Mar chomhlacht reachtúil Stáit, a fheidhmíonn faoi chuimsiú na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 agus an tAcht Oideachais 1998 tá dualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta an reachtaíocht seo a chomhlíonadh. Mar an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta, fáiltímid roimh na caighdeáin nua, atá á chur i bhfeidhm ag an GDPR agus leanaimid ag glacadh ár bhfreagrachtaí go han-dáiríre.
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta i gcónaí do bheith gairmiúil, oscailte agus trédhearcach sa chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta trínár gcuid oibre ar fad a sheachadadh. Ar cheann de na ceanglais faoin reachtaíocht nua seo go bhfoilseoidh eagraíochtaí conas a chomhlíonaimid na caighdeáin atá riachtanach maidir le conas a dhéanaimid sonraí a bhailiú, a úsáid agus a chosaint.
Forbraíodh an Beartas seo ag teacht leis an gcur chuige seo agus leagtar amach leis an bonn ar a bpróiseálfar aon sonraí pearsanta a sholáthraíonn an Chomhairle. Baineann sé seo le gach sonraí pearsanta, beag beann ar an meán nó ar an modh trína bailíodh é.
Féadfar an Beartas seo a nuashonrú ó am go chéile de réir mar a thugtar isteach reachtaíocht nua um Chosaint Sonraí.
1. Réamhrá agus Bunús Dlí le Bailiú do Shonraí Pearsanta
1.1. Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta (an “Chomhairle” nó “muid”) an comhlacht reachtúil lena rialaítear gairm na múinteoireachta in Éirinn. Cuireann sí caighdeáin ghairmiúla chun cinn sa mhúinteoireacht agus gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus, an tráth céanna, tacaíonn agus cuireann sí le dea-cháil agus stádas ghairm na múinteoireachta trí rialáil chothrom thrédhearcach.
1.2. Chun a sainordú a chomhlíonadh, ceanglaítear ar an gComhairle do shonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus, i gcás ina gceadaítear leis an dlí, a chomhroinnt. (Tá sainmhíniú an-leathan ar an bpróiseáil agus áirítear bailiú, rochtain, úsáid, stóráil agus scriosadh sonraí leis). Chuige sin, is é an bunús dlí na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, reachtaíochta ábhartha eile (cuid de a luaitear sa Bheartas seo) agus bunúis eile lena gceadaítear nó lena gceanglaítear leis an dlí. Tá sé sin i gcomhréir le hairteagal 6.1(c) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ina luaitear nach mbeidh an phróiseáil dleathach ach amháin i gcás gur “gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh” agus le hairteagal 6.1(e), gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don Chomhairle Mhúinteoireachta. Sonraítear na hócáidí annamha ina mbailímid do shonraí ar chúiseanna seachas na cúiseanna a bhaineann le hoibleagáid dhlíthiúil sa bheartas seo freisin (an “Beartas”). Ní dhéanaimid do shonraí a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuilimid i dteideal é sin a dhéanamh de réir an dlí. Leagtar amach cur síos gearr ar an reachtaíocht agus ar na rialacháin a bhaineann le gníomhaíochtaí na Comhairle in Aguisín I.
1.3. Úsáidtear “an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí” ar fud an doiciméid chun tagairt a dhéanamh don Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus d’aon dlí nó rialachán eile is infheidhme a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus le príobháideachas (lena n-áirítear an Treoir maidir le R‑Phríobháideachas), de réir mar a dhéanfar reachtaíocht den sórt sin a leasú, a athbhreithniú nó a athsholáthar ó thráth go chéile, lena n-áirítear trí fheidhmiú an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (“RGCS”) (agus dlíthe lena ndéantar RGCS a chur i bhfeidhm nó a fhorlíonadh).
1.4. Ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí a bhaineann le duine aonair beo is féidir a aithint ó na sonraí nó ó na sonraí i dteannta faisnéise eile atá inár seilbh nó ar dócha go mbeidh sí inár seilbh. Le hAirteagal 4 de RGCS, sainmhínítear iad mar “aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin”.
1.5. Tá sé beartaithe ag an mBeartas seo go ndéanfar nochtadh ar bhealach trédhearcach ar an gcaoi a ndéanann an Chomhairle sonraí pearsanta a fháil, a phróiseáil agus a chomhroinnt, ionas go mbeidh tuiscint shoiléir acu siúd uile a sholáthraíonn sonraí pearsanra (lena n-áirítear sonraí a phróiseáiltear trí shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta) ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta. Tabhair ar aird go leagtar amach leis an mBeartas seo an bunús lena ndéanfaimid próiseáil ar aon sonra pearsanta a bhailímid uait, nó a sholáthraíonn tú dúinn, agus go bhfuil feidhm aige maidir le do shonraí pearsanta uile gan beann ar an meán nó ar an modh a bhfuarthas do shonraí pearsanta. Ba cheart duit a bheith ar an eolas freisin nach bhfuil ach na sonraí pearsanta amháin a bhaineann le feidhmiú a cuid dualgas reachtúil á lorg ag an gComhairle. Níl leibhéil iomarcacha sonraí nach mbaineann leis na dualgais sin á lorg ag an gComhairle agus ní mian léi a leithéid a fháil.
2. Na Sonraí Pearsanta a Bhailímid
2.1. Sonraí Pearsanta: Ginearálta
Braitheann na sonraí a bhailímid ar an bhfáth a mbailímid iad (féach an roinn ‘An Fáth a mBailímid do Shonraí’). I gcás ina gcláraíonn tú linn mar mhúinteoir, éileofar ort d’ainm, seoladh, uimhir theileafóin, UPSP, inscne, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, stair acadúil agus gairmiúil agus cáilíochtaí, agus sonraí eile den chineál sin a sholáthar. Agus tú cláraithe, d’fhéadfaí sonraí breise a éileamh sna cásanna seo a leanas:
a) i gcás inarb ann do ghearán maidir le feidhmiúlacht chun múineadh, d’fhéadfadh sé go mbeidh orainn an comhad gearáin uile a chomhroinnt lenár n-aturnaetha agus lenár n-abhcóidí, agus le gearrscríobhaithe agus soláthraithe bainistíochta cáis agus córais bogearraí eile;
b) chun críoch toghcháin, catagóir toghcháin (lena n‑áirítear toghcheantar geografach) agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir rolla na scoile le haghaidh gach múinteoir incháilithe;
c) le haghaidh an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, sonraí a bhaineann le húdar imní bona fide faoi dhíobháil do leanbh nó do dhuine soghonta, agus aon toradh agus pionós lena mbaineann;
d) chun a dheimhniú gur cuireadh promhadh agus ionduchtú i gcrích, tiomsaítear sonraí múinteoirí a cláraíodh le coinníollacha agus soláthraítear iad don Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (CNIM); agus,
e) i ndáil le fostaithe agus conraitheoirí na Comhairle – le haghaidh seirbhísí párolla, na Coimisinéirí Ioncaim agus comhairleoirí pinsin agus aoisliúntais na Comhairle, do shonraí cuntais bainc, sonraí tuarastail agus airgeadais eile, an dáta a chláraigh tú leis an gComhairle, sonraí seirbhíse agus aicme ÁSPC.
Le haghaidh gnáthdhaoine, is éard a bheidh sna sonraí a bhailímid den chuid is mó gnáthfhaisnéis phearsanta a bhaineann le do shonraí teagmhála, seachas i gcás ina bhfuil gearán á chur isteach agat faoi mhúinteoir; sa chás sin, beidh mionsonraí iomlána an ábhair agus na n-imthosca as ar éirigh an gearán ag teastáil uainn.
2.2. Sonraí maidir le Cáilíochtaí
2.2.1. Tá sé de shainchúram ar an gComhairle cáilíochtaí gach múinteora a thaifeadadh ar an gclár. I gcás múinteoirí a bhí ann roimh bhunú na Comhairle (28/03/2006) agus a cuireadh ar an gclár faoi ailt 31(2) agus (3) d’Acht na Comhairle Múinteoireachta, dhearbhaigh formhór na múinteoirí sin a gcáilíochtaí ar fhoirm fíoraithe sonraí. Níl tras-scríbhinní bunaidh na gcáilíochtaí sin feicthe ag an gComhairle agus, dá bhrí sin, níl an Chomhairle in ann a gcruinneas a dheimhniú.
2.2.2. I gcás múinteoirí atá cláraithe faoi alt 31(5) d’Acht na Comhairle Múinteoireachta (tar éis bhunú na Comhairle), braitheann an Chomhairle ar thras-scríbhinní bunaidh nó ar mhionsonraí a aistrítear ó choláistí agus ó ollscoileanna a sholáthraíonn cáilíochtaí oideachais múinteora in Éirinn agus thar lear. Déanann an Chomhairle a dícheall lena chinntiú go bhfuil gráid na gcáilíochtaí á dtaifeadadh go cruinn. (m.sh., Céadonóracha, Pas le hArdghradam, Onóracha 2.1, Pas, srl.).
