Tá 37 ball ar an gComhairle a leagtar amach mar seo a leanas:
- 11 múinteoir bunscoile, naonúr tofa agus beirt ainmnithe ag ceardchumann na múinteoirí
- 11 múinteoir iar-bhunscoile, seachtar tofa agus ceathrar ainmnithe ag ceardchumainn na múinteoirí
- 2 ainmnithe ag coláistí oideachais
- 2 ainmnithe ag coláistí triú leibhéal sonraithe
- 4 ainmnithe ag bainistíocht scoile (beirt don bhunleibhéal agus beirt don iar-bhunleibhéal)
- 2 ainmnithe ag cumainn tuismitheoirí (duine don bhunleibhéal agus duine don iar-bhunleibhéal)
- 5 ainmnithe ag an Aire Oideachais, ar a n-áirítear duine amháin mar ionadaí IBEC agus duine amháin mar ionadaí ICTU.
Comhaltaí na Comhairle
Comhaltaí a cheapadh ar an gComhairle Mhúinteoireachta
Tá 37 ball ag an gComhairle agus is múinteoirí cláraithe iad 16 díobh atá tofa ag múinteoirí, ainmníonn comhlachtaí éagsúla a shonraítear sna hAchtanna Comhairle Teagaisc, 2001-2015 16 dóibh, agus ainmníonn an tAire cúigear. Ceapann an tAire gach 37 díobh.
Is iad seo comhaltaí na Comhairle Múinteoireachta:
Comhaltaí na Comhairle
Adrian Guiney
Tofa - Deonach - Iar-bhunscoil - Méan-Leathanta
Adrieanne Healy
Tofa - Iar-bhunscoil - Deonach - Baile Átha Cliath agus Theas
Aileen Horkan
Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh
Áine Lynch
Ainmní - Bunscoil - NPC
Anne Loughnane
Ainmní - ASTI
Bryan O'Reilly
Ainmní - CPSMA
Catherine Moynihan
Ainmní - JMB
Catherine Cross
Ainmní - NPC
Claire Ní Mharcaigh
Tofa - Earnáil BOO - Baile Átha Cliath agus Theas
Clodagh O'Hara
Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha - Éire ar fad
David Fagan
Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath
David O'Sullivan
Ainmní - INTO
Declan Fahie
Ainmní - UCD
Desmond Cogan
Tofa - Bunscoil - Cúige Chonnacht/Cúige Uladh
Eamon Dennehy
Ainmní - ASTI
Fergal McCarthy
Ainmní - ACCS
Geoffrey Browne
Ceapaí de chuid an Aire
Gráinne Conachy
Ainmní
Hazel O'Connor-McWey
Tofa - Bunscoil - Laighean
Jean Beswick Duignan
Ainmní - TUI
Joseph McKeown
Tofa - Bunscoil - Laighean
Liam O'Neill
Ceapaí de chuid an Aire
Máire Kenefick
Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan
Marcella Nic Niallaigh
Tofa - Bunscoil - Baile Átha Cliath
Mary Curley
Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan
Mary Magner
Ainmní - INTO
Neil O'Sullivan
Ainmní - IBEC
Niamh Hourigan
Ainmní - MIC
Niamh Dennehy
Ainmní - UCC
Noel Cronin
Tofa - Iar-bhunscoil - Earnáil BOO - Baile Átha Cliath agus Theas
Patrick Knightly
Tofa - Iar-bhunscoil - Deonach - Baile Átha Cliath agus Theas
Paul Moroney
Tofa - Bunscoil - Cúige Mumhan
Séamus Ó Fearraigh
Ainmní - TUI
Seán Ó hArgáin
Ainmní - Gaeloideachas
Teresa O'Doherty
Ainmní - MIE
Ursula O'Connor
Tofa - Earnáil BOO - Méan-Laethanta-Óirthear
Coistí na Comhairle
Ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh ar a cuid oibre tá roinnt coistí, grúpaí oibre agus painéil bunaithe ag an gComhairle. Tá na mionsonraí faoi fheidhmeanna agus faoi bhallraíocht gach ceann acu seo le fáil thíos.
An Coiste Iniúchóireachta
Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca éifeachtacht nósanna imeachta rialaithe inmheánacha na Comhairle Múinteoireachta a mheas, lena n-áirítear an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí.
