In 2024, sheol an Chomhairle Mhúinteoireachta scéim sparánachtaí nua chun tacú le comhoibriú idir scoileanna agus chun cur le foghlaim ghairmiúil na múinteoirí. Bhí an scéim nua seo, Scéim Sparánachtaí Féilte 2024, deartha freisin chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn.
Tugadh cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh ar sparánacht de €2,000, €3,000, agus €5,000.
Áiríodh ar na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a bhí clúdaithe faoin scéim: Pobail Ghairmiúla Chomhoibríocha a thógáil, ceardlanna/nithe a reáchtáil, cainteoirí a thabhairt isteach, imeachtaí/cláir forbartha gairmiúla comhpháirteacha a eagrú, agus staidéir cheachta a chur ar siúl.
Bhí sé i gceist go mbeadh na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla bunaithe ar théamaí cleachtais chuimsithigh, teagasc na Gaeilge, ceannaireacht agus caidrimh ghairmiúla, folláine, nó aon pholasaí nó straitéis ainmnithe ón gComhairle Mhúinteoireachta nó ón Roinn Oideachais.
Tá sparánachtaí ar luach €100,000 bronnta ar mhúinteoirí cláraithe i 27 scoil ceannais.
Seo a leanas na scoileanna a fuair sparánachtaí ón Scéim Sparánachtaí Féilte 2024.
Scoil Náisiúnta Bhaile na Cille, Laoise
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Bhaile na Cille, Co. Laoise mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Mainistir Laoise Theas, Co. Laoise chun pobal gairmiúil foghlama a chruthú chun tacú le múineadh an cheoil i nGaeilge. Is aidhm leis an tionscadal seo teagmháil foghlaimeoirí leis an nGaeilge a mhéadú trí úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide agus teagaisc a leathnú i bhfíor-chomhthéacsanna seachas ceachtanna scoite Gaeilge.
Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Mhoinigh, Béal Átha Fhínín, Co. Chorcaí
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Mhoinigh, Béal Átha Fhínín, Co. Chorcaí, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Chill Gharbháin, chun cleachtas aisiríoch a thabhairt isteach sa dá scoil chomh maith le foghlaim ghairmiúil i réimse an teagaisc agus na foghlama do dhaltaí Uathacha. Is aidhm leis an tionscadal seo tuiscint mhúinteoirí ar uathachas a mhéadú, feabhas a chur ar chumas múinteoirí straitéisí teagaisc éifeachtacha a chur chun feidhme do dhaltaí a bhfuil uathachas orthu, agus ag an am céanna feabhas a chur ar chumarsáid agus ar chomhoibriú idir múinteoirí, daltaí a bhfuil uathachas orthu, agus a dteaghlaigh.
Coláiste Beaufort, An Uaimh, Co. na Mí
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Beaufort, An Uaimh, Co. na Mí, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le trí scoil* chun Pobal Foghlama Gairmiúil a bhunú ar mhaithe le folláine agus frithbhulaíocht. Is aidhm leis an tionscadal seo comhoibriú agus nuálaíocht a chothú i measc múinteoirí chun aghaidh a thabhairt ar fholláine, agus ar bhulaíocht fholaithe, cuimsiú a chur chun cinn, agus sábháilteacht shíceolaíoch i scoileanna a fheabhsú.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Meánscoil na Toirbhearta, Co. Chiarraí
- Meánscoil Eureka, Co. na Mí
- Scoil Naomh Eoin, Co. na Mí
Coláiste Easpag McEgan, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Easpag McEgan, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Coláiste Ghobnatan, Scoil Mhuire, Coláiste Naomh Brógáin, agus Ógtheagmháil, chun díriú ar chomhtháthú na hIntleachta Saorga san oideachas. Is aidhm leis an tionscadal seo tacú le tionscnaimh lena gcothaítear nuálaíocht agus forbairt ghairmiúil san oideachas, lena dtugtar cumhacht d’oideoirí coinneáil suas le dul chun cinn sa teicneolaíocht, i gcomhréir le Straitéis Dhigiteach Roinn Oideachais go dtí 2027.