2.2.3. Féadfaidh an Chomhairle cuid de do shonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí cláraithe agus cáilíochtaí, a chomhroinnt le do Phámháistir (féach alt 3.6 den bheartas seo). Tá sé de shainchúram ar an gComhairle, áfach, a chinntiú go sásaíonn na cáilíochtaí na riachtanais chláraithe agus níl an Chomhairle freagrach as a chinntiú go bhfaigheann múinteoir an luach saothair ceart ó fhostóir nó ó phámháistir i gcás ina mbraitheann fostóir scoile nó pámháistir ar phróiseáil sonraí na Comhairle maidir le cáilíochtaí.
2.2.4. I gcásanna nach bhfuil grád cáilíochta ar fáil, is é beartas na Comhairle é toradh ‘bronnta’ a chur isteach. I gcásanna eile nach léir an grád ó thras-scríbhinn cáilíochta, déanfaidh an Chomhairle iarracht an toradh mar a soláthraíodh ar an tras-scríbhinn a thaifeadadh, m.sh., an meán-ghrádphointe (GPA). I gcásanna den sórt sin, ní thabharfaidh an Chomhairle breith faoi cé acu an toradh pas nó onóracha é an toradh a soláthraíodh. Ní rachaidh an Chomhairle i mbun plé le múinteoirí maidir le léirmhíniú a dtorthaí agus a liúntas cáilíochta cuí. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanfaidh an Chomhairle aicmiú ar cháilíocht (m.sh., céim Mháistir nó a comhionann) nó ní thabharfaidh an Chomhairle faoin gcáilíocht a chur ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
2.3. Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta
2.3.1. Mar a leagtar amach in RGCS, tá toirmeasc ginearálta ar phróiseáil sonraí géiniteacha agus bithmhéadracha nó sonraí a léiríonn bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumainn, gnéaschlaonadh nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó sláinte duine. Tá eisceachtaí ann, áfach: mar shampla, d’fhéadfadh nochtadh sonraí a bhaineann le cionta coiriúla roimhe seo nó ionchúisimh atá ag teacht aníos a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, nó d’fhéadfadh daoine den phobal saincheisteanna maidir le sláinte, folláine nó iompar múinteora a thuairisciú don Chomhairle.
2.3.2. I gcomhréir le hAirteagal 9 agus 10 de RGCS, ní dhéanfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil ach amháin i gcás ina dtugann an t-ábhar sonraí toiliú sainráite, nó i gcás inar gá an phróiseáil ar mhaithe le leas substaintiúil an phobail, nó i gcás ina bhfuil an phróiseáil údaraithe de réir an dlí nó ceadaithe ar bhealach eile faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Áirítear leis na himthosca breise sin, freagairt d’iarrataí ón Ombudsman agus i gcás inar gá an phróiseáil chun comhairle dlí a fháil nó i ndáil le himeachtaí dlíthiúla, nó imeachtaí dlíthiúla ionchasacha, agus i gcás inar gá an phróiseáil chun éilimh dlí a bhunú, a ghníomhú nó a chosaint nó nuair a bhíonn cúirteanna ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach (Airteagal 9).
3. An Fáth a mBailímid do Shonraí Pearsanta
3.1. Clárú agus Athnuachan Cláraithe: Baineann Cuid 3 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta le feidhmeanna cláraithe agus athnuachan cláraithe na Comhairle Múinteoireachta*. Féadtar iarratas ar chlárú agus ar athnuachan a dhéanamh ar líne trí shuíomh gréasáin na Comhairle. Déanann an Chomhairle an fhaisnéis a sholáthraítear ar na foirmeacha sin a choimeád, a phróiseáil agus a nochtadh chun na hoibleagáidí reachtúla atá aici mar rialtóir agus comhlacht caighdeáin na múinteoireachta in Éirinn a chomhlíonadh.
Tugtar an chumhacht don Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar dhuine cuí cóir a dhéanamh agus iarratas ar chlárú nó athnuachan á phróiseáil aici. Féadfaidh an Chomhairle sonraí a bhailiú ó thríú páirtithe nó ó fhoinsí atá inrochtana don phobal.
Forchuirtear le halt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta ceanglas ar fhostóirí scoile a chinntiú nach n-íoctar ach múinteoirí cláraithe ó chistí Stáit.
*Soláthraítear tuilleadh mionsonraí ar an reachtaíocht in Aguisín I.
3.2. Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar Mhúinteoirí agus ar Iarratasóirí ar Chlárú mar Mhúinteoir: Leis na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016, forchuirtear oibleagáidí ar fhostóirí chun fostaithe a mbíonn teagmháil acu le leanaí nó le daoine fásta soghonta a ghrinnfhiosrú. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta go ndéantar gach múinteoir cláraithe a ghrinnfhiosrú chun críoch cláraithe.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht lárnach a dhéanann grinnfhiosrúchán múinteoirí agus múinteoirí is iarratasóirí a chomhordú agus a riar chun críoch (1) cláraithe agus athnuachana agus (2) fostaíochta. Dá réir sin, déanann an Chomhairle faisnéis a phróiseáil agus a chomhroinnt leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin chun na gcríoch sin.
Comhroinneann an Chomhairle faisnéis leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin mar chuid de na ceanglais maidir le ‘Duine cuí cóir le bheith ina mhúinteoir cláraithe’ le haghaidh clárú tosaigh mar mhúinteoir agus le haghaidh athnuachan cláraithe faoi alt 31 agus alt 33 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, faoi seach.
Fógraítear nochtaí (torthaí) don iarratasóir trína gcuntas Mo Chlárú. Is faoin iarratasóir/múinteoir atá sé an nochtadh grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt le páirtithe eile, lena n‑áirítear scoileanna.
Ní dhéanann an Chomhairle torthaí grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt le haon pháirtí ach amháin i gcomhréir le téarmaí alt 33B den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta i gcás ina bhféadann an Chomhairle scoil a chur ar an eolas faoi thoradh grinnfhiosrúcháin má tá an Chomhairle den tuairim gur ábhar imní tromchúiseach é an fhaisnéis a sholáthraítear tríd an bpróiseas grinnfhiosrúcháin do shábháilteacht agus folláine linbh nó duine shoghonta.
Leagtar amach mionsonraí maidir le nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin na Comhairle agus an reachtaíocht lena mbaineann ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Soláthraítear tuilleadh mionsonraí ar an reachtaíocht in Aguisín I.
3.3. Gearáin, Fógraí agus Fiosruithe: Baineann Cuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta le feidhm na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh. Tugtar an chumhacht don Chomhairle sonraí a fháil agus a phróiseáil (múinteoirí cláraithe agus tríú páirtithe ábhartha) chun fiosruithe agus imscrúduithe a dhéanamh maidir le hiompar gairmiúil múinteoirí faoina próisis. Féadtar na sonraí sin a bhailiú trí ghearán foirmiúil, trí fhógra neamhfhoirmiúil don Chomhairle Mhúinteoireachta nó trí fhoinsí atá inrochtana don phobal, ar nós ailt sna meáin. Déantar aon sonra pearsanta a fhaightear, a phróiseáiltear nó a nochtar i gcomhthéacs imscrúdú nó fiosrú sonrach a choinneáil agus a úsáid chun na críche sin i gcomhréir le beartais agus nósanna imeachta na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh.
3.4. Torthaí ó Phróisis Smachta na Comhairle Múinteoireachta a Chomhroinnt agus Faisnéis a Fháil ó Chomhlachtaí Thar Lear: Féadfaidh an Chomhairle mionsonraí faoi aon smachtbhanna, ordú cúirte, gnóthais nó aon fhaisnéis ábhartha eile a chomhroinnt le rialtóirí eile a chomhlíonann feidhmeanna a chomhfhreagraíonn don Chomhairle i ndlínsí eile (lena n-áirítear tíortha lasmuigh de LEE) in imthosca ina bhfuil cúis ag an gComhairle lena chreidiúint go bhfuil tú cláraithe/ceadúnaithe/údaraithe i ndlínse eile nó ina bhfuil sé ceadaithe de réir an dlí ar bhealach eile é sin a dhéanamh.
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh an Chomhairle faisnéis a fháil ó rialtóirí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí múinteoireachta thar lear. Tá comhaontuithe comhroinnte sonraí déanta ag an gComhairle le roinnt rialtóirí maidir leis sin, lena n-áirítear an Chomhairle Lucht Saothair Oideachais (an Bhreatain Bheag) agus Comhairle Mhúinteoireachta Ghinearálta na hAlban, agus féadfaidh sí comhaontuithe breise a dhéanamh amach anseo, le Gníomhaireacht Rialála Múinteoireachta Shasana cuir i gcás. I gcomhréir le Treoir (AE) 2005/36/CE, féadfaidh an Chomhairle mionsonraí a chomhroinnt agus a fháil mar a shonraítear thuas le Ballstáit AE/LEE trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI).
*Soláthraítear tuilleadh mionsonraí ar an reachtaíocht in Aguisín I.
