Aistrigh:
Gaeilge
English

Cad atá i gceist le clárú le coinníoll?

Deonófar clárú le coinníoll(acha) duit mura bhfuil ceanglais chlárúcháin uile na Comhairle comhlíonta ag d’iarratas.

Sa chás seo, míneoimid:

  • Cad iad na coinníollacha
  • Cad is gá duitse a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh
  • An fráma ama faoina gcaithfear iad a chomhlíonadh.

Déantar na coinníollacha a thaifeadadh ar an gClár agus ar do litir um Chlárú Coinníollach.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha go léir laistigh den tréimhse agus mura ndeonaítear síneadh ama duit, rachaidh do chlárú i léig.

Coinníollacha cleachtais ghairmiúil iarcháilíochta