Aistrigh:
Gaeilge
English

Brollach

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúla don mhúinteoireacht. An ról atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta ná gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil. Cuimsíonn sé seo caighdeáin ghairmiúla a bhunú agus a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaim múinteoirí. Nuair a bunaíodh í in 2006 ba chloch mhíle é seo ó thaobh fhorbairt na múinteoireachta mar ghairm in Éirinn, agus bhí líon mór daoine a raibh baint acu le cúrsaí oideachais in Éirinn le fiche nó tríocha bliain anuas a bhí i bhfách leis.

Tharla sé seo freisin i gcúlra ina raibh nósanna níos forleithne i gcaighdeáin ghairmiúla go déanach sna 1990idí agus go luath sa chéad seo. Sa tréimhse seo bunaíodh comhairlí múinteoireachta i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, agus sainchúram orthu den chineál céanna is atá ar an gComhairle Mhúinteoireachta anseo in Éirinn. Is é atá i gceist le caighdeáin ghairmiúla, seachas cur chuige rialála amháin, ná an scéal iomlán maidir le cúrsaí teagaisc agus foghlama.

Léiríonn obair na Comhairle le 10 mbliana anuas cé chomh tábhachtach agus atá an dá shainordú atá aici ó thaobh tacaíochta a thabhairt don chleachtas gairmiúil ar bhealach iomlánaíoch agus inbhuanaithe. Múineann múinteoirí ionas gur féidir le daoine eile foghlaim. Ach, chomh maith leis sin aithníonn an Cód gur foghlaimeoirí iad na múinteoirí freisin, agus ní mór tacaíocht agus aitheantas a thabhairt do do riachtanais foghlama freisin.

ríthábhacht ag baint leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim le dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanamh. Tríd an ngairm seo a roghnú atá i mbun na próisis seo a threorú, tá tú ag glacadh le freagracht mhór leis an bhfoghlaim a threorú do na foghlaimeoirí uile atá faoi do chúram.

Sa Tuarascáil Athbhreithnithe Idirnáisiúnta um Oideachas Tosaigh Múinteoirí de chuid Sahlberg (2012) tugadh faoi deara go raibh an t-ádh ar Éirinn maidir le caighdeán na ndaoine a bhí ag iarraidh dul isteach sa ghairm. I ndeireadh na dála, comhsprioc atá ar fud an phobail oideachais uile ná nach mór a chinntiú go mbíonn an deis is fearr ag na hiontrálaithe nua i ngairm na múinteoireachta agus tús á chur acu lena ngairmeacha beatha, agus go leanann an mhúinteoireacht in Éirinn ag mealladh agus ag cothabháil múinteoirí atá ar ardchaighdeán.

Feidhmíonn an Chomhairle ar an mbonn go bhfuil an abhcóideacht agus an rialúchán spleách ar a chéile. Sa Chód Iompair Ghairmiúil seo leagtar amach na caighdeáin ar chóir do mhúinteoirí a chomhlíonadh ag gach staid dá ngairm bheatha. Déantar cur síos ann freisin ar fhís faoin gcaoi inar chóir a bheith i gceist leis an dea-mhúinteoireacht. Leis an dá fheidhm seo, léirítear an dá shainordú den chomhlacht caighdeán gairmiúla do ghairm na múinteoireachta.

Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 90,000 múinteoir cláraithe in Éirinn, ag feidhmiú i gcúrsaí oideachais ag leibhéal an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais agus an bhreisoideachais. Agus beagnach 4,000 scoil ina bhfuil milliún dalta/mac léinn i gceist, téann an t-ionchur a bhíonn ag gairm na múinteoireachta go mór i gcion ar an tsochaí. Agus nós seirbhíse in Éirinn atá bunaithe le fada, baineann an ghairm tairbhe as muinín agus iontaoibh ardleibhéil ón bpobal, mar atá le feiceáil go soiléir i dtaighde a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta agus eagraíochtaí eile.

San áireamh sna forbairtí éagsúla tábhachtacha ar cuireadh tús leo le blianta beaga anuas leis an múinteoireacht a neartú agus le bheith mar bhonn agus mar thaca fúithi glacadh leis an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí in 2007. Rinneadh é seo i gcomhréir le hAlt 7(2)(b) d’Acht na Comhairle Múinteoireachta 2001 a dhéanann foráil go ndéanfaidh an Chomhairle “cóid iompair ghairmiúil do mhúinteoirí a bhunú, a fhoilsiú, a athbhreithniú agus a chothabháil, ina mbeidh caighdeáin mhúinteoireachta, eolais, oilteachta agus inniúlachta i gceist”.