3.5. An Roinn Oideachais agus Boird Oideachais agus Oiliúna: Leis an Acht Oideachais (Leasú) 2012 (alt 24(7)*), ceanglaítear ar an gComhairle an fhaisnéis atá aici maidir le múinteoirí cláraithe a chomhroinnt leis an Roinn Oideachais (“an Roinn”) nó le Boird Oideachais agus Oiliúna (“BOOnna”) i gcomhthéacs alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. Soláthraíonn an Roinn seirbhísí párolla do líon mór fostóirí scoile agus déanann BOOnna múinteoirí a fhostú agus a íoc go díreach. Úsáidtear na sonraí sin lena dheimhniú cé acu an bhfuil múinteoir cláraithe nó nach bhfuil chun alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta a chomhlíonadh. Níl an Chomhairle freagrach as cleachtais na Roinne agus BOOnna maidir le sonraí toisc go bhfuil siad sin faoi réir a gcuid beartas agus nósanna imeachta féin. *Soláthraítear tuilleadh mionsonraí ar an reachtaíocht in Aguisín I.
3.6. Pámháistrí Múinteoirí: Feidhmíonn an Chomhairle comhéadan pámháistir do Chlár na Múinteoirí. Leis sin, ligtear do phámháistrí (is iad sin, an Roinn agus BOOnna a fheidhmíonn párollaí do mhúinteoirí atá fostaithe i Scoileanna Aitheanta) chun múinteoirí cláraithe a aithint chun críoch párolla agus chun cúnamh a thabhairt do phámháistrí maidir le cáilíochtaí a fhíorú agus liúntas cáilíochta a ríomh. Leis an gcomhroinnt sonraí sin, soláthraítear ionad ilfhreastail do bhailiú agus próiseáil sonraí gairmiúla múinteora a théann chun leasa an mhúinteora (ábhar sonraí) agus na n-eagraíochtaí párolla/fostóirí.
3.7. Oibleagáidí Aitheantais Fhrithpháirtigh: Baineann Treoir (AE) 2005/368/2017/CE (a trasuíodh i ndlí na hÉireann le hIonstraim Reachtúil 8/2017) le haitheantas frithpháirteach cáilíochtaí idir Ballstáit an Aontais agus déantar foráil léi maidir le saoirse gluaiseachta agus aitheantas do ghairmithe láncháilithe laistigh de Bhallstáit an Aontais. Is í an Chomhairle an t-údarás inniúil in Éirinn le haghaidh gairm na múinteoireachta faoin Treoir agus déanann sí sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chomhroinnt i gcomhréir le ceanglais na Treorach agus le halt 46A den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. Cuireann an Chomhairle cur chuige comhchosúil i bhfeidhm i gcás próiseáil sonraí do mhúinteoirí is iarratasóirí ó dhlínsí lasmuigh de AE/LEE.
3.8. Athbhreithniú agus Creidiúnú Cláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí: Baineann alt 38 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta le ról na Comhairle Múinteoireachta maidir le cláir oiliúna tosaigh múinteoirí a athbhreithniú agus a chreidiúnú agus caighdeáin a choinneáil ar bun i ndáil leo sin. Ceanglaítear ar sholáthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí doiciméad pro forma ina bhfuil na foirne uirlisí agus aguisíní lena mbaineann a chur isteach mar chuid dá n-iarratas ar chreidiúnú cláir. Leis an bpróiseas iarratais sin, bailíonn an Chomhairle sonraí pearsanta i ndáil le cáilíochtaí acadúla, stádas fostaíochta agus stádas cláraithe pearsanra cláir chun riachtanais shonracha a fhíorú i ndáil le caighdeáin chreidiúnaithe an chláir. Féadfar aon sonra pearsanta a fhaightear a athbhreithniú agus a chomhroinnt le Painéil Athbhreithnithe neamhspleácha i gcomhthéacs an athbhreithnithe agus an chreidiúnaithe.
3.9. Toghcháin: Déanann an Chomhairle sonraí pearsanta a phróiseáil freisin chun a n-oibleagáidí faoi na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Comhaltaí a Thoghadh) 2019 a chomhlíonadh. Faoi na Rialacháin sin, ullmhaíonn an Chomhairle rolla toghthóirí ina bhfuil mionsonraí faoi ainm, inscne, cláruimhir múinteora, catagóir toghcháin (toghcheantar geografach san áireamh) agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir rolla na scoile gach múinteoir incháilithe. Ós rud é go bhfuil oibleagáid reachtúil ann an rolla toghthóirí a chur ar fáil do mhúinteoirí incháilithe, socraíonn an Ceann Comhairimh, i gcomhréir le rialachán 7(1)(a) de na Rialacháin, go bhfoilsítear an rolla toghthóirí ar shuíomh gréasáin na Comhairle ar feadh tréimhse theoranta.
3.9.1. Leis an rolla toghthóirí, liostaítear gach duine atá cláraithe leis an gComhairle ar an dáta ábhartha a bheidh incháilithe le vóta a chaitheamh agus/nó le bheith ainmnithe chun seasamh i dtoghchán. Le foilsiú an rolla toghthóirí, ligtear do mhúinteoirí cláraithe a dheimhniú go bhfuil an chatagóir vótála toghcháin agus an toghcheantar ceart sannta dóibh agus, más ann d’earráidí nó easnaimh, is féidir leo iarratais a chur isteach don Chomhairle ar leasú faoin sprioc-am is infheidhme le haghaidh an toghcháin.
3.9.2. Déanfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta i ndáil leis na Rialacháin a phróiseáil. Mar shampla, i gcás ina bhfaigheann an Chomhairle uimhir fóin phóca ó mhúinteoir, féadfaidh an Chomhairle nó eagraíocht chonarthach thar a ceann teachtaireacht SMS a sheoladh chuig an múinteoir sin lena chur i gcuimhne dóibh vóta a chaitheamh.
3.10. Úsáid do Shonraí Chun Críoch Staitistiúil: Déanann an Chomhairle sonraí múinteora atá ar an gclár a phróiseáil chun críoch anailís agus tuairisciú staitistiúil. Déantar comhroinnt sonraí pearsanta chun na gcríoch sin i gcomhréir leis an reachtaíocht (alt 7(I) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta).
3.11. Saoráil Faisnéise: Comhlíonann an Chomhairle rialacha agus cleachtais an Achta um Shaoráil Faisnéise atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Déanann an Chomhairle sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs a hoibleagáidí saorála faisnéise a chomhlíonadh.
3.12. Ár Suíomh Gréasáin: Bailímid cineálacha éagsúla faisnéise faoinár n-úsáideoirí trínár suíomh gréasáin ar na cúiseanna seo a leanas:
a) chun an chaoi a gcuirtear ár n-ábhar i láthair a phearsantú ar an mbealach is éifeachtaí d’úsáideoirí agus do ríomhairí/ghairis;
b) chun cuidiú linn faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus iad a fheabhsú, lena n‑áirítear ar ár suíomh gréasáin. Mar chuid de sin, féadfaimid faisnéis a úsáid agus a nochtadh i bhfoirm chomhiomlán (ionas nach n-aithneofar aon duine aonair);
c) chun oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as d’idirghníomhú leis an suíomh gréasáin a chomhlíonadh; agus
d) chun ligean duit páirt a ghlacadh i ngnéithe idirghníomhacha ár seirbhíse, nuair a roghnaíonn tú é sin a dhéanamh.
4. Conas a Bhailímid do Shonraí
4.1. Próiseas Cláraithe agus Réamhchláraithe: Is iad na múinteoirí féin (is iarratasóirí nó cláraithe), nó coláistí nó ollscoileanna a sholáthraíonn cláir chreidiúnaithe oideachais múinteoirí de bhun an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta, a sholáthraíonn go díreach formhór na sonraí pearsanta a fhaigheann an Chomhairle.
Soláthraíonn coláistí agus ollscoileanna sonraí pearsanta don Chomhairle i leith mic léinn ar mian leo clárú leis an gComhairle tar éis dóibh scrúduithe deiridh a chur i gcrích go rathúil. Leis an gcomhroinnt sonraí pearsanta sin, cuirtear ar a cumas don Chomhairle dlús suntasach a chur leis an bpróiseas cláraithe do mhic léinn nuair a bhíonn siad ina Múinteoirí Nuacháilithe.
4.2. CCTV: Féadfar d’íomha a thaifeadadh ar theilifís ciorcaid iata (CCTV), atá suiteáilte i bhfoirgneamh na Comhairle. Tá roinnt ceamaraí i gceist leis an gcóras atá suiteáilte ag an deasc fáilte agus ag gach pasáiste ardaitheora, agus déantar físeán gan fuaim a thaifeadadh ar an tríú hurlár. Is é an bunús atá againn le sonraí pearsanta a bhailiú ar an mbealach seo ná leas dlisteanach (Airteagal 6.1(f) de RGCS) ó thaobh slándála don fhoireann agus don áitreabh; ábhar fianaiseach a sholáthar d’imeachtaí cúirte coiriúla. Tá comharthaíocht crochta chun daoine a chur ar an eolas go bhfuil CCTV i bhfeidhm.