Scoil Náisiúnta Dhroichead an Chaisleáin, Droichead an Chaisleáin, Co. Loch Garman
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Dhroichead an Chaisleáin, Co. Loch Garman mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta an Churraigh chun pobal cleachtais a bhunú d’athbhreithniú beartais frithbhulaíochta. Is aidhm leis an tionscadal seo tuiscint a fhorbairt do phobail scoile uile ar chur chuige oideachais iomláin (Fóram Frithbhulaíochta Domhanda EOECNA 2021) maidir le bulaíocht a chosc i suíomh scoile na hÉireann.
Coláiste Chaladh an Treoigh, Co. Luimnigh
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Chaladh an Treoigh, Co. Luimnigh mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Luimnigh agus sé scoil*, chun creat aontaithe le haghaidh múinteoirí faoi oiliúint atá ar shocrúchán scoile, a bhunú. Is aidhm leis an tionscadal seo samhail chomhpháirtíochta a chruthú a mbeidh múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint, scoileanna agus oideoirí múinteoirí páirteach inti, chun caighdeáin mhúinteoireachta a chothabháil agus a fheabhsú agus chun tacú le Treoraí mar mheantóirí múinteoirí faoi oiliúint ar shocrúchán scoile.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Pobalscoil Chill Chaoi
- Pobalscoil Chill Dalua
- Coláiste Mhuire Eas Géitine
- Pobalscoil Inse
- Pobalscoil Náisiúnta Choill an Ráithín
- Pobalscoil Speisialta Luimnigh
Ag Foghlaim le Chéile Chorcaí, Cathair Chorcaí
Bronnadh €5,000 ar Ag Foghlaim le Chéile Chorcaí, Bóthar Wellington, Cathair Chorcaí mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le DCU, agus cúig scoil*, chun líonra comhoibríoch de mhúinteoirí OSPS a chruthú. Is aidhm leis an tionscadal seo ná feasacht a mhéadú ar an tábhacht a bhaineann le cuir chuige scoile uile maidir le OSPS trí idirghabhálacha cruthaitheacha agus ealaíonbhunaithe, comhoibriú san earnáil tras-scoile a spreagadh idir oideoirí, daltaí, agus príomhpháirtithe leasmhara eile, amhail ceannairí oideachais múinteoirí agus eagraíochtaí náisiúnta a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Pobail Larkin, Baile Átha Cliath
- Coláiste Doiminiceach, Baile Átha Cliath
- Coláiste An Droichid Nua, Co. Chill Dara
- Scoil Naomh Áine, Co. an Chláir
- Meánscoil Mhuire, Baile Átha Cliath
Scoil na Crannóige Nua, Port Reachrann, Co. Bhaile Átha Cliath
Bronnadh €2,000 ar Scoil na Crannóige Nua i bPort Reachrann, Co. Bhaile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte ar chun comhoibriú le Scoil Speisialta Bhaile Uí Dhúda chun pobal cleachtais a bhunú d’athbhreithniú beartais frithbhulaíochta i gcomhréir le nósanna imeachta Bí Cineálta. Is aidhm leis an tionscadal seo comhfhoghlaim a chothú, comhsheasmhacht a chur chun cinn, agus cur i bhfeidhm straitéisí éifeachtacha frithbhulaíochta a fheabhsú ina scoileanna faoi seach.
Tionscadal Scoile Dheilginse, Baile Átha Cliath
Bronnadh €5,000 ar Thionscadal Scoile Dheilginse, Baile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le hIonad Oideachais na Carraige Duibhe, agus trí scoil*, chun clár foghlama gairmiúil do mhúinteoirí sa réimse dúlrabhunaithe (NBL) a chruthú. Is aidhm leis an tionscadal seo tacú le múinteoirí chun NBL a sholáthar do leanaí i suíomhanna bunscoile éagsúla, ag cur ar chumas leanaí a gcuid súgartha agus foghlama sa nádúr a threorú mar chuid lárnach dá n-oideachas agus dá bhforbairt shláintiúil.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile na Manach
- Ag Foghlaim Le Chéile Dhún Laoghaire
- Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile An Naigín Chill Iníon Léinín
Scoil Náisiúnta Dhroim Lias, Droim Dhá Thiar, Co. Liatroma
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Dhroim Lias, Droim Dhá Thiar, Co. Liatroma mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Chill Ghlas, Co. Shligigh, agus Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Shíoda, Co. Chorcaí, chun Matamaitic a mhúineadh trí Ghaeilge, ag baint úsáid as cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Is aidhm leis an tionscadal seo cur le tuiscint mhúinteoirí ar phrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn le FCÁT, agus ag an am céanna úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide agus teagaisc a leathnú i bhfíor-chomhthéacsanna seachas ceachtanna scoite Gaeilge.