D’fhaomh an Chomhairle an 2ú heagrán den Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí in 2012 tar éis próisis chomhairliúcháin fhairsing a bheith ann. Sa 2ú heagrán seo atá nuashonraithe tá na leasuithe a rinneadh le déanaí ar na hailt maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh (Cuid 5) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015 curtha san áireamh.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta lena chinntiú go ndéantar an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí a chur chun cinn agus a chomhlíonadh leis an muinín agus iontaoibh ón bpobal a choinneáil i ngairm na múinteoireachta.

Gluais

Dalta/Mac Léinn

Baineann an Cód le múinteoirí cláraithe ag leibhéil an bhunoideachais agus an iarbhunoideachais mar aon le hearnáil an bhreisoideachais. Baineann an téarma “dalta/ mac léinn” le foghlaimeoirí ag leibhéil an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais agus an bhreisoideachais.

Tuismitheoir

Baineann an téarma “tuismitheoir” le tuismitheoirí agus le caomhnóirí dlíthiúla.

Múinteoir

Baineann an téarma “múinteoir” le múinteoir atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Drochfheidhmíocht Ghairmiúil

Gan na caighdeáin inniúlachta a bheith comhlíonta ag múinteoir (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a mbeifí ag súil leis go réasúnta ó mhúinteoir cláraithe.Footnote 1

Mí-iompar Gairmiúil

Iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.Footnote 2

Réamhrá

Tá cáil ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn toisc an tseirbhís den chéad scoth a chuirtear ar fáil. Déanann an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí na luachanna agus na caighdeáin, a bhfuil taithí fhada ag daltaí/mic léinn atá páirteach sa chóras oideachais orthu, a athdhearbhú agus a léiriú go follasach.

Feidhm an Chóid

Baineann an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí le gach múinteoir cláraithe. Tá trí fheidhm aige:

  1. Is treoir é do mhúinteoirí atá ag iarraidh dualgais a ngairme sa mhúinteoireacht a chomhlíonadh ar shlí eiticiúil, mheasúil agus onóir agus dínit ghairm na múinteoireachta a chaomhnú.
  2. Féadfaidh pobal an oideachais agus an pobal i gcoitinne é a úsáid chun an tuiscint agus na hionchais atá acu maidir le gairm na múinteoireachta in Éirinn a chur in iúl.
  3. Tá údarás tábhachtach dlí ag baint leis agus baineann an Chomhairle úsáid as mar phointe tagartha agus a feidhmeanna imscrúdaithe agus araíonachta á gcomhlíonadh aici faoi Chuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001 – 2015, ina ndéileáiltear le feidhmiúlacht chun múineadh.

Leanfar ag feidhmiú na nósanna imeachta atá ann cheana féin agus atá comhaontaithe go náisiúnta faoi bheith ag déileáil le deacrachtaí agus gearáin. Creideann an Chomhairle, i bhformhór na gcásanna, gurb é seo an cur chuige is fearr ó thaobh fadhbanna a réiteach a thagann siad chun cinn ó lá go lá sa chóras oideachais.

Ní féidir ach gearáin atá tromchúiseach a bhaineann le múinteoirí cláraithe a chur ar aghaidh le haghaidh fiosrúcháin. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na cúinsí inar féidir gearán a dhéanamh, féach Leathanach 9.

Struchtúr an Chóid

Agus na trí fheidhm thuasluaite á gcur san áireamh, tosaíonn an Cód tríd an mbunús eiticiúil a leagan amach do ghairm na múinteoireachta. Déantar é seo a chuimsiú sna luachanna maidir le Meas, Cúram, Macántacht agus Muinín atá le sonrú tríd an gCód uile. Tá na croíluachanna seo mar bhonn agus mar thaca ag obair an mhúinteora agus é nó í ag tabhairt faoina g(h) airm a chleachtadh.

Sa Chód déantar cur síos ar na caighdeáin atá mar chroílár an chleachtaidh mhúinteoireachta agus a bhfuiltear ag súil leis ó mhúinteoirí cláraithe. Sna caighdeáin aithnítear freagrachtaí gairmiúla na múinteoirí agus déantar iad a leagan amach i bhfoirm ráiteas faoi shé cheannteideal éagsúla: luachanna agus caidrimh; macántacht; iompar; cleachtas; forbairt ghairmiúil; comhghleacaíocht agus comhoibriú. Tugann na caighdeáin léiriú ar chastacht agus ar éagsúlacht na múinteoireachta agus tugann siad treoir maidir le breithiúnas agus cleachtas gairmúil.