4.3. Glaonna Teileafóin: Tá córas taifeadta glaonna teileafóin suiteáilte ag an gComhairle ina hoifigí i Maigh Nuad. Tá an córas in ann glaonna isteach agus amach a thaifeadadh ó gach teileafón ag oifigí na Comhairle. Is é an réasúnaíocht is bonn leis an gcóras taifeadta glao teileafóin a shuiteáil feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht a seirbhíse fóin trí ghlaonna taifeadta a úsáid chun críoch oiliúint foirne agus fíoraithe. Ní úsáidtear taifeadtaí glao ach amháin chun na gcríoch sin agus chun treoracha/faisnéis a sholáthraítear agus a fhaightear a bhailíochtú, agus ní úsáidfear iad chun aon chríche eile.
4.3.1. Ní cheadaítear rochtain ar na taifeadtaí d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta ach amháin chun riachtanais gnó a shainítear go soiléir a chomhlíonadh, agus ní mór na cúiseanna ar iarrataí ar rochtain a bheith údaraithe go foirmiúil ag an mbainisteoir rannóige ábhartha. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh le hiarrataí ar thaifeadtaí glao:
a) cúis na hiarrata;
b) dáta agus am an ghlao;
c) folíne teileafóin a úsáideadh chun an glao a dhéanamh/a fháil;
d) uimhir sheachtrach lena mbaineann, más eol; agus
e) i gcás inar féidir, ainmneacha gach páirtí sa ghlao teileafóin.
4.3.2. Déanfaidh an Riarthóir Córais TF, agus iarraidh fhaofa ar thaifeadadh glao á fáil, cóip den taifeadadh a sheoladh trí ríomhphost chuig an mball foirne ábhartha. Ba cheart cóipeanna de na taifeadtaí a scriosadh tar éis iad a úsáid. Ní cheadaítear brabhsáil taifeadtaí gan cuspóir sonrach.
4.4. Seoltaí IP: Bailímid seoltaí IP ó chuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. (Is uimhir é an seoladh IP lena ndéantar ríomhaire sonrach nó gaireas líonra eile ar an idirlíon a aithint go huathúil). Leis sin, táimid in ann suíomh úsáideoirí a aithint, úsáid shuaiteach a bhacadh agus an líon cuairteanna ó thíortha éagsúla a bhunú. Déanaimid anailís ar na sonraí sin ar chúiseanna treochtaí agus staitisticí, ar nós na gcodanna dár suíomh gréasáin a bhfuil cuairteoirí ag tabhairt cuairte orthu agus an fad ama a chaitheann siad ann.
4.5. Fianáin: Is comhad beag téacs é fianán a chuireann freastalaí gréasáin ar do dhiosca crua lena gcumasaítear suíomh gréasáin agus/nó aip mhóibíleach úsáideoirí athfhillteacha a aithint, lena n-éascaítear rochtain leanúnach úsáideora ar an suíomh gréasáin agus/nó ar an aip mhóibíleach agus lena ligtear don suíomh gréasáin agus/nó don aip mhóibíleach iompar úsáide a rianú agus sonraí comhiomlána a thiomsú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar ábhar agus fógraíocht a spriocdhíriú.
4.5.1. Cuirimid faisnéis i dtoll a chéile maidir leis an trácht ar fad ar an suíomh gréasáin a léirítear i bhformáid chomhiomlán trí fhianáin. Úsáidimid tríú páirtithe ar nós Google Analytics chun faisnéis úsáideora a bhailiú, lena n‑áirítear trí fhianáin (flais agus neamhfhlais) agus speicéirí gréasáin a úsáid. Cuidíonn siad linn feabhas a chur ar an suíomh gréasáin agus roinnt mhaith feidhmeanna a sheachadadh a fhágann go bhfuil d’eispéireas bhrabhsálaí níos áisiúla don úsáideoir.
4.5.2. Ba cheart duit a bheith ar an eolas freisin go bhfuil fianáin a fhaightear in uirlisí idirlín cuideachtaí eile a úsáidimid chun an suíomh gréasáin a fheabhsú. Feicfidh tú cnaipí na meán sóisialta ar an suíomh gréasáin, lena n‑áirítear, ach gan a bheith teoranta do, Twitter, YouTube, agus Facebook lenar féidir leat leathanaigh gréasáin áirithe a chomhroinnt nó a leabharmharcáil. Tá a gcuid fianán féin ag na suíomhanna gréasáin sin, agus déanann siad féin rialú orthu.
4.5.3. Agus úsáid á baint agat as an suíomh gréasáin, comhaontaíonn tú le húsáid na bhfianán mar a shonraítear sa Bheartas seo (is é sin, comhaontaíonn tú le fianáin a chur ar do ghaireas mura roghnaíonn tú go sonrach gan fianáin a fháil, i gcás ina bhfuil fianáin den sórt sin de chineál, de ghnáth, a bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go bhfuil siad ann ar shuíomh gréasáin den sórt atá againne). Tabhair ar aird, áfach, nach soláthrófar sonraí pearsanta dúinn le fianán; mar sin, murar chuir tú aon sonra pearsanta ar fáil dúinn, is féidir leat fós an suíomh gréasáin a bhrabhsáil go hanaithnid.
4.5.4. Leis an ‘Roghchlár Cabhair’ ar bharra roghchláir fhormhór na mbrabhsálaithe, inseofar duit conas cosc a chur ar do bhrabhsálaí ó ghlacadh le fianáin nua, conas do bhrabhsálaí a shocrú chun fógra a thabhairt duit nuair a fhaigheann tú fianán nua agus conas fianáin a dhíchumasú ar fad. Is féidir leat freisin sonraí den chineál céanna a úsáideann forlíontáin brabhsálaí, ar nós flaisfhianáin, a dhíchumasú nó a scriosadh trí na socruithe maidir le forlíontáin a athrú nó trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an mhonaróra
4.5.5. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi fhianáin agus faoi iad a bhainistiú, lena n-áirítear faoi iad a chasadh as, tabhair cuairt ar www.cookiecentral.com. Mar sin féin, ós rud é go ligeann fianáin duit tairbhe a bhaint as roinnt gnéithe ríthábhachtacha den suíomh gréasáin, molaimid duit iad a fhágáil casta air mar nach bhfaighidh tú eispéireas iomlán ghnéithe idirghníomhacha an tsuímh ghréasáin ná suíomhanna gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu gan iad.
5. Na Páirtithe a gComhroinnimid do Shonraí Leo
5.1. De bhun alt 29 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, foilsíonn an Chomhairle an clár, agus is féidir le haon duine den phobal cuardach a dhéanamh ar mhúinteoir cláraithe trí luach a chur isteach i gceann de na réimsí seo a leanas:
- Céadainm;
- Sloinne;
- Cláruimhir;
- Earnáil Scoile; agus
- Uimhir Rolla na Scoile.
Nuair a bhíonn torthaí ar chuardach, taispeántar liosta torthaí ar an scáileán. Féadtar toradh a leathnú trí chliceáil ar an réimse sloinne. Le haghaidh gach múinteoir cláraithe, taispeántar na réimsí faisnéise seo a leanas:
- Céadainm;
- Sloinne;
- Cláraithe faoin Rialachán;
- Ainm Scoile; agus
- Seoladh Scoile.
Tá an clár fisiceach ar fáil le féachaint air freisin ag oifigí na Comhairle faoi alt 29(6) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta. Mura bhfuil an múinteoir cláraithe faoi láthair nó mura bhfuil seasamh maith acu leis an gComhairle, ní bheidh teacht ar a dtaifead.
5.2. Comhroinneann an Chomhairle sonraí pearsanta i ndáil lena foireann le tríú páirtithe ar nós riarthóirí pinsin nó soláthraithe párolla a bhfuil faisnéis den sórt sin ag teastáil uathu chun párolla na foirne a riar. Cuirtear an fhoireann ar an eolas faoi nochtaí ina gconarthaí fostaíochta agus trí nuashonruithe tráthrialta foirne.
5.3. I gcás ina bhfuil múinteoir cláraithe ina ábhar gearáin, féadfar an comhad gearáin (nó doiciméid shonracha) a chomhroinnt le coistí na Comhairle agus le comhairleoirí dlí ábhartha agus le tríú páirtithe ábhartha eile, lena n-áirítear gearánaigh, finnéithe eile, múinteoirí cláraithe eile, saineolaithe agus/nó fostóirí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin bhfáth a gcomhroinnimid sonraí le tríú páirtithe ar nós an Gharda Síochána, an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, na gCoimisinéirí Ioncaim, rialtóirí eile agus pámháistrí, féach an roinn ‘Na Sonraí Pearsanta a Bhailímid’. Coimeádaimid an ceart againn féin rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus iad a nochtadh i gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. De ghnáth, i gcás aon tríú páirtí a bhfuil rochtain acu ar do shonraí le linn dóibh seirbhísí a soláthar dúinn, bíonn siad faoi réir srianta dochta conarthacha lena chinntiú go gcosnaítear do shonraí i gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
5.4.Comhroinneann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí pearsanta le gníomhairí údaraithe agus le tríú páirtithe ar nós próiseálaithe nó fophróiseálaithe sonraí a ghníomhaíonn thar ceann na Comhairle chun críoch riarachán cláraithe nó chun cumarsáid a dhéanamh le hiarratasóirí agus/nó le múinteoirí cláraithe. Déantar sonraí pearsanta a chomhroinntear ar an mbealach sin a chomhroinnt go slán agus i gcomhréir le treoracha na Comhairle agus i gcomhréir le comhaontuithe conarthacha nó le comhaontuithe comhroinnte sonraí. Leanann an Chomhairle Mhúinteoireachta de bheith ina rialaitheoir sonraí ar na sonraí sin.
