Folúntais
Bainisteoir Tacaíochta Dlí agus Tuairiscithe (Ardoifigeach Feidhmiúcháin) – Comórtas Oscailte
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh folúntas an Bhainisteora Tacaíochta Dlí agus Tuairiscithe (Ardoifigeach Feidhmiúcháin) a líonadh.
Is éard a bheidh i gceist leis an ról seo ná bailiú faisnéise a bhainistiú chun go ndéanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cinneadh maidir le, ar chóir gearán a dhéanamh agus, i gcásanna an-tromchúiseacha, breithniú a dhéanamh i dtaobh iarratas a dhéanamh chuig an Ard‑Chúirt ar ordú chun clárú an mhúinteora a chur ar fionraí.
Ní mór d’iarratas a chur isteach trí ríomhphost tráth nach déanaí ná 3pm Dé Céadaoin, 7 Bealtaine 2025 chuig recruitment@teachingcouncil.ie.
Roinnt Buntáistí atá ag bhaint le n-obair leis an Comhairle Mhúinteoireachta

- Pinsean
- Cothromaíocht Oibre is Saoil
- Clúdach Máithreachais
- Oiliúnt agus Foghlaim
- Páirceáil ar an lathair
- Tuarastal Incriminteach
- Saoire Bhliantúil Flaithiúil
An tAcht um Chosaint Sonraí 2018
Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh iarratais ó gach iarrthóir atá cáilithe go cuí, beag beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, tuairim pholaitiúil, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh, nó cibé an bhfuil cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.
Nuair a fhaightear d’iarratas, cruthaímid taifead i d’ainm, ina mbeidh cuid mhór den eolas pearsanta a chuir tú ar fáil. Eolas den sórt sin a choinnítear, tá sé faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí atá leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun iarratas a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó faoi RGCS 2018, seol d’iarratas i scríbhinn le do thoil chuig dpo@teachingcouncil.ie.
Cinntigh le do thoil go dtugann tú cuntas chomh mion agus is féidir ar na taifid atá á lorg agat ionas go mbeimid in ann an taifead ábhartha a aithint. Asbhaintear míreanna áirithe eolais, nach bhfuil sonrach d’aon duine aonair ar leith, as na taifid chun críche staitistiúla.