I measc na bhfreagrachtaí tá:
- Tuairisciú airgeadais
- Socruithe bainistithe riosca
- Córas rialaithe inmheánaigh na Comhairle
- Feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí
- Tuairisciú airgeadais
- Nochtaí cosanta
Tá an Coiste Iniúchóireachta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- David O’Sullivan (Cathaoirleach)
- Ursula O’Connor
- Pat Knightly
- Seán Ó hArgáin
- Gráinne Conachy
- Liam Gallagher
An Coiste Araíonachta
Éisteoidh Painéal den Choiste Araíonachta le gearán tarchurtha chuige ón gCoiste Imscrúdúcháin. Déantar an éisteacht a reachtáil de réir Ailt 43 agus Sceidil 3 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, agus na rialacha agus nósanna imeachta gaolmhara atá dréachtaithe ag an gComhairle. Mar thoradh ar an éisteacht, d’fhéadfadh go mbeadh míoiriúnacht don teagasc mar thoradh ag an bpainéal, nó d’fhéadfaí an t-iarratas a dhíbheann. Cuireann an painéal a thuairisc faoi bhráid an Choiste Araíonachta.
Nuair a shroichtear toradh “neamh-infheidhme chun teagaisc”, gearrann an Coiste smachtbhanna cuí agus d’fhéadfadh go mbeadh aistarraingt clárúcháin go sealadach nó go buan, nó leanúntas leis an gclárúchán faoi réir ag roinnt coinníollacha.
Tá an Coiste Araíonochta comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Noel Cronin (Cathaoirleach)
- Mary Magner
- Jean Beswick
- Clodagh O’Hara
- Máire Kenefick
- Paul Moroney
- Adrieanne Healy
- Adrian Guinan
- Neil O’Sullivan
- Fergal McCarthy
- Áine Lynch
- Declan Fahie
An Coiste Oideachais
Tabharfaidh an Coiste comhairle don Chomhairle agus déanfaidh sé moltaí sna réimsí seo a leanas:
- Caighdeáin iontrála chuig an ngairm múinteoireachta – na ceanglais maidir le hiontráil ar chláir oideachais tosaigh múinteoirí sa stát.
- Cleachtadh na Múinteoireachta – Athbhreithniú ar chaighdeáin eolais, scileanna agus inniúlachta a theastaíonn le haghaidh cleachtadh na múinteoireachta.
- Cáilíochtaí múinteoireachta – lena n-áirítear critéir agus nósanna. imeachta a fhorbairt le haghaidh athbhreithnithe agus creidiúnaithe
- Ionduchtú iontrála nua – nithe a bhaineann le baill nua a ionduchtú chuig an ngairm.
- Idirchaidreamh agus comhairliúchán leis an gCoiste Clárúcháin – maidir le pointí 2, 3 agus 4 thuas.
- An fhoghlaim a dhéanann Múinteoirí (FGL/CPD) – Foghlaim ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn agus athbhreithniú agus creidiúnú clár foghlama gairmiúla (FGL/CPD) de réir Alt 39 (nuair a thosaíonn siad) de na hAchtanna.
- Cóid Iompair Ghairmiúil – Dréachtú agus athbhreithniú ar chóid iompair ghairmiúil do mhúinteoirí, i gcomhar leis na Coistí Imscrúdaithe agus Araíonachta. Beidh an coiste ar an eolas go háirithe d’oibleagáidí na Comhairle faoi alt 7.2. de na hAchtanna.
- Taighde – Forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú ar straitéis taighde na Comhairle.
- Úsáid saineolais ghairmiúil a cheadú ó am go ham, chun cuidiú leis an bPainéal Cáilíochtaí agus leis an bpróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe.
Tá an Coiste tar éis údarás a tharmligean ag an gComhairle freisin chun aighneachtaí agus tuairiscí a ullmhú ar shaincheisteanna oideachais i gcomhréir leis an mbeartas a d’aontaigh an Chomhairle agus chun athbhreithniú a dhéanamh agus ar chláir chreidiúnaithe Oideachais Tosaigh Múinteoirí, dá dtagraítear in Alt 38(1) den Acht, ach amháin i gcás ina bhfuil achomharc ann.