5.5. Féadfar rochtain leictreonach a sholáthar do thríú páirtithe, ar nós comhlachtaí oideachais agus gairme múinteoirí, ar réimsí sonraí áirithe ar an gClár chun a fhíorú go bhfuil múinteoir cláraithe agus/nó i gcás ina bhfuil gá le rochtain ar shonraí maidir le cáilíochtaí. Féadfar a bheith san áireamh leis na sonraí sin an scoil ina bhfuil siad fostaithe (i gcás inar dhearbhaigh an múinteoir í) agus ‘an bealach cláraithe’ (bunscoil, mar shampla) faoina bhfuil an múinteoir cláraithe. Tá daoine den phobal in ann cuardach a dhéanamh ar na réimsí sonraí lena mbaineann ar an gclár ar líne (féach alt 5.1 den bheartas seo).
5.6. Ó thráth go chéile, d’fhéadfadh comhlachtaí i dtíortha eile, lena n-áirítear comhionann na Comhairle Múinteoireachta sa Ríocht Aontaithe, Litreacha maidir le Seasamh Gairmiúil a lorg, mar shampla, i gcásanna ina bhfuil múinteoir ag iarraidh clárú sa tír sin. Sna litreacha sin, nach soláthraítear ach amháin i gcás ina dtoilíonn an múinteoir é, bíonn sonraí pearsanta agus gairmiúla múinteora agus a seasamh reatha leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
6. Suíomhanna Gréasáin Tríú Páirtithe
6.1. Níl feidhm ag an mBeartas seo maidir le haon nasc ar ár suíomh gréasáin chuig suíomhanna gréasáin agus/nó seirbhísí tríú páirtithe, ar nós feidhmchláir tríú páirtithe, a d’fhéadfá teacht orthu agus tú ag úsáid ár suímh ghréasáin. Ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé, leis an tseirbhís a sholáthraímid, go gcuirfí ar do chumas rochtain a fháil ar ábhar sheirbhísí tríú páirtithe, teagmháil a dhéanamh leo, agus íoc astu, nó go gcabhródh an tseirbhís a sholáthraímid é sin a dhéanamh, agus go ndéanann tú é sin ar do phriacal féin amháin. Sampla sonrach amháin is é íocaíochtaí cárta creidmheasa leis an gComhairle.
6.2. Níl an Chomhairle faoi aon dliteanas ná níl oibleagáid uirthi i ndáil le hábhar aon suímh ghréasáin tríú páirtí den sórt sin, nó lena n-úsáid nó le teagmháil a dhéanamh leo, nó le haon idirbheart a chuirtear i gcrích nó le haon chonradh a dhéanann tú le haon tríú páirtí den sórt sin nó leis an úsáid a bhaineann aon tríú páirtí den sórt sin as do shonraí pearsanta. Ní thugaimid formhuiniú nó faomhadh d’aon suíomh gréasáin tríú páirtí nó d’ábhar aon suíomh gréasáin tríú páirtí a chuirtear ar fáil trínár suíomh gréasáin. Molaimid duit eolas a chur ar choinníollacha úsáide agus ar bheartais phríobháideachais is infheidhme maidir le haon suíomh gréasáin agus/nó seirbhís a fheidhmíonn tríú páirtithe. Bí ar an eolas nach bhfuilimid freagrach as cleachtais phríobháideachais aon tríú páirtí.
7. Conas a Chosnaímid do Shonraí
7.1. Tá córas TF fairsing slán i bhfeidhm ag an gComhairle chun sonraí a stóráil. Tugtar rochtain ar chodanna ar leith den chóras i gcomhréir le róil agus freagrachtaí na Comhairle: ní thugaimid rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin do na fostaithe, conraitheoirí agus gníomhairí sin ar gá na sonraí pearsanta den sórt sin a bheith ar eolas acu chun na seirbhísí a sholáthraímid a fheidhmiú, a fhorbairt nó a fheabhsú. Cinntímid go bhfuil na bearta slándála iomchuí fisiceacha agus teicneolaíocha i bhfeidhm againn chun d’fhaisnéis a chosaint; agus cinntímid agus aon phróiseas á chur amach ar chonradh againn go mbíonn bearta slándála iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí. Feidhmíonn an Chomhairle Beartas Slándála Faisnéise agus Beartas Úsáide Inghlactha freisin a bhfuil baint acu le foireann uile na Comhairle, le comhaltaí na Comhairle agus le haon úsáideoir eile a nascann le líonra na Comhairle. Déantar na doiciméid agus na taifid uile a stóráil go slán ar an láthair. Tá conradh ag an gComhairle le soláthraí seirbhíse seachtrach le haghaidh stóráil fhadtéarmach sheachtrach shlán.
7.2. Cuirfimid bearta iomchuí eagraíochtúla agus teicniúla i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil leibhéal slándála iomchuí ann ó thaobh rioscaí a thagann aníos trí phróiseáil do shonraí pearsanta. Go háirithe, breithneoimid na rioscaí a bhaineann le sonraí pearsanta tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte ar bhealach eile a scriosadh, a chailleadh, a athrú, a nochtadh go neamhúdaraithe nó rochtain a fháil orthu go neamhúdaraithe, trí thimpiste nó go neamhdhleathach.
7.3. Tabhair faoi deara nach mbíonn tarchur faisnéise ar an idirlíon go hiomlán slán. Cé go ndéanaimid ár ndícheall do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil aon sonra a tharchuirtear chuig ár suíomh gréasáin a chinntiú agus déantar aon tarchur den sórt sin ar do phriacal féin. Ach an fhaisnéis a bheith faighte againn uait, bainfimid úsáid as nósanna imeachta diana agus as gnéithe slándála chun iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a chosc. Nílimid freagrach as aon mhoill, aon chliseadh seachadta, nó aon chaillteanas nó damáiste eile a bhíonn ann mar thoradh ar (i) aistriú sonraí thar líonraí agus saoráidí cumarsáide, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó (ii) aon mhoill nó aon chliseadh seachadta a dhéanann soláthraí seirbhíse eile nach bhfuil faoi chonradh againn, agus admhaíonn tú go bhféadfadh ár suíomh gréasáin a bheith faoi réir teorainneacha, moilleanna agus fadhbanna eile a théann le húsáid saoráidí cumarsáide den sórt sin. Tuigfidh tú nach mbeimid in ann cosc iomlán ó chibirionsaithe ar nós haiceáil, earraí spiaireachta agus víris a chinntiú. Dá réir sin, ní mheasfaidh tú muid a bheith faoi dhliteanas as aon nochtadh, caillteanas nó scrios neamhúdaraithe do shonraí pearsanta a eascraíonn as rioscaí den sórt sin. Tabhair ar aird freisin go bhfuil hipearnaisc ar ár suíomh gréasáin chuig suíomhanna gréasáin atá faoi úinéireacht agus á bhfeidhmiú ag tríú páirtithe, agus is ar do phriacal féin é má úsáideann tú iad (féach ‘Suíomhanna Gréasáin Tríú Páirtithe’).
7.4. I gcás ina bhfostaíonn an Chomhairle tríú páirtithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar a ceann, cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh tríú páirtithe den sórt sin faoi réir conradh dlíthiúil lena soláthraítear, ar a laghad, an leibhéal cosanta sonraí a leagtar amach sa Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
8. Do Chearta
8.1. Iarrataí Ábhair Sonraí
8.1.1. Faoi Airteagail 13 agus 15 de RGCS, agus iarraidh á fáil uait, deimhneoimid má tá do shonraí pearsanta á gcoimeád againn agus soláthróimid duit iad i bhfoirm thrédhearcach a mbeidh rochtain éasca uirthi (féach an roinn ‘Conas teagmháil a dhéanamh linn’). I gcás ina mbeidh na sonraí á n-úsáid chun críche seachas í sin a cuireadh in iúl ar dtús, cuirfimid an chríoch eile sin iúl duit roimh ré.
