Aistrigh:
Gaeilge
English
Stylised illustration of a teacher helping a pupil at their desk.

Tá dhá bhealach ann.

  1. Is é an chéad bhealach ná clár fochéime OTM a bhaint amach. Tógann sé seo ceithre bliana.
  2. Is é an dara bhealach ná iarchéim a bhaint amach, ar a dtugtar Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tógann sé seo dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an MGO le linn na bliana deiridh de do bhunchéim Leibhéal 8, nó nuair atá do chéim Leibhéal 8 bainte amach agat.
Pictiur-a-thaispeanann-dha-bhealach-coitianta-chuig-teagasc-bunscoile

Ardteistiméireacht (nó a comhionann)

Tá dhá bhealach ann d’oideachas tosaigh múinteoirí

  • Bealach 1: Clár fochéime OTM (atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhuinteoireachta) (4 bliana)
  • Bealach 2: Bunchéim Leibhéal 8 (in aon ábhar nó réimse) agus Máistir Gairmiúil san Oideachas ina dhiaidh sin (dhá bhliain)

Cláru leis an gComhairle Mhuinteoireachta

Múinteoir bunscoile cáilithe réidh le haigh fostaíochta

Bí ag smaoineamh

  1. Is tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar formhór na n-iarratas ar chláir fochéime OTM. Ní mór duit an próiseas iarratais a sheiceáil leis an ollscoil / coláiste.
  2. Mar is amhlaidh le gach cúrsa CAO, ní mór duit na riachtanais iontrála ar fad atá leagtha síos ag an ollscoil / coláiste a chomhlíonadh i do bhliain iontrála. D’fhéadfadh go gciallódh sé seo go mbeadh ort líon áirithe pointí a bhaint amach i d’Ardteistiméireacht. Nó do mhic léinn lánfhásta, b’fhéidir go mbeidh ort freastal ar agallamh. Sula ndéanann tú iarratas, déan cinnte liosta iomlán na riachtanas iontrála a léamh, mar go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann idir na hinstitiúidí tríú leibhéal.
  3. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir na próisis iarratais do chláir MGO. Ní mór duit féachaint ar shuíomh gréasáin gach institiúid tríú leibhéal chun eolas suas chun dáta a fháil ar na riachtanais iontrála, conas d’iarratas a chur isteach, cad é an dáta deiridh agus cad iad na táillí.
  4. Ní mór d’iarratasóirí MGO 65% nó níos mó a bhaint amach ar an gcuid cainte de scrúdú Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) Meánleibhéal 1 (B1), roimh an dáta deiridh d’iarratas. Is féidir le hiarratasóirí ar MGO Coláiste Hibernia a dteastas TEG a thaispeáint nó is féidir leo tabhairt faoi agallamh trí Ghaeilge leis an gColáiste.
  5. Do bhunmhúinteoireacht, tá íosghrád mhatamaitic, Béarla agus Gaeilge ag teastáil ag an Ardteistiméireacht (nó a comhionann) mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais. Tá sonraí iomlána ar na riachtanais iontrála le fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-institiúidí tríú léibhéal.
  6. Ní mór do gach mac léinn OTM bunscoile dhá shocrúchán a dhéanamh sa Ghaeltacht ar a dtugtar an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht.
  7. Má dhéanann tú staidéar ar mhúinteoireacht bhunscoile lasmuigh d’Éirinn agus má ghnóthaíonn tú stádas ‘múinteora láncháilithe’, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú mar mhúinteoir in Éirinn faoi Threoir an AE 2005/36/EC. Déanfar measúnú ar do cháilíochtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na cinn a ghnóthaíonn céimithe na gclár OTM in Éirinn. Má aimsítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíocht agus an cháilíocht a ghnóthaíonn céimithe na gclár creidiúnaithe in Éirinn, féadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm ar do chlárú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bunchaighdeán céanna d’oideachas tosaigh múinteoirí bainte amach ag gach múinteoir in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Cháilithe Lasmuigh d’Éirinn.

Is scéim maoinithe é an Clár le haghaidh Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas atá deartha chun tacú le agus rochtain mhéadaithe ar OTM a sholáthar do chatagóirí áirithe daoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag studentfinance.ie

Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta sa mhúinteoireacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag leathanach gréasáin na Roinne Oideachais ‘Teaching Transforms‘.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Is foinse iontach faisnéise é leathanach gréasáin na Roinne Oideachais ‘Teaching Transforms

Freastalaíonn foireann na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais go rialta ar aontaí gairme i gcoláistí agus in ollscoileanna. Coinnigh súil ar na leathanaigh shóisialta chun an t-eolas is déanaí a fháilevents @teachingcouncil / @Education_Ire