Tá an Coiste Oideachais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Claire Ní Mharcaigh (Cathaoirleach)
- Aileen Horkan
- Adrian Guinan
- Noel Cronin
- Máire Kenefick
- David Fagan
- Adrieanne Healy
- Gráinne Conachy
- Liam Ó Néill
- Seán Ó hArgáin
- Catherine Moynihan
- Niamh Dennehy
- Teresa O’Doherty
An Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht
Déanann an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht na Comhairle fianaise carachtair iarratasóirí a éilíonn clárúcháin mar mhúinteoirí leis an gComhairle a mheas. Déantar é seo agus aird á tabhairt ar na treoirlínte atá faofa ag an gComhairle.
Nuair a bhíonn sé mar chinneadh ag an bPainéal go bhfágann fianaise carachtair iarratasóra é/í mí-oiriúnach don chlárúchán, cuirfidh an Painéal a chinneadh, na fáthannna leis an gcinneadh, agus na bealaí chun cinn atá ann don iarratasóir ag an bpointe sin. Ullmhaíonn an Painéal tuairisc ansin le cur faoi bhráid an Choiste Clárúcháin.
Tá an Painéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Jean Beswick Duignan (Cathaoirleach)
- Anne Loughnane
- Hazel O’Connor McWey
- Joe McKeown
- Bryan O’Reilly
- Niamh Hourigan
An Coiste Feidhmiúcháin
Éascaíonn na Coistí Feidhmiúcháin feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na Comhairle. Tá a fheidhmeanna leagtha amach in Alt 26 d’Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú. Chomh maith lena fheidhmeanna reachtacha déanann an Coiste Feidhmiúcháin maoirseacht ar chur chun cinn na gairme, ar straitéis chumarsáide na Comhairle agus ar leasuithe reachtacha atá beartaithe.
Tá an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Eamon Dennehy (Cathaoirleach na Comhairle)
- Mary Curley (Leas-Chathaoirleach na Comhairle)
- Séamus Ó Fearraigh
- David O’Sullivan
- Claire Ní Mharcaigh
- Mary Magner
- Anne Loughnane
- Liam Ó Néill
- Gráinne Conachy
- Fergal McCarthy
- Teresa O’Doherty
An Coiste Airgeadais
Déanann an Coiste Airgeadais maoirseacht ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle ar a n-áirítear ullmhúchán an bhuiséid bhliantúil, monatóireacht leanúnach ar theacht isteach agus ar chaiteachas, agus ar shocruithe na Comhairle maidir le curamaí ginearálta riarachán.
Áirítear mar chuid dá fheidhmeanna.
- Athbhreithniú agus tuairisciú ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle
- Breathnú maidir leis an mbuiséad bliantúil
- Athbhreithniú a dhéanamh, ag tréimhsí rialta aitheanta le linn timthrialla an bhuiséid bhliantúil, ar iarbhír theacht isteach agus ioncaim i gcoinne an bhuiséid agus deimhniú a dhéanamh nuair is gá go ndéantar buiséad leasaithe a ullmhú
- Monatóireacht a dhéanamh ar dháileadh an chiste airgid
- Athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le táillí na Comhairle
- Teagmháil a dhéanamh le, agus cuntais a ullmhú do, na hiniúchóirí agus tuairisciú don Chomhairle maidir le cúinsí airgeadais.
Tá an Coiste Airgeadais comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Mary Magner (Cathaoirleach)
- Séamus Ó Fearraigh
- Adrian Guinan
- Marcella Nic Niallaigh
- Fergal McCarthy
- Niamh Hourigan
- Geoffrey Browne
An Coiste Imscrúdúcháin
Beidh an Chomhairle, nó aon duine eile, ábalta iarratas a chur faoi bhráid an Choiste Imscrúdúcháin maidir le hiniúchadh ar oiriúnacht don chleachtas aon mhúinteora sna cúinsí seo a leanas:
Má theip ar mhúinteoir i gcomhlíonadh, nó má sháraigh sé/sí, an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht Oideachais (Leas), 2000, nó na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1999, nó aon rialachán, rialacha nó orduithe atá clúdaithe faoi na hAchtanna seo.
- Má shíltear iompar an mhúinteora a bheith i réimse an mhí-iompair ghairmiúil mar atá leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
- Má bhíonn faillí i gclárú an mhúinteora i ngeall ar eolas míchruinn nó calaoiseach a bheith tugtha nó mífháisnéis a bheith léirithe nó
- Muna mbíonn ar a c(h)umas teagasc I ngeall ar chúinsí leighis.