Pobalscoil Speisialta Oirthear Chorcaí, Carraig Thuathail
Bronnadh €2,000 ar Phobalscoil Oirthear Chorcaí, Carraig Thuathail i gCorcaigh mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Pobalscoil Speisialta Bhaile an Róistigh, Corcaigh, chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú. Is aidhm leis an tionscadal seo cultúr a mbeadh comhráite agus comhoibriú a bhunú idir na scoileanna, foghlaim ghairmiúil agus piarthacaíocht á gcothú i measc mhúinteoirí agus comhchleachtas idir lámha acu, cuir chuige a mbaineann dea-chleachtais leo á sainaithint sa réimse oideachas speisialta.
Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath
Bronnadh €3,000 ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le DCU, agus trí scoil déag*, ar mhaithe le múineadh an cheoil trí mheán na Gaeilge, a chur chun cinn. Is aidhm leis an tionscadal seo gréasán d’oideoirí ceoil a chruthú atá tiomanta agus a fhorbraíonn leanúntas tacaíochta chun ceannaireacht in oideachas an cheoil a fheabhsú, ag roinnt dea-chleachtas agus acmhainní d’oideachas an cheoil chórúil agus ensemble i scoileanna lán-Ghaeilge.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Coláiste Cois Life , Co. Bhaile Átha Cliath
- Coláiste Pobail Ráth Chairn , Co. na Mí
- Gaelcholáiste Reachrann , Co. Bhaile Átha Cliath
- Colaiste na Coiribe , Co. na Gaillimhe
- Gaelcholáiste Chill Dara , Co. Chill Dara
- Meánscoil San Nioclás , Co. Phort Láirge
- Scoil Chuimsitheach Chiaráin , Co na Gaillimhe
- Coláiste Charraig Uí Leighin , Co. Chorcaí
- Gaelcholáiste an Chláir , Co. an Chláir
- Gairmscoil Chú Uladh , Co. Dhún na nGall
- Gaelcholáiste Mhaigh Nuad , Co. Chill Dara
- Coláiste Chillian , Co. Bhaile Átha Cliath
- Pobalscoil Chorca Dhuibhne , Co. Chiarraí
Scoil Náisiúnta Ghleann an Smóil, Bóthar na Bruíne, Co. Bhaile Átha Cliath
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Ghleann an Smóil ó Bhóthar na Bruíne, Co. Bhaile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Naomh Máirtín, Baile Átha Cliath, chun criosanna rialála a thabhairt isteach sa dá scoil. Is aidhm leis an tionscadal seo oideachas ionchuimsitheach a fheabhsú trí chumas na foirne a neartú chun freastal ar riachtanais éagsúla daltaí trí straitéisí praiticiúla.
Scoil Náisiúnta Le Chéile, Bóthar Roxboro, Luimneach
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Le Chéile, Bóthar Roxboro, Luimneach, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le hOllscoil Luimnigh agus trí scoil chomhoibreacha*, chun tacú le clár comhoibríoch forbartha gairmiúla do mhúinteoirí a oibríonn i gceithre cinn de na cúig phobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa stát. Is aidhm leis an tionscadal seo cultúr foghlama gairmiúla comhoibríoch a chothú, feabhas a chur ar chleachtais teagaisc agus ar straitéisí cuimsitheacha, as a dtiocfaidh torthaí oideachais níos cuimsithí agus níos mealltaí.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta Naomh Muire
- Scoil Mhuire Banríon na Síochána
- Scoil Náisiúnta Mhuire Lourdes
Coláiste an Phoirt Nua, Bóthar Dubh, An Port Nua, Co. Thiobraid Árann
Bronnadh €5,000 ar Choláiste an Phoirt Nua, Bóthar Dubh, An Port Nua, Co. Thiobraid Árann mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le trí scoil, chun tacú le Pobal Cleachtais maidir le múineadh agus foghlaim sa Bhéarla. Is aidhm leis an tionscadal seo feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i ngach scoil trí chomhoibriú an-éifeachtach, agus an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht trí straitéisí éifeachtacha aiseolais agus measúnaithe.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Pobalscoil Bhuiríos Uí Chéin
- Coláiste an Aonaigh
- Coláiste Phobail Ros Cré
Coláiste Mhuire na Trócaire, Beaumont, Baile Átha Cliath
Bronnadh €5,000 ar Choláiste Mhuire na Trócaire, Beaumont i gCo. Bhaile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Pháirc na nGrás, Baile Átha Cliath, Coláiste na Mí, an Mhí, agus DCU, Baile Átha Cliath chun forbairt ghairmiúil múinteoirí faoi oiliúint a fheabhsú. Is é is aidhm leis tionscadal seo tacú le fothú acmhainneachta agus le struchtúir agus acmhainní ceannaireachta agus comhpháirtíochta inbhuanaithe agus éifeachtacha a chruthú chun tacú le baill foirne scoile agus le múinteoirí faoi oiliúint i ngach scoil atá rannpháirteach sa tionscadal agus ar fud na scoileanna sin.