Comhthéacs

Tagann an Cód le Polasaí na Comhairle maidir leis an Leanúntas in Oideachas Múinteoirí, ina mbreathnaítear ar an múinteoir mar chleachtóir machnamhach a bhfuil sé mar phríomhról aige/ aici oideachas a chur ar dhaoine. Breathnaítear freisin ar mhúinteoirí mar bhaill de phobail foghlama ghairmiúla agus molta go mbeadh ról ag an ngairm maidir le tacú le múinteoirí faoi oiliúint agus le múinteoirí nuacháilithe. Rinneadh an Cód a fhorbairt freisin i gcomhthéacs ról na Comhairle amach anseo i ndáil leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach.Footnote 3

Agus an Cód á ghlacadh agus á chur chun cinn, tá an Chomhairle san airdeall go háirithe faoin gcomhthéacs níos leithne ina dtarlaíonn an teagasc.

Tá an Chomhairle aireach ar chearta daltaí/mac léinn, lena n-áirítear an ceart atá acu a dtuairimí a nochtadh i ndáil le cúrsaí a bhaineann leo.

Tá an Chomhairle aireach freisin ar chearta tuismitheoirí agus ar chearta múinteoirí mar aon leis na freagrachtaí a thagann leis na cearta sin. Tá forbairt tagtha ar shineirgíocht luachmhar idir tuismitheoirí agus múinteoirí agus tá féidearthacht mhór ann go mbeidh sé seo mar thairbhe do dhaltaí/ mhic léinn agus dá gcuid oireachais.

Tuigeann an Chomhairle luach sibhialta agus sóisialta an oideachais agus an tionchar ollmhór a bhí ag gairm na múinteoireachta ar fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na hÉireann le fada anuas. Tuigtear freisin an príomhról atá ag oideoirí múinteoirí maidir le cáilíocht na múinteoireachta a chinntiú. Creidtear gur fiú don Stát agus don phobal aird a thabhairt ar chúrsaí oideachais, ar ghairm na múinteoireachta agus phróiseas oiliúna na múinteoirí, agus tacaíocht ghníomhach a chur ar fáil dóibh.

Tá an Chomhairle tuisceanach freisin ar an iliomad tosca nach bhfuil faoi smacht ag múinteoirí a mbíonn tionchar acu ar a gcuid oibre, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus an phobail i gcoitinne
  • tiomantas agus rannpháirtíocht na ndaltaí/ mac léinn
  • fáil ar acmhainní agus ar thacaíochtaí deiseanna d’fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí
  • an luas ag a bhfuil athruithe tagtha i gcúrsaí oideachais
  • an luas ag a bhfuil athruithe sa reachtaíocht
  • tosca eacnamaíochta agus sóisialta.

Creideann an Chomhairle go gcuireann an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí bunús eiticiúil ar fáil mar aon le caighdeáin fhollasacha iompair a gcaithfear cloí leo i gcónaí, agus an comhthéacs níos leithne mar atá thuasluaithe á gcur san áireamh.

Mar fhocal scoir, cuimsíonn an Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí an eitic bhunúsach a chuireann bonn faoi obair múinteoirí. Tá cur síos ar na croíluachanna agus ar na caighdeáin ghairmiúla a nglacann múinteoirí leo i dtéarmaí inar féidir le hoideoirí agus gach duine eile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí oideachais rochtain a dhéanamh orthu. Ós rud é go mbíonn tionchar ag an gcóras oideachais ar gach teach sa tír nach mór, agus toisc go dtéann sé i bhfeidhm chomh mór sin ar an oiread sin daoine, tá sé ríthábhachtach go mbeadh córas luachanna agus caighdeáin ghairmiúla ghairm na múinteoireachta soiléir agus sothuigthe.

Creideann an Chomhairle Mhúinteoireachta nuair a ghlactar leis an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí seo go ndéanfar iontaoibh agus muinín na sochaí as múinteoirí a shaibhriú agus a dhoimhniú.

Caighdeáin Mhúinteoireachta, Eolais, Oilteachta, Inniúlachta agus Iompair

Is é ról an mhúinteora oideachas a chur ar dhaoine. Tá na luachanna eiticiúla seo a leanas mar bhunchloch na gcaighdeán múinteoireachta, eolais, oilteachta, inniúlachta agus iompair mar atá leagtha amach sa Chód seo.