- Ní bheidh baint ag an gCoiste ach an oiread le gnóthaí leathúla a bhaineann le conradh ná le haraíonacht, ná ní bheidh suntas á thabhairt ag an gComhairle do ghearáin ar Féidir déileáil níos fear leo ag an leibhéal áitiúil.
Nuair a shíltear é a bheith cuí a leithéid a dhéanamh, cuirfidh an Coiste an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.
Tá an Coiste Imscrúdúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Mary Curley (Cathaoirleach)
- Anne Loughnane
- Séamus Ó Fearraigh
- Ursula O’Connor
- Joe McKeown
- Aileen Horkan
- Pat Knightly
- Catherine Cross
- Catherine Moynihan
- Bryan O’Reilly
- Geoffrey Brown
An Painéal Cáilíochtaí
Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an bPainéal Cáilíochtaí:
- Adrieanne Healy (Cathaoirleach)
- Ursula O’Connor
- Hazel O’Connor McWey
- Des Cogan
- Declan Fahie
- Teresa O’Doherty
- Geoffrey Browne
An Coiste Clárúcháin
Cuireann an Coiste Clárúcháin comhairle ar fáil don Chomhairle agus déanann sí moltaí faoi gach gné de chlárúchán múinteoirí ag an gComhairle. Baineann an obair seo le comhairle agus moltaí a chur ar fáil faoi:
- Na rialacha a rialaíonn an clárúchán
- Na próisis a bhaineann lena leithéid de rialacha a chur I bhfeidhm
- An próiseas a úsáidtear chun cinntí painéal a athbhreithniú
- Comhdhéanamh na dtéarmaí tagartha do na Painéail Iarratas Bunoideachas agus Iarbhunoideachas agus don Phainéal ar Fhianaise Carachtair
- Ceapachán measúnóirí chun cuidiú leis na Painéil Iarratas agus leis an bpróiseas ar Athbhreithniú Cinnidh
- Comhairle a chur ar an gComhairle maidir leis an gcineál teastais ata le heisiúint
- Critéir agus treoir don bhreithmheas ar cháilíochtaí don chlarúchán
- Gnóthaí a bhiineann le Fianaise Carachtair agus promhadh.
Mar aon leis sin, déanann an Coiste Clárúcháin, agus é ag feidhmiú thar ceann na Comhairle, athbhreithniú ar chinntí faoi iarratais don chlárúchán a bhíonn déanta ag na Painéil Iarratais Bunleibhéal agus Iar-bhunleibhéal agus ag an bPainéal ar Fhianaise Carachtair, nuair a éilíonn an t-Iarratasóir a leithéid. Déantar é seo de réir an phróisis ar Athbhreithniú Cinnidh atá glachta ag an gComhairle.
Tá an Coiste Clárúcháin comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Anne Loughnane (Cathaoirleach)
- Patrick Knightly
- Jean Beswick Duignan
- Clodagh O’Hara
- David Fagan
- Des Cogan
- Marcella Nic Niallaigh
- Gráinne Conachy
- Neil O’Sullivan
- Seán Ó hArgáin
- Niamh Dennehy
- Niamh Hourigan
- Fergal Mc Carthy
An Painéal Clárúcháin
Tá seachtar ball ar an bPainéal Clárúcháin agus buaileann siad le chéile uair sa mhí chun plé a dhéanamh ar fhoirmeacha iarratais ar shíneadh ama curtha isteach ag múinteoirí atá seacht mbliana nó níos mó ar an gclár agus gan aon rud déanta acu go fóill faoina gcoinníoll(acha). Is féidir leis an gCeann Clárúcháin múinteoirí a atreorú chuig an bPainéal Clárúcháin.
Is féidir leis an bPainéal síneadh ama a thabhairt, a chur siar, nó a dhiúltú bunaithe ar an bhfoirm iarratais ar shíneadh ama a chuir an múinteoir isteach in éineacht lena c(h)áipéisíocht tacaíochta.
Is iad na comhaltaí seo a leanas atá ar an Clárúcháin:
- Niamh Dennehy (Cathaoirleach)
- Séamus Ó Fearraigh
- Adrian Guinan
- Clodagh O’Hara
- Paul Moroney
- Gráinne Conachy
- Mary Magner