Cad atá i gceist le hath-ghrinnfhiosrúchán?
Mar mhúinteoir cláraithe, tá ceangal dlí ort tabhairt faoin ath-ghrinnfhiosrúchán gach trí bliana.
Más trí bliana atá ar a laghad atá i gceist le do nochtadh (toradh) ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB), gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta sé mhí roimh do chéad dáta athnuachana eile le nasc chun le haghaidh ath-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlíonadh.
Chun do chlárú a athnuachan, caithfidh tú ath-ghrinnfhiosrúchán a chur i gcrích nuair a iarrfar ort.
Níl mé ag iarraidh ath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh mar nach mbeidh mo chlárú a athnuachan agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Mura dteastaíonn uait ath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh agus do chlárú a athnuachan is féidir leat tú féin a bhaint go deonach trí logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú. Ansin ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cliceáil ar an tíliú Mo Chlárú.
- Scrollaigh síos go bun an leathanaigh agus cliceáil ar an gcnaipe Iarratas ar Bhaint Deonach
Fuair mé cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán. Conas a dhéanaim iarratas?
Tá dhá bhealach le hiarratas a dhéanamh.
1. Cliceáil ar an nasc Mo Chlárú sa ríomhphost ‘Fógra Ath-ghrinnfhiosrúcháin’ a fuair tú.
NÓ
2. Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta agus cliceáil ar an deilbhín Grinnfhiosrúcháin ar an scáileán.
Chun rochtain a fháil ar do chuntas Mo Chlárú, ní mór d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a bheith agat.
- Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.
- Mura bhfuil tú in ann cuimhniú ar do phasfhocal, tabhair cuairt ar ár leathanach tuilleadh faisnéise maidir le conas do phasfhocal a athshocrú.
Cén brabhsálaí ar cheart dom a úsáid agus m'iarratas ar ath-ghrinnfhiosrúchán á dhéanamh agam?
Molaimid Google Chrome nó Microsoft Edge a úsáid.
Cad atá i gceist le céim 1 den phróiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin agus conas a chuirim iarratas isteach?
I gCéim 1 logálfaidh tú isteach ar do chuntas Mo Chlárú agus déanfaidh tú do dhoiciméid cruthúnais céannachta a chur isteach. Léigh ár bpolasaí maidir le cruthúnas céannachta agus seolta le do thoil.
Mínítear an próiseas iarratais thíos.
Chun iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán, ní mór duit:
1. Úsáid an nasc ‘Mó Chlárú’sa ríomhphost ‘Fógra Ath-ghrinnfhiosrúcháin’.
NÓ
2. Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Bíodh d’ainm úsáideora agus do phasfhocal in aice láimhe le do thoil.
- Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.
- Mura féidir leat cuimhneamh ar do phasfhocal, cliceáil ANSEO le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas do phasfhocal a athshocrú.
3. Nuair a éiríonn leat logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú:
- Cliceáil an deilbhín GRINNFHIOSRÚCHÁN ar an scáileán.
- Téigh chuig an rannán ‘Ath-ghrinnfhiosrúchán do Mhúinteoirí’
- Cliceáil ar an gcnaipe Cuir tús leis an Ath-ghrinnfhiosrúchán
4. Seiceáil an rannán um do shonraí pearsanta. Ní mór do do shonraí a bheith ceart ar Chlár na Múinteoirí chun a chinntiú gur féidir gach fógra maidir le do chlárú a sheoladh chugat.
5. Cuir dhá dhoiciméad tacaíochta ar fáil le haghaidh an ath-ghrinnfhiosrúcháin:
- Cruthúnas Aitheantais (Grúpa A)
- Cruthúnas ar sheoladh dátaithe le sé mhí anuas (Grúpa B)
6. Léigh an rannán ‘Dearbhú’ agus cuir tic sa bhosca, ag deimhniú gur léigh tú an dearbhú sin agus go nglacann tú leis.
Cad iad na Doiciméid a nglactar leo agus nach nglactar leo faoi Chéim 1 den phróiseas le haghaidh iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán?
Féach ar ár bpolasaí Cruthúnas Céannachta agus Seolta na Comhairle Múinteoireachta.
Chríochnaigh mé céim 1 den iarratas ar ghrinnfhiosrúchán agus chuir mé isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta é. Conas atá a fhios agam gur cuireadh isteach i gceart é?
