Aistrigh:
Gaeilge
English

1. Eolas ginearálta

Cén fáth a ndéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin faoi mhúinteoirí a fhiosrú?

Mar an rialtóir do ghairm na múinteoireachta tá dualgas orainn ó thaobh dlí gearáin a fhiosrú faoi mhúinteoirí atá cláraithe linn. Tá sé seo leagtha amach i gCuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú. Is féidir leat an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, arna leasú, a fheiceáil.


Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Is féidir le duine ar bith, lena n-áirítear baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.


An gá gearán a ardú leis an scoil sular féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta féachaint air?

De ghnáth ní féidir linn gearán a fhiosrú ach amháin má baineadh triail as (nó má tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998).Footnote 1 An eisceacht leis seo ná má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Áireofar mar chúiseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol díobhála, nó áit a bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála nó áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.

Déanfaidh ár gCoiste Imscrúdaithe cinneadh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le tús a chur leis an imscrúdú láithreach bonn.

Faoi láthair níl aon nósanna imeachta gearán forordaithe ag an Aire faoi alt 28 den Acht Oideachais, 1998. Mar sin féin, má bhunaítear agus nuair a bhunaítear nósanna imeachta alt 28, ní bheimid in ann gearán a fhiosrú go dtí go mbaintear triail as na nósanna imeachta gearán sin (nó go dtiocfaidh siad chun críche), mura bhfuil cúiseanna maithe leordhóthanacha ann.


An bhféadfadh an gearán a bheith bainteach le hiompar a tharla lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe?

D’fhéadfadh. Is féidir linn breathnú ar ghearáin a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le hiompar lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe ar nós ciontuithe le haghaidh cionta áirithe, agus áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh den scoil, le linn thréimhse gairme an mhúinteora?

Is féidir. D’fhéadfadh gearán in aghaidh múinteora chláraithe a bheith bainteach le gníomhaíocht ghairmiúil ar bith a bhaineann leis an scoil, nó le haon ghníomhaíocht nó ról ar thug siad fúithi/ faoi agus iad mar mhúinteoir cláraithe.


An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d’Éirinn?

Is féidir. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi eachtraí áirithe a tharla lasmuigh d’Éirinn ar chúiseanna lena n-áirítear mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil agus ciontuithe de bharr cionta áirithe.


Cad iad na cineálacha gearán a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú?

Ní féidir linn ach féachaint ar ghearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi na nithe seo a leanas:

  • mí-iompar gairmiúil;
  • drochfheidhmíocht ghairmiúil;
  • ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil;
  • gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh sláinte de;
  • ciontú cúirte de bharr cionta áirithe;
  • mura gcomhlíontar nó má sháraítear foráil d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001, den Acht Oideachais, 1998, den Acht um Leas Oideachais, 2000, den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, agus aon rialacháin, rialacha nó orduithe atá déanta faoi na hAchtanna sin;
  • mura gcomhlíontar gealltanas nó mura dtugtar aghaidh ar ghníomh atá sonraithe i dtoiliú atá tugtha do phainéal an Choiste Araíonachta ag fiosrúchán a bhí ann roimhe seo; agus
  • clárú mícheart mar gheall ar dhearbhú nó mífhaisnéis atá bréagach nó calaoiseach

Chomh maith leis sin, is féidir leis an gCoiste Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdaithe faoi eolas atá i nochtadh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a fuair an Chomhairle thar ceann fhostóirí na scoile nó fostóirí féideartha.

De ghnáth ní féidir linn féachaint ar ghearáin ach amháin más rud é gur tharla na heachtraí a ndearnadh gearán fúthu ar an nó i ndiaidh 25 Iúil 2016. Sa chás gur tharla na heachtraí a ndearna gearán fúthu roimh an 25 Iúil 2016. ní féidir linn féachaint ar an ngearán ach amháin i gcásanna áirithe. Cuirtear san áireamh sna cásanna seo áit ar ciontaíodh múinteoir de bharr ciona choiriúil áirithe, nó áit a mbeadh cion coiriúil i gceist leis an iompar a ndearadh gearán faoin uair a tharla sé, agus gur cineál den sórt sin é gur ábhar imní a bheadh ann go bhféadfadh an múinteoir díobháil a dhéanamh do leanbh nó do dhuine fásta soghonta ar bith, nó a bheith ina c(h)úis díobhála dóibh.

2. Ag cur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta


An féidir leis an bhfostóir gearán a dhéanamh?

