2024
Announcing Féilte bursary valued at €100,000
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Sparánacht Féilte nua á seoladh, sparánacht atá deartha chun tacú le comhoibriú idir scoileanna agus chun foghlaim ghairmiúil múinteoirí a fheabhsú.
Taighde a Úsáid sa Scoil - Mata
Tá lúcháir orainn an ríomhiris seo a eisiúint mar chuid dár Sraith Taighde CROÍ, a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le cultúr taighde i scoileanna.
World Book Day 2024
Ríomhiris a eisíodh do mhúinteoirí cláraithe ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar 2024 agus aird a dhíriú ar na hacmhainní atá ar fáil tríd an Leabharlann Ar Líne
Vótáil i dToghcháin na Comhairle Múinteoireachta 2024
Eisíodh ríomhiris do mhúinteoirí cláraithe maidir le tús an tréimhse vótála le haghaidh Toghcháin na Comhairle Múinteoireachta 2024.
Toghcháin na Comhairle 2024
Eisíodh ríomhiris do mhúinteoirí cláraithe maidir le oscailt d’ainmniúcháin le haghaidh toghcháin na gComhairle Mhúinteoireachta.
2023
Taighde a Úsáid sa Scoil - Sraith taighde CROÍ
Tá lúcháir orainn an ríomhiris seo a eisiúint mar chuid dár Sraith Taighde CROÍ, a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le cultúr taighde i scoileanna.
An Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí - Eisithe chuig gach múinteoir cláraithe
Eisíodh ríomhiris do mhúinteoirí cláraithe ar thábhacht an Chóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí.
An Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí - Eisithe chuig fostóirí
Eisíodh ríomhiris chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar thábhacht an Chóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí.
Ticéid do FÉILTE 2023
Seoladh ríomhiris do gach múinteoir cláraithe, ag fógairt FÉILTE 2023 agus an clár imeachtaí, ceardlanna, agus díospóireacht phainéil a bheidh ar siúl i Scoil Shóisearach agus Scoil Shinsearach an Teaghlaigh Naofa, i bPort Laoise, Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair, ó 9 rn go 2:30 in
Tosú Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023
Ríomhiris a thugann fógra d’fhostóirí agus do mhúinteoirí faoi rialacháin nua. Leagtar amach leis na rialacháin seo an fhreagracht agus an dualgas atá ar fhostóirí faisnéis a sholáthar dúinn i gcás ina ndéantar múinteoir cláraithe a dhífhostú, agus i gcúinsí áirithe, nuair a éiríonn múinteoirí as. I gcás éirí as, tá sé seo riachtanach sa chás go bhfuil gearán déanta nó go bhfuil tús curtha le nós imeachta araíonachta.
Meabhrúchán: Déan iarratas anois do FÉILTE
Ríomhiris ag meabhrú do mhúinteoirí an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i FÉILTE 2023.
Taighde a Úsáid sa Scoil - Ceannaireacht ar Fhoghlaim sa Ghaeilge
Ríomhiris ag fógairt na n-acmhainní atá ar fáil maidir le foghlaim na Gaeilge a threorú.
Tá na hiarratais le bheith páirteach ag FÉILTE 2023 oscailte anois
Ríomhiris ag fógairt oscailt na n-iarratas ar FÉILTE 2023! Úsáid na naisc laistigh den ríomhiris chun iarratas a dhéanamh ar Workshop, TeachMeet, nó Showcase.
Céiliúradh Lá Domhanda na Leabhair
Ríomhiris a cheiliúrann Lá Domhanda na Leabhar, ina sonraítear 10 ríomhleabhar atá ar fáil ar Leabharlann Ar Líne na Comhairle Múinteoireachta le húsáid i do sheomra ranga. Cuimsítear topaicí ó litearthacht go smaointe don fhoghlaim allamuigh.
Teachtaireacht ó stiúrthóir an Comhairle Múinteoireachta
Ríomhiris ina gcuireann Lynn Ramsey, stiúrthóir nuacheaptha na Comhairle Múinteoireachta í féin i láthair faoi chlár na múinteoirí, agus freisin nuashonrú do mhúinteoirí ar scor atá ag filleadh ar an seomra ranga.
Seiceáil do shonraí ar Chlár na Múinteoirí
Ríomhiris ag meabhrú do mhúinteoirí a sonraí ar chlár na múinteoirí a sheiceáil, go háirithe má tá a n-ainm, seoladh nó sonraí teagmhála athraithe acu.
Nuashonru ar Rialachain Chlaruchain na Comhairle Muinteoireachta
Ríomhiris a thugann fógra do mhúinteoirí faoi leasú ar na Rialacháin Chlárúcháin. Foráiltear leis an leasú seo, faoi cheangal ama, gur féidir le múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh d’Éirinn cur isteach ar chlárúchán agus a n-ionduchtú a chríochnú anseo in Éirinn, ag brath ar na ceanglais incháilitheachta agus cháilíochta a chomhlíonadh.
Cuireadh chuig cruinniú chun tacú le tionscadal atá maoinithe ag an AE
Ríomhiris ag tabhairt cuireadh do mhúinteoirí chuig cruinniú óstáilte ag Coláiste Ealaíne Bhoirne, áit a spreagtar rannpháirtithe chun léargas breise a thabhairt ar roinnt téamaí agus topaicí.