8.1.2. Tá feidhm ag iarrataí ar rochtain faoi Airteagal 15 de RGCS maidir le sonraí pearsanta atá i seilbh na Comhairle i bhfoirm ríomhairithe agus i bhfoirm láimhe araon. (I gcás ina ndéantar iarraidh ar bhealach leictreonach, soláthrófar an freagra i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta). I gcás ina mbíonn doiciméad ann i ndúblach, áfach, mar shampla, nuair a dhéantar an comhfhreagras a scanadh isteach i gcóras bainistíochta cáis na Comhairle, ní gá dhá chóip a sholáthar den doiciméad céanna mar fhreagra ar iarraidh. Go hiondúil, soláthrófar fótachóip nó asphrionta de na sonraí pearsanta. I gcás ina gcomhaontaíonn an duine leis, áfach, is féidir an fhaisnéis a sholáthar i bhformáid leictreonach, mar shampla, trí ríomhphost nó ar mhéaróg chuimhne.
8.1.3. Próiseálfaidh an Chomhairle iarrataí ó ábhar sonraí ar rochtain a chomhlíonann critéir áirithe:
a) ní mór dóibh a bheith i scríbhinn;
b) tá an Chomhairle i dteideal fiosruithe réasúnta a dhéanamh chun céannacht an duine a dhéanann an iarraidh a dheimhniú lena chinntiú nach bhfuilimid ag nochtadh sonraí pearsanta do pháirtí nach bhfuil i dteideal iad faoi RGCS;
c) ní mór don iarrthóir leibhéal réasúnta faisnéise iomchuí a chur ar fáil chun cuidiú linn an fhaisnéis is gá a aimsiú (i gcás ina bhfuil íomhá thaifeadta i gceist, ba cheart dóibh grianghraf pas díobh féin a sholáthar freisin); ní gá cúis a sholáthar don iarraidh, áfach; agus
d) láimhseálfaidh an Chomhairle iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain saor in aisce, ach amháin i gcás ina mbíonn iarrataí go follasach gan bhunús nó iomarcach, agus sa chás sin, féadfaidh an Chomhairle táille réasúnta a ghearradh chun costais riaracháin a chur san áireamh, nó an iarraidh a dhiúltú.
8.1.4. Comhlíonfar iarrataí bailí íoctha (i gcás inar gá) ó ábhar sonraí ar rochtain laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil, cé go bhféadfar síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse sin i gcás inar gá, agus castacht agus an líon iarrataí á gcur san áireamh (Airteagal 12 de RGCS).
8.1.5. Ba cheart gach iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain a threorú chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, a dhéanfaidh measúnú orthu i bhfianaise fhorálacha RGCS. Ní bheidh na cineálacha faisnéise seo a leanas á nochtadh ag an gComhairle de ghnáth mar fhreagra ar iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain:
a) sonraí nach sonraí pearsanta iad;
b) sonraí pearsanta lena gcuimsítear faisnéis faoi dhaoine eile, mura bhfuil toiliú againn ón duine eile sin (de réir mar is gá). Mura bhfuilimid in ann toiliú a fháil, d’fhéadfadh sé go mbeidh orainn an fhaisnéis sin a choinneáil siar nó eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí chun céannacht an duine sin a bhaint amach, más féidir.
-
- tuairimí a tugadh faoi rún;
- iarrataí oscailte;
- iarrataí núise/leantacha; agus
- doiciméid atá faoi phribhléid.
8.1.6. I gcás ina ndiúltaíonn an Chomhairle iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain, beidh an diúltú sin i scríbhinn agus leagfar amach ann na cúiseanna leis an diúltú.
8.1.7. Foráiltear le hAirteagal 23 de RGCS go bhféadfadh sé nach mbeidh sé de cheart ag daoine aonair faisnéis a bhaineann leo a fheiceáil i gcás ina nglactar srianta comhréireacha ar na cúiseanna seo a leanas (cé nach mbaineann formhór na n-imthosca seo leis an gComhairle de ghnáth, tá siad leagtha amach thíos ar mhaithe le hiomláine):
a) an tslándáil náisiúnta;
b) an chosaint;
c) an tslándáil phoiblí;
d) cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear cosaint agus cosc ar bhagairtí don tslándáil phoiblí;
e) cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
f) neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
g) sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
h) feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (g);
i) an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; agus
j) éilimh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.
8.1.8. D’fhéadfadh sé go mbeidh gá le roinnt doiciméad “a fholú” chun sonraí nach gá a nochtadh a bhaint amach.
8.2. An Ceart go nDéanfaí Ceartúcháin
8.2.1. Má iarrann duine a rinne iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain aon chuid dá sonraí pearsanta a cheartú ina dhiaidh sin, déanfar é sin laistigh de 40 lá ón iarraidh a bheith déanta, ar choinníoll go bhfuil fianaise réasúnta ann a thacaíonn leis an ngá le ceartú nó le léirscriosadh. Ní mór duit a chur in iúl dúinn cén fhaisnéis atá mícheart agus cad ba cheart a chur ina háit. Cuirfimid faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh (más ann dóibh) ar an eolas, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó mura mbíonn iarracht dhíréireach i gceist.
8.2.2. Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil na sonraí pearsanta uile a sholáthraítear dúinn cruinn agus iomlán. Má thagann athrú ar aon fhaisnéis a thug tú dúinn, cuir é sin in iúl dúinn a luaithe is féidir. Le halt 36(3) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, ceanglaítear ar mhúinteoirí cláraithe an Chomhairle a chur ar an eolas i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas: (a) aon earráid sa chlár a bhfuil siad ar an eolas fúthu i ndáil lena gclárú; agus, (b) aon athrú ar an bhfaisnéis a cuireadh sa chlár i ndáil leo. Tabharfaidh an Chomhairle an Clár cothrom le dáta ar fhógra bailí alt 36 a fháil.
8.3. An Ceart chun Próiseáil Sonraí Pearsanta aShrianadh nó a Chosc
8.3.1. I gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, féadfaidh tú a iarraidh orainn stop a chur le próiseáil do shonraí pearsanta go sealadach más rud é:
a) nach gceapann tú go bhfuil do shonraí pearsanta cruinn (ach cuirfimid tús le próiseáil arís agus na sonraí pearsanta a bheith seiceáilte againn agus é a bheith deimhnithe againn go bhfuil siad cruinn);
b) go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach ach nach dteastaíonn uait go ndéanaimid do shonraí a léirscriosadh;
c) nach dteastaíonn na sonraí pearsanta uainn a thuilleadh ó thaobh próiseála, ach teastaíonn na sonraí uait le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
d) gur chuir tú i gcoinne na próiseála toisc go gcreideann tú gur cheart go sáródh do leasanna an bunús ar andéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil.
8.3.2. Má fheidhmíonn tú an ceart chun srian a chur linn do shonraí pearsanta a phróiseáil, leanfaimid orainn leis an bpróiseáil, más rud é:
a) go dtugann tú toiliú do phróiseáil den sórt sin;
b) go bhfuil bunús dlí ann do phróiseáil den sórt sin;
c) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun éilimh dhlíthiúla a fheidhmiú nó a chosaint;
d) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun cearta daoine aonair nó daoine dlítheanacha eile a chosaint; nó
e) go bhfuil gá leis an bpróiseáil ar chúiseanna leas an phobail.
8.4. An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh
8.4.1. I gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, féadfaidh tú iarraidh orainn do shonraí pearsanta a léirscriosadh i gcás:
a) nach gcreideann tú go dteastaíonn do shonraí pearsanta uainn chun iad a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach sa Bheartas seo;
b) inar thug tú toiliú dúinn do shonraí pearsanta a phróiseáil, ach gur tharraing tú siar an toiliú sin agus nach bhféadfaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil de réir dlí ar bhealach eile;
c) ina gcuireann tú i gcoinne na próiseála agus nach bhfuil aon bhunús dlí againn chun leanúint ar aghaidh le próiseáil do shonraí;
d) ina bhfuil do shonraí próiseáilte go neamhdhleathach nó nár léirscriosadh na sonraí nuair ba cheart; nó
e) nach mór na sonraí pearsanta a léirscriosadh chun an dlí a chomhlíonadh.
8.4.2. Féadfaimid leanúint le próiseáil do shonraí pearsanta in imthosca áirithe i gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
8.4.3. I gcás inar iarr tú orainn do shonraí pearsanta a léirscriosadh, cuirfimid faighteoirí a nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó mura mbíonn iarracht dhíréireach i gceist. Cuirfimid ar an eolas thú freisin maidir leis na faighteoirí sin, i gcás ina n-iarrann tú sin.
8.4.4. Tabharfar faoi d’iarraidh ar do shonraí a léirscriosadh laistigh de 40 lá.
8.5. Cearta i nDáil le Cinnteoireacht Uathoibrithe
8.5.1. Má táimid ag déanamh meastóireachta ort, féadfaidh tú a iarraidh orainn gan aon chinneadh a bhunú ar uathphróiseas amháin agus go gcinnteoimid go ndéanann ball foirne athbhreithniú ar aon chinneadh.