Ethical values of a teacher diagram

Is é ról an mhúinteora oideachas a chur ar dhaoine

Meas

Tacaíonn múinteoirí le dínit an duine agus cothaíonn siad comhionannas agus forbairt mhothúchánach agus chognaíoch. Ina gcleachtadh gairmiúil, léiríonn múinteoirí meas ar luachanna spioradálta agus cultúrtha, ar an ilchineálacht, ar an gceartas sóisialta, ar shaoirse, ar an daonlathas agus ar an timpeallacht.

Macántacht

Bíonn ionracas, iontaofacht agus gníomhú morálta mar chodanna dílse den mhacántacht. Léiríonn múinteoirí macántacht trína dtiomantas dá ngairm, agus trína bhfreagrachtaí agus a ngníomhaíochtaí gairmiúla.

Muinín

Bíonn caidrimh na múinteoirí le daltaí/ mic léinn, le comhghleacaithe, le tuismitheoirí/ caomhnóirí, le bainistíocht scoileanna agus leis an bpobal bunaithe ar mhuinín. Bíonn cothroime, oscailteacht agus ionracas mar chodanna dílse den mhuinín.

Cúram

Spreagtar cleachtas múinteoirí de bharr an leasa is fearr de na daltaí/ mic léinn atá faoina gcúram. Léiríonn múinteoirí é seo trí thionchar dearfach a imirt, trína mbreithiúnas gairmiúil agus trína gcleachtas ionbháúil.

Thar ceann ghairm na múinteoireachta, leagann an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin seo a leanas amach a bhaineann le gach múinteoir cláraithe is cuma faoin bpost atá acu.

1. Luachanna Gairmiúla agus Caidrimh Ghairmiúla

Ba chóir do mhúinteoirí:

1.1 a bheith comhbhách, cothrom agus tiomanta do leas is fearr na ndaltaí/mac léinn faoina gcúram, agus ba chóir dóibh tabhairt faoi iarracht agus rath a ghríosú, a spreagadh agus a cheiliúradh

1.2 aitheantas agus meas a thabhairt d’uathúlacht, indibhidiúlacht agus sainriachtanais daltaí/mac léinn agus a bhforbairt iomlánaíoch a chur chun cinn

1.3 a bheith tiomanta don chomhionannas agus don chuimsiú agus do mheas a léiriú agus freastal ar an ilchineálacht lena n-áirítear na difríochtaí sin a thagann chun cinn mar gheall ar inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine, eitneachas, ballraíocht de phobal na dTaistealaithe agus stádas eacnamaíoch, agus aon chúinsí breise mar a mbeadh tagairt déanta dóibh sa reachtaíocht comhionannais sa todhchaí

1.4 tabhairt faoi chaidrimh dhearfacha a fhorbairt le daltaí/mic léinn, le comhghleacaithe, le tuismitheoirí, le bainistíocht scoileanna agus le daoine eile i bpobal na scoile, ar caidrimh iad a mbíonn an mhacántacht ghairmiúil agus breithiúnas gairmiúil mar shaintréithe acu

1.5 feidhmiú chun cultúr comh-mhuiníneach agus comhmheasúil a bhunú agus a chothabháil ina scoileanna.

2. Macántacht Ghairmiúil

Ba chóir do mhúinteoirí:

2.1 gníomhú go hionraic agus go macánta i ngach gné dá gcuid oibre

2.2 meas a léiriú ar phríobháideachas daoine eile agus ar rúndacht an eolais a fhaigheann siad le linn thréimhse an chleachtais ghairmiúil, ach amháin más gá an t-eolas sin a nochtadh i bhfianaise riachtanais dhlíthiúil nó má bhíonn ábhar imní dlisteanach ann faoi fholláine duine

2.3 iad féin, a stádas gairmiúil, a gcáilíochtaí agus a dtaithí a chur i láthair go hionraic

2.4 a n-ainm(neacha) a úsáid mar atá leagtha amach i gClár na Múinteoirí agus iad i mbun a ndualgais ghairmiúla

2.5 coimhlint a sheachaint idir a gcúraimí gairmiúla agus a ngnóthaí pearsanta a bhféadfaí a rá go réasúnta go mbeadh tionchar diúltach ag a leithéid ar dhaltaí/ mhic léinn.