Is féidir. Féadfaidh aon duine lena n-áirítear fostóir gearán a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir alt 42(1) den Acht. Má tá imní ort faoi oiriúnacht múinteora don mhúinteoireacht, ba cheart duit é sin a insint dúinn. Is féidir leat gearán a dhéanamh linn am ar bith má tá imní ort faoi mhúinteoir, fiú má tá an múinteoir fós i bhfostaíocht.

Mar a leagtar amach in Eolas Ginearálta i gcuid 1 den leabhrán seo, áfach, de ghnáth ní féidir linn fiosrú a dhéanamh ar ghearán ach amháin má baineadh triail as (nó má tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998). An eisceacht leis seo ná má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann.

Áireofar mar chúiseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil gearán déanta ar iompar a dhéanann díobháil do pháiste nó sa chás is go bhfuil an t-iompar ar chineál iompair a tharraingeodh míchlú ar an ngairm. Déanfaidh ár gCoiste Imscrúdaithe cinneadh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le tús a chur leis an imscrúdú láithreach bonn.


Cad a tharlaíonn má bhíonn baol ann go ndéanfaí díobháil do leanaí nó do dhaoine soghonta?

Má bhíonn imní ort go bhfuil leanaí nó daoine soghonta i mbaol díobhála, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála ba chóir duit é sin a chur in iúl dóibh seo a leanas:

  • An scoil, más cuí;
  • TUSLA (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach);
  • An Garda Síochána, más cuí.

B’fhéidir gur mian leat gearán a chur chuig an gComhairle Mhúinteoireachta freisin.


Cathain a chaithfidh an fostóir eolas a sholáthar don Chomhairle Mhúinteoireachta?

Cuireadh tús le Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023 (Uimh. 230 as 2023) ar 11 Bealtaine 2023 (“na Rialacháin 2023”). Tugann na Rialacháin 2023 isteach oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí eolas faoi leith a sholáthar dúinn, a luaithe is indéanta, i gcúinsí ina mbíonn:

  1. an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost ag a f(h)ostóir, nó
  2. éirithe as agus leanann an t-éirí as sin –
    1. gearán déanta maidir leis an múinteoir sin (seachas gearán a dhéantar faoi mhúinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (No. 8 as 2001), nó
    2. nósanna imeachta a agairt faoi alt 24 den Acht Oideachais 1998 (Uimh. 51 de 1998), nó cibé nósanna imeachta eile a fhéadfar a agairt, i leith an mhúinteora.

Seo a leanas an t-eolas nach mór a sholáthar, i scríbhinn don Chomhairle:-

  1. ainm agus seoladh an fhostóra
  2. ainm agus, más eol, seoladh an mhúinteora chláraithe cuí;
  3. uimhir chlárúcháin an mhúinteora chláraithe mar atá cláraithe i gClár na Múinteoirí
  4. I gcás ina bhfuil an múinteoir cláraithe briste as a p(h)ost –
    1. cúiseanna an dífhostaithe,
    2. gach doiciméad a bhaineann leis an bpróiseas araíonachta as ar eascair an dífhostú, agus
    3. gach gearán a rinneadh maidir leis an múinteoir (lena n-áirítear aon ghearán a rinneadh maidir leis an múinteoir faoi alt 42 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001) a chuir leis an dífhostú, nó a raibh mar thoradh air, lena n-áirítear cóipeanna díobh seo a leanas:
      1. litreacha gearáin;
      2. ráitis ó fhinnéithe;
      3. miontuairiscí nó nótaí cruinnithe a tionóladh leis an múinteoir cuí;
      4. ráitis agus freagraí ón múinteoir cuí
  5. Áirítear ar na cúinsí a bhaineann leis an dífhostú nó leis an éirí as
    1. cibé an bhfuil na cúinsí sin faoi réir aon fhiosrúchán (lena n-áirítear stádas aon fhiosrúchán den sórt sin) ag aon duine eile, lena n-áirítear an Garda Síochána nó an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus
    2. cibé an bhfuil aon imeachtaí sibhialta á mbeartú nó atá ar bun i ndáil leis na cúinsí a bhain leis an dífhostú nó leis an éirí as, agus
  6. nuair is eol, stádas fostaíochta reatha, agus ionad oibre an mhúinteora chláraithe.

Má tá ort fógra a dhéanamh, seol ríomhphost go dtí professionalstandards@teachingcouncil.ie agus tabhair le fios dúinn go dteastaíonn uait fógra a dhéanamh faoi réir Rialacháin ailt 37. Rachaimid i dteagmháil leat ansin agus inseoimid duit conas an t-eolas cuí agus an cháipéisíocht chuí a sheoladh chugainn go sábháilte.