Scoil Náisiúnta an Phairtín, an Clár
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta an Phairtín ón gClár mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Seanáin Naofa, An Clár chun cleachtas aisiríoch a thabhairt isteach sa dá scoil. Is aidhm ag an tionscadal seo, cumas agus comhoibriú múinteoirí a fheabhsú trí scileanna gairmiúla i gcleachtais aisiríoch a fhorbairt i measc múinteoirí agus ceannairí i measc múinteoirí agus comhoibriú idirscoile a spreagadh ag an am céanna.
Scoil Náisiúnta Phort Lách, Co. Phort Láirge
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Phort Lách, i gCo. Phort Láirge mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Naomh Stiofán De La Salle, Port Láirge, Bunscoil San Ursula, Port Láirge agus SETU Phort Láirge chun Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a leabú sa chleachtas. Is aidhm leis an tionscadal seo Pobal Cleachtais trasearnála a bhunú in Oirdheisceart na hÉireann, rud a chuirfidh ar chumas múinteoirí iad féin a uas-sciliú agus cuir chuige DUF a leabú chun saibhriú a dhéanamh ar a gcur chuige i leith an chuimsithe ina gcuid scoileanna.
Scoil Aireagail, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh
Bronnadh €5,000 ar Scoil Aireagail, Baile Héil i gCo. Chill Chainnigh mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Móin Ruadh, Cill Chainnigh, agus SN Baile Roibín, Cill Chainnigh, chun díriú ar an oideolaíocht chuimsitheach, an litearthacht dhigiteach agus folláine na ndaltaí. Is aidhm leis an tionscadal seo comhoibriú a chothú i measc scoileanna, rud a chuirfidh uirlisí agus straitéisí nuálacha ar fáil do mhúinteoirí chun timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha agus tacúla a chruthú.
Scoil Mhuire Naofa, Carraig Álainn, Co. Liatroma
Bronnadh €2,000 ar Scoil Mhuire Naofa, Carraig Álainn, Co. Liatroma, mar chuid de Scéim Sparánachta Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Ard Caorthainn, chun comhtháthú agus cuimsiú bríoch daltaí uathacha i ranganna príomhshrutha Matamaitice a chur chun cinn. Is aidhm leis an tionscadal seo acmhainn foirne a fhorbairt chun prionsabail an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) a chur i bhfeidhm chun freastal ar gach foghlaimeoir agus bacainní sa phróiseas foghlama a bhaint, lena n-áirítear cláir teagaisc stáisiúin 6 seachtaine struchtúrtha agus inmhacasamhlaithe a chruthú do gach leibhéal ranga faoi 2026 i gcomhréir le Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile.
Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Co. na Gaillimhe
Fuarthas an t-iarratas seo i nGaeilge. Bronnadh €5,000 ar Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Co. na Gaillimhe, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Fhéilte chun comhoibriú le Gaelscoil Bharra, Baile Átha Cliath, Scoil Bhreandáin, Co. Mhaigh Eo, agus DCU, chun scríbhneoireacht chruthaitheach sa Mhatamaitic trí Ghaeilge a chuir chun cinn. Is aidhm leis an tionscadal seo ná Pobal Foghlama Gairmiúla a chruthú chun teagasc na Gaeilge a fhiosrú i gcomhar leis an gCuraclam Matamaitice nua ar bhealach cruthaitheach, comhtháite agus cuimsitheach.