- Nuair a chuirfidh tú d’iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, beidh leid ar do scáileán mar seo a leanas:
- “Go raibh maith agat as d’iarratas ar ath-ghrinnfhiosrúchán a chur isteach. Gheobhaidh tú ríomhphost lena dtabharfar cuireadh duit tús a chur le Céim 2 den phróiseas ar líne.
- Áirítear le Céim 2 do sheoltaí go léir ó rugadh tú a chur isteach. Má chaith tú am i do chónaí, ag múineadh nó ag staidéar thar lear, nó má bhí tú fostaithe thar lear, fiú ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mí, ní mór duit na seoltaí sin a chur san áireamh mar chuid de Chéim 2 den phróiseas le haghaidh iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
- Nuair a bheidh Céim 2 críochnaithe agus nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta air, is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar do chlár”.
An féidir liom céim 1 de m'iarratas ar ghrinnfhiosrúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a rianú?
Is féidir Céim 1 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú agus is féidir an stádas a sheiceáil ar do chuntas Mo Chlárú.
- Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú.
- Cliceáil an deilbhín GRINNFHIOSRÚCHÁN ar an scáileán.
- Déan tagairt don mír ‘Iarratas Grinnfhiosrúcháin Reatha’.
- Anseo is féidir leat stádas Chéim 1 de d’iarratas ath-ghrinnfhiosrúcháin a sheiceáil.
Seoladh céim 1 de m'iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar ais chugam lena cheartú.
Conas is féidir na doiciméid iarrtha a uaslódáil chuig an gComhairle Mhúinteoireachta?
- Seol na doiciméid cheartaithe ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ar ríomhphost chuig: vetting@teachingcouncil.ie, le do thoil
- Cuir d’uimhir chláraithe agus d’ainm agus seoladh iomlán san áireamh agus an doiciméad/na doiciméid a sheoladh ar ríomhphost agat.
- Ná seol do dhoiciméid cheartaithe ar ais trí do chuntas Mo Chlárú.
Ní féidir liom rochtain a fháil ar mo chuntas Mo Chlárú. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Mura féidir leat rochtain a fháil ar do chuntas ar líne, seol ríomhphost chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ag MyRegHelp@teachingcouncil.ie le do thoil.
Cad atá i gceist le céim 2 den phróiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin agus conas a dhéanaim iarratas?
Le haghaidh céim 2:
- Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) le nasc díreach chuig an bhfoirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán NVB ar líne.
- Beidh 30 lá agat leis an iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar líne a chomhlánú agus a chur isteach chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
- Ní mór duit do sheoltaí go léir ón am a rugadh tú go dtí an lá atá inniu ann agus gach seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann a chur san áireamh. Má chaith tú am i do chónaí, ag múineadh nó ag staidéar thar lear, nó má bhí tú fostaithe thar lear, fiú ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mí, ní mór duit na seoltaí sin a chur san áireamh mar chuid de Chéim 2 den phróiseas le haghaidh iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán.
- Má bhí cónaí ort i dTuaisceart na hÉireann, beidh ort postchóid iomlána (6 charachtar) a chur isteach do gach seoladh a bhí agat i dTuaisceart na hÉireann (más infheidhme).
Nuair a bheidh d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán próiseáilte ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, tarlóidh an méid seo a leanas:
- Gheobhaidh tú ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ina gcuirfear in iúl duit gur eisíodh do nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
- Gheobhaidh tú ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta ina mbeidh nasc chuig do nochtadh grinnfhiosrúcháin nuair a bheidh sé próiseáilte.
- Beidh tú in ann do nochtadh (toradh an ghrinnfhiosrúcháin) a fheiceáil trí logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú.
An féidir liom céim 2 de m'iarratas ar ghrinnfhosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a rianú?
Is féidir céim 2 de d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a rianú.
Sa ríomhphost ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (NVB) beidh uimhir rianaithe. Úsáid an uimhir rianaithe chun dul chun cinn d’iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a rianú (san fhíor-am).
Cén áit a dtig liom teacht ar mo nochtadh grinnfhiosrúcháin?
Is féidir leat do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh an ghrinnfhiosrúcháin) a fheiceáil agus é a roinnt trí do chuntas Mo Chlárú.