3. Iompar Gairmiúil

Ba chóir do mhúinteoirí:

3.1 seasamh le cáil agus le stádas na gairme

3.2 gach céim réasúnta a ghlacadh maidir le cúram daltaí/mac léinn atá faoina maoirseacht, chun a sábháilteacht agus a leas a chinntiú

3.3 feidhmiú laistigh den chreatlach reachtaíochta agus rialachán ábhartha

3.4 cloí le polasaithe, nósanna imeachta agus treoirlínte atá comhaontaithe go náisiúnta agus ag leibhéal na scoile atá mar aidhm acu oideachas agus leas na ndaltaí/mac léinn, chomh maith le cosaint leanaí, a chur chun cinn

3.5 tuairisciú a dhéanamh, más cuí, ar eachtraí nó ar chúrsaí a théann i bhfeidhm ar leas daltaí/ mac léinn

3.6 cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daltaí/ mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoileanna agus le daoine eile i bpobal na scoile ar bhealach gairmiúil, comhoibríoch agus tacúil, agus atá bunaithe ar iontaoibh agus meas

3.7 a chinntiú go ndéantar cumarsáid iomchuí le daltaí/ mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoileanna agus daoine eile, lena n-áirítear cumarsáid trí na meáin leictreonacha, ar nós ríomhphoist, téacsanna a chur agus láithreáin líonraithe shóisialta

3.8 a chinntiú nach ndéanann siad go feasach ábhair mhíchuí/ íomhánna míchuí i bhfoirm leictreonach ná in aon fhoirm eile a rochtain, a íoslódáil ná a bheith acu agus iad i mbun gníomhaíochtaí scoile

3.9 a chinntiú nach ndéanann siad go feasach ábhair/ íomhánna neamhdhleathacha i bhfoirm leictreonach ná in aon fhoirm eile a rochtain, a íoslódáil ná a bheith ina seilbh

3.10 a chinntiú nach mbíonn siad ag cleachtadh agus iad faoi thionchar aon substaint a chuireann isteach ar a bhfeidhmiúlacht chun múineadh.

4. Cleachtas Gairmiúil

Ba chóir do mhúinteoirí:

4.1 ardchaighdeáin a chothabháil sa chleachtas maidir le foghlaim daltaí/ mac léinn, pleanáil, monatóireacht, measúnú, tuairisciú agus aiseolas a sholáthar

4.2 leas a bhaint as a gcuid eolais agus a dtaithí chun forbairt iomlánaíoch daltaí/ mac léinn a éascú

4.3 ionchais shoiléire, dhúshlánacha agus indéanta do dhaltaí/mhic léinn a leagan amach agus a chur in iúl go soiléir

4.4 timpeallacht a chruthú inar féidir le daltaí/mic léinn a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa phróiseas foghlama agus inar féidir leo scileanna foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt

4.5 straitéisí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a fhorbairt a thacaíonn leis an bhfoghlaim idirdhealaitheach a bhealach a léiríonn meas ar dhínit gach uile dalta/ mac léinn

4.6 bonn eolais a chur faoina mbreithiúnas agus cleachtas gairmiúil trí dhul i ngleic le forbairt na ndaltaí/ mac léinn, an teoiric foghlama, an oideolaíocht, forbairt an churaclaim, an cleachtas eiticiúil, an polasaí agus reachtaíocht oideachasúil agus trí mhachnamh a dhéanamh ar na hábhair sin

4.7 i gcomhthéacs comh-mheasúil, a bheith oscailte agus freagrúil d’aiseolas cuiditheach maidir lena gcleachtas agus, más gá, an tacaíocht, comhairle agus treoir chuí a lorg

4.8 gníomhú ar mhaithe le leas is fearr na ndaltaí/ mac léinn.

5. Forbairt Ghairmiúil

Ba chóir do mhúinteoirí:

5.1 freagracht phearsanta a ghlacadh as cáilíocht a gcleachtais ghairmiúil a chothabháil agus a fheabhsú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • a n-eolas gairmiúil agus a dtuiscint ghairmiúil a chothabháil lena chinntiú go bhfuil sé suas chun dáta
  • machnamh agus meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar a gcleachtas gairmiúil, i gcomhthéacs an bhoinn eolais ghairmiúil atá acu
  • deiseanna a thapú chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh le linn a dtréimhse sa ghairm.

6. Comhghleacaíocht agus Comhoibriú Gairmiúil

Ba chóir do mhúinteoirí:

6.1 oibriú i gcomhpháirt lena gcomh-mhúinteoirí agus le múinteoirí faoi oiliúint ar mhaithe leis an dea-chleachtas a roinnt, a fhorbairt agus le tacaíocht a thabhairt dó, mar aon le heispéiris oideachasúla ar an gcaighdeán is airde a chothabháil do dhaltaí/ mic léinn

6.2 comhoibriú a dhéanamh le daltaí/ mic léinn, tuismitheoirí/ caomhnóirí, bainistíocht scoileanna, baill eile den fhoireann, daoine gairmiúla ábhartha eile agus pobal na scoile i gcoitinne, agus iad ag iarraidh freastal go héifeachtach ar riachtanais daltaí/ mac léinn

6.3 comhoibriú a dhéanamh le Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna agus le seirbhísí eile oideachasúla agus tacaíochta, idir sheirbhísí reachtúla agus sheirbhísí neamhreachtúla poiblí, mar is cuí

6.4 dul i ngleic le pleanáil, cur i bhfeidhm agus meastóireacht an churaclaim ag an leibhéal ranga agus ag leibhéal na scoile.

Gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe

Leanfaidh na nósanna imeachta atá comhaontaithe go náisiúnta chun déileáil le deacrachtaí agus le gearáin ag leibhéal na scoile ag feidhmiú. Creideann an Chomhairle, i bhformhór na gcásanna, gurb é seo an cur chuige is fearr ó thaobh fadhbanna a réiteach a thagann siad chun cinn ó lá go lá sa chóras oideachais.

Ní féidir ach gearáin atá tromchúiseach a bhaineann le múinteoirí cláraithe a chur ar aghaidh le haghaidh fiosrúcháin.

Féadfaidh duine ar bith gearáin a dhéanamh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le múinteoir cláraithe de bharr ceann amháin nó níos mó de na cúiseanna mar atá leagtha amach thíos in alt 42(1) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001 – 2015.

San áireamh sna cúiseanna tá mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil, iompar atá contrártha don Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus i gcásanna áirithe, ciontuithe.

Déanfar na gearáin uile a bhreithniú i gcomhréir le hAchtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001 – 2015 agus leis na nósanna imeachta agus rialacha atá faofa ag an gComhairle. D’fhéadfaí éisteacht a reáchtáil maidir le gearán, má mheastar é a bheith iomchuí.

Alt 42(1) d’Acht na Comhairle Múinteoireachta (Leasú) 2015:

Féadfaidh duine (an Chomhairle san áireamh) gearán a dhéanamh chuig an gCoiste Imscrúdaithe maidir le múinteoir cláraithe, agus d’fhéadfadh an Coiste breithniú a dhéanamh ar an ngearán má bhaineann an gearán sin le haon cheann de na cúinsí seo a leanas i dtaca leis an múinteoir cláraithe:

(a) nár chomhlíon sé nó sí, nó gur sháraigh sé nó sí, aon fhoráil den Acht seo, den Acht de 1998, den Acht Oideachais (Leas) 2000, den Acht Oideachais um Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta acu 2004, d’Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013 nó d’aon rialacháin, rialacha nó orduithe a rinneadh faoi na hAchtanna sin;

(b) gurb ionann a iompar nó a hiompar agus míiompar gairmiúil;

(c) drochfheidhmíocht ghairmiúil;

(d) go raibh a iompar nó a hiompar contrártha don chód iompair ghairmiúil arna bhunú ag an gComhairle faoi alt 7(2)(b);

(e) go bhfuil a chlárú nó a clárú mícheart de bharr dearbhaithe atá bréagach nó calaoiseach nó de bharr mífhaisnéise;

(f) nach bhfuil sé nó sí ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de;

(g) gur ciontaíodh é nó í sa Stát de bharr ciona atá intriailte ar díotáil nó gur ciontaíodh é nó í lasmuigh den Stát de bharr ciona a chuimsíonn gníomhartha nó neamhghníomhartha a mbeadh mar chion intriailte ar díotáil dá ndéanfaí iad nó dá dtabharfaí fúthu sa Stát;

(h) nár chomhlíon sé nó sí gealltanas nó nach ndeachaigh sé nó sí i ngleic le rud ar leith i dtoiliú a tugadh mar fhreagra ar iarratas faoi alt 43(6).

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le próiseas an ghearáin, féach ar an gcuid faoi na Caighdeáin Ghairmiúla ar ár suíomh gréasáin.