Aistrigh:
Gaeilge
English

Léargas Ginearálta

Lárnach do Cosán is ea an smaoineamh gur cheart go rachadh foghlaim múinteoirí i bhfeidhm ar a gcuid cleachtais agus ar fhoghlaim a ndaltaí. Aithnítear múinteoirí mar ghairmithe féinriartha freagracha is fearr chun tionchar den sórt sin a chinneadh, agus chun tús áite a thabhairt don fhoghlaim a théann chun tairbhe dóibh féin agus dá ndaltaí. Tacaíonn an creat leo é sin a dhéanamh.

Faoi Cosán tá meas ar phróisis foghlama amhail páirt a ghlacadh i gcomhráite gairmiúla, alt ábhartha a léamh, cómhúinteoireacht a dhéanamh le comhghleacaí agus machnamh comhoibríoch a dhéanamh ina dhiaidh, freastal ar ócáid foghlama gairmiúla, ócáidí foghlama scoilbhunaithe a éascú, meantóireacht/cóitseáil a dhéanamh srl. Cuireann Cosán san áireamh freisin an fhoghlaim a fhaigheann tacaíocht ó Oide, ó sheirbhísí tacaíochta eile atá maoinithe ag an Stát, agus ó líonra na nIonad Tacaíochta Oideachais.

Ní shonraíonn Cosán uaireanta nó riachtanas creidiúna, agus níl baint ag rannpháirtíocht múinteoirí san fhoghlaim le hathnuachan a gcláraithe faoi láthair.

Pleanáil agus Machnamh

Aithníonn Cosán go bhfuil spreagadh i múinteoirí ó dhúchas úinéireacht a ghlacadh ar a gcuid foghlama féin, agus tugann sé misneach dóibh tabhairt faoi shealanna pleanála, bailiú fianaise, machnaimh agus foghlama leanúnaí. Foghlaim phunann-bhunaithe a thugtar air seo. Ligeann foghlaim phunann-bhunaithe do mhúinteoirí tionchar a gcuid foghlama ar a gcleachtas a chinneadh, agus pleanáil le haghaidh tuilleadh foghlama gairmiúla agus/nó feabhsuithe ina gcleachtas.

Is iad múinteoirí is fearr chun cinneadh a dhéanamh faoin bhfianaise ar cheart dóibh a bhailiú chun tacú leo féin i mbun machnaimh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus tuiscint a fháil ar an tionchar atá aici. Ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar cén chaoi inar mian leo a gcuid foghlama agus machnaimh a thaifeadadh. Is faoi mhúinteoirí atá sé cinneadh a dhéanamh cé acu an roinnfidh nó nach roinnfidh siad ábhar le comhghleacaithe le gur féidir leo bonn eolais a chur faoi chomhráite gairmiúla agus tacú leo.

Tá go leor bealaí inar féidir machnamh a dhéanamh. Mar shampla, is féidir machnamh a dhéanamh ar bhonn indibhidiúil nó go comhoibríoch. Is féidir é a dhéanamh i scríbhinn, le pictiúir, nó i gcomhrá le daoine eile. Cé nach leagtar amach cineál áirithe machnaimh le Cosán, is léir ón aiseolas a fuarthas ó mhúinteoirí gur féidir le machnamh comhoibríoch agus le comhráite gairmiúla le comhghleacaithe a bheith thar a bheith éifeachtach agus machnamh á dhéanamh ar an bhfoghlaim ghairmiúil.

Cur i bhfeidhm ar fud an chórais

Príomhchuspóir de chuid na Comhairle is ea Cosán a chur i bhfeidhm ar fud an chórais faoi 2027, mar atá leagtha amach ina Plean Straitéiseach ‘Cur i bhfeidhm Cosán (an creat náisiúnta d’fhoghlaim múinteoirí) ar fud an chórais a chur chun cinn i gcomhar leis an Roinn Oideachais, a seirbhísí tacaíochta agus páirtithe leasmhara náisiúnta, chun áthas agus cruthaitheacht san fhoghlaim a chothú.’ Tá príomhpháirtithe leasmhara, ar nós Oide, institiúidí ardoideachais agus ionaid tacaíochta oideachais ag ailíniú na dtacaíochtaí a chuireann siad ar fáil leis na prionsabail, na luachanna agus na caighdeáin atá mar bhonn agus mar thaca ag Cosán, agus ag tacú le múinteoirí agus iad i mbun plé leis. Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cosán, atá forbartha i gcomhpháirt ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Mhúinteoireachta, ról gach ceann de na páirtithe leasmhara sin i gcur i bhfeidhm Cosán ar fud an chórais.