3. Próiseas an Ghearáin


Cad a tharlaíonn tar éis dom a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta faoi ghearán?

Ní féidir linn gearán a fhiosrú ach amháin má dhéanann duine gearán foirmiúil i scríbhinn agus é sínithe. Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh is féidir leat é a dhéanamh trínár bhFoirm Ghearáin a íoslódáil agus a chomhlánú. Is féidir é seo a fháil sa rannán Feidhmiúlacht chun Múineadh ar ár suíomh gréasáin. Más rud é nach bhfuil tú ach ag cur in iúl dúinn maidir leis na hábhair imní atá agat faoi mhúinteoir agus nach mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, d’fhéadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta í féin gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdaithe. Is é is dóichí ná go mbeidh d’ionchur de dhíth le linn phróiseas an ghearáin agus an fhiosrúcháin.

Cuirfimid é in iúl don mhúinteoir agus seolfaimid cóip den ghearán chuige nó chuici, na doiciméid uile iniata leis agus aon eolas breise a fhaighimid faoin ngearán le linn phróiseas an ghearáin. Áireofar leis seo na doiciméid uile a thugann tú dúinn. Beidh an deis ag an múinteoir freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.


Cé a dhéanann an gearán a fhiosrú?

Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig an bhfoireann chuí. Déanfaidh an Stiúrthóir (nó an fhoireann tharmligthe) athbhreithniú ar an ngearán.

Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú mura bhfuil sé i scríbhinn, sínithe, agus in éineacht leis na doiciméid agus an t-eolas ábhartha. Is féidir leis an Stiúrthóir an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir gur gearán neamhthábhachtach nó míréasúnta atá ann, nó ceann a rinneadh go mímhacánta nó trí mhí-úsáid a bhaint as an bpróiseas.

Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir an gearán, is féidir leis an duine a rinne an gearán achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthóra chuig an gCoiste Imscrúdaithe.

Má chuireann an Stiúrthóir an ghearán ar aghaidh chuig an gCoiste Imscrúdaithe, breathnóidh an Coiste seo isteach sa ghearán.


An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú más rud é:

  • nach bhfuil an múinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta;
  • go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann an gearán le feidhmiúlacht an mhúinteora chun múineadh;
  • nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann;
  • gur tharla na nithe a bhfuiltear ag déanamh gearáin fúthu roimh an 25 Iúil 2016. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú i gcúinsí áirithe mar atá leagtha amach i gcuid 1 den leabhrán seo – Eolas Ginearálta.

Conas a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

Seolfaidh an Coiste Imscrúdaithe cóipeanna den ghearán agus na doiciméid uile a fhaigheann sé a bhaineann leis an ngearán chuig an múinteoir cláraithe. B’fhéidir go n-iarrfaidh an coiste ar an múinteoir freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn.

B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an ngearánach (an duine a rinne an gearán) níos mó eolais a sheoladh isteach nó b’fhéidir go n-iarrfaidh sé ar an múinteoir nó ar an scoil nó aon duine eile iomchuí le haghaidh eolais.

B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe sainchomhairle nó cuidiú freisin.

Má thugtar le fios sa ghearán nach mbeadh an múinteoir ábalta múineadh ó thaobh na sláinte de, b’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an múinteoir tabhairt faoi scrúdú dochtúra.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ról na scoile le linn gearán a fhiosrú i gCuid 6 den leabhrán seo – Eolas breise.


Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe ceann de na trí rud seo a leanas a dhéanamh:

  • cinneadh a dhéanamh go bhfuil gá le tuilleadh eolais chun cinneadh a dhéanamh;
  • an gearán ar fad nó cuid de a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, nó
  • cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh.

Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdaithe. Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir leis an gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta.

Féach thíos cairt phróiseas an ghearáin.

A chart of the complaint process.
  1. Gearán faighte
  2. Athbhreithniú an Stiúrthóra
  3. Coiste Imscrúdaithe
  4. Má chuireann an Coiste imscrúdaithe é ar aghaidh, bíonn fiosrúchán ag an gCoiste Araíonachta
  5. Má chruthaítear gearán, d’fhéadfadh an painéal smachtbhanna a chur i bhfedhm
  6. Ard-Chúirt (achomharc nó deimhniú de smachtbhannaí níos tromchúisí)

4. Próiseas an fhiosrúcháin


Cad is fiosrúchán ann?

I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.