8.5.2. Ní bheidh feidhm ag na cearta sin i ngach cás, mar shampla, i gcás ina bhfuil an cinneadh:
i. údaraithe nó ina cheangal dlí,
ii. riachtanach d’fheidhmiú an chonartha idir tú féin agus an Chomhairle, nó
iii. bunaithe go soiléir ar do thoiliú. I ngach cás, déanfaimid iarracht bearta a dhéanamh chun do leasanna a chosaint.
8.6. An Ceart Chun Iniomparthachta Sonraí
I gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, féadfaidh tú cóip leictreonach a iarraidh de do shonraí pearsanta a sholáthair tú dúinn agus atá á gcoinneáil againn go leictreonach, nó a iarraidh go soláthróimid cóip do pháirtí eile go díreach. Níl feidhm ag an gceart seo ach amháin maidir le sonraí pearsanta a sholáthair tú dúinn – ní bhaineann sé le sonraí a ghineamar féin.
Freisin, níl feidhm ag an gceart chun iniomparthachta sonraí ach amháin i gcás:
a) ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar do thoiliú nó ar fheidhmiú conartha; agus
b) ina ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.
8.7. An Ceart chun Gearán a Dhéanamh le DPC
Mura gceapann tú go bhfuil próiseáil déanta againn ar do shonraí pearsanta i gcomhréir leis an mBeartas seo, déan teagmháil linn ar an gcéad ásc (féach Roinn 15). Mura mbíonn tú sásta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) nó aon cheann de do chearta de bhun na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí a fheidhmiú. Tá an fhaisnéis faoin gcaoi é sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin DPC ag https://www.dataprotection.ie.
9. An Fad a Stórálaimid do Shonraí Pearsanta
9.1. Coinneoidh an Chomhairle sonraí pearsanta ar an gClár fad atá duine cláraithe. Ina dhiaidh sin, coinneoidh an Chomhairle sonraí pearsanta de ghnáth ar feadh suas le 12 bhliain ionas go mbeidh an Chomhairle in ann múinteoirí a athchlárú, mar shampla, tar éis tréimhse shabóideach. D’fhéadfadh sé go mbeidh tréimhse choinneála níos faide riachtanach chun fianaise a choinneáil le haghaidh aon fhiosruithe, éileamh nó imeachtaí a bhaineann le Clár na Múinteoirí nó a bhaineann le daoine sonracha a áiríodh leis an gClár nó a eisiadh uaidh. Coinneoidh an Chomhairle faisnéis staidrimh fhíorasach ar feadh tréimhse éiginnte.
9.2. De ghnáth, coinneofar sonraí pearsanta a bhaineann le foireann na Comhairle ar feadh tréimhse an chaidrimh fostaíochta agus ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin. Coinneofar fíorais a bhaineann le fostaíocht duine leis an gComhairle ar feadh tréimhse éiginnte chun críoch pinsin/sochar agus chun iarrataí moltóra ina dhiaidh sin a fhíorú.
9.3. I gcás ina ngabhtar do shonraí le CCTV ag an áitreabh, ní choimeádfar na híomhánna ach ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá. Déanann an Chomhairle loga rochtana taifid CCTV a choinneáil ar bun ach amháin i gcás ina mbíonn na sonraí ag teastáil chun críoch fíorú agus fianaise shonrach.
9.4. Is é an tréimhse choinneála a bhaineann le glaonna teileafóin a bhfuil taifeadadh déanta orthu a choimeád tréimhse nach faide ná 30 lá, ach amháin i gcás inar gá an glao chun críoch fíorú agus fianaise shonrach.
10. Ábhar Maslach
10.1. Tabhair ar aird má sheolann tú ábhar a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith maslach, míchuí nó gránna áit ar bith ar an suíomh gréasáin nó má bhíonn tú bainteach ar bhealach eile le haon iompar suaiteach ar aon seirbhís de chuid na Comhairle Múinteoireachta, d’fhéadfaimis ábhar den sórt sin a bhaint.
10.2. I gcás ina gcreidimid le réasún go bhfuil tú, nó go bhféadfá a bheith, ag sárú aon dlí is infheidhme, mar shampla, dlíthe maidir leis an bhfuathchaint, féadfaimid d’fhaisnéis phearsanta a nochtadh do thríú páirtithe ábhartha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó do sholáthraí idirlín. Ní dhéanfaimis é sin ach amháin in imthosca a bhfuil nochtadh den sórt sin ceadaithe ina leith faoi na dlíthe is infheidhme, lena n-áirítear an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
11. Tuairisciú Sáruithe
11.1. Ceanglaítear orainn le hAirteagal 33 de RGCS an Coimisinéir um Chosaint Sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar shonraí agus, i gcás inarb indéanta, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis eolas a fháil faoin sárú sin. Mura dtugtar fógra laistigh de 72 uair an chloig, déanfaimid údar réasúnaithe leis an moill a thaifeadadh; ní gá, áfach, fógra a thabhairt don Choimisinéir um Chosaint Sonraí i gcás nach dóigh go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú ar shonraí pearsanta.
11.2. Ciallaíonn sárú ar shonraí pearsanta sa chomhthéacs seo sárú slándála a bhféadfadh scrios, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe, nó rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte ar bhealach eile, trí thimpiste nó go neamhdhleathach, a bheith mar thoradh air.
11.3. Coimeádfaimid taifid d’aon sárú ar shonraí, lena n‑áirítear na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, agus cuirfimid ar an eolas thú maidir le haon sárú ar shonraí a bhaineann le do shonraí pearsanta (a chruthaíonn ardriosca duit) i gcás ina gceanglaítear orainn é sin a dhéanamh faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Ní cheanglófar orainn tú a chur ar an eolas maidir le sárú ar shonraí i gcás:
a) ina bhfuil bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm againn a fhágann go bhfuil na sonraí pearsanta dothuigthe do dhuine ar bith nach bhfuil údaraithe lena rochtain, ar nós criptiú; nó
b) ina bhfuil bearta déanta againn ina dhiaidh sin lena gcinntítear nach dócha go dtarlóidh an t-ardriosca d’ábhair sonraí; nó,
c) ina mbeadh iarracht dhíréireach i gceist, agus sa chás sin, féadfaimid cumarsáid phoiblí a dhéanamh ina ionad.
12. Nochtaí Sonraí Pearsanta Lasmuigh de LEE
12.1. De ghnáth, ní aistreoidh an Chomhairle sonraí pearsanta chuig tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (mura bhfuilimid i dteagmháil le múinteoir a bhfuil cónaí orthu thar lear, mar shampla, nó i gcás ina bhfuilimid ag déileáil le saincheist alt 46A a bhaineann le gníomhaíochtaí múinteoireachta thar lear). I gcás ina dtagann athrú ar an staid sin, comhlíonfaidh an Chomhairle a hoibleagáidí faoi Airteagal 46 de RGCS trí cheann de na bearta iomchuí a ghlacadh a cheadaíonn an Coimisinéir um Chosaint Sonraí agus an Coimisiún Eorpach lena chinntiú go bhfuil aistriú den sórt sin dleathach. Beidh feidhm ag na socruithe sin freisin maidir le nochtadh sonraí pearsanta a eascraíonn faoi alt 7(2)(o) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta.
13. Margaíocht Dhíreach
13.1. De ghnáth, ní thabharfaidh an Chomhairle faoi ghníomhaíochtaí margaíochta dírí, ach i gcás ina dtagann athrú air sin, dhéanfadh an Chomhairle é sin i gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, go sonrach Airteagail, 6, 7 agus 21 de RGCS, an Treoir maidir le R-Phríobháideachas agus na rialacháin ghaolmhara maidir le r-phríobháideachas.
13.2. Féadfaidh an Chomhairle, áfach, sonraí teagmhála a phróiseáil chun críoch neamh-mhargaíochta sa ghnáthchúrsa, mar shampla trí fhógraí athnuachana a sheoladh trí SMS nó ríomhirisí a sheoladh trí ríomhphost.
14. Athruithe ar an mBeartas seo
14.1. Féadfar an Beartas seo a thabhairt cothrom le dáta ó thráth go chéile, mar sin, d’fhéadfadh sé gur mian leat é a sheiceáil gach uair a chuireann tú faisnéis phearsanta faoinár mbráid. Postálfar aon athrú ábhartha ar an mBeartas seo ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.
15. Faisnéis Dhlíthiúil agus Conas Teagmháil a Dhéanamh Linn
15.1. Mar rialaitheoir sonraí (mar a shainmhínítear sa Reachtaíocht um Chosaint Sonraí) ar do shonraí pearsanta a bhailítear mar a leagtar amach sa Bheartas seo, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta lonnaithe i mBloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara, W23 Y7X0.
15.2. Má theastaíonn uait teagmháil a dhéanamh linn maidir le haon cheann de do chearta mar a leagtar amach sa Bheartas seo, ba cheart gach iarraidh den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn chuig:
An Chomhairle Mhúinteoireachta,
Bloc A,
Campas Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad, Co Chill Dara
W23 Y7X0,
15.3. Ceapfaimid agus coinneoimid Oifigeach Cosanta Sonraí ar bun i gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Is iad seo a leanas mionsonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí atá ann faoi láthair:
Ruth Flynn,
T: 01-6517900
Aguisín I - Reachtaíocht agus Rialacháin Ábhartha is Infheidhme maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Le cois an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, feidhmíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcomhthéacs roinnt Achtanna agus Ionstraimí Reachtúla. Liostaítear iad sin thíos mar aon le tuilleadh mionsonraí faoi na hailt is ábhartha.