Scoil Ospidéil Solas, Cromghlinn CHI, Cromghlinn, Baile Átha Cliath
Bronnadh €5,000 ar Scoil Ospidéil Solas, Cromghlinn CHI, Cromghlinn, Baile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le seacht scoil* chun tacú le Comhdháil Hope 2025, comhdháil idirnáisiúnta de mhúinteoirí atá ag feidhmiú i scoileanna ospidéil. Is aidhm leis an tionscadal seo oideoirí ospidéil ó Éirinn agus ar fud an domhain a aontú chun eolas, cleachtais agus léargais a roinnt atá curtha in oiriúint do na dúshláin uathúla a bhaineann le leanaí a bhfuil riachtanais leighis agus mheabhairshláinte acu a theagasc.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Ospidéil Shráid an Teampaill
- Scoileanna Linn Dara
- Scoil Áirce na bPáistí
- Scoil Ospidéil Beaumont
- Pobalscoil Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin
- Scoil Ospidéil Ollscoil Chorcaí
- Scoil Speisialta Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Tamhlacht
Scoil Náisiúnta Naomh Attracta, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Naomh Attracta as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Phádraig, Cathair na Mart, Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Maigh Eo, agus Ollscoil Mhá Nuad, Cill Dara chun díriú ar an gcuraclam Matamaitice nua. Is aidhm leis an tionscadal seo cumas ceannaireachta a fhorbairt, comhoibriú a chothú, agus foghlaim ghairmiúil a chur chun cinn tríd an gCreat Curaclaim Bunscoile nua a chur i bhfeidhm le béim ar an gCuraclam Matamaitice nua.
Scoil Náisiúnta Naomh Colmáin, An Sráidbhaile, Co. Laoise
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Naomh Colmáin, An Sráidbhaile, Co. Laoise mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le trí scoil*, chun an tionscadal “Ár Scoil, Ár bPobal”, a éascú. Is aidhm leis an tionscadal seo cleachtais chuimsitheacha a chothú ar fud na gceithre scoil chomhoibritheacha, a bhfuil méadú suntasach tagtha ar dhaonra a gcuid daltaí ó chúlraí idirnáisiúnta, ag cur béime ar an ngá atá le timpeallachtaí a chruthú a cheiliúrann éagsúlacht teanga agus chultúrtha.
*Liosta de na scoileanna atá ag tabhairt faoi chomhoibriú:
- Scoil Náisiúnta na Rátha
- Scoil Náisiúnta an Fhraoigh Mhóir
- Scoil Mhuire Fatima
Scoil Náisiúnta Naomh Finan, Fionnghlas Theas, Co. Bhaile Átha Cliath
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Naomh Finan, Fionnghlas Theas, Co. Bhaile Átha Cliath mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Shóisearach Naomh Oilibhéar Pluincéid, Fionnghlas chun cur ar chumas na foirne tuiscint a fháil ar thráma agus tabhairt faoi fhoghlaim ghairmiúil i dteannta Nurture International. Is aidhm leis an tionscadal seo an Portráid Forbartha Digití a úsáid chun measúnú a dhéanamh agus spriocanna folláine seachtainiúla a chruthú trí úsáid a bhaint as na sonraí seo.
Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh, Dún Dealgan, Co. Lú
Bronnadh €2,000 ar Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh, Dún Dealgan, Co. Lú, mar chuid de Scéim Sparánachtaí Fhéilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Buachaillí Slánaitheora, chun Pobal Foghlama Gairmiúla a bhunú a dhíríonn ar an gcuraclam Matamaitice nua. Is aidhm leis an tionscadal seo ná dea-chleachtais agus modheolaíochtaí teagaisc sa Churaclam Matamaitice nua a roinnt, ag roinnt rath agus dúshláin teagaisc i Scoil DEIS Banda 1.
Scoil Buachaillí Naomh Muire, Muineachán
Bronnadh €5,000 ar Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Muire, Co. Mhuineacháin mar chuid de Scéim Sparánachtaí Féilte chun comhoibriú le Scoil Náisiúnta Urbleshanny agus le hIonad Oideachais Mhuineacháin chun pobal foghlama gairmiúil a bhunú i réimse na foghlama lasmuigh. Is aidhm leis an tionscadal seo timpeallachtaí foghlama ionchuimsitheacha a chruthú a rachaidh chun tairbhe gach scoláire, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, trí shúgradh céadfach, rioscúil agus dúlra a chomhtháthú.