Mar sin féin, is féidir leis an múinteoir atá mar ábhar an fhiosrúcháin iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ar an múinteoir aontú go mbeidh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

Tarlaíonn fiosrúchán ó thaobh scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn go príobháideach agus ní bhíonn aon pháirtithe i láthair.

Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl.

Beidh na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann an múinteoir nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi nó fúithi ar an bpainéal go mbeadh an éisteacht nó cuid den éisteacht ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal d’aitheantas nó aitheantas na ndaoine atá i gceist a choimeád faoi rún.


Cá mbeidh an éisteacht ar siúl?

Bíonn an chuid is mó éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0. Anois is arís, d’fhéadfadh na héisteachtaí a bheith ar siúl in áiteanna eile nó go fíorúil ar líne.


Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, cad é ról na scoile nó an fhostóra?

B’fhéidir go n-iarrfaimid ar ionadaí den scoil fianaise a thabhairt mar fhinné. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le ról finné agus cad a mbeifeá ag súil leis ag éisteacht, féach ar ár Leabhrán Eolais d’Fhinnéithe atá ar fáil sa chuid faoi Fheidhmiúlacht chun Múineadh dár suíomh gréasáin.


Cad a d’fhéadfadh tarlú don mhúinteoir?

Is é Painéal an Choiste Araíonachta a reáchtálann an fiosrú a dhéanfaidh an cinneadh cibé an gcruthaítear an gearán.

Má chruthaítear an gearán, beidh ar an bpainéal cinneadh a dhéanamh ar chóir smachtbhanna a chur i bhfeidhm.

D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh:

  • comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt don mhúinteoir;
  • coinníollacha a chur ar chlárú an mhúinteora;
  • an múinteoir a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain); (Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá sé nó sí ar fionraí ón gclár).
  • an múinteoir a bhaint den chlár agus gan ligean dó nó di iarratas a dhéanamh le bheith achurtha ar an gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe. (Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna).

An féidir le múinteoir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh?

Má chinneann an painéal ceann amháin de na smachtbhannaí ó b) go d) thuas a leagan ar mhúinteoir, is féidir leis an múinteoir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Ard-Chúirt laistigh de 21 lá ó cuireadh an cinneadh in iúl dó nó di. Bíonn na hachomhairc chuig an Ard-Chúirt ar siúl go poiblí.

Mura ndéanann an múinteoir achomharc, ní mór dúinn iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt le deimhniú a fháil maidir leis an gcinneadh.

5. Clárú an mhúinteora


Conas a chuirtear isteach ar chlárú múinteora de bharr gearáin?

De ghnáth, ní athraíonn clárú an mhúinteora nuair a fhaighimid gearán. Ach, d’fhéadfadh sé athrú má chruthaítear an gearán ag fiosrúchán.

Mar sin féin, tabhair faoi deara na nithe seo a leanas:

a) Más gá, is féidir linn iarraidh ar an Ard-Chúirt clárú an mhúinteora a chur ar fionraí faoi alt 47 den Acht ar feadh tréimhse ama. De ghnáth tharlódh sé seo go dtí go bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta críochnaithe ag fiosrú an ghearáin.

b) Is féidir linn an t-iarratas seo d’alt 47 a dhéanamh má cheapann. an Chomhairle gur ar mhaithe leis an bpobal é seo a dhéanamh. Is annamh a dhéantar na hiarratais seo agus ní tharlaíonn siad de ghnáth ach amháin má bhíonn cúis imní mhór ann ó thaobh shábháilteacht an phobail. Má fhaighimid ordú Ard-Chúirte, cuirfimid in iúl duit é láithreach. Ag brath ar théarmaí an ordaithe b’fhéidir go mbeidh ar an múinteoir stopadh ag obair go hiomlán ar bhealach ar leith nó i ról ar leith ar feadh tréimhse ama sonraithe. Cuirfidh an Ard-Chúirt in aon ordú treoir cibé an leanfar ar aghaidh agus an múinteoir a íoc nuair atá an t-ordú i bhfeidhm.

Eolas breise


Cén chomhairle a chuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta ar mhúinteoir nuair a fhaightear gearán?

Cuirimid comhairle ar an múinteoir comhairle dlí a fháil nó cuidiú a fháil ó chomhghleacaí, ionadaí ceardchumainn nó ionadaí eile.

Ní féidir linn comhairle a chur ar an múinteoir maidir leis an ngearán agus ní íocfaimid cúiteamh leis an múinteoir ar chostas aon ionadaíochta. Baineann an t-ábhar seo leis an múinteoir.


An bhfuil ionchur na scoile de dhíth le linn phróiseas an ghearáin agus an fhiosrúcháin?

B’fhéidir go n-iarrfaimid ar an scoil eolas a sholáthar nó doiciméid a chur ar fáil, ina mbeadh aon chomhaid araíonachta atá á gcoimeád i gceist. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeadh ionadaí ón scoil ag teastáil uainn le freastal ar an éisteacht le fianaise a thabhairt.

Más gá, is féidir leis an gComhairle toghairm soláthair a eisiúint chun iallach a chur le doiciméid a sholáthar agus toghairm finné a eisiúint le hiallach a chur ar ionadaí ón scoil le freastal ar an éisteacht agus fianaise a thabhairt.


An gcoinneofar mé ar an eolas faoi ghearán?

Cuirfimid in iúl duit é faoi ghearán a luaithe agus is féidir má chreidimid go bhfuil ábhar imní réasúnta ann go bhfuil leanaí nó daoine soghonta i mbaol díobhála, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála.

B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe eolas uait mar chuid de bhreithniú agus imscrúdú an ghearáin.

Ag an deireadh nuair a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe breithniú maidir leis an ngearán, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdaithe ar fáil duit.

Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid in iúl duit faoi thoradh an fhiosrúcháin nuair atá sé críochnaithe.

B’fhéidir go ndéanfaidh an múinteoir cinneadh tú a chur ar an eolas faoi ghearán. Is faoin múinteoir é seo a dhéanamh.


An gcuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta eagraíochtaí ar bith eile ar an eolas faoin ngearán?

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Chomhairle Mhúinteoireachta eolas maidir leis an ngearán a chur ar aghaidh chuig comhlachtaí lena n-áirítear Tusla (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach), an Garda Síochána agus/nó an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin de réir oibleagáidí na Comhairle Múinteoireachta maidir le cosaint leanaí agus daoine soghonta.


Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil maidir le próiseas gearáin na Comhairle Múinteoireachta?

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir lenár bpróiseas gearáin agus fiosrúcháin, téigh chuig an gcuid faoi Fheidhmiúlacht chun Múineadh ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin trí ríomhphost a chur chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar (01) 6517900.


Beartas Príobháideachais

Próiseálann an Chomhairle sonraí de réir an Bheartais Príobháideachais atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.

Gluais

B’fhéidir nach bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí sa leabhrán seo agus dá bhrí sin tá míniú tugtha again dóibh thíos.

Rabhadh a thabhairt

casaoid daingean a thabhairt.

Cáineadh

fíor-mhíshástacht a léiriú.

Cód Iompair

tá Cód Iompair Ghairmiúil na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar an dáta a foilsíodh an leabhrán seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair ná an leagan a foilsíodh i mí an Mheithimh 2012 agus a nuashonraíodh nuair a cuireadh tús feidhme le Cuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.

Gearánach

an duine a dhéanann gearán faoi mhúinteoir cláraithe. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áireamh anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Stiúrthóir

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta.

An Coiste Araíonachta

an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fostóir

Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.

Fianaise

an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Neamhthábhachtach

Beagthábhachtach nó fánach.

Fiosrúchán

éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe

an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Measúnóir Dlí

abhcóide a chuireann comhairle ar an bpainéal maidir le saincheisteanna dlí nó nós imeachta.

Painéal

an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil

gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil

iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna

an cineál pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Luathscríbhneoir

an duine a dhéanann an fhianaise a thugtar ag an bhfiosrúchán a thaifeadadh.

Míréasúnta

gearán atá déanta ag duine nach mbeadh ag feidhmiú de mheon macánta, gan chúis leordhóthanach, agus déanta le fearg a chur ar an múinteoir a bhfuiltear ag gearán faoi nó fúithi.

Duine soghonta

duine seachas leanbh:

  • atá ag fulaingt ó neamhord intinne, cibé acu an é mar thoradh ar mheabhairghalar nó néaltrú; nó
  • atá faoi mhíchumas intleachta; nó
  • atá ag fulaingt ó mháchail fhisiceach, cibé acu an é mar thoradh ar ghortú, tinneas nó aois; nó
  • atá faoi mhíchumas fisiceach de chineál nó de mhéid is cúis:
    • le srian a chur le hábaltacht an duine chun é nó í féin a chosaint ó bheith gortaithe ag duine eile, nó
    • le go mbíonn cuidiú de dhíth ar dhuine dá bharr leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála lena n-áirítear tú féin a ghléasadh, ag ithe, ag siúl, ag ní agus tú féin a fholcadh.