Tabhair faoi deara nach ceart a mheas gur léirmhíniú ar an reachtaíocht sin é an cur síos ar an reachtaíocht ná nach soláthraítear leis athbhreithniú cuimsitheach ar an reachtaíocht. Moltar go dtéitear i gcomhairle le gairmí dlí i gcás ina dtagann ceisteanna maidir le reachtaíocht nó Ionstraimí Reachtúla sonracha aníos.
1. An tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001‑2015: Is é an tAcht seo an reachtaíocht uileghabhálach i dtéarmaí fheidhmeanna, rialachas agus raon feidhme na Comhairle Múinteoireachta. I gCuid 3 den Acht (arna leasú), pléitear le clár na múinteoirí agus le clárú múinteoirí agus foráiltear léi an bunús reachtach maidir le próiseáil agus coinneáil sonraí. Is iad seo a leanas na príomh-ailt:
a) 29. An clár – Le halt 29, tugtar reachtaíocht isteach chun clár múinteoirí a bhunú agus údaraítear don Chomhairle an fhaisnéis a choinneofar ar an gclár i leith gach múinteoir cláraithe a shainiú. Ceadaítear leis iontrálacha ar an gclár a chur ar fáil don phobal freisin de réir mar a chinnfidh an Chomhairle.
b) 30. Fostaíocht múinteoir cláraithe – Leis an alt seo, tugtar sainordú go mbeidh gach múinteoir a fhostaítear i scoileanna aitheanta agus a íoctar as cistí poiblí cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Ceadaítear líon beag eisceachtaí ar an gcoinníoll sin faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998 (arna leasú).
c) 31. Clárú – Le halt 31, tugtar reachtaíocht isteach lenar féidir leis an gComhairle múinteoirí a chlárú agus leagtar amach na príomhcheanglais maidir le clárú, lena n-áirítear clárú le coinníollacha. Leis an alt seo, údaraítear don Chomhairle freisin Rialacháin um Chlárú a cheapadh (féach 4. thíos).
d) 32. Clárú faoi réir coinníollacha – Leis an alt seo, údaraítear don Chomhairle, dá rogha féin, síneadh ama a chur leis an tréimhse ina gcomhlíontar coinníollacha maidir le clárú, agus má theipeann ar mhúinteoir coinníoll a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama cheadaithe, rachaidh clárú an mhúinteora i léig.
e) 33. Clárú a athnuachan – Le halt 33, ceanglaítear go gcaithfidh múinteoir cláraithe iarratas ar chlárú a athnuachan a chur isteach chuig an gComhairle gach bliain agus ceanglais áirithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Féadfaidh an Chomhairle rialacháin a cheapadh i leith an phróisis athnuachana. Féach 4. thíos.
f) 33A. Clárú a athnuachan faoi réir coinníollacha – I gcásanna áirithe féadann clárú a bheith faoi réir coinníollacha. Téann clárú múinteora i léig i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha.
g) 33B. Faisnéis i nochtadh grinnfhiosrúcháin arna fáil faoi alt 33 a chomhroinnt – I gcásanna sonraithe áirithe, féadfaidh an Chomhairle nochtadh ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a chomhroinnt le scoil.
h) 34. Baint den chlár mar gheall ar mhainneachtain iarratas a dhéanamh ar chlárú a athnuachan – I gcás múinteoirí nach ndéanann a gclárú a athnuachan, bainfear iad den chlár seachas i gcás roinnt eisceachtaí teoranta.
i) 35. Múinteoir cláraithe a bhaint den chlár ar iarratas uathu – Tugtar baint dheonach air seo freisin agus is éard atá i gceist ná gur féidir le múinteoir cláraithe a iarraidh go mbainfí iad den chlár. Tá eisceachtaí teoranta ann i dtaca le baint den chlár a cheadú.
j) 36. An clár a cheartú – leis an alt seo, údaraítear don Chomhairle an clár a cheartú i gcás inarb eol di go bhfuil faisnéis mhíchruinn nó earráideach air.
Tarraingítear aird ar alt 7 den Acht freisin. Leagtar síos le fo-alt (h) go bhféadfaidh an Chomhairle comhairle a thabhairt don Aire (Oideachais) faoi réimse ábhar, lena n-áirítear soláthar múinteoirí, agus leagtar síos le fo-alt (l) feidhm go soláthróidh an Chomhairle faisnéis den sórt sin don Aire de réir mar a iarrfaidh siad.
Déileálann Cuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta leis an imscrúdú agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, fiosrúchán a chur ar bun maidir le gearán a dhéantar i gcoinne múinteoir cláraithe.
2. An tAcht Oideachais 1998: Is é an tAcht seo an reachtaíocht uileghabhálach maidir le struchtúr agus oibriú an chórais oideachais bunscoile agus meánscoile in Éirinn. Leasaíodh an tAcht roinnt uaireanta agus leasaíodh alt 24 in 2012 ar bhealach atá ábhartha don chaoi ina gcomhroinneann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí.
a) 24. Forálacha a bhaineann le baill foirne – Le fo-alt (7), arna leasú, ceanglaítear ar an gComhairle Mhúinteoireachta i gcomhthéacs alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí a choinnítear ar chlár na múinteoirí a bhaineann le múinteoirí cláraithe a chomhroinnt leis an Roinn Oideachais (arb í an pámháistir múinteora d’fhormhór na scoileanna in Éirinn í) agus leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (a mbaineann leas as cistí Stáit chun múinteoirí atá á bhfostú acu a íoc).
3. An tAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012-2016: Leis an Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, tugtar reachtaíocht isteach chun ligean don Gharda Síochána (an fórsa póilíneachta Náisiúnta) grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine soghonta. Sainaithnítear múinteoirí faoin reachtaíocht mar ghrúpa a dhéanann ‘obair ábhartha’. Ceanglaítear ar fhostóirí scoile gan ach daoine a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu a fhostú agus a bhfuil an scoil féin sásta leis an nochtadh ina leith. Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta próiseas grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chomhordú agus a riar do mhúinteoirí is iarratasóirí agus do mhúinteoirí cláraithe. Tabhair faoi deara go leagtar amach go mionsonrach leis an Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta conas a thugtar faoi sin mar chuid de phróisis na Comhairle um múinteoirí a chlárú agus clárú múinteora a athnuachan.
a) I gCuid 3 den Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, leagtar amach na nósanna imeachta agus na próisis chun nochtadh grinnfhiosrúcháin a iarraidh.
b) Sceideal 1 – Leagtar amach an obair agus na gníomhaíochtaí ábhartha a gcaithfear grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar na daoine atá ag obair iontu. Áirítear leo sin cúinsí oideachais.
c) Sceideal 2 – Liostaítear na heagraíochtaí, an Chomhairle Mhúinteoireachta san áireamh, a gceanglaítear orthu an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a chur ar an eolas faoi ‘Fhaisnéis Shonraithe’. Sainmhínítear faisnéis shonraithe in alt 19 den Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
4. Na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Clárú) 2016 (IR 444 agus 557): Faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, údaraítear an Chomhairle rialacháin a dhéanamh maidir lena bpróisis agus nósanna imeachta cláraithe múinteora. Cuimsítear leis na Rialacháin an Clár, an próiseas agus na critéir le haghaidh clárú, lena n-áirítear clárú le coinníollacha, agus clárú a athnuachan go bliantúil. Le Rialachán 7(2), ceadaítear don Phámháistir rochtain a fháil ar shonraí cláraithe mar a thaifeadtar ar an gClár iad.
5. Na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Comhaltaí a Thoghadh) 2023 (IR 420): Tá 16mhúinteoir thofa ar bhord rialaithe na Comhairle. Le halt 10 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, údaraítear don Chomhairle toghcháin a reáchtáil do na 16 ról do mhúinteoirí agus údaraítear don Chomhairle freisin Rialacháin a cheapadh i dtaca le toghcháin den sórt sin a reáchtáil.
6. Treoir (AE) 2005/36/CE maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint i gcleachtas: Leis an Treoir seo, a trasuíodh i nDlí na hÉireann le IR 8/2017, leagtar síos na rialacha do ghairmí, mar shampla, múinteoir, a aithnítear i stát AE amháin chun gabháil don ghairm i stát AE eile. Ceanglaítear ar gach stát AE údarás inniúil a cheapadh le haghaidh gach gairme. Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-údarás inniúil le haghaidh múinteoireachta in Éirinn. Áirítear leis an Treoir freisin Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh lena gceadaítear faisnéis ghairmiúil a bhaineann le gairmithe a mhalartú idir an t-údarás inniúil i stát AE amháin agus stát AE eile.