tacú le cultúr de chomhoibriú gairmiúil, comhroinnt eolais, agus cur chun cinn na múinteoireachta mar ghairm.

Is féidir le scoileanna an sparánacht seo a úsáid chun comhoibriú le scoileanna eile chun gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla áitiúla a eagrú agus a óstáil a thugann aghaidh ar riachtanais agus ar spéiseanna a bpobal scoile.

Chun an mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm, ní mór do gach faighteoir sparánachta sócmhainn dhigiteach a chruthú a thaispeánfaidh a ngníomhaíocht nó toradh a ngníomhaíochta.

Beidh scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar sparánachtaí de €2,000, €3,000, agus €5,000 chun tacú le gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla comhoibríocha ina bpobail scoile.

Cad chuige a bhfuil an sparánacht?

Féadfaidh scoileanna an sparánacht sin a úsáid chun gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla áitiúla a eagrú agus a óstáil ar ghníomhaíochtaí iad lena dtugtar aghaidh ar riachtanais agus leasanna a bpobal scoile.

Ní mór do na gníomhaíochtaí a ailíniú le ceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

Pobail Foghlama Gairmiúla a Chruthú: Comhoibriú le scoileanna eile sa cheantar áitiúil chun pobail foghlama gairmiúla a chruthú i dtaca le leasanna oideachais comhroinnte.

Ceardlanna/Imeachtaí a Óstáil: Múinteoirí ó scoileanna éagsúla a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais a roinnt agus chun foghlaim óna chéile (e.g. lá um fhoghlaim chomhroinnte).

Cuireadh a thabhairt do chainteoirí: A shocrú go dtabharfaidh cainteoir seisiún forbartha nó faisnéise do mhúinteoirí i do scoil nó i gcnuasach scoileanna.

Imeachtaí/Cláir Chomhpháirteacha um Fhorbairt Ghairmiúil: Comhoibriú le scoileanna eile chun imeacht nó clár forbartha gairmiúla a eagrú i ndáil le hábhair cosúil le dearadh uilíoch don fhoghlaim, teicneolaíocht san oideachas, nó cleachtas athchóiritheach.

Staidéar Ceachta a Eagrú: Dul i gcomhpháirtíocht le scoileanna eile chun staidéar ceachta a dhéanamh ina ndéanann múinteoirí foghlaim agus múinteoireacht a phleanáil chomh maith le breathnú agus anailís a dhéanamh orthu.

Téamaí Iarratais

Ní mór d’iarratais a bheith bunaithe ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas:

  • Cleachtas Ionchuimsitheach

  • Teaching of Gaeilge

  • Ceannaireacht agus Caidreamh Gairmiúil

  • Folláine

  • Ailíniú le beartas ainmnithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta nó le Beartas nó Straitéis de chuid na Roinne Oideachais e.g. Cosán, Droichead, SSE (Ag breathnú ar an Scoil Againne).

Conas a dhéanaim iarratas?

Léigh na treoirlínte iarratais anseo

Cuir isteach d’fhoirm iarratais ar líne anseo

Treoirlínte Iarratais

Foirm Iarratais

Ceisteanna?

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag feilte@teachingcouncil.ie