Conas is féidir rochtain ar fháil ar mo nochtadh grinnfhiosrúcháin?
Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a rochtain:
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
- Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
- Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh
Tógfaidh sé seo thú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin áit ar féidir leat do dhoiciméad nochtadh grinnfhiosrúcháin a fheiceáil agus a roinnt.
Conas is féidir liom mo nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt?
Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a roinnt:
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
- Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
- Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh
Tógfaidh sé seo tú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin.
- Cliceáil ar an gcnaipe, Roinn Nochtadh
Tógfar tú go dtí foirm ar líne áit ar féidir leat seoladh ríomhphoist an duine nó na heagraíochta a theastaíonn uathu do nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil a chur isteach.
Cén fáth nach bhfeicim ach nochtadh grinnfhiosrúcháin amháin?
Ní choinnímid ach nochtadh amháin duit ag am ar bith.
Má rinneadh áth-grinnfhiosrúchán ort, is é an nochtadh nua an t-aon nochtadh grinnfhiosrúcháin atá le feiceáil i do chuntas Mo Chlárú.
Níl aon nochtadh ann nuair a logálaim isteach i mo chuntas Mo Chlárú
Muna féidir leat do nochtadh a fheiceáil, déan teagmháil linn le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig vetting@teachingcouncil.ie.
Cén fáth ar roghnaíodh mé le haghaidh ath-ghrinnfhiosrúcháin?
Mar mhúinteoir cláraithe, tá ceangal dlí ort tabhairt faoin ath-ghrinnfhiosrúchán gach trí bliana.
Má tá nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) agat atá trí bliana d’aois, gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta le nasc chun próiseas iarratais le haghaidh ath-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlíonadh.
Caithfidh tú an próiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin a chríochnú nuair a iarrtar é chun do chlárú a nuashonrú.
Cá fhad a mhairfidh bailíocht mo ghrinnfhiosrúcháin?
Tá beartas ath-ghrinnfhiosrúcháin i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireacht lena n-éilítear ar mhúinteoirí cláraithe an próiseas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh gach trí bliana bunaithe ar an dáta a chláraigh siad. Mar sin, gheobhaidh tú fógra ón gComhairle gach trí bliana tuairim is sé mhí roimh dháta athnuachana do chláraithe lena gcuirfear in iúl duit go gcaithfidh tú ath-ghrinnfhiosrúcháin a dhéanamh ionas go mbeidh tú incháilithe chun do chlárú a athnuachan.
Leanfaidh do nochtadh grinnfhiosrúcháin de bheith bailí le haghaidh clárúcháin go dtí go mbeidh an próiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin curtha i gcrích agat. Chun do chlárú a athnuachan, caithfidh tú ath-ghrinnfhiosrúchán a chur i gcrích.
Iarratas grinnfhiosrúcháin céim 1 a rianú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Is féidir, is féidir céim 1 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú agus is féidir an stádas a sheiceáil ar do chuntas Mo Chlárú.
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú.
- Cliceáil an deilbhín Ghrinnfhiosrúchán ar an scáileán.
- Déan tagairt don rannóg ‘Iarratas Grinnfhiosrúcháin reatha.’.
- Anseo is féidir leat stádas chéim 1 de d’iarratas ath-ghrinnfhiosrúcháin a sheiceáil.
Iarratas grinnfhiosrúcháin céim 2 a sheiceáil leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin
Is féidir, is féidir céim 2 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a rianú.
Sa ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) beidh uimhir rianaithe. Úsáid an uimhir rianaithe chun dul chun cinn d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú (san fhíor-am).
D'aistrigh mé go scoil eile / tá post nua agam. Conas a thabharfaidh mé faoi ghrinnfhiosrúchán?
Má athraíonn tú poist, is féidir le d’fhostóir scoile nua a iarraidh go ndéanfar tú a ath-ghrinnfhiosrúcháin. Is féidir é seo a dhéanamh trí do chuntas Mo Chlárú.
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú.
- Cliceáil an deilbhín Ghrinnfhiosrúchán ar an scáileán.
- Tagair don rannóg ‘Iarratas a dhéanamh ar Ghrinnfhiosrúchán (seachas an Ath-Ghrinnfhiosrúchán).
- Lean na céimeanna chun d’iarratas a chur isteach.
Tuilleadh eolais
Téigh go dtí na suíomh gréasáin seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil ar grinnfhiosrúchán:
- An Chomhairle Mhúinteoireachta – teachingcouncil.ie
- An Roinn Oideachais agus Scileanna – education.ie
- An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